Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dána
/dānə/
aidiacht
a.
sonnta, ábhailleach, dochomhairleach, intinniúil, tucarach do do bhealach féin a bheith agat.
+
Is dána an gasúr thú. Shílfeá go bhféadfá an rud adéarfaí leat a dhéanamh. Beidh a shliocht ort: má bhíonn cead do chomhairle féin agat, is de bhuíochas dúinne é
Ní fhaca mé a leithide de pháiste ariamh tá sé chomh dána sin. Nuair adúradh leis gan a dhul amach ar an tsráid, sin é an uair a chuaigh sé amach. Thug mé isteach é agus fuair sé gleadhradh, ach ba bheag an mhaith sin. Chuaigh sé amach aríst
TUILLEADH (11) ▼
Deir tú leis an ainle bhradach sin a thosaigh ag athléamh orm. Anois an bhfuil biseach agat? Nuair a chuaigh mé dhá bhualadh, 'sé an chaoi ar neartaigh sé ar a mhaidí. Sin é an malrach atá dána. Dúirt mise go bhfágfainn é go dteagtása agus cead agat do rogha rud a dhéanamh leis. Ná ceil an tslat air anois. Rófhada a chosain mise é
Tá an spailpín sin againne chomh dána le muic. Ní dhéanfaidh sé ach an rud a thogrós sé féin
Tá sé an-dána an-doghrainneach má chuirtear araoid ar bith air. Nuair a fhéachas tú le foighid a chur ann, ní bheidh tú ach ag borradh leis
"Is dána muic ná gabhar ach sháraigh bean an diabhal" (leathfhocal faoi dhánacht) — nuair a bhíos bean ag iarraidh a comhairle féin a fháil, ní féidir a bhaint di
Sháraigh tú an mhuic, tá tú chomh dána sin
Is beag an mhaith den tsagart aon cheo a rá leis siúd ó chaithfeas sé rud ina cheann. Tá sé chomh dána leis an diabhal féin
Bhac an póilí é faoina dhul ann, ach thug sé siúd a dhúshlán agus chuaigh sé ann. Tá sé dubhdhána mar sin, théis nach bhfuil aon duine faoi thalamh an domhain is láí ná is oibleagáidí ná é, má tá sé leat
Bhí na tiarnaí móra sách dána sa tír seo seal, ach b'éigean dóibh a seolta a stríocadh
Shílfeá go bhfuil an saol ag éirí amach an-dána in aghaidh an chreidimh
Is diabhlaí dána atá na Sasanaigh sa tír fós. Tá mé ag ceapadh go bhfuil cuasnógaí acu i mBaile Átha Cliath agus in áiteachaí mar sin. Dream acu a rinne é sin
"Nuair is teann don phortán sea is dán don ghearrán" — séard adeirtear go hiondúil leis seo: nuair is teann don phortán sea is fann don ghearrán, ach bíonn dán ag daoine ann, agus 'sé a bhíos in áiteacha (cuid de Chois Fharraige). Ní thuigim dán sa gcás seo fc. fann, gearrán
+
'Tá rud dána drochmhúinte déanta agamsa agus fios a chur ort,' adeirim féin, 'ach i nDomhnach a athair, bhí sé ar a chailleadh nó facthas domsa go raibh' — rud sonnta sotalach
Ba é a labhair go dána drochmhúinte freisin. Dúirt sé mura dtéadh T. amach dhá dheoin féin, go gcuirfeadh seisean ag imeacht é agus deifir air!
TUILLEADH (3) ▼
Gabh amach anois agus labhair go dána drochmhúinte léithe, agus abair má mhilleann a cuid beithíoch aon cheo ort níos mó, go n-íocfaidh sí é
Labhair an mháthair go dána drochmhúinte leo, agus chuir sí aithne orthu fanacht as, ach mo léan géar, dheamhan lá aird acu sin ar a máthair. Dhá n-abraíodh an t-athair focal amháin, b'fhearr é ná dhá gcaitheadh an mháthair a teanga leo
Tá sé sin dána drochmhúinte. Roidéalach bradach má chuireann duine ar bith aon araoid air
+
Mura bhfuil tú mór ná láidir ná bí dána ná drochmhúinte (seanchomhairle)
Cén fáth dhuitse a bheith ag cur do chosa uait? Ara chuala tú ariamh é, mura bhfuil tú mór ná láidir ná bí dána ná drochmhúinte
TUILLEADH (3) ▼
Nach furasta leat fear a bhualadh! An raibh tú ag ceapadh go gcuirfinnse mí-aighneas ar Sh. 'Sé an chaoi a bhfuil sé agamsa: an té nach bhfuil mór ná láidir ná bíodh sé dána ná drochmhúinte
Bhí an t-ádh ar an tír s'againn féin nach raibh sí sa gcogadh chor ar bith. Cúnamh Thaidhg an tSléibhe do Mhuirbheach gan buille leis ná ina aghaidh arsa tusa. Agus b'amhlaidh ab fhearr é. Mura bhfuil tú mór ná láidir ná bí dána ná drochmhúinte
High for Blakes and Dalys agus pléidís féin le chéile anois é. Meas tú an bhfuil baol ormsa a dhul isteach ag déanamh eadarascáin ansin? Diabhal baol muis. An té nach bhfuil mór ná láidir, ná bíodh sé dána ná drochmhúinte
b.
sceirdiúil, garbh, faoi alltracha agus mulláin, gan a bheith insheolta.
+
Cladach an-dána atá siar ansin — garbh, dásachtach, sceirdiúil
Buaileadh an loing ar chladach dána seanfharraige, agus chaith sí ansin go ceann fada sular féadadh a tabhairt as
TUILLEADH (4) ▼
Bád ar bith a thabharfadh rith cladaigh di féin ar na branraí dána sin, ní fhágfaí clár ar a corp
Deir siad go bhfuil alltrachaí an-dána in Árainn. Le téad a scaoiltear síos daoine ar éadan na haille. Téann siad ann ag coilleadh neadrachaí
Níl cladaí dána ar bith amach ansin ar ghualainn na háite seo. Tá lom trá ann: tránnaí móra míne fad t'amhairc uait, agus bréidíní farraige ag briseadh orthu. Is mór an áilleacht iad sa samhradh
Ní bhíonn an fheamainn sin ach ar chladaí dána na seanfharraige. Ní fhásfadh sí ar na glaschuanta seo chor ar bith. Níl an t-oibriú sách mór sa bhfarraige

Féach freisin

dána in iontrálacha eile (9)

 
Chuala mé go minic go raibh geis ar an gcnocán sin: go raibh sé síúil. Deir chuile dhuine go raibh rudaí dhá fheiceáil ann. Ach ní raibh géilliúint ar bith aigesean do chúrsaí den tsórt sin. Bhí rachmall an airgid air, agus chaith sé ina cheann teach nua a dhéanamh. Ní bheadh aon shásamh aige ann go ndéanfadh sé ar an gcnocán sin é, théis go raibh chuile dhuine ag cur aithne air gan drannadh leis. Más é an tAthair M. féin é — 'sé a bhí anseo an uair sin — chuala mé gur dhúirt sé leis go mbeadh sé in aiféala mura bhfágadh sé an cnocán agus a raibh ann lena n-anó féin. Ach ní raibh aon chomhairleachan ina chionn ó chuirfeadh sé roimhe rud a dhéanamh. Bhí sé chomh dána le múille. Réab sé an cnocán as a lúdrachaí ar aon nós, agus rinne sé an teach. Tá sé fuar folamh ansin ó shin, mar a fheiceas tú féin é. Dheamhan duine a chónaigh ariamh ann sílim. Maraíodh an mac shul má bhí sé déanta. Sách fánach a maraíodh é freisin. Ord a thit den scafall air. Buaileadh síos an iníon agus chaill sé an domhnaíocht airgid léithe, ach ní dhearna sí aon mhaith ariamh. Thit binn an tí go talamh shul má bhí sé réidh. Shílfeá go mba in é a dhóthain de thaispeánadh, ach chuaigh sé ina éadan as dúshlán in athuair. Ní fhaca sé an chloch spideoige ariamh air. Bhí sé ag déanamh créafóige. Ón lá ar thosaigh sé ag orlaíocht ar an gcnocán sin — shílfeá gur beith a bhí air é — níor fhan rud istigh ná amuigh aige nár tháinig an díleá air. D'imigh a raibh aige agus ar chruinnigh sé go crua — d'imigh sé ina ghlae ghlas. B'éigean don bhean agus don chuid eile den chlainn lascadh leo as ar fad sa deireadh. Bhí an díleá ar a gcuid os comhair a dhá súil. Níl a fhios agam an raibh an oiread acu agus a thug go G. iad. Má bhí, dheamhan tada leis é. Níl duine ar a shliocht inniu; i gcruthúnas nach ceart d'aon duine a dhul ag cur araoid ar an slua sí — diúltaí muide dhóibh agus fuagraímid dea-chomharsanacht orthu!
 
dóigh 1
Más ag tóraíocht creathnaigh a tháinig tú is olc an dóigh (creathnaigh) é seo. Níor mhór duit a dhul ar chladach dána le creathnach a fháil. Is diabhlaí dúlaí atá sibh sa gcreathnach suas ansin i gcónaí
 
drann
Bhí muid ag caitheamh le easóig ansin thuas inniu agus ba mhór an t-ár í ag drannadh agus ag caitheamh seilí amach. An bhfuil feithideach ar bith chomh dána léithe. Bhí ceathar nó cúigear againn ina héadan, agus dheamhan claonadh a dhéanfadh sí ina dhiaidh sin ach ag sianaíl agus ag drannadh. Smíochadh í faoi dheireadh le clocha
+
Tá rud dána drochmhúinte déanta agam (fc. dána)
TUILLEADH (1) ▼
Mura bhfuil tú mór ná láidir, ná bí dána ná drochmhúinte (fc. dána)
 
dubh 1
Chinn sé dubh is dubh orm aon cheart a bhaint di, théis gur fhéach mé chuile chaoi léithe. Ach bhí sí an-dána den domhan
 
Tá duirlingeachaí an-dána ansin: duirlingeachaí seanfharraige. Bhuel tá mé ag ceapadh go bhfuil an oiread cloch ann ar chaoi ar bith, agus a dhéanfadh Berlin aríst, dá mb'fhéidir a dtabhairt as
 
Cuireadh amach as í faoi rá is nach ngéillfeadh sí do na ceannphoirteachaí a bhí uirthi. Is dána í sin ná muic
 
Nach bhfeiceann tú go bhfuil mé ag dul di le seachtain, agus ag tuineadh léithe ag iarraidh uirthi fuiríocht as, ach 'sé an cás céanna é. Tá sí chomh dána le múille