Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dallán (dallarán — dularán)
/duʟān/
ainm-fhocal; fireann.
Iolraidh — dalláin.
Fuaim — an fhuaim chéadna ar an gcéad siolla agus atá ar u indubh, ubh.
Dallarán an leagan atá air ar an Achréidh. Seán Ó Beáin Páirc Gharbh, Baile an Chláir, Seán Mhag Ceara Cearnmór, Uarán Mór. Fuaim — dulurán
1.
súil fata, crainn, nó rud ar bith mar sin a chuireas amach.
+
Níl aon-dallán ins an bhfata sin. Is beag an mhaith a ghearradh
Mara bhfeicidh tú dallán ins an bhfata, ní dhéanfaidh sé aon-tsíol. Caith in éindigh leis na sclamhairí é. Ach má bhíonn sé níos mó ná na leath-fhataí seo, tig leat a leagan i leathtaobh. Foghanfaidh sé aríst. Íosfaidh muid féin é
TUILLEADH (8) ▼
Níl dalláin ar bith i leath na síolta seo. Ní fhaca mé a leithide de ghrifisc fhataí ó rugadh mé. Cé'n poll a raibh siad seo. Puill gharrdha an chladaigh. D'eile. Tabhair suas do gharrdha an chladaigh ariamh féin é
Níl an dallán sin ag cur amach chor ar bith. Mara bhfeicidh tú an bhaslóig, níl an tsúil ag cur amach agus níl aon-mhaith dhuit a bheith do do mheath féin leo.
Chonnaic mé fataí annseo bliain — fataí Achréidh a cheannuigh mé le h-aghaidh síl — tháinig mé gann i bhfataí síl an bhliain chéadna. Ar an bhFaithche Bhig a cheannuigh mé iad ó fhear as áit eicínt taobh anoir. Dheamhan a gcuimhnighim anois cé'n áit, ach d'aithneochainn an fear agus dheamhan gaisce a bhí air le gnaoidheamhlacht. Dheamhan thiomanta dallán dá raibh orra nach raibh cho mór le béal an bhuidéil sin. Chuir mé annseo thiar iad i ngarrdha na h-I. Bhí an-ghaisce agam asta. Togha fataí dair liom féin (dar). 'Sbáin mé do T. iad, agus mé dhá gcur. Ní mórán spleodair a bhí ag T. asta. Fuair sé caidéis do na dalláin — go raibh siad ro-mhór. Rinne siad thar cíonn idtús bliana. Bhí siad go h-árd as cionn talmhana, agus gan das déanta ag fata ar bith eile ag gabhail liom. Bhí go maith go dtí amach ins an mbliain. Bhuail an lobhadh bán iad as éadan. Ba mhór an carghaos a bheith ag breathnú orra. Dheamhan blas a bhí agam de bhláth bliana orra ach grifisc — tabhair grifisc air. Chaith mé ag na beithidhigh iad leisce a bheith ag breathnú orra. Sin é an chaoi a ndeachaidh dalláin mhóra an Achréidh damsa. Ná samhluigh fataí Achréidh liomsa ariamh ó shoin.
Ní ughdair mhaithe seaimpíní (champions — cineál fataí) iad sin. Is beag le go bhfeictheá na dalláin ionnta … ná bac leis sin. Is iomdha fata nach mbíonn aon rath leis an dallán ann agus go ndéanann sé togha síl in a dhiaidh sin. Ní hé an dallán a ghníos chor ar bith é, ach é a bheith de mhianach ins an bhfata. Mara bhfuil, is cuma dhuit dalláin orra nó dhíob
Ní de'n díogha iad deirimse leatsa. Feacha na dalláin atá orra sin. Tá tú i síol fataí a dhuine sin, go bhfeicidh tú na blianta
Dalláin ag an diabhal ort. Cá'il na dalláin? An caoch atá tú? Tóruigh an méid atá gearrtha agad aríst agus togh na síolta caocha as. Is deas iad mo chuid síolta! Bhí sé cho maith dhom imeacht ag gabhail "Laddie O'Lee" ar na cnocáin le dhul ag deargadh talmhana len a n-aghaidh sin
Dar udhacht an tsiogáin (seangáin) duit níl aon-dallán ag gabhail leo. Á nach hé an fhoghail é! Tá mé as síolta muis i mbliana. Mar a chéile uileag iad. Dheamhan ceann go tóin aca nach hé an chaoi chéadna leis é
Nach bhfeiceann tú na dalláin bainte asta. Sin é an chosamhlacht a chuir tú ort féin agus cead a thabhairt do na diabhlánaigh de ghasúir sin a dhul ag spochadh leo. Dar brigh na míonn agus bhainfinn an t-anam asaibh mara gcrapaidh sib lib — agus crapadh lib go beo freisin! Nach raibh a fhios agad pé'r bith céard a mhillfidís sin in do thímcheall nach leasóchaidís tada. Tá an millteanas de bheith orra. Ní millteanas go dtí é
+
Tá na dalláin ag cur amach ar na crainnte. Má's í an t-aidhbheirseoir de dhris féin [í] tá sí ag beochan suas. An bhfeiceann tú annsin í, ag cairthiughadh amach i lár an bhealaigh orm
Níl dalláin an tsean-chrainn daraighe sin thíos ag goineachan amach chor ar bith imbliana. Tá sé críonta. Is fada ar an saoghal an crann sin déarfainn. Ach ní fhásfadh tada ins an áit a raibh sé le rithteacht
TUILLEADH (2) ▼
Má leigeann tú dóibh feicfidh tú go gcuirfidh na dalláin sin craobh amach aríst in aithbhliain. Siad atá deas air. Ach má roiseann tú mar sin é bain do shúil dó (dhe). Ní fhéadfadh crann ar bith goineachan ar tugadh an úsáide dó a fuair an crann sin
Fásfaidh bíonglán (biongán, beangán) eile as an dollán sin agus dá réir sin suas. Faoi cheann chúig bhliana ó indiu an té a bhéas beo, feicfidh tú gur maith cairthighthe amach ar an mballa a bhéas an buachaill sin. Ní bhíonn achar ar bith ar an gcineál sin
2.
poll nó bealach an bhainne i sine na bó, nó i sine ar bith.
+
Tá dallán na sine calctha ar chuma eicínt — sin nó níl sí ag tál an bhainne. Tá an úgh lán aice ar chaoi ar bith … Nach hí an píopa agad í go mbeadh sí calctha. Diabhal aithne ort nach súghlach a theagas as sine i leabaidh bainne. Cé'n chaoi a bhféadfadh sine calcadh. Bíodh unsa céille agad — bíodh sin
Tá dallán cho mór ar an tsine aice bail ó Dhia uirre, agus go sílfeá gur béal soithigh iad an chaoi a dtálann siad an bainne. Níl an mianach sin i mbó na tíre seo chor ar bith. Ní leigeann siad uatha ach strioncáiníní roighne (streancáiníní)
TUILLEADH (3) ▼
Tá an bhó seo imighthe amach nó mara bhfuil níl aon-deor bhainne ag teacht thrí na dalláin. Maran dodaighil atá uirre. Má's eadh féin is minic minic léithe
Chonnaic mise bó thiar annseo ag N. Mh. Bhí an úgh calctha aice. Chinn orra aon-deor bhainne a fháil uaithe th'éis a ndichill. Bhí fear beag ag obair annseo thoir ag C. — níl a fhios agam beirthe ná beo cérbh as é. Tháinig sé ag breathnú ar an mbó agus í cínnte ar C. agus ar 'chuile dhuine. Fuair sé ruainnín de'n "wire" beag sin a d'fheicfeá ar scluig na mbuidéil "lemonade". Dhírigh sé amach é nó go raibh sé cho díreach le dorugha. Sháith sé suas is 'chaon dollán de'n úgh é indiaidh a chéile. Dheamhan cor na car a rinne sé len a láimh ach é a sháthadh leis suas. B'iongantas an chaoi a raibh sé indon é a dhéanamh ach níorbh é a chéaduair é. Bhuel tháinig an bainne, gan bleaghan ar bith. Tháinig sé mar a bheadh Dia dhá rádh leis. Bhí bleaghánach dhó (dhe) ar an talamh shul'ár féadadh soitheach a fháil. Is diabhaltaí stuama a bhíos daoine thar a chéile
Bhí bó annsin thoir ar an aonach agus nuair a chuaidh siad dhá bleaghán bhí an úgh cho rithte len a bhfaca tú ariamh. Ach deoir féin ní raibh sí a thál in a dhiaidh sin. Chuaidh 'chuile dhuine di ach ba aon-mhaith amháin é. Tháinig an fear seo — ceannachthóir a bhí ann — agus chuaidh sé féin ag méirínteacht léithe. Chuir sé soipín tuighe isteach ins na dalláin aice, mar dhóigh dhe go raibh siad tachttha … ach dheamhan tachtadh ná cuid de thachtadh. Ní ar na dalláin ná ar a cuid sineadhachaí a bhí an "demur" (marach, locht) chor ar bith. Fear sáthach símplí — bádóir as Conamara — a casadh timcheall ann ins an deire agus é ar a ghlas-mheisce. Ní thiubharfá deich triuf air len a fheiceál. Sáthach adhartha a bhí sé ag imeacht. D'fhiafruigh sé céard a bhí orra, agus h-innsigheadh dó. Bhí an ceannóchthair an uair seo in éadan na ndalláin aice. "Leig do na dalláin" adeir an bádóir. "Tá na dalláin cho "freeáilte" agus a bhíos mo pholláirí-sa, agus an bád ag tabhairt leath-bhord ins an ngaoith thar an gCeann lá flichshneachta. Ach innseochaidh mise dhaoib céard a dhéanfas sibh. Stopainn an bhainne atá ar an mbó. Má tá bairille ann agus a lán uisce, árduigidh suas é ar áit árd eicínt. Tugaighidh an bhó len a ais. Coinnigidh annsin í. Scárdaigidh anuas an t-uisce as an mbairille de réir a chéile. Mara ndéanaidh an bairille sin, líonaigidh bairille eile, agus déanaigidh an cleas céadna. Nach mairg gan galún taosca an bháid agam, agus is gearr a bheinnse dhá cur ag tál." Tugadh isteach i "ngárd" Sh. í. Tá a fhios agad an bairille árd siúd a raibh an "teaip" air a bhí thiar le balla. Thiomáil siad an bhó suas len a thaobh, agus chuir siad an "teaip" ag rith. Leigeadh cho maith le trí bhuicéad uisce as. Ná raibh ann nar thosuigh an bhó ag tál an bhainne cho briosc agus dhá mbadh as béal gloine a bheadh sé ag teacht. B'éigin buicéad a chur fúithe de léim. "Anois" adeir an bádóir "ab iad na dalláin a bhí dúinte" agus "haway" leis isteach indorus cúil Bh. gur chuir cáthadh pórtair ar an smut aige féin. Cé a mb'fhearr é sin ná do "wireen"-sa ar ball?
·
"Bhí dallarán an mhadadh alla in a bhéal agus é dhá dhiúl" (as sean-scéal — ó Sheán Ó Bheáin — Páirc Gharbh Baile an Chláir).
3.
hymen, maidenhead; cuach.
+
Ar chuala tú céard adúirt sé? Níl fios a labhartha aige ar chuma ar bith. Nó is aige atá sé ach nach bhfuil aon-chuíbhiúlacht ann. "Bhris mé an dallán innte leis an gcéad-shacadh den chleith chábáin" adúirt sé. Anois a bhfuil biseach agad? Is mór adéarfá le Gaillimh agus gan ann ach baile beag!
Réabadh an dallán cheana aice, fainic!
TUILLEADH (2) ▼
Gheobhaidh sí na físeachaí agus na pinneachaí corra faoin dallán anocht!
Bhí bean as C. annsin thoir san gcúirt agus í ag mionnú ar fhear. Ceist eicínt a chur an giúistís uirre: "go deimhin a dhuine chóir" adeir sí, "tá sé sin cho glan orm leis an sagart. Ní dheachaidh a shlat ní ba ghoire don dallán agam ná a chuaigh do shlatsa, bail ó Dhia ort." Spréach an giúistís. Fhobair gur b'ise a chuirfí isteach agus ní hé an té a chionntaigh léithe

Féach freisin