Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
duirling
/dūrʟ′iɴ′/
ainmfhocal, baineann
an chuid den chladach a bhíos faoi leathchlocha agus faoi chlocha beaga. Bíonn na clocha ina sraith nó ina ndroim go hiondúil thuas in aice leis an talamh nó lena dumhcha ag an snáth mara nó ag barr láin rabharta móir, agus uaidh sin síos scaitheamh. Thíos faoin duirling a bhíos an trá, nó b'fhéidir gur coraí nó carracáin a bheadh ann scaití. Ach go hiondúil bíonn an duirling i mbarr cladaigh ar fad. Bíonn duirling mórán i ngach uile chladach. Tugtar freisin é ar gheadán a bheadh clochach ar thaobh abhann nó ar chuid de ghrinneall na habhann istigh le bruach nuair a thriomaíos sí roinnt sa samhradh.
a.
·
An Duirling Mhóir, Duirling an Bhantra, Duirling Bhéal na Trá srl. (ainmneacha áiteacha sa gcladach)
+
Clocha duirlinge a chuir sé uileag sa mballa sin
Tabhair aníos cupla carr clocha duirlinge agus cuir sa tsráid sin iad
TUILLEADH (12) ▼
Dhá mbeadh cupla carr leathchlocha duirlinge agat siad a dhéanfadh ceart thú ansin
Níl aon chapall cruthaithe a thabharfadh carr feamainne in aghaidh na duirlinge sin
Chuir an taoille mhór an oíche cheana an duirling uileag isteach sa ngarraí orm
Tá Tóchar na Duirlinge tachta aríst, agus an garraí báite. Shnámhfadh bád mór anois ann. Ní dhéanfaidh sé siúd aon mhaith go dté comhla taobh amuigh sa duirling
Tá scaipiúch beag feamainne sa duirling inniu
Bhí sé aníos sa snáth mara i mbéal na duirlinge
Bhí scoth-thaoille mhaith aréir ann. Tá ucht na duirlinge bainte fré chéile
Phléasc siad thíos sa duirling mhóir é. Thiocfadh an teach seo síos sa bpoll a rinne sé ann (pléascán mara)
Is beag nár bascadh sa duirling inniu mé. Tá na clocha bealaithe uileag ag an bhfeamainn lofa agus sciorr mé ar cheann acu agus baineadh treascairt asam, agus dar brí an leabhair, cuireadh síos le fána uileag mé
Ba mhaith an éadáil í sin ag siúl duirlinge agus na bróga páipéir sin uirthi. Thuas i mBaile Átha Cliath a bhí aige a fágáil, an áit a mbeadh sí ar a nádúr féin. Go deimhin ní bean do chladóir í
Tá duirlingeachaí an-dána ansin: duirlingeachaí seanfharraige. Bhuel tá mé ag ceapadh go bhfuil an oiread cloch ann ar chaoi ar bith, agus a dhéanfadh Berlin aríst, dá mb'fhéidir a dtabhairt as
Tá snáithín deas racálaí isteach i mbun na duirlinge agus gan roinnt gan roghain uirthi
b.
+
Bhí an bradán istigh ar dhuirling na habhann
Bhí siad ina suí síos ar dhuirling na habhann, iad cosnochta agus na boinn amuigh san uisce acu
TUILLEADH (1) ▼
Rugthas glanoscartha thoir ar dhuirling na habhann air agus an chamóig aige in éadan na mbradáin. Ní raibh aon cheann aige sílim, ach is cuma sin. Gabhfaidh sé daor air agus breith ar an gcamóig aige

duirling in iontrálacha eile (6)

 
docht 1
Tá docht uisce sa tóchar siúd. An súiteán a tháinig aníos leis an rabharta agus leis an taoille mhór, tá sé coinnithe abhus, an áit ar leag sí béal an tóchair amuigh sa duirling. Tá an tóchar ar fad calcaithe anois. Ní dhéanfaidh sé siúd aon mhaith go gcuirtear comhla amuigh leis
+
droim
Tá droim na duirlinge uileag réabtha de bharr taoille na hoíche aréir. Ba deannachtach an oíche í (droim an duirlinge: strapadh ard a bhíos ar dhuirling in aice a bharr)
TUILLEADH (4) ▼
Chonaic mé ag lascadh soir droim na duirlinge ardtráthnóna é
Gheofá clocha thíos i ndroim na duirlinge a d'fheilfeadh thar cionn dó sin
Nach diabhlaí an feothan a bhí aréir ann agus gur cuireadh aníos an snáth siúd thar dhroim na duirlinge, agus ionann is suas go dtí claí na corraí … Anois céard adeir tú!
Tá an duirling (toirling) uilig droim ar ais de bharr an oibriú a bhí sa bhfarraige aréir. Oíche mhór a bhí inti