Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

dalláin (11)

+
Níl dalláin ar bith i leath na síolta seo. Ní fhaca mé a leithide de ghrifisc fhataí ó rugadh mé. Cén poll a raibh siad seo. Poill gharraí an chladaigh. Deile. Tabhair suas do gharraí an chladaigh ariamh féin é
TUILLEADH (10) ▼
Chonaic mé fataí anseo bliain — fataí Achréidh a cheannaigh mé le haghaidh síl — tháinig mé gann i bhfataí síl an bhliain chéanna. Ar an bhFaiche Bhig a cheannaigh mé iad ó fhear as áit eicínt taobh anoir. Dheamhan a gcuimhním anois cén áit, ach d'aithneoinn an fear agus dheamhan gaisce a bhí air le gnaíúlacht. Dheamhan thiomanta dallán dá raibh orthu nach raibh chomh mór le béal an bhuidéil sin. Chuir mé anseo thiar iad i ngarraí na hI. Bhí an-ghaisce agam astu. Togha fataí dar liom féin. 'speáin mé do T. iad agus mé dhá gcur. Ní mórán spleodair a bhí ag T. astu. Fuair sé caidéis do na dalláin — go raibh siad rómhór. Rinne siad thar cionn i dtús bliana. Bhí siad go hard os cionn talúna, agus gan das déanta ag fata ar bith eile ag gabháil liom. Bhí go maith go dtí amach sa mbliain. Bhuail an lobhadh bán iad as éadan. Ba mhór an carghas a bheith ag breathnú orthu. Dheamhan blas a bhí agam de bhláth bliana orthu ach grifisc — tabhair grifisc air. Chaith mé ag na beithígh iad leisce a bheith ag breathnú orthu. Sin é an chaoi a ndeachaigh dalláin mhóra an Achréidh domsa. Ná samhlaigh fataí Achréidh liomsa ariamh ó shin
Ní údair mhaithe seaimpíní (champions — cineál fataí) iad sin. Is beag le go bhfeictheá na dalláin iontu … ná bac leis sin. Is iomaí fata nach mbíonn aon rath leis an dallán ann agus go ndéanann sé togha síl ina dhiaidh sin. Ní hé an dallán a ghníos chor ar bith é, ach é a bheith de mhianach sa bhfata. Mura bhfuil, is cuma dhuit dalláin orthu nó dhíobh
Ní den díogha iad deirimse leatsa. Féacha na dalláin atá orthu sin. Tá tú i síol fataí a dhuine sin, go bhfeice tú na blianta
Dalláin ag an diabhal ort. Cá'il na dalláin? An caoch atá tú? Tóraigh an méid atá gearrtha agat aríst agus togh na síolta caocha as. Is deas iad mo chuid síolta! Bhí sé chomh maith dhom imeacht ag gabháil Laddie O'Lee ar na cnocáin le dhul ag deargadh talúna lena n-aghaidh sin
Nach bhfeiceann tú na dalláin bainte astu. Sin é an chosúlacht a chuir tú ort féin agus cead a thabhairt do na diabhlánaigh de ghasúir sin a dhul ag spochadh leo. Dar brí na mionn, agus bhainfinn an t-anam asaibh mura gcrapa sibh libh — agus crapadh libh go beo freisin! Nach raibh a fhios agat pé ar bith céard a mhillfidís sin in do thimpeall nach leasóidís tada. Tá an millteanas de bheith orthu. Ní millteanas go dtí é
Tá na dalláin ag cur amach ar na crainnte. Más í an t-áibhirseoir de dhris féin í, tá sí ag beochan suas. An bhfeiceann tú ansin í, ag caithriú amach i lár an bhealaigh orm
Níl dalláin an tseanchrainn daraí sin thíos ag goineachan amach chor ar bith i mbliana. Tá sé críonta. Is fada ar an saol an crann sin déarfainn. Ach ní fhásfadh tada san áit a raibh sé le riteacht
Má ligeann tú dóibh, feicfidh tú go gcuirfidh na dalláin sin craobh amach aríst in athbhliain. 'Siad atá deas air. Ach má roiseann tú mar sin é bain do shúil dó (dhe). Ní fhéadfadh crann ar bith goineachan ar tugadh an úsáide dó a fuair an crann sin
Tá an bhó seo imithe amach, nó mura bhfuil, níl aon deoir bhainne ag teacht thrí na dalláin. Muran dodaíl atá uirthi. Más ea féin is minic minic léithe
Bhí bó ansin thoir ar an aonach agus nuair a chuaigh siad dhá bleán, bhí an úth chomh rite lena bhfaca tú ariamh. Ach deoir féin ní raibh sí a thál ina dhiaidh sin. Chuaigh chuile dhuine di ach ba aon mhaith amháin é. Tháinig an fear seo — ceannaitheoir a bhí ann — agus chuaigh sé féin ag méirínteacht léithe. Chuir sé soipín tuí isteach sna dalláin aici, mar dhóigh dhe go raibh siad tachta … ach dheamhan tachtadh ná cuid de thachtadh. Ní ar na dalláin ná ar a cuid siniúchaí a bhí an diumar (marach, locht) chor ar bith. Fear sách simplí — bádóir as Conamara — a casadh timpeall ann sa deireadh agus é ar a ghlasmheisce. Ní thabharfá deich triuf air lena fheiceáil. Sách adhartha a bhí sé ag imeacht. D'fhiafraigh sé céard a bhí orthu, agus hinsíodh dó. Bhí an ceannaitheoir an uair seo in éadan na ndalláin aici. 'Lig do na dalláin,' adeir an bádóir. 'Tá na dalláin chomh freeáilte agus a bhíos mo pholláiríse agus an bád ag tabhairt leathbhord sa ngaoith thar an gCeann lá flichshneachta. Ach inseoidh mise dhaoibh céard a dhéanfas sibh. Stopainn an bhainne atá ar an mbó. Má tá bairille ann agus é lán uisce, ardaígí suas é ar áit ard eicínt. Tugaidh an bhó lena ais. Coinnígí ansin í. Scairdigí anuas an t-uisce as an mbairille de réir a chéile. Mura ndéana an bairille sin, líonaigí bairille eile, agus déanaigí an cleas céanna. Nach mairg gan galún taosctha an bháid agam, agus is gearr a bheinnse dhá cur ag tál.' Tugadh isteach i yard Sh. í. Tá a fhios agat an bairille ard siúd a raibh an teaip air a bhí thiar le balla. Thiomáil siad an bhó suas lena thaobh, agus chuir siad an teaip ag rith. Ligeadh chomh maith le trí bhuicéad uisce as. Ná raibh ann nár thosaigh an bhó ag tál an bhainne chomh briosc agus dhá mba as béal gloine a bheadh sé ag teacht. B'éigean buicéad a chur fúithi de léim. 'Anois,' adeir an bádóir 'ab iad na dalláin a bhí dúnta,' agus haway leis isteach i ndoras cúil Bh. gur chuir cáitheadh pórtair ar an smut aige féin. Cé a mb'fhearr é sin ná do wireínse ar ball?