Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dalladh mullóg
ainm-fhocal, fireann (teigheann an inscin le dalladh)
1.
 slám, ciméar, mearbhall, dallach dubh nó dul-amú a chur ar dhuine; mealladh a bhaint as duine, nó imeartas air.
+
Cuirfidh sé dalladh mullóg orm nó is cinneamhaint air é, ach dar fiadh má chuireann ní bheidh aige ach malrait uair eicínt = mearbhall, ciméar
Nach deas a chuir sé dalladh mullóg anois ar J! Is fhearr liom é ná punt airgid in mo phóca. Bhí an oiread gaisce agus floscaí aige, mar dhóigh dhe nach raibh duine ar bith indon imeartas air fhéin
TUILLEADH (2) ▼
Tá a shliocht orm. Ní bhuailfear an dalladh mullóg cho réidh sin ormsa aríst, agus ní bhuailfí orm an uair sin fhéin é, marach go mb'éigin dom a bheith isteach agus amach 'chuile phuinte ag faire ar bhó a bhí i dtinneas laoigh
Chuir siad an dalladh mullóg críochnuighthe air, lá agus gur fhéad siad an ágóid sin a bhualadh thall air. Ara tá aois chapall na muintire aice siúd, agus má bhí scór punt spré aice ba é a cloch neart é. Dheamhan sciúrtóg thairis a bhí aice ar chuma ar bith
2.
 galra mullóg; camh; scamall nó fionn a theagas ar shúile na gcaorach. Tugtar galra mullóg, dalladh mugóg agus camh air freisin.
+
Tá dalladh mullóg ar na caoirigh sin thíos. Is furasta aithinte ar a súile é. Bhí a fhios sin agaibh agus a bhfágáil cho fada sa stupóig siúd
Deir siad go gcuirfeadh droch-stolladh nó aimsir dhona an dalladh mullóg ar chaoirigh. Teagann scamall ar an tsúil, má bhíonn an iomarca gairbhthin ann
TUILLEADH (3) ▼
Teagann dalladh mullóg ar na caoirigh as béal éadain ann. Ach is suarach an t-iongnadh sin. Tá sé an-fhliuch. Tá an catmara ar an gcimín dubhrabháin sin le dalladh mullóg, mara mbeidh sé an-tirm, agus sin caoi nach bhfuil an áit sin
Mara bhfuil uirre ach dalladh mullóg, tiocfaidh sí uaidh. Má chuireann tú ar athrú áite í, mise i mbannaí gur gearr a bhéas aon-cheo dhó sin uirre. Bhí na h-íochtair sin ro-fhliuch aice
Dheamhan thiomanta caora istigh ar do bhaile i mbliana nach bhfuil dalladh mullóg uirre, hé brí cé'n smál atá ar an mbliain seo thar bhliain ar bith eile. Ach is smál féin é chreidim. An iomarca droch-aimsir atá dhá dhéanamh déarfainn

Féach freisin

Dalladh mullóg in iontrálacha eile (3)

 
deara
Measann tusa nach dteigheann sé in éindigh le cailín ar bith. Tabhair faoi deara! An cuímneach leat an oíche a raibh muid ag an mbainis i S. Cé a bhí thiar ins an tsáinn ag ceann bóithrín an T. an oíche sin … Sin é é. Is furasta dalladh mullóg a chur ortsa. Súm-sám mar sin is measa a bheadh. D'íosfadh na muca ciúine féin triosc!
 
Talamh díobhálach do chaoirigh é. Teagann dalladh mullóg orra as éadan ann
 
díon 1
Cró "concrete" é agus hébrí cé'n sórt suathadh a thug sé do'n "choncrete" nó cé'n bealach a ndearna sé é, níl díon an deoir féin ins na ballaí. Shoraidh dhó nach ndearna cró cloiche. B'fhearr "balla fuar" go fada ná é siúd. B'fhéidir go mbeadh sé buille fuar, ach bheadh sé tirm. Dheamhan fuar a bheadh dó ach an oiread dhá mbuailtí le bualtraigh bó é, mar ghníodh na daoine ariamh. Tá 'chuile íntreacht ag teacht amach anois, ach níl in a leath ach ealadhain le dalladh mullóg a chur ar dhaoine. Sin é an méid