Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Díon
ainm-fhocal; fireann
iolraidh — díonta, díonannaí.
geineamhnach — dín go h-iondamhail, ach díona amanntaí.
1.
clúdach; an brat tuighe a cuirtear ar theach as cionn na scrathacha; ar chocaí agus ar chruacha féir arbhair, móna etc. (Ní tugtar ar an gceann uile é, ná ní tugtar ar cheannslinne é ach oiread. Ceann a bhíos ar an teach. Ceann tuighe ar chuid aca agus ceann-slinne ar chuid eile, ach ní h-ionann ceann agus díon).
a.
+
"An bhfeiceann tú mo theach agus gan de dhíon air ach an scrath; thíos ar leathtaobh an bhóithrín" (As amhrán)
Níl díon ar bith ar an teach aige anois. Tá sé caithte isteach go dtí an scrath
TUILLEADH (7) ▼
Tá an díon caithte air go grinneal
Is gearr go mbí an teach faoi dhíon nuadh ar fad aige aríst. Má bhíonn fhéin, is géar a theastuigh sin uaidh
Diabhal mé go bhfuil sásamh ins na tighthe ceann slinne féin nach bhfuil cúram dín ar bith dóibh. Bhíodh muid meathta 'chuile bhliain ag cur suas dín, agus dhá gclistheá bliain ar bith, ba ghearr go n-íocthá ann: bheadh báisteach anuas ort.
Is mór an chontabhairt é an teach ceann tuighe in a dheidh sin. 'Bhfeiceann tú sin anois. Ní dhearna an gasúr sin ach bior dóighte a chur ins an teine agus é a sháith ins an mbun tsop. Ó a chuaidh sé thrídh lasadh chor ar bith, ba ghearr go raibh an lasair déanta leis an díon siar, agus marach cho h-éascaidh agus a brathadh é, bheadh dóighteán ann a mbeadh cuímne air
Ar chuala tú faoi'n teach sin ar innis S. Ó. C. duinn faoi ins an scéal. Díon de chlumhach na n-éan a bhí air. Dar mo choinsias muise is fada go mbeadh dóthain tighe de dhíon agad ó'n a bhfuil d'éanlaith ar an mbaile seo anois. Dheamhan é go dtí lá Philip an Chleite. B'fhéidir dá dtóruigheadh duine brocachaí na sionnaigh go mba mhór an chongnamh dhó é. Is aca atá clúmhach an bhaile ar aon-chor
Cíb easca nó tuighe sheagail: sin iad an díon. Maidir le tada eile níl an buaineadas ionnta. Nach diabhaltaí an t-aistir a bhíodh orainn fadó go G. na B. ag tarraint cibé do N.: dhá tarraint an t-achar sin le na (n-ar) ndruím. Is fada go ndéanfadh daoine anois é. Dheamhan é, dhá dtuiteadh an teach in aon-bhrúisc amháin in a mullach cheal dín
Tá caitheamh agus cáineadh ar an tuighe anois, ach sílim in a dhiaidh sin agus uiliog nach raibh díon ar bith a chinnfeadh uirre. Bhí teas agus teolthuidheacht innte ins an ngeimhreadh agus fionnfhórtas ins an samhradh. Ba é an teach ceann-tuighe teach na h-áite seo. An bhfeiceann tú céard atá aca anois: ballaí "concréte" a dheallróchadh madadh uisce agus na "tileíní" suaracha sin, atá ar bogadh le 'chuile shinneán. D'fhéadfá rud eicín a dhéanamh le díon oíche ghártha, ach ní fhéadfaidh tú tada a dhéanamh le sclátaí ach seasamh in do bhoideoide ag breathnú orra dhá bhfuadach. Ach an leabaidh a thomhais na daoine dhóibh féin codluighidís anois innte. Sin é adéarfainnse
+
Mara gcuiridh sí brat dín air, is gearr nach mbeidh aon-teach aice. Níor mhór dó as éadan anois é. Mara dtapuighidh sí freisin é, anuas in a mullach a bhéas sé … Beannacht Dé dhuit. Fanacht go dtí th'éis an chogaidh agus teach ceann-slinne a dhéanamh! Ní bheidh cleith as a cíonn leath-bhliain ó indiu
Má's in mo chleitheamhnas-sa atá sé le díon a chur dó, beidh sé gan cur. Nach simplí a gheobhadh sé na daoine a dhul suas ar thaobh sean-tighe dó, dhá bpréachadh fhéin leis an bhfuacht. Teigheadh sé i gcurrach Sheáin Uí Fhínneadha anois!
TUILLEADH (3) ▼
Tá an sean-díon sin ar fad rodtha. Ní fhéadfadh sé gan a bheith agus a fhad agus ó cuireadh é. Tá mé ag ceapadh go bhfuil sé deich mbliana go maith ó a chuaidh an stráca deireadh air sin
Deir siad nach mbíonn díon ar bith curtha má aithnigheann tú na strácaí ann, ach fagh thusa an díon nach n-aithneochaidh. B'fhéidir nach n-aithneochthá indiaidh Ph. Dh. iad, ach an fear a leigfeas suas ar a theach é sin, ní thiocfaidh sé anuas an bhliain sin (é an-roighin)
An-tuigheadóir é. Chonnaic mise díon curtha aige annsin thiar nár leig aon-deoir isteach ariamh gur dhreoigh sí anuas de'n teach le aois. Tá mé ag ceapadh go raibh scór blianta air ar chaoi ar bith, shul ar theastuigh brat uaidh aríst. Bhí buadh eicínt aige leis an tuighe. D'fhuaghadh sé ar chaoi eicínt í, nach leigfeadh sí an sileadh thríthe go bráth.
+
Marar chuir sé díon ar an gcruach choirce fós, is gearr go bhfeicidh tú téighte í, má fhaghann sí múirín ar bith
Níl gna ar bith aige aon-díon a chur ar an bhféar sin. É a chaitheamh anuas aríst agus a leigean amach atá aige a dhéanamh, má tá áird ar a chuid oibre aige. Nach bhfeiceann tú an ghail-bhruithte as. Má chuireann sé brat dín air sin mar atá sé, breodhfaidh sé ar fad agus dheamhan bó ná gamhain a leagfas smut go sleibhe air
TUILLEADH (6) ▼
Cuireann siad díon ar an móin in áiteacha eile, ach ní annseo é. Is dóigh gur áiteacha iad sin atá gann faoi mhóin. In áiteacha a bhfuil fairsingeacht di, ní bhíonn aon-chion uirre
D'fheicinnse M. fadó ag cur díon' ar fheamuinn tirm, ach bhíodh gnaithí dhá chuid fhéin aige-sin i gcomhnuí … Níl mé ag rádh nach dtiocfadh sé 'un sochair do'n fheamuinn. Choinneochadh sé an súighteán innte agus sin é maith na feamuinne
Seileastrom a chuireas muide i gcomhnuí de dhíon ar an arbhar. Tá fuighleach dhe amach annsin ins na garrantaí gleannacha agus ins na lagannaí uisceamhla sin siar. Gheobhthá an oiread i lochán múnlaigh annsin thíos, agus a chuirfeadh díon ar arbhar an bhaile fré chéile
Chonnaic mise díon ar na puill fhataí ar an Achréidh. Nar fhága mé seo mara bhfaca. Thosuigh mé fhéin ag gáire fútha agus is beag a thaithnigh sé leo. Is beag a mh'anam
Níor chuir tú cuma dhéanta ar bith ar an gcruaich. Tá an gníomh scagach ar fad, agus níl píce ar bith uirre mar adeir an bádóir. Ólfaidh sí an bháisteach fré chéile. Is diabhlaí nach mbeadh stúaim ionnad ag déanamh cruach mhóna feasta choidhchin
Níl díon ar bith ar do chraiceann leis an éadach tanuidhe sin. 'Ar ndú' níl aon-deor amuigh nach mbeidh istigh aige sin. Loinnir a bhí tusa a iarraidh, agus ní teacht aniar
b.
+
Níl díon ar bith ins na bróga seo = tá siad ag leigean isteach; tá siad ag déanamh uisce
Thug mé mo choróin agus dá fhichead orra, ach mo chreach mhaidne ghéar thú. Bhí sé cho maith dom péire miotáin a bhualadh orm leo. Níl díon ar bith dhá bhfaca tú ariamh ionnta
TUILLEADH (9) ▼
'Sé an chaoi a bhfuil na bróga atá amuigh anois, níl díon ar bith ionnta nó go gcaithidh tú na buinn go grinneal i dtosach, agus ní mórán moille é sin ar dhuine. Níl le déanamh annsin agad má tá na h-uachtair réasúnta chor ar bith, ach péire tosaigh a bhualadh orra thú féin, agus b'fhéidir go dtiubharfaidís caitheamh eicínt uatha annsin. Scéal cinnte ar chaoi ar bith gur mó an teolthuidheacht a bhéas ionntu ná ar an gcéad iarraidh
Bhí a fhios agam go maith nach mbeadh aon-díon ins na bróga a cheannuigh tú an lá sin. Bhí an leathar ro-chineálta. Dhá ndéantá mo chomhairle-sa, d'fhanfá uatha
Is beag an díon atá ins na h-éadaigh seo. Múirín ar bith báistighe agus tá sí le mo chraiceann. Níl bualadh an cheann-asna ann in a dheidh sin.
Tá an-díon báistighe ins na cótaí sin, ach go gcaillfidís thú le fuacht. 'Bhfeiceann tú an ceainnín réidh-chaithte sin agamsa. Ó "Jackchape" a cheannuigh mé é roimh an gcogadh; ar shé déag. Ba slad-mhargadh ceart é
Tá sé gáibhtheach ach níl díon ar bith ann. An leamháinín éadaigh sin anois a bhíos ar na gearrchaileadha, níl a fhios agam féin cé'n chaoi nach gcailltear ann iad. D'fheicfeá na beithidhigh thríd an gcuid is mó dhe tá sé cho scagach sin. Nach dona an clúdadh é le h-ais na bhflainíní agus an cheann-asna a bhíodh orainne fadó. Siopaí atá ag déanamh iarmhuis ar na mná anois
Marar chuir sé orra ach cnámharlach ólfaidh siad an bháisteach agus lobhfaidh siad ins an bpoll. Níl díon ar bith ins na barrannaí sin le h-ais na raithnighe. Is fhearr an raithneach míle uair ar pholl fhataí
Go bhféachaidh an t-Athair Síorraí muis ar an gcábán sin, leithide na h-oíche anocht. Níl díon ar bith ar an mbáistigh ins na cupla stráca siúd atá as a gcíonn. Nach mb'fhearr dóib na ceirteacha siúd a dheasú in a dtimcheall, agus a dhul isteach i scailp eicínt nó i lúibinn claidhe, áit a mbeadh fascadh aca, ná a bheith annsiúd agus gan de dhídean ann ach an oiread le lorg cois na bó ar an gcneagaire
Níl díon ar bith ins an talamh aoil sin. Súigheann sé 'chuile dheoir a theagas as aer. Nachar sluigeadh abhainn taobh thoir de Ghaillimh cupla bliain ó shoin, agus dheamhan amharc a facthas uirre níos mó. Chuaidh sí síos go dtí an Tír fó Thuinn ins an áit a raibh an Ridire Leath-Chaoch Leath-Ruadh is dóigh
Níl díon ar bith ins na láimhíní seo, th'éis cúig déag a thabhairt orra … Tá baoghal air! Dheamhan iall leathair ag gabhail leo. Craiceann gabhair nó rud eicínt atá ionnta. Ní feasach dom go bhfuil sé cho maith sin fhéin
c.
+
Níl díon deor ins na bróga seo = tá siad ag déanamh uisce as éadan. Níl deor amuigh nach bhfuil leigthe isteach aca
"Tá mo chóta mór stróicthe agus níl [i] mo bhróga díon deor" (líne as amhrán)
TUILLEADH (8) ▼
Níl díon deor ins na h-éadaigh seo = leigeann siad an bháisteach isteach; níl siad indon tada a choinneál amach
Sílim an teach atá aige anois nach bhfuil díon deor ann. Is beag an dochar dhó. Tá sé na cianta cairbreacha ó cuireadh aon-stráca tuighe air. Chuala mé an "set" sin a theigheas ag cuartaidheacht ann ag rádh go bhfeicfeá réalta an aeir amach thríd anois
Cheannuigh mé cóta mór — ceann báistighe — thíos inG. cupla bliain ó shoin. Shín mé mo thrí phunt amach air. Dheamhan cianóg ruadh a fuair mé as. Chaith mé dhá uair ag margáil faoi, ach ní leigfeadh sé lag labhartha as na trí phunt é. Chroch mé liom abhaile é. Chuir mé orm lá báistighe ag dul ar an bportach é. Bhí mé bog báithte isteach le mo chraiceann ag teacht abhaile dhom. Rug mé air de thaghd agus rinne mé ciseach faoi mo chosa dhó
Cró "concrete" é agus hébrí cé'n sórt suathadh a thug sé do'n "choncrete" nó cé'n bealach a ndearna sé é, níl díon an deoir féin ins na ballaí. Shoraidh dhó nach ndearna cró cloiche. B'fhearr "balla fuar" go fada ná é siúd. B'fhéidir go mbeadh sé buille fuar, ach bheadh sé tirm. Dheamhan fuar a bheadh dó ach an oiread dhá mbuailtí le bualtraigh bó é, mar ghníodh na daoine ariamh. Tá 'chuile íntreacht ag teacht amach anois, ach níl in a leath ach ealadhain le dalladh mullóg a chur ar dhaoine. Sin é an méid
Meann tusa anois an mbeidh díon deoir ins an bpoll fataí sin ach a dteagaidh tuile bháistighe. Bíodh a fhios aghad nach mbeidh, scáth an scráib chréafóige sin atá taobh amuigh orra. Ní bheidh fata ag gabhail leis an bpoll sin nach mbeidh in a aoileach má fhágann tú mar sin iad
Ara bail ó Dhia ort! Níl díon deoir ins na bráicíní sin an uair a bhíos droch-oíche ann. Nach maith a shaothruigheas na maora agus na báirseoirí é, scáth a bhfuil dóib: sé phunt ins an mbliain. Nach gcaithfeadh fear drabhlásach aon-oíche amháin é. Agus caithfidh siad a dhul amach ar an abhainn dhá mbeadh sé ag cur sceanna gréasuidhe. Sin é a bhfuil de theálta aca — na bráicíní sin
Siad bróga an fhear oibre iad mo léan! Dheamhan an deoir féin a bheadh ort ó na glúine anuas, dhá mbeadh péire aca sin agad. Is mór eatorra féin agus na "clogs" bhradacha sin nach bhfuil díon deor ionnta dhá mbeitheá gan a dhéanamh ach an t-urlár a shiubhal. Ná bac le tada ach leis an gcois fhliuch! Tá sí indon fear a tholgadh gan achar ar bith
Níl díon deor ins an gcaipín seo ach sin é an chuma a chuir mé orm féin agus mé dhá ceannacht. Bhí mé lá báistighe in G. agus mé in mo mhaoil. Is gearr go raibh mo chloigeann in a líbín. "Ceannóchaidh mé caipín" arsa mise liom féin. Isteach liom de mhaol mo mhainge ins an gcéad tsiopa ba túisce agam. "Leag anuas caipín agam" adeirimse. Leag. "Cé mhéad." "Trí scilleacha". Shín mé amach aice iad. Sin é a raibh de Bhéarla ná de Ghaedhilge ann, ach ní raibh mé féin anoir ar Á. Dh. L. an uair a bhí mo cheann in a líbín in ath-uair
·
M'anam go bhfuil fear an bhóthair sáthach dona freisin: gurb é atá. Amuigh annsin ar lom an bhóthair agus a shluasad aige, agus dhá dteagadh sé in a dhíle, gan díon deor aige, ná goir aige corruighe. Ach níl siad cho géar anois agus a bhídís roimhe seo. D'fhéadfá ráig a leigean thart anois, ach mo choinsias má bheireann siad fós féin ort, is beag is aite leo é. Chonnaic mé fear aca ag teacht amach annsin thiar anuiridh …
Níl díon deor aige aon-lá ins an mbliain thuas ar an sliabh úd. Shílfeá ins an míádh, go ndéanfadh sé sórt teálta eicínt dó féin le múr a leigean thairis. Tá an áit siúd cho sceirdeamhail agus go bhfeannfadh sé an fiadh. Ach is fearr leis seasamh ar aghaidh na rithteachta ná anró ar bith a chur air fhéin. 'Sé an leaduidhe is mó ar a dhá chois é. Ní bhainfeadh sé aon-cheart d'obair ar bith eile ach an obair atá air, agus is mór mór an t-íongnadh go bhfuil sé ag seasamh léithe sin féin.
2.
dídean, díol, údar (díon trócaire, díon déirce c.f. díol).

Féach freisin

Díon in iontrálacha eile (27)

 
de
Feóil ar maidin agus feóil trathnóna agus feóil in am dinnéir! Diabhal mé gur shíl mé ar an gcaoi a raibh sí ag caint gur stiallógaí feola a bhí de dhíon ar an teach aice!
 
Ní deá bhróga iad seo atá ormsa anois. Níl díon deoir ionnta.
 
deil 1
Deir tusa go bhfuil an bhróig sin ar deil, ach deirimse go bhfuil sí ar a dhonacht. An bhfeiceann tú an lasca sin? Ní bheidh díon deóir innte ach a dtaga an chéad-chioth bháistí
 
deis
Ní fuláir duit deis a chur ar an díon thairis sin. Is maith luath a cháinfeas do chliamhain an cur atá tú a thabhairt uirre (ar an tuighe) má chastar aniar é. Tuigheadóir puinteáilte é féin
 
deoir
Ná bac le bróga! Agamsa atá na bróga agus na bróga gan rath! Níl deoir amuigh nach bhfuil istigh aca. Níl díon an deoir féin ionnta
 
díle 1
Tá an Díle uisce in mo bhróga. Níl díon deor ionnta th'éis mo dhá ghine bhuidhe a shíneadh orra tá dhá mhí ó shoin
+
Níl fear ar bith is puinnteáilte ná é. Caithfidh sé seachtain anois ag cur díon ar an iothlainn sin, agus dhá díogáil agus dá sceacháil nó nach mbeidh bun-chleite isteach ná barr-chleite amach innte! Sé a chuaidh le P. Ch. ceart. 'Séard a bhí a dhéanamh anois an uair a bheadh sé réidh agus na claidhtheachaí biorruighthe aige, brúisc a leagan ann oíche eicínt agus asail T. a scaoileadh isteach innte. Bheadh ath-obair air annsin ag díogáil aríst
TUILLEADH (1) ▼
Is deas teoluidhe an teach atá aige anois. Tá brat nua díon aige air agus an tuighe cho diogáilte le eireoig air. Déanann sé ionú (ionbhadh) ceart len a chuid oibre, agus bíonn a shliocht air: bíonn sí slachtar in a dhiaidh hébrí céard a dhéanas an mhoill
 
Má's ag tóruigheacht an díogha atá tú ceannuigh "Kerry Blues". Déarfá nach bhfuil mórán gaisce ar na "Weights", ach is fiú ór iad len a ais siúd. Dhóighfidís an carbad ionnad, agus ní bheitheá seachtain dá gcaitheamh go mbeadh criotán ort. Níor airigh mé aon-phuth casachta ariamh gur thosuigh mé dhá gcaitheamh. Ach cé'n neart atá ag duine air. Is díon déirce le duine cineál ar bith a fháil anois. Bím thart cheal gail scaithtí, agus tá anam duine orm an uair a bhím ar an gcaoi sin
+
díol 2
Ní díon trócaire go dtí an té a chaithfeas a dhul amach imbéal na ngunnaí sin agus iad ag loscadh; agus ag broimseáil. A Dhia láidir nach suarach an éadáil eirghe as do chodladh ar maidin agus na liagáin (na "shells") sin ag dul faoi'n smut agad. B'fhearr liom aon-lá amháin a dhéanamh dhíom in éindigh!
TUILLEADH (10) ▼
Go bhféachaidh an t-Athair Síorruidhe orra, nach saothruighthe an greim aca é. Is mór an díon trócaire iad. Fuirgheacht calaidh orra thíos annsin le seachtain agus gan a fhios aca céard is cor dá muintir ins an mbaile. 'Sí beatha an ghirrfhiadha í beatha an iascaire. Má bhíonn rud de bharr fáiteall na fairrge dar fiadh bíonn sé ceannuighthe go maith
Is mór an díon trócaire í thíos annsiúd, cruptha anuas ar an splaincín sin agus gan fód aice le cur in a ceann. Ba mhór an grádh-diadha do dhuine agaibh cupla cléibhín móna a chaitheamh thíos aice, nó préachfaidh sí ag buachailleacht na cupla aithinne úd
'Sé díol na déirce é; is mór an díon déirce é; is díol déirce é (deirtear "díon" in áit "díol" go rí-mhinic ins an bhfocal seo ach tá díol ann freisin)
Ba díon déirce liom é a fháil = ba bhuidhe bocht liom é a fháil; ní raibh tada agam, agus theastuigh an rud sin go géar uaim. Mara dtugtaí dhom é, is beag nach n-iarrfainn ina dhéirce é
Go dtugaidh an diabhal thairis é muis, gan díobháil gan dochar duinne. Ba díon déirce leis é a fháil an chéad-uair, ach anois ó atá a ghaisneas bainte aige as, agus é eirighthe as an lathaigh, níl aon-mheas aige air. 'Ar ndú 'ar aon-chor dhíol sé an déirce ó a chuaidh sé ins an teach nuadh
Tháinig sé isteach annseo lá ag iarraidh "bicycle" len a dhul Gaillimh. Ba díon déirce leis a fháil. Chuaidh sé annsin, agus bhris sé agus réab sé é agus d'imigh sé air gan aon-ghaoith a chur ann. Thug sé 'chuile dhroch-úsáide ba mheasa ná a chéile dhó. Agus barr ar an diabhal ar fad níor thug sé abhaile go ceann trí seachtainí é
Sin é a bhfuil de phosta aige agus ba díon déirce leis é sin féin a fháil. Tá mise ag ceapadh nach bhfuil foghluim ar bith air siúd. 'Ar ndú dhá mbeadh, d'eireochadh rud eicínt níos fhearr leis ná a bheith as cíonn bóithrí — rud atá 'chuile scráibín ins an tír a dhéanamh
Is díon déirce liom "na Meiriocánaigh" féin a fháil, an uair a chinneas 'chuile sholáthar eile orm. Tá neart aca tharta freisin, ach mise i mbannaí nach mise ná thusa a gheobhas iad. Coinneochaidh siad sin dá nduine fhéin iad — do na daoine móra seo — póilíos, máistirí scoile, agus bossannaí bóthair. Fanadh béal na truaighe uatha
Rinne sé an oiread iarratais, agus é dhá eiteachtáil is 'chuile áit agus go mbadh díon déirce leis bean ar bith a fháil ins an deireadh, dhá mbadh inghean ceannuidhe "reaigeannaí" féin í. Shílfeá go raibh a dhóthain teacht i láthair ann muis, agus a dhíol bráigill air, le go mbeadh mná ins na cosa in áirde in a dhiaidh. Ach thug siad uiliog fuath dhó hébrí cé'n fáth a bhí leis
Chaith sé bliain ag tóruigheacht tighe agus é ag cinnt air aon-áit a fháil. Ba díon déirce leis faoi dheireadh thiar thall gur scaoil M. Ph. Mh. isteach é. Má tá sé daor féin, ní cás dó é teálta ar bith a bheith as a chionn, agus a dheacracht agus atá sé teach a fháil gan lán laidhre
 
dóirt
Beannacht Dé dhuit! Ná samhluigh a chuid bróg sin liom, maran leat corruighe intinne a chur orm. Cheannuigh mé péire an lá cheana uaidh ar dheich agus dhá fhichead. Ní raibh siad seachtain ar mo chois, an uair a bhí an dórtadh isteach thríotha. Dheamhan focal bréige atá mé a dhéanamh leat. Luach mo dheich agus dá fhichead, níl díon deor ionnta. Nach shin é an scrios i dtír!
 
Bheadh dóighteán ann agus dóighteán dháiríre marach an chaoi ar tapuigheadh é. Bhrath duine eicínt an deatach, as an mbun-tsop. Suas leis. Bhí an bun-tsop thrídh lasadh. D'fhuagair sé ar chongnamh. Bhí an lasair déanta siar leis an mbun-tsop ar fad, ach is gearr a bhí siad dhá mhúchadh in a dheidh sin, go leigidh Dia slán an congnamh. Dhá gcairthigheadh sí amach ins an díon chor ar bith loiscfeadh sí an dá theach agus an iothlainn
 
Tá sé ag cur díon ar an gcruach choirce leis an dréimre se'aghainn féin
 
Níl leabhar ná páipéar ná ball éadaigh faoi chaolachaí an tighe nach bhfuil millte ag griúillíní súighe atá anuas is 'chuile áit. Bhí aige brat tuighe a chur ar an teach siúd. Dheamhan stráca a chuaidh air le deich mbliana. Is beag an dochar dhó a bheith faoi shúighe féin scáth an áird atá aige air. Ba saoire dó an teach siúd a strachailt anuas ar fad anois, agus slinn a chur air, ná a dhul i gcleitheamhnas díon agus caoi a chur air mar atá sé. Ar aon-chor caithfidh sé ceann nuadh as an bpíosa a chur air. Níl rata ná taobhán ag gabhail leis siúd nach bhfuil lobhtha
 
droim
Coinnigh daingnighthe air anois, agus ná díol oiread agus ualach amháin leis aiste, mara gceannuighidh sé faoin a druim uait í. Má theigheann tú ag sceidínteacht léithe ní bheidh a leath oiread dhá barr agad agus a bheadh len a díol faoin a druim. Cuileálfaidh sé 'chuile fhód fliuch ag gabhail léithe. Feicfidh tú féin air gur díon déirce leis a fáil amach annseo nuair a bhéas sí gann. Beidh sí thrídh lasadh faoi Fhéil' Bríde seo chugainn
 
dronn
Is deas uaidh cruach choirce a dhéanamh go deimhin! Ní raibh é a leigean suas ar chruach ar bith. Breathnuigh ar an gcruach sin amuigh agus an dronn a d'fhága sé uirre. Níl díon deoir innte
 
téigh
Cheal nach rachthá agus díon a chur ar an gcró sin amuigh, shul a dtuitfidh sé