Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dallán, dallarán
/duʟān/
ainmfhocal, fireann
iolra: dalláin
fuaim: an fhuaim chéanna ar an gcéad siolla agus atá ar u i ndubh, ubh
dallarán an leagan atá air ar an Achréidh. Seán Ó Beáin, Páirc Gharbh, Baile Chláir; Seán Mhag Ceara An Carn Mór, Órán Mór. Fuaim: dulurán
1.
súil fata, crainn, nó rud ar bith mar sin a chuireas amach.
+
Níl aon dallán sa bhfata sin. Is beag an mhaith a ghearradh
Mura bhfeice tú dallán sa bhfata, ní dhéanfaidh sé aon tsíol. Caith in éindí leis na sclamhairí é. Ach má bhíonn sé níos mó ná na leathfhataí seo, tig leat a leagan i leataobh. Fónfaidh sé aríst. Íosfaidh muid féin é
TUILLEADH (8) ▼
Níl dalláin ar bith i leath na síolta seo. Ní fhaca mé a leithide de ghrifisc fhataí ó rugadh mé. Cén poll a raibh siad seo. Poill gharraí an chladaigh. Deile. Tabhair suas do gharraí an chladaigh ariamh féin é
Níl an dallán sin ag cur amach chor ar bith. Mura bhfeice tú an bhaslóig, níl an tsúil ag cur amach agus níl aon mhaith dhuit a bheith do do mheath féin leo
Chonaic mé fataí anseo bliain — fataí Achréidh a cheannaigh mé le haghaidh síl — tháinig mé gann i bhfataí síl an bhliain chéanna. Ar an bhFaiche Bhig a cheannaigh mé iad ó fhear as áit eicínt taobh anoir. Dheamhan a gcuimhním anois cén áit, ach d'aithneoinn an fear agus dheamhan gaisce a bhí air le gnaíúlacht. Dheamhan thiomanta dallán dá raibh orthu nach raibh chomh mór le béal an bhuidéil sin. Chuir mé anseo thiar iad i ngarraí na hI. Bhí an-ghaisce agam astu. Togha fataí dar liom féin. 'speáin mé do T. iad agus mé dhá gcur. Ní mórán spleodair a bhí ag T. astu. Fuair sé caidéis do na dalláin — go raibh siad rómhór. Rinne siad thar cionn i dtús bliana. Bhí siad go hard os cionn talúna, agus gan das déanta ag fata ar bith eile ag gabháil liom. Bhí go maith go dtí amach sa mbliain. Bhuail an lobhadh bán iad as éadan. Ba mhór an carghas a bheith ag breathnú orthu. Dheamhan blas a bhí agam de bhláth bliana orthu ach grifisc — tabhair grifisc air. Chaith mé ag na beithígh iad leisce a bheith ag breathnú orthu. Sin é an chaoi a ndeachaigh dalláin mhóra an Achréidh domsa. Ná samhlaigh fataí Achréidh liomsa ariamh ó shin
Ní údair mhaithe seaimpíní (champions — cineál fataí) iad sin. Is beag le go bhfeictheá na dalláin iontu … ná bac leis sin. Is iomaí fata nach mbíonn aon rath leis an dallán ann agus go ndéanann sé togha síl ina dhiaidh sin. Ní hé an dallán a ghníos chor ar bith é, ach é a bheith de mhianach sa bhfata. Mura bhfuil, is cuma dhuit dalláin orthu nó dhíobh
Ní den díogha iad deirimse leatsa. Féacha na dalláin atá orthu sin. Tá tú i síol fataí a dhuine sin, go bhfeice tú na blianta
Dalláin ag an diabhal ort. Cá'il na dalláin? An caoch atá tú? Tóraigh an méid atá gearrtha agat aríst agus togh na síolta caocha as. Is deas iad mo chuid síolta! Bhí sé chomh maith dhom imeacht ag gabháil Laddie O'Lee ar na cnocáin le dhul ag deargadh talúna lena n-aghaidh sin
Dar uacht an tseangáin duit, níl aon dallán ag gabháil leo. Á nach é an fhoghail é! Tá mé as síolta muis i mbliana. Mar a chéile uileag iad. Dheamhan ceann go tóin acu nach é an chaoi chéanna leis é
Nach bhfeiceann tú na dalláin bainte astu. Sin é an chosúlacht a chuir tú ort féin agus cead a thabhairt do na diabhlánaigh de ghasúir sin a dhul ag spochadh leo. Dar brí na mionn, agus bhainfinn an t-anam asaibh mura gcrapa sibh libh — agus crapadh libh go beo freisin! Nach raibh a fhios agat pé ar bith céard a mhillfidís sin in do thimpeall nach leasóidís tada. Tá an millteanas de bheith orthu. Ní millteanas go dtí é
+
Tá na dalláin ag cur amach ar na crainnte. Más í an t-áibhirseoir de dhris féin í, tá sí ag beochan suas. An bhfeiceann tú ansin í, ag caithriú amach i lár an bhealaigh orm
Níl dalláin an tseanchrainn daraí sin thíos ag goineachan amach chor ar bith i mbliana. Tá sé críonta. Is fada ar an saol an crann sin déarfainn. Ach ní fhásfadh tada san áit a raibh sé le riteacht
TUILLEADH (2) ▼
Má ligeann tú dóibh, feicfidh tú go gcuirfidh na dalláin sin craobh amach aríst in athbhliain. 'Siad atá deas air. Ach má roiseann tú mar sin é bain do shúil dó (dhe). Ní fhéadfadh crann ar bith goineachan ar tugadh an úsáide dó a fuair an crann sin
Fásfaidh bíonglán (beangán) eile as an dallán sin agus dá réir sin suas. Faoi cheann chúig bhliana ó inniu an té a bheas beo, feicfidh tú gur maith caithrithe amach ar an mballa a bheas an buachaill sin. Ní bhíonn achar ar bith ar an gcineál sin
2.
poll nó bealach an bhainne i sine na bó, nó i sine ar bith.
+
Tá dallán na sine calctha ar chuma eicínt — sin nó níl sí ag tál an bhainne. Tá an úth lán aici ar chaoi ar bith … Nach í an píopa agat í go mbeadh sí calctha. Diabhal aithne ort nach súlach a theagas as sine i leaba bainne. Cén chaoi a bhféadfadh sine calcadh. Bíodh unsa céille agat — bíodh sin
Tá dallán chomh mór ar an tsine aici bail ó Dhia uirthi, agus go sílfeá gur béal soithigh iad an chaoi a dtálann siad an bainne. Níl an mianach sin i mbó na tíre seo chor ar bith. Ní ligeann siad uathu ach streancáiníní righne
TUILLEADH (3) ▼
Tá an bhó seo imithe amach, nó mura bhfuil, níl aon deoir bhainne ag teacht thrí na dalláin. Muran dodaíl atá uirthi. Más ea féin is minic minic léithe
Chonaic mise bó thiar anseo ag N. Mh. Bhí an úth calctha aici. Chinn orthu aon deoir bhainne a fháil uaithi théis a ndíchill. Bhí fear beag ag obair anseo thoir ag C. — níl a fhios agam beirthe ná beo cérbh as é. Tháinig sé ag breathnú ar an mbó agus í cinnte ar C. agus ar chuile dhuine. Fuair sé ruainnín den wire beag sin a d'fheicfeá ar scloig na mbuidéil lemonade. Dhírigh sé amach é nó go raibh sé chomh díreach le dorú. Sháigh sé suas i chaon dallán den úth é i ndiaidh a chéile. Dheamhan cor na car a rinne sé lena láimh ach é a shá leis suas. B'iontas an chaoi a raibh sé in ann é a dhéanamh ach níorbh é a chéad uair é. Bhuel tháinig an bainne, gan bleán ar bith. Tháinig sé mar a bheadh Dia dhá rá leis. Bhí bleánach dhó (dhe) ar an talamh shular féadadh soitheach a fháil. Is diabhaltaí stuama a bhíos daoine thar a chéile
Bhí bó ansin thoir ar an aonach agus nuair a chuaigh siad dhá bleán, bhí an úth chomh rite lena bhfaca tú ariamh. Ach deoir féin ní raibh sí a thál ina dhiaidh sin. Chuaigh chuile dhuine di ach ba aon mhaith amháin é. Tháinig an fear seo — ceannaitheoir a bhí ann — agus chuaigh sé féin ag méirínteacht léithe. Chuir sé soipín tuí isteach sna dalláin aici, mar dhóigh dhe go raibh siad tachta … ach dheamhan tachtadh ná cuid de thachtadh. Ní ar na dalláin ná ar a cuid siniúchaí a bhí an diumar (marach, locht) chor ar bith. Fear sách simplí — bádóir as Conamara — a casadh timpeall ann sa deireadh agus é ar a ghlasmheisce. Ní thabharfá deich triuf air lena fheiceáil. Sách adhartha a bhí sé ag imeacht. D'fhiafraigh sé céard a bhí orthu, agus hinsíodh dó. Bhí an ceannaitheoir an uair seo in éadan na ndalláin aici. 'Lig do na dalláin,' adeir an bádóir. 'Tá na dalláin chomh freeáilte agus a bhíos mo pholláiríse agus an bád ag tabhairt leathbhord sa ngaoith thar an gCeann lá flichshneachta. Ach inseoidh mise dhaoibh céard a dhéanfas sibh. Stopainn an bhainne atá ar an mbó. Má tá bairille ann agus é lán uisce, ardaígí suas é ar áit ard eicínt. Tugaidh an bhó lena ais. Coinnígí ansin í. Scairdigí anuas an t-uisce as an mbairille de réir a chéile. Mura ndéana an bairille sin, líonaigí bairille eile, agus déanaigí an cleas céanna. Nach mairg gan galún taosctha an bháid agam, agus is gearr a bheinnse dhá cur ag tál.' Tugadh isteach i yard Sh. í. Tá a fhios agat an bairille ard siúd a raibh an teaip air a bhí thiar le balla. Thiomáil siad an bhó suas lena thaobh, agus chuir siad an teaip ag rith. Ligeadh chomh maith le trí bhuicéad uisce as. Ná raibh ann nár thosaigh an bhó ag tál an bhainne chomh briosc agus dhá mba as béal gloine a bheadh sé ag teacht. B'éigean buicéad a chur fúithi de léim. 'Anois,' adeir an bádóir 'ab iad na dalláin a bhí dúnta,' agus haway leis isteach i ndoras cúil Bh. gur chuir cáitheadh pórtair ar an smut aige féin. Cé a mb'fhearr é sin ná do wireínse ar ball?
·
"Bhí dallarán an mhadadh alla ina bhéal agus é dhá dhiúl" (as seanscéal — ó Sheán Ó Beáin — Páirc Gharbh, Baile Chláir)
3.
hymen, maidenhead; cuach.
+
Ar chuala tú céard adúirt sé? Níl fios a labhartha aige ar chuma ar bith. Nó is aige atá sé ach nach bhfuil aon chuibhiúlacht ann. 'Bhris mé an dallán inti leis an gcéad shacadh den chleith chábáin,' adúirt sé. Anois a bhfuil biseach agat? Is mór adéarfá le Gaillimh agus gan ann ach baile beag!
Réabadh an dallán cheana aici, fainic!
TUILLEADH (2) ▼
Gheobhaidh sí na físeachaí agus na pínneachaí corra faoin dallán anocht!
Bhí bean as C. ansin thoir sa gcúirt agus í ag mionnú ar fhear. Ceist eicínt a chur an giúistís uirthi: 'Go deimhin a dhuine chóir,' adeir sí, 'tá sé sin chomh glan orm leis an sagart. Ní dheachaigh a shlat ní ba ghaire don dallán agam ná a chuaigh do shlatsa, bail ó Dhia ort.' Spréach an giúistís. Fhóbair gurb ise a chuirfí isteach agus ní hé an té a chiontaigh léithe

Féach freisin