Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Deor
ainm-fhocal; buineann
iolraidh = deora, deorachaí
Fuaim: bíonn r caol ann go h-iondamhail, cé's moite de'n tuiseal geineamhnach iolraidh i ráidhtí áiride ar nós "ag sileadh na ndeor", "ag folcadh na ndeor" agus a leithidí. Ach r leathan atá i "deora, deorachaí"
1.
múnóg; braon; sreabh; súmóg nó iarracht de lacht ar bith; sdriog.
a.
+
Deoir bhainne, deoir uisce, deoir fuisce, deoir bhláthaighe, deoir bháistighe, deoir sháile, deoir ola, deoir "phetrol", deoir fhola agus rl. = múnóg de na rudaí sin.
Níl deoir bhainne aice
TUILLEADH (5) ▼
Má mhaireann an triomach i bhfad eile, ní bheidh deoir uisce ins an tír
Níor chaith sé aon-deoir bháistighe anois le mí
Níor chaith sé aon-deoir bhiotáile anois le coicís
Níl deoir ola ag gabhail linn.
Níor ól sé aon-deoir phoitín le gabhail 'un bliana
+
Níl deoir fhola ann. Is furasta 'aithinte é agus an dreach atá air
Fhobair a bhfanfadh deoir ar bith fhola ann nar chuir sé
TUILLEADH (3) ▼
Shílfeá nach bhféadfadh deoir ar bith fhola a bheith fanta ann, leis an gcaoi a bhí air ag cur fuil sróine ar feadh an trathnóna
Níor thug mé deoir fhola th'éis an leagan a fuair mé
Dá dtugadh sé deoir ar bith fhola dubhairt an dochtúr go mbadh é a mhaith é — ach níor thug
+
Ní thiubharfainn deoir fhola le náire = bhí an-náire orm
An uair a thosuigh sí ag géaraidheacht orm, ní thiubharfainn deoir fhola le náire
TUILLEADH (3) ▼
Chuir mé mo láimh in mo phóca agus dheamhan an sciúrtóg a bhí agam ach an scilling. Bhí an deoch ar an gcúntar, agus gan a luach agam. Dheamhan a dtiubharfainn deoir fhola le náire
D'ionnsuigh sé mé as comhair an phobail uiliog. Níl ainm thoir ná thiar nar thug sé orm. Dheamhan deoir fhola a thiubharfainn le náire
Anall leis go dtí mé as comhair a raibh ann. "Tá tú agam" arsa seisean. "Thusa a dhíol an bhudóig liom a bhí tolgtha". Fhobair dhom tuitim i mbun mo chos. Ní thiubharfainn deoir fhola le náire.
b.
+
Níor ól mé deoir ná blogam
Níl aithne deoir air, bíodh sé caithte aige nó ná bíodh
TUILLEADH (5) ▼
Níor ól sé deoir ná blogam ariamh
Ara céard atá tú ag rádh! Níl deoir ná sdriog ólta aige sin, má sin é do scéal. Uair annamh a mblaiseann sé sin d'aon-deoir
Oiread agus an deoir ní fhaca ar mo bhéal ó a d'fhága mé seo go deireannach
'Bhfuil aon-deor caithte aige anocht. Má tá, aire dhaoib a bhuachaillí. Beidh sé ag craitheadh na nguailní
Má tá sé siúd ag caitheamh aon-deoir, ní fuláir do na daoine a bheith ar a son féin. Déanfaidh sé mísc
c.
+
Ní bheidh aon-deoir le déanamh aige th'éis na h-oíche anocht = tá sé ag báisteach cho trom agus go gcaithfidh sé uilig í anocht
Shíl mé nach mbeadh deoir ar bith le déanamh aige agus a bhfuil curtha aige le mí. Ach is cosamhail nach bhfuil a dhíol aige fós di
TUILLEADH (5) ▼
Beannacht Dé dhuit! Ag tuaradh tuilleadh báistighe atá tú! Dheamhan deoir ann nach bhfuil caithte cheana aige, míle buidheachas le Dia!
Ná caintigh ar bháisteach aríst go bhfeicidh tú ráithe ó indiu. Tá 'chuile dheoir ins an aer caithte cheana aige, tá sin.
Ná bac le bróga! Agamsa atá na bróga agus na bróga gan rath! Níl deoir amuigh nach bhfuil istigh aca. Níl díon an deoir féin ionnta
Tá ainm tighe aige. Ach go deimhin is ainm é. Níl an deoir féin amuigh nach bhfuil istigh aige
B'fhéidir go raibh cótaí díonmhara ann roimhe seo, ach ní ó a tháinig an cogadh é. Tá ceann agamsa, agus ní fhágann sé deoir amuigh nach leigeann sé isteach
d.
+
Tá sé ag silt na ndeor = tá sé ag sileadh na ndeor
Tá sé ag folcadh na ndeor = ag gol go trom
TUILLEADH (7) ▼
Cé'n chiall an páiste seo a bheith ag silt na ndeor
"Mo dheaide bocht bocht agus maide faoin a ucht agus é ag silt na ndeor" (Tomhais: an bun-tsop)
An deoir féin níor shil sí, th'éis go raibh a máthair as cionn cláir
Níor shil mé deoir beag ná mór
Tá na deora leis; tá deorachaí leis = tá sé ag gol
Is gearr uaib anois a bhuachaillí! Tá na deora leis
Dar brigh an leabhair bhí deorachaí leis agus meacan an ghuil in a ghlór. Chuirfeadh pionta amháin ins an gcruth sin é cho maith le scór
+
Bhí an deoir faoin a shúil = bhí an deoir ag briseadh faoin a shúil
B'fhurasta 'aithinte air go raibh sé diomdhach dhuit nach bhfuair sé cead a choise. Bhí an deoir faoin a shúil
TUILLEADH (1) ▼
Is gearr an caoineadh uaithe anois. Tá an deoir cheana faoin a súil, agus í cho mór le fata beag
+
Tá sé ag caoineadh agus gan deóir ón a ghruaidh = in ainm agus a bheith ag caoineadh; ach gan é a bheith ag caoineadh dháiríre
Níl gortú ar bith air sin. Is beag dhá chuid cluanaíocht é. Nach bhfeiceann tú ag caoineadh é agus gan deóir ón a ghruaidh
TUILLEADH (1) ▼
Má theighimse in t'éadan beidh scéal agad air. Tiúrfaidh mise ábhar caointe duit feicfidh tú féin air. Ní ag caoineadh a bhéas tú agus gan deóir ó do ghruaidh mar tá tú anois.
+
Bhí 'chuile dheoir dhár shil sí cho mór le deoir aille = bhí sí ag gol go frasach, agus na deora ins an an-mhéid
Bhris an deoir faoin a súil: deoir a bhí cho mór le deoir aille
TUILLEADH (2) ▼
Thosuigh an créatúr ag smutaireacht chaoineacháin, agus níl aon-deoir dá raibh uaithe nach raibh cho mór le deoir aille. Scrúdfadh sí thú
Is mór an t-iongnadh nach n-iarrfadh duine eicínt air eirghe as an ngol. Tá 'chuile dheoir leis cho mór le deora aille
+
Sin deora aithrighe atá leis = deora aithmhéala, nó deora a silfí de bharr peacaidhe
Tháinig sé amach ó'n misinéara agus deoir aithrighe leis. Ach tá faitíos orm nach seasfaidh an aithrighe i bhfad, ach a bhfeicidh sé aon-deoir de'n fhear dhubh (an leann dubh)
TUILLEADH (2) ▼
Caitheann sí an lá ag bualadh a h-ucht' agus deora aithrighe léithe má's fíor di féin, ach sin í an t-uisce faoi thalamh. Is breagh uaithe geábh cúl-chainte a dhéanamh má chastar léithe an té a éistfeas léithe taobh amuigh
"Trí mhí a mhair Oisín beo: trí bhrat a d'fhliuchfadh sé ins an ló le deoir aithrighe as a shúile, ó a chuaidh sé ar aoibheanntas agus ar staid na ngrást" (as Argóinteacht Oisín agus Phádraig)
2.
a.
+
Diabhal deoir a d'fhan ann ar an toirt = fuair sé bás tobann
Ar an dá luath agus ar chuala sé an scéal, dheamhan deoir a d'fhan ann le briseadh croidhe
TUILLEADH (9) ▼
Fuair sé bás. Dheamhan deoir a d'fhan ins an duine bocht.
Dheamhan deoir a d'fhan innte. Tá a sraith ar lár
Mara ndúinidh tú do chaiseal, dheamhan deoir a fhágfas mé ionnad
Bí ar do shon féin ar T. Sh. Dheamhan deoir a fhágfas sé in do chluais, ná cuid de dheoir.
Bail ó Dhia ort. Ní fhágfadh sé siúd deoir i M. Mh. Is láidre é ná triúr mar é
Ní fhágfaidh sé deoir ann mara mbeidh sé ar a áirdeall féin. 'Sé atá deas air.
Níl deoir in a chluais. Is breagh an pháin é, dar príosta
Tháinig mé aníos an bóithrín agus fuair mé sínte ar an móinín bán é agus gan deoir ann
Bhí sé in a luighe ó chluais go rioball thiar ins an seomra, agus gan deoir ann i gcosamhlacht. Nach gránna an cleas d'aonduine é féin a chur ins an gcruth sin len a shean-bholg tuatach
b.
+
Níor fhága tú deoir ann — chriog tú in aoinfheacht é = cárta a buailfí
Thug tú an-tsnaoim (tsnaidhm) do mo chuileata. Níor fhága tú deoir innte
TUILLEADH (2) ▼
Ní fhágfainnse deoir in do h-aona hairt marach nachar eirigh liom a bheith ar an taobh ceart díot
Chuaidh sé 'fhoisceacht mbeannuighidh Dia do do Rí gan deoir a bheith in a chluais
3.
+
Tá na deora dubha ag toidheacht ar na fataí = na chéad-spotaí dubha a theagas ar dhasachaí fataí sul a gcairthigheann an dubhachan (Achréidh)
Is gearr ó na fataí anois. Tá na deora dubha ar fáil. Dar príosta is maith luath atá sé ag toidheacht imbliana le h-ais blianta eile
TUILLEADH (2) ▼
An bhfuil aon-chuimne ugad (agad) a dhul ag "sprayáil". Tá na deora dubha ar mo chuid-se le cupla lá. Ba deocair dóib gan a bheith ar aon-nós. Nach bhfuil an uair in a moirt uilig.
Tapuigh na deora dubha má's leat fataí a bheith agad. Is mór an cam-srón-birín ar dhuine a dhul thar ghort agus a bhfeiscint isteach uaidh. Mo choinsias 's dar m'anam, chuir siad le gaoth na gcnoc mé annsin thuas ar maidin indé

Deor in iontrálacha eile (19)

+
Tá an bhó seo imighthe amach nó mara bhfuil níl aon-deor bhainne ag teacht thrí na dalláin. Maran dodaighil atá uirre. Má's eadh féin is minic minic léithe
TUILLEADH (1) ▼
Chonnaic mise bó thiar annseo ag N. Mh. Bhí an úgh calctha aice. Chinn orra aon-deor bhainne a fháil uaithe th'éis a ndichill. Bhí fear beag ag obair annseo thoir ag C. — níl a fhios agam beirthe ná beo cérbh as é. Tháinig sé ag breathnú ar an mbó agus í cínnte ar C. agus ar 'chuile dhuine. Fuair sé ruainnín de'n "wire" beag sin a d'fheicfeá ar scluig na mbuidéil "lemonade". Dhírigh sé amach é nó go raibh sé cho díreach le dorugha. Sháith sé suas is 'chaon dollán de'n úgh é indiaidh a chéile. Dheamhan cor na car a rinne sé len a láimh ach é a sháthadh leis suas. B'iongantas an chaoi a raibh sé indon é a dhéanamh ach níorbh é a chéaduair é. Bhuel tháinig an bainne, gan bleaghan ar bith. Tháinig sé mar a bheadh Dia dhá rádh leis. Bhí bleaghánach dhó (dhe) ar an talamh shul'ár féadadh soitheach a fháil. Is diabhaltaí stuama a bhíos daoine thar a chéile
 
dealg
Chonnaic mise í sin an uair a bhí sí in a cailín óg agus bhainfeá fuil aisti le dealg spíonáin, bhí sí cho craosach dearg sin. Ach ó phós sí, tá sí an-droch-bhreathnuightheach. Shílfeá scaithtí nach mbeadh deor fhola ar bith innte.
 
díle 1
Tá an Díle uisce in mo bhróga. Níl díon deor ionnta th'éis mo dhá ghine bhuidhe a shíneadh orra tá dhá mhí ó shoin
 
díol 2
Tá díol paráiste de ghleo aige, ach a mbíonn aon-deor ólta aige.
+
díon 1
Níl díon ar bith ar do chraiceann leis an éadach tanuidhe sin. 'Ar ndú' níl aon-deor amuigh nach mbeidh istigh aige sin. Loinnir a bhí tusa a iarraidh, agus ní teacht aniar
TUILLEADH (8) ▼
Níl díon deor ins na bróga seo = tá siad ag déanamh uisce as éadan. Níl deor amuigh nach bhfuil leigthe isteach aca
"Tá mo chóta mór stróicthe agus níl [i] mo bhróga díon deor" (líne as amhrán)
Níl díon deor ins na h-éadaigh seo = leigeann siad an bháisteach isteach; níl siad indon tada a choinneál amach
Sílim an teach atá aige anois nach bhfuil díon deor ann. Is beag an dochar dhó. Tá sé na cianta cairbreacha ó cuireadh aon-stráca tuighe air. Chuala mé an "set" sin a theigheas ag cuartaidheacht ann ag rádh go bhfeicfeá réalta an aeir amach thríd anois
Siad bróga an fhear oibre iad mo léan! Dheamhan an deoir féin a bheadh ort ó na glúine anuas, dhá mbeadh péire aca sin agad. Is mór eatorra féin agus na "clogs" bhradacha sin nach bhfuil díon deor ionnta dhá mbeitheá gan a dhéanamh ach an t-urlár a shiubhal. Ná bac le tada ach leis an gcois fhliuch! Tá sí indon fear a tholgadh gan achar ar bith
Níl díon deor ins an gcaipín seo ach sin é an chuma a chuir mé orm féin agus mé dhá ceannacht. Bhí mé lá báistighe in G. agus mé in mo mhaoil. Is gearr go raibh mo chloigeann in a líbín. "Ceannóchaidh mé caipín" arsa mise liom féin. Isteach liom de mhaol mo mhainge ins an gcéad tsiopa ba túisce agam. "Leag anuas caipín agam" adeirimse. Leag. "Cé mhéad." "Trí scilleacha". Shín mé amach aice iad. Sin é a raibh de Bhéarla ná de Ghaedhilge ann, ach ní raibh mé féin anoir ar Á. Dh. L. an uair a bhí mo cheann in a líbín in ath-uair
M'anam go bhfuil fear an bhóthair sáthach dona freisin: gurb é atá. Amuigh annsin ar lom an bhóthair agus a shluasad aige, agus dhá dteagadh sé in a dhíle, gan díon deor aige, ná goir aige corruighe. Ach níl siad cho géar anois agus a bhídís roimhe seo. D'fhéadfá ráig a leigean thart anois, ach mo choinsias má bheireann siad fós féin ort, is beag is aite leo é. Chonnaic mé fear aca ag teacht amach annsin thiar anuiridh …
Níl díon deor aige aon-lá ins an mbliain thuas ar an sliabh úd. Shílfeá ins an míádh, go ndéanfadh sé sórt teálta eicínt dó féin le múr a leigean thairis. Tá an áit siúd cho sceirdeamhail agus go bhfeannfadh sé an fiadh. Ach is fearr leis seasamh ar aghaidh na rithteachta ná anró ar bith a chur air fhéin. 'Sé an leaduidhe is mó ar a dhá chois é. Ní bhainfeadh sé aon-cheart d'obair ar bith eile ach an obair atá air, agus is mór mór an t-íongnadh go bhfuil sé ag seasamh léithe sin féin.
 
diúl
Tá laoighdín diúil againn, agus is deacair leis aon-deor bhainne a ól chor ar bith, th'éis gur chaith muid an tsíorruidheacht ag tabhairt méir' dó. Níl aon-mhaith aige ann mara bhfaghaidh sé cead diúil ar an máthair
 
dóirt
Beannacht Dé dhuit! Ná samhluigh a chuid bróg sin liom, maran leat corruighe intinne a chur orm. Cheannuigh mé péire an lá cheana uaidh ar dheich agus dhá fhichead. Ní raibh siad seachtain ar mo chois, an uair a bhí an dórtadh isteach thríotha. Dheamhan focal bréige atá mé a dhéanamh leat. Luach mo dheich agus dá fhichead, níl díon deor ionnta. Nach shin é an scrios i dtír!
 
dúch
Níl deor dubhaigh sa teach
+
Ní raibh rún ar bith aige a dhul 'nan aonaigh, marach gur mheall an ceann eile ann é. Ba dona a chuaidh an t-aonach dó. Fuair sé lascadh cho mór sin agus nachar ól sé aon-deor bhainne sláinte ó shoin. Níl a fhios ag duine cá mbíonn a leas ná a aimhleas
TUILLEADH (1) ▼
Níor ól mé aon-deor le fada. Ní theigheadh sé go maith dhom, agus dhiúltaigh mé uiliog é. D'eirigheadh sé in mo cheann, agus ní bhínn ar mo chóir fhéin in a dhiaidh go ceann míosa aríst. Tá an té ann a bhfeileann an t-ól dó, agus an té nach bhfeileann