Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
damba
ainmfhocal, fireann
iolra: dambaí
 tiompán, bacainn, balla, comhla nó stanna a cuirfí trasna uisce, aibhne nó a leithide, leis an sruth a stopadh, a chasadh, a bhacadh nó a cheansú ar chaoi eicínt; dam.
+
Tá damba san abhainn leis an uisce a stopadh
Séard a ghníos siad sin dambaí nó coraíochaí a thógáil sna srutháin agus bearna a fhágáil ina lár. An cochall a chur sa mbearna sin ansin agus an sruthán a shaighdeadh anuas. Ní bheadh breac ag gabháil leis nach dtiocfadh sa gcochall
TUILLEADH (4) ▼
Chuir siad damba ar an abhainn sin thiar mar dhóigh dhe go gcuirfidís ag lasadh an S. le solas í. Níor chuala mé aon cheo faoin solas ó shin, ach cloisim gur mór an leas do shaighdeoirí an damba. Ach arsa tusa, ní theagann síon i dtír nach fearrde duine eicínt
Bhí S. Mh. N. ag rá liom go bhfaca sé damba ar abhainn i Meiriceá agus go mba hairde a bharr ná speiricín na J. i nGaillimh. An gcreidfeása an scéal sin. Ní chreidfinnse ar chaoi ar bith. Sílim gur do mo dhalladh le bréaga a bhí an ceann céanna. Chonaic sé rudaí i Meiriceá nach bhfaca duine ar bith, agus a liachtaí sin duine sa tír a shiúil chomh fada leis i Meiriceá
Chonaic mé na dambaí móra a rinneadh ar an tSionainn. Nach raibh mé dhá ndéanamh. I nDomhnach bhíos. Chaith mé cheithre mhí ann. Tá dambaí áibhéalta ann in aghaidh an uisce. Tá mé ag ceapadh go stopann siad na mílte tonna uisce … Casann siad an t-uisce isteach i sórt caológaí a chuir siad ar an abhainn, agus nuair a théas sé thríd na turbines, oibríonn sé an solas. Sin é a thugas solas don tír
Ní comhla ar bith a theastaíos thíos ansin ach damba a dhéanamh trasna béal na cuisle údan le taoille mhór a chasadh soir. 'Sé an chaoi nár mhór é mar atá an lagpholl atá ansiúd thuas agamsa: stanna a chur ann ar an gcaoi céanna. Iontaíonn sé an brúisc uisce ar fad soir sa lagpholl. Maidir le do chuid comhlaí a chur thíos ansin, níl ann ach díth céille. Réabfadh an chéad taoille mhór a thiocfadh as a lúdrachaí iad