Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
droim
ainmfhocal, baineann
ginideach uatha: droma
ainmneach iolra: dromanna(í), deirtear droimeanna(í) scaití freisin
fuaim: í fada in droim cé is moite den Achréidh agus Dúiche Sheoigheach. dromannaí — fuaim a (a i fear) a bhíos ar an o anseo i gcónaí agus freisin i droma
1.
an chuid de dhuine nó de bheithíoch atá taobh thiar óna guailní go dtí n-a chorrógaí.
a.
+
Bhuail sé ar an droim é
Chuir sé an mála ar a dhroim
TUILLEADH (4) ▼
Fáisc ar do dhroim é
Buail ar do dhroim an máilín seo
Sin í an cheird a fhágfas an mála aniar ar a dhroim — sin í an obair a fhágfas ag iarraidh na déirce é
Chuir sí an mála ar a dhroim — bhánaigh sí é
+
Tá sé ag tarraingt (mhóna) lena dhroim — ar a dhroim atá sé ag tarraingt na móna
Ar ndóigh ní le droim a tharraingeos sibh í? — ar ndóigh ní le (nó ar) bhur ndromanna a tharraingeos sibh an mhóin
TUILLEADH (3) ▼
An lena dhroim atá sé dhá cur aníos. Más ea, is meata an obair í. B'fhearr liom rud ar bith faoin domhan a thabhairt liom ar mo dhroim ná feamainn
Ní fhéadfá a iompar le do dhroim. Tá an t-aistear rófhada, agus gan cinneadh go deo le gaineamh, bíonn an oiread sin meáchain ann. Is suarach an blas a bheadh ag Tom ort cheapfainn dhá n-abraítí leis a dhul ag tarraingt lena dhroim
Nach gcaithfidh siad treabhadh nó tiomáilt (tiomáint) a dhéanamh: í a tharraingt lena ndroim nó a fágáil ar an bportach nuair nach bhfuil aon bhealach cairr ann, ná fiú is bealach asail féin
+
Is diabhlaí an meáchan a bhí faoi do dhroim an uair sin — is diabhlaí an t-ualach a bhí ort
Níl aon fhear in do thír a d'iompródh an t-ualach sin faoina dhroim, hé brí céard a dhéanfadh sé lena shá roimhe i mbara nó a tharraingt ina dhiaidh i gcairt
TUILLEADH (6) ▼
Mura n-iompraí tú faoi do dhroim é, meas tú cén chaoi a bhféadfaidh tú a iompar. Nach gcaithfidh muid chuile shórt a iompar faoina (ár) ndroim anseo. Deile cén bealach atá againn
Níl aon chapall sna bólaí seo in ann an oiread sin a iompar faoina droim. Is iomaí capall a tharraingeodh i gcarr é
Ní raibh fáscadh faoi ar bith istigh againn, agus bhí an leac ró-éadrom faoina droim (droim an chapaill), agus b'éigean do dhuine againn suí amuigh chun tosaigh uirthi (ar an leic) leis an gcarr a choinneáil óna dhul siar ar a sháil — ní raibh a dóthain meáchain sa leic amach i dtosach an chairr, in aice le droim an chapaill
Ní mór duit na leathbhairillí sin a choinneáil amach go maith faoina droim nó éireoidh an carr ort … Sin é é. Amach go maith chun tosaigh
Tá tromlach an ualaigh thiar chun deiridh, agus gan brí amach faoina droim. Is ar a chruachúis di tarraingt in aghaidh na n-arda leis
Bhí siad ar fad coiglithe thiar i ndeireadh an traipín agus gan tada faoi dhroim an chapaill. Ar ndóigh chaithfeadh sí cliseadh sna harda. Ba é an t-iontas é nach ndeachaigh an traip droim ar ais uileag
+
Ainneoin a laghad toirte agus atá ann, tá tuirsiú do dhroma ina dhiaidh sin ann
Thug sé tuirsiú mo dhroma dhom a thabhairt abhaile — ualach
TUILLEADH (2) ▼
Is beag an t-ualach a mbeadh tuirsiú mo dhromasa anois ann, ní ag ceasacht ar Dhia é. Ní raibh mé lá eile mar sin. Ach caitheann an aois a cuid féin a fháil
Buail ort é. Cuirfidh mise geall leat nach beag leat é ach a n-iompraí tú leathmhíle é. Is trom cearc i bhfad adeir siad. Is beag an rud é sáith droma duine
+
Bhainfeadh sé an craiceann de do dhroim dhá dtugtaí aird air. Níor mhór leis choíchin a ndéanfá dó — bheadh sé an-dian ort ag obair
Sin é an áit ar baineadh an craiceann de mo dhroimse ar chaoi ar bith. D'fhága sé a shéala orm
TUILLEADH (3) ▼
Tá an craiceann bainte dhá dhroim inniu ar aon chor. Tuilleadh glugair aige anois! Is fadó cheana nach raibh sé ar a mhine ghéire chomh mór sin
Siúd é an áit a mbainfí an craiceann de do dhroim. Diabhal bréag nach é … Dheamhan pínn a bheas dhá bharr agat ach pínn a bheas saothraithe. Deirimse leat go mbeidh
Dheamhan duine a ghabhfas ag obair ansin ach an té atá ag iarraidh an craiceann a bhaint dhá dhroim. Beidh tú in do chuid allais ann ó thosós tú ar maidin go scoire tú tráthnóna
+
"Is maith a shaothraíos an droim an bolg" (seanfhocal) — ar an droim a theagas ceann trom an tsaothair le soláthar a dhéanamh don bholg
Tá mé dhá tarraingt ar mo dhroim le seachtain. Is gearr go mbeidh díol an gharraí tarraingthe anois agam, agus ní miste liom sin. Is maith a shaothraíos an droim an bolg, mar adeir an ceann eile
TUILLEADH (7) ▼
Níl mé in ann mé féin a dhíriú chor ar bith le tinneas droma le cupla lá. Tá mé thart aige. Neamhchleachta a rinne é is dóigh. Níor chuir mise aon tsúileoig fhataí le dhá bhliain déag go dtí an tseachtain seo caite. Diabhal bréag nach maith a shaothraíos an droim an bolg ar chuma ar bith
Ní raibh aon lorries ná aon charrannaí ann an uair sin. Chaithfidís a gcuid earra a thabhairt leo ar a ndroim nó déanamh dhá fuireasa. Ar chuala tú ariamh é, is maith a shaothraíos an droim an bolg. Ba in é a fhearacht acu san am sin é
Sin é adeireadh sí i gcónaí: is maith a shaothraíos an droim an bolg, agus í ag dul suas lena leathchloich mhine ón D. Ligeadh sí tuairim is céad scíth fúithi sin féin ó d'fhágadh sí an D. go mbíodh sí sa mbaile
Diabhal bréag nach saothraithe an mhóin í nuair a bheas sí amuigh ar an mbóthar acu lena ndroim. Ach níl aon cheo eile ag na daoine ach an ghlaicín mhóna sin anois. Murach í, nach mbeadh muid in ainriocht ar fad. Deir siad gur maith a shaothraíos an droim an bolg. Is maith freisin
Ar ndóigh ní ag ceapadh atá tú go dtiocfaidh do bheatha ó neamh agat anseo. Caithfidh tú a dhul amach agus leagan ort féin. Mura dté, 'sé do bholg féin a bheas siar leis. Is maith a shaothraíos an droim an bolg bíodh a fhios agat
Níor mhiste liom beirthe é murach an deis atá ar mo dhroim. Tá sí faoi phianta ar fad. Dar mo choinsias tá mo dhroimse ag saothrú mo bhoilg ar an aimsir seo
Deirimse leatsa go bhfuil obair chrua ar na dugaeraí sin ag iompar málaí troma amach as soithigh. Hé brí cén pháí a fhaigheas siad is maith an oidhe orthu é. Dheamhan a seasfainn leathlae choíchin ann. Bíonn beatha ar fónamh acu, ach ní mór dóibh sin. Saothraíonn an droim an bolg ar aon chor
+
'Sé moladh na mná óige an droim a bheith fliuch aici — má bhíonn droim mná óige fliuch, is cruthú é sin gur dea-oibrí í; fágann sin go mbíonn sí ag tarraingt fheamainne nó a leithide agus amuigh faoi fhliuchán
Sin í an cailín agat nach bhfuil aon tolgán aici cléibhín feamainne a chur aníos ar bruach. 'Sé moladh ná mná óige an droim a bheith fliuch aici, adeir siad
TUILLEADH (2) ▼
Níl aon drogall aici sin roimh an gcliabh. Bean dícheallach í. Ach ar ndóigh, 'sé moladh na mná óige an droim a bheith fliuch aici, adeir siad
Tá sé ráite a mh'anam: 'sé moladh na mná óige an droim a bheith fliuch aici. Dar príosta muise, is beag acu atá molta anois mar sin, mar is duine sé nó seachráin acu a bhfuil a ndroim fliuch. Ní thabharfaidh siad an tsiocair dhóibh féin
+
Níl folach léine ar mo dhroim — tá mé nocht
Is gearr nach mbeidh snáth léine ar mo dhroim — is gearr go mbeidh mé nocht
TUILLEADH (6) ▼
Chonaic mise é sin ag imeacht agus gan folach léine ar a dhroim. Is maith postúil inniu é
Ní fhágfaidís an léine ar do dhroim dá bhféadaidís — bhánóidís thú
'Sé a mbeadh uaidh an léine a bhaint de mo dhroim, dhá gceapadh sé go rithfeadh leis — mé a bhochtú críochnaithe
Beidh siad ar siúl anois go mbaine siad an léine de do dhroim. Is ait a bheas tú ar do mhaidí nó bainfidh
Chaith siad ina bhun ariamh ariamh nó gur bhain siad an léine dhá dhroim. Tuilleadh ghéar den diabhal aige a d'éist leo!
Níl fiú agus na léine anois ar a dhroim lena bhfuil caillte aige leis an mac sin, agus gan ceo dhá bharr aige ina dhiaidh sin. Is bocht an chaoi dhó é
+
Déanfaidh mé dhá leith de chnáimh do dhroma
Deir siad gur shil an smior uileag amach as cnáimh a dhroma agus gurb in é an tsiocair a bhí aige
TUILLEADH (1) ▼
Dírigh suas thú féin agus buail faoi. An bhfuil smior ar bith i gcnáimh do dhroma?
+
Bhuail sé isteach ar alt an droma mé — an áit a bhfuil na hailt sa droim
Mura lige tú dhom, cuirfidh mé ailt do dhroma as áit
TUILLEADH (2) ▼
Airím driog eicínt isteach in alt mo dhroma, muran tinneas droma atá ag siocadh liom aríst, ní ag tabhairt gutha air é
Anuas ansin díreach ar alt an droma a fuair mé é. Shíl mé go raibh mo chreach déanta
·
Bhuail sé anuas ar shlatrachaí a dhroma ar an talamh é — ar chlár a dhroma
Bhí sé sínte ar chlár a dhroma
+
Éirígí as an gceird sin. An bhfuil sibh ag iarraidh a (bhur) gcuid dramannaí (dromannaí) a bhriseadh
Bhain mé stangadh as mo dhroim ag iarraidh gaoithe a thabhairt di sin fadó an lá
TUILLEADH (2) ▼
Brisfidh mé do dhroim mura lige tú de do chuid geabsaireachta
Tá tinneas drama (droma) orm — tinneas in do dhroim de bharr a bheith cromtha nó a leithide, lumbago
+
Chuir sé an doras isteach dhá dhroim — chuir sé a dhroim ina aghaidh agus bhrúigh sé isteach é le teann fórsa
An bhfuil tú in ann é a chur dhíot de do dhroim. Is diabhaltaí docht atá sé
TUILLEADH (1) ▼
An bhfaca tú ag dul a chodladh ariamh é. I ndiaidh a dhroma a théas sé isteach sa leaba — a dhroim a chur isteach i dtosach
·
Bhí sé sínte droim in airde ar an talamh — ar a bholg agus a dhroim os a chionn
Ná sín thú féin mar sin droim in airde sa leaba. Breá nach ndéanann tú an rud a ghníos chuile dhuine: luí ar do dhroim. Ach ní ligfeadh an ábhailleacht duit an rud ceart a dhéanamh
·
Tá droim an bhric sin an-rosach
"Droim an scadáin, bolg an bhradáin, agus cloigeann troisc — sin trí bheatha mhaithe do charraera" (seanfhocal)
b.
+
Théis a raibh de chúram faoin saol ariamh air, agus théis a raibh de sclamhaireacht aige faoi thalamh, sin é a bhfuil aige anois faoi dheireadh: leithead a dhroma thiar ar an gC. — uaigh
Oibríodh sé leis. Ní bhacfaidh muide é. Gheobhaidh sé a dhóthain talúna ar ball: leithead a dhroma mar a gheobhas muid uileag. Diabhal ionga eile
TUILLEADH (4) ▼
Ainneoin ar tharraing sé de dhlí agus de chlampar ariamh faoin riasc sin thuas, níl aige anois ach leithead a dhroma dhe. Nach mairg a bheadh teann, a Thiarna, agus gan do shaol ach gearr!
Tá ár ndóthain talúna againn. Cén ghnaithe a bheadh againn dó. Má fhaigheann muid leithead a (ár) ndroma dhe bíodh muid buíoch … i bhfad uainn an anachain is mór a bháitear nó a dhóitear
Tá mo chuid talúnsa ar iarraidh anois, a mhuirnín. Ní iarrfaidh mise aríst go brách dhe ach leithead mo dhroma. Dheamhan a dhath eile
Bhí an-chaitheamh i ndiaidh an bhaile aige go dtí an lá a ndeachaigh sé i dtalamh. Chuaigh mise ag breathnú air seachtain shula fuair sé bás. Ní raibh de leathrann aige ach an baile. 'Is caillte an rud do shúile a dhúnadh i dtír bhradach na deataí seo,' adeireadh sé. 'Níor bhás liom mo bhás, dhá bhfaighinn leithead mo dhroma de thalamh glas na hÉireann.' Ní bhfuair, an duine bocht
+
Thug sé leithead a dhroma dhó ar an urlár. Is gearr gairid a bhí sé dhá dhéanamh ach an oiread — leag sé ar shlatrachaí a dhroma é
Is maith a bheas sé ar a airdeall féin anois, nó tabharfaidh an ceann eile leithead a dhroma ar an talamh dhó. 'Sé atá deas air
TUILLEADH (2) ▼
Mura n-éirí tú as do chuid míoladóireachta liomsa, is maith gasta a bheas mé ag tabhairt leithead do dhroma den urlár sin duit, deirimse leat
Thug sé sin leithead a ndroma d'fhir ab fhearr ná eisean
+
Chodlóinn ar leaba ar bith a mbeadh leithead mo dhroma inti. Ní iontaím ó luím
Ní fear ar bith é le codladh leis. Ní thiocfadh iamh ná foras air i gcaitheamh na hoíche, ach ag iontú agus ag sníomh, agus dhá choigilt féin faoi na pluideanna. Ní fhágfadh sé leithead do dhroma féin agat inti (sa leaba)
TUILLEADH (3) ▼
Is maith fairsing an seaicéad a bheadh leithead a dhroma siúd
Leaba ar bith a bheadh leithead a dhroma siúd níorbh fholáir di méid a bheith inti. Nach geall le clár comhra é, bail ó Dhia agus ó Mhuire air
Ní thiocfadh sé isteach sa doras sin thoir. Ba bheag an baol a bheadh air. Ní bheadh leithead a dhroma ann
c.
+
Tá a dhroim linn — é iontaithe uaim
Bhí a dhroim liom, ach mar sin féin, chonaic mé an lasadh a tháinig ann nuair a chaintigh mé ar Sheán
TUILLEADH (6) ▼
Bhí sé ag imeacht agus a dhroim liom
Chodail sé agus a dhroim liom
Ná cuir do dhroim liom mar sin
Is mór an drochmheas ar dhuine ar bith é sin: go gcuirfeá do dhroim leis
Chuir mé mo dhroim leis an abhainn agus thug mé an cosán eile orm fhéin — d'iontaigh mé ó chosán na haibhne
Shílfeá go bhfuil do dhroim le balla agat bail ó Dhia ort — ligthe isteach ar bhalla agus t'aghaidh amach
+
Tá siad thíos ansiúd chuile lá sa mbliain agus a ndroim le coirnéil acu, gan buille maitheasa a dhéanamh. Is furasta dhóibh agus an tír dhá dtógáil
Ara dheamhan smeach a rinne sé siúd leis an tsíoraíocht ach a dhroim le coirnéal ansiúd aige, ag caint ar chaiple rásaí le spreasáin na G.
TUILLEADH (1) ▼
Ní shásódh rud ar bith é aon oíche sa mbliain, mura dtéadh sé soir ansin soir ag cur a dhroim le coirnéil. Níl samhail ar bith anois aige ach na stocairí coirnéil a d'fheicfeá i nG.
+
Tá do dhroim le doras na gaoithe ansin agat agus an seoide isteach ann. Teann anuas
Tá tú anois mar a bhí Raiftearaí caoch: "do dhroim le balla, ag seinm cheoil do phócaí folmha"
TUILLEADH (5) ▼
Bhí a dhroim leis an gcoca féir aige agus é dhá cláradh
Caitheann siad an oíche ansin thíos agus a ndroim le claí acu. Dheamhan mé gur beag an dochar dhóibh slaghdán féin a tholgadh, agus iad dhá ndeallrú féin mar sin i gcónaí
Cuir do dhroim le leachta agus b'fhéidir go bhféadfá é a dheargadh. Nach diabhaltaí an soinneán atá ann
Bhí mo dhroim leis an ngaoith anoir agus má bhí féin, bhí sí do mo tholladh. Ba chaillte an lá é — ba chaillte sin
Ní beo é mura mbeidh a dhroim le tine aige mar sin i gcónaí. Ach b'fhéidir gurb é a chríonnacht atá sé a dhéanamh. Deireadh na seandaoine go mb'fhearr goradh cúl cos ná céad bó ar chnoc
d.
+
Thug mé mo dhroim don phoitín — thug mé cúl mo láimhe dó; dhiúltaigh mé é; d'éirigh mé as
Tabhair do dhroim dó sin, má tá barúintí do leasa fút. Is iomaí duine a d'fhága sé sin le fán cheana
TUILLEADH (5) ▼
Is fada an lá mé ag gealladh go dtabharfainn mo dhroim don ól, ach tá sé déanta agam faoi dheireadh. Is fhearr go deireanach ná go brách ar ndóigh
Ní thabharfaidh sé a dhroim di sin go sleibhe. Bhí sé chomh maith dhóibh gan cur chuige nó uaidh anois, mar ní thabharfaidh sé toradh ar bith orthu. A chomhairle féin do mhac dhanartha agus ní bhfuair sé ariamh níos measa
B'fhearr dó go fada a dhroim a thabhairt don áit sin agus gan é a thaobhachtáil beag ná mór. Tá siad ag cur dallach dubh air ann. Ach ní fhaigheann duine ar bith a chomhairleachan in aisce, adeir siad
Shílfeá gur thug sé a dhroim uileag don teach seo thíos le tamall. Tá faitíos orm nach in am a rinne sé é. Tháinig ciall cheannaithe dhó faoi dheireadh agus faoi dhó (dheoidh)
Tá a dhroim tugtha aige don scoil agus fear is píce ní chuirfeadh amach ann anois é
+
Tá mo bholg thiar in mo dhroim lena bhfuil d'ocras orm
Is beag an dochar dhó a bholg a bheith thiar ina dhroim féin scáth a n-itheann sé
TUILLEADH (4) ▼
Tá a bholg thiar ina dhroim. Is cosúil nach bhfaigheann an duine bocht a leathdhíol le n-ithe. Nach bhfuil lán púirín na hátha de mhuirín air. Caithfidh fear na muiríne móire an greim a bhaint as a bhéal féin i gcónaí lena chur i mbéal na bpáistí. Deir siad nár bhris cearc an áil a heagán ariamh
Tá mo bholg thiar in mo dhroim agam ag imeacht ar phutógaí folmha ó mhaidin inniu. Dheamhan thiomanta greim deoch ná blogam a chuaigh ar mo bhéal ó d'imigh mé as seo ar maidin. Nach bhfuil ceart agam ocras féin a bheith orm
Teagann sé abhaile chuile phointe agus a bholg thiar ina dhroim aige leis an ocras. Chaithfeadh sé go bhfuil an ghearradh ghionach air nó rud eicínt. D'íosfadh sé deoladh chuile ré solais
Is diachta dhuit do bholg a bheith thiar in do dhroim agat ar scáth an t-achar ó d'ith tú gliúrach cheana. Is maith an dícheall do dhuine beatha a choinneáil caite agat
+
Chuaigh mé go dtí é ach ní bhfaighinn tochas mo dhroma uaidh — an oiread is a dhéanfadh mo dhroim a thochas; tada
Féadfaidh sibhse a dhul ag imirt más breá libh. Níl tochas mo dhroma agam — cianóg rua
TUILLEADH (6) ▼
Ní bhfuair mé tochas mo dhroma d'obair le bliain go leith ach ag forcamhás ar an dole bradach sin. Más ea féin, is meata an cheird sin
Go dtuga Dia ciall duit. Ní thabharfadh sí tochas a dhroma dhó. Dheamhan é
Ba mhaith teann é scaitheamh ach níl tochas a dhroma aige anois
Tháinig sé anseo thoir sa samhradh anuraidh. Chuaigh cúigear nó seisear againn soir aige ag iarraidh oibre air. Gheall sé dhúinn go ndéanfadh sé cat agus dá rioball ach a dtéadh sé go Baile Átha Cliath. Ach ní bhfuair muid tochas a (ár) ndroma ó shin. Scéal ná scuan féin níor chuir sé chugainn
Fuair tú amach muis, cé a bheadh grádiaúil. Ní thabharfadh sé tochas do dhroma dhuit, dhá gcaitheá a dhul a chodladh in do throscadh. Agamsa atá a fhios é
Dá mbeifeá ag dilleoireacht anois go headarshuth amárach ní thabharfaidh mise oiread tochas do dhroma dhuit. Mar sin, is fhearr duit éirí as in am. Níl maith ar bith é a chur i bhfad scéil. Dheamhan a dhath
+
Tá tú ar dhroim na muice anois (deirtear seo go minic in áit muin na muice mar is annamh an focal muin ar droim i nGaeilge na Gaillimhe
Tá sé ar dhroim na muice anois má d'éirigh an posta sin leis. Nach ar dhaoine a bhíos an t-ádh thar a chéile, a Thiarna Dhé!
TUILLEADH (3) ▼
Tá sé ar dhroim na muice anois agus 'sé an ceann céanna é a fhanós ann nó is cinniúint air é
Bhí sé ar dhroim na muice má b'fhíor dhó féin nuair a phós sé í sin, ach ina leaba sin, 'sé bóthar na muice báine amach atá sé a fháil anois. Ní den chríonnacht an chinnteacht i gcónaí — ní hea sin
Tá léithe anois. Tá sí ar dhroim na muice má tá an mac sa mbaile aici. Is fada ag tnúthán í go dtiocfadh sé
e.
+
"An rud a chruinnítear ar dhroim an diabhail, imíonn sé ar a bholg" (seanfhocal) — má fhaightear rud go héagórach nó go mídhlisteanach, imíonn sé go dona, nó cuirtear drochrath air aríst
Ní raibh aon leathchuma faoin saol nach ndearna sí sin ar a deartháir. Go fiú is an pluid leabthan níor fhága sí aige í an t-am ar bhásaigh an mháthair. Agus féacha anois í. Trí chéad punt curtha amach aici le dlí nach mbuachfaidh sí aon phínn go brách air. Bhí sé chomh maith di a dhul go díreach glan agus é a chaitheamh síos sa bpoll is doimhne sa bhfarraige leis an rud a rinne sí. Is cóir adeir siad: an rud a chruinníos duine ar dhroim an diabhail go n-imíonn sé ar a bholg
TUILLEADH (3) ▼
Níor fhága an ceann céanna bonn bán ar aon duine a raibh sé ag plé ariamh leis. Agus is dona an deis atá sé a chur air anois: ag imeacht dhá ól le súdairí. Ach an rud a chruinnítear ar dhroim an diabhail, imíonn sé ar a bholg
Ar chuala tú ariamh é, an rud a chruinníos duine ar dhroim an diabhail, caitheann sé ar a bholg é. Sin é a fhearacht ag J. anois é. Ní hé leathchóir Dé é go bhfuil an mac ag ól mar atá sé. Chaithfeadh Dia é féin a fhoilsiú air ar chaoi eicínt agus a liachtaí pínn cham a bhain sé amach sa siopa sin ariamh. Ní raibh aon chneámhaire gan chrochadh ach é sin. Nár chuir sé faoi ndeara do D. Bh. N. ansin thiar fiacha a íoc faoi dhó
Agus tá an iníon ag dul ag pósadh an spreallaire sin, théis a bhfuil de mhílte aici. Cén chaoi a dtaitníonn sin leis an athair. Ní cheapfainn go mbeadh aon ghnaoi mhór aige air siúd mar chliamhain. Déanfaidh sé aicearra an chait thríd an ngríosaigh ar spré na hiníne. Ach tuilleadh diabhail ag an athair. Ní bheadh Dia thuas nó d'agródh sé air é. Chaith sé a shaol ag sladadh dílleachtaí agus baintreachaí agus daoine dona. Anois b'fhéidir go dtiocfadh sé ar ais ar a mhéis féin chuige. Is gearr a bheas an cliamhain siúd ag dul thrína chuid mílte. Deir siad an rud a chruinnítear ar dhroim an diabhail go n-imíonn sé ar a bholg. Is olc í eascainí baintrí. Is dual di fearadh i gcónaí
+
Bíodh a fhios agat nach mbeadh agat ach é a mheabhrú dhó sin agus go mbainfeadh sé airgead de dhroim an diabhail. Is duine an-treallúsach amach is amach é. Thosaigh sé ansin thoir agus gan sciúrtóig ó Dhia aige …
Ná bac le na Ghiúdaigh! Chonaic mise i Meiriceá iad. Dhéanfaidís brabach ar dhroim an diabhail, ach chreidim gurb air a dhroim a ghníos siad é — diúltaímid dhó féin agus dóibh féin!
TUILLEADH (5) ▼
Mhairfeadh sé sin ar dhroim an diabhail lá is gur fhéad sé maireachtáil abuil siad sin. Ní bhainfeadh aon duine eile faoin mbogha gréine ceart díobh ach é féin. Dar mo choinsias bhain, agus ceart maith
An fheamainn bhuí sin bhainfeadh sí fataí de dhroim an diabhail. Cheannaigh mé lucht di ó fhear aniar amach an bhliain cheana agus leasaigh mé garraí Dh. Fh. ansin thuas léithe. Níl aon bhliain roimhe sin le mo ghéarchuimhne dhá raibh sé faoi fhataí nár loic siad. Beannacht Dé dhuit a mhic ó, bhí an-bharr air. Dheamhan thiomanta fata dhá raibh ann nach raibh chomh mór le gruán cloiche. Dar príosta, leasóidh mé aríst i mbliana léithe é má éiríonn lucht di liom in áit ar bith
Dar diagaí, dhéanfadh an cráiteachán sin slí amach ar dhroim an diabhail, ní hé amháin a mhalrait. Bean ar bith a bhí ag cur trí scóir uibheacha go G. chuile Shatharn dhá n-éiríodh ar a súil an geimhreadh seo (gha)bh thart! Sin í an cailín nach ndrannann seascach na gcearc lena cuid cearc. Ní hé sin do chuid eile againn muis. Ní raibh ubh le cur ar a mbéal againn ó Lá Fhéil Míchil go Lá Fhéil Bríde
Tá fear R. an Mh. ag maireachtáil ar dhroim an diabhail. Níl tada timpeall air ach leacrachaí. An teirgéis talúna atá aige, níl spreab ar doimhneacht ann. An cladach féin atá ann, tá sé chomh lom chomh feidheartha le croí do bhoise. Níl an fheamainn ná an carraigín ná tada eile ann, ach cuid an bheagáin. Níl a fhios agamsa faoi mo rí cén chaoi a maireann duine ar bith i R. an Mh., tá an áit chomh maolscreamhach chomh bocht sin. Diabhal mé ina dhiaidh sin nach bhfeicfeá cheal ar bith orthu shílfeá: ach níor dhún Dia ariamh bearna nach n-osclódh sé ceann eile
Fear ar bith atá istigh ar an mbaile sin, tá sé ar dhroim an diabhail críochnaithe. Tá paca amhas ann nach bhfaightheá a leithidí eile dhá gcuirtheá slat chruinn ar Éirinn. Ní dhéanfadh duine ar bith thar baile amach cúis ansin ach duine a mbeadh féith ó L. (teallach éigéill míchlúitiúil atá san áit) ann. Duine a sclamhfadh, agus a changlódh, agus a sháfadh agus a mhartródh faoi is thairis …
f.
+
Tá fíochán dhroim an ronnaigh ar a cuid éadaigh — cineál fíocháin atá ag dul i gcosúlacht le droim ronnaigh
Ní hé fíochán chnáimh an scadáin a bhí uirthi, ach fíochán dhroim an ronnaigh
TUILLEADH (2) ▼
Ní hé chuile fhíodóir atá in ann fíochán dhroim an ronnaigh a dhéanamh. D'fheicfeá culaith den fhíochán sin i gcónaí ar Ch. Ar ndóigh tá a chliamhain ansiúd thiar ina fhíodóir mhaith
Is deas slachtmhar an chulaith cheanneasna atá ar J. Th. agus fíochán dhroim an ronnaigh uirthi. Is annamh a d'fheicfeá an fíochán sin anois chor ar bith
+
Spéir dhroim an ronnaigh atá ann anocht mackerel sky
Tá droim ronnach sa spéir — tá breacadh an ronnaigh sa spéir
TUILLEADH (3) ▼
Ná bac le uair ar bith a bhfeicfidh tú spéir dhroim an ronnaigh. Ba mhó go mór a thaitneodh an oíche aréir liom théis chomh giobach agus a bhí na clabhtaí
Shílfeá go bhfuil droim an ronnaigh thuas aríst. Tuilleadh den drochuair, ní ag ceasacht ar Dhia é
Tá an-chol agam le spéir dhroim an ronnaigh sin. Ní bheadh a fhios agat céard adéarfá léithe. Sílim féin go bhfuil an aimsir ag tarraingt
g.
+
Shílfeá go bhfuil bearradh droma aige ar na caoirigh — bearradh a tugtar ar chaoirigh faoi Shamhain, ar fhaitíos go bhfaighidís fuacht. Bearrtar an droim acu, ach fágtar an bolg gan bearradh
Ní fheicfeá an oiread ag tabhairt bearradh droma ar na caoirigh anois agus a thugadh fadó, i gcruthúnas duit go gcaithfidh sé nach bhfuil an aimsir chomh fuar agus a bhíodh sí roimhe seo. Ní túisce Lá Samhna ar fáil fadó ná a chloisfeá chuile fhear a mbeadh caoirigh aige ag rá: 'sin é ina Shamhain é. Ní mór dhom an bearradh droma a thabhairt ar na cupla caora seo nó ní sháróidh siad an geimhreadh.' Is beag an bearradh droma atá anois ann mura bhfuil sé ag lucht an tsléibhe. Ach ní foláir dóibh sin é. Tá an fuacht mór faoi shliabh
TUILLEADH (3) ▼
B'annamh liom muise an bearradh droma a thabhairt ar na caoirigh, ach tháinig sé an-fhuar i mbliana. Ba é a chosúlacht an uair sin faoi Shamhain go dtabharfadh sé geimhreadh crua uaidh. Ach i nDomhnach shílfeá nár tháinig sé chomh dona sin fós, mura romhainn amach atá
Deir daoine go gcoinníonn an bearradh droma siar na caoirigh ach ní mheasaim féin go gcoinníonn. Is fad ar a shaol é má tá i ndán is go mbíonn geimhreadh crua ann. Agus níl aon gheimhreadh dhá bhfuil ag teacht anois nach geimhreadh crua é. Féacha an geimhreadh anuraidh …
M'anam a mhuirnín nach bhfuil siad againn, ní ag ceasacht ar Dhia é, le bearradh droma ná bearradh bradach, ná aon bhearradh eile a thabhairt orthu. Cailleadh dhá uascán bhreátha orainn anuraidh le cruimhe, agus trí cinn an bhliain roimhe sin, agus dúirt muid linn féin ansin ó tharla nach raibh siad ag éirí linn nárbh fhiú dúinn a bheith dhá (dhár) meath féin leo agus lig muid uainn ar fad iad
2.
cúl, uachtar, barr, dromchla, grua, an taobh uachtair nó an taobh amuigh de rud, an chuid is airde de rud.
a.
+
Tá droim mo choise tinn. B'fhearr dhuit a dhul amach agus teachtaireacht a fháil dom. Ní iarrfainn ort é murach fios agam go bhfuil tú in do chónaí — an chuid uachtair den chois
Thit sé ansin ar dhroim na bróige — uachtar na bróige adeirtear go hiondúil, ach bíonn droim na bróige ann scaití freisin
TUILLEADH (4) ▼
Bhí léine dhá triomú aige ar dhroim na cathaoireach — an slinneán agus an chuid cúil di ar fad
Cuir droim na cathaoireach le doras an drisiúir sin ó tá an boiltín briste. Mura gcuire, beidh sé ina bhéal in airde ag cait ar feadh na hoíche
Cuir droim na cathaoireach leis an doras ó tá Máire bhreá amuigh. Is beag a bhéarfadh orm an bolta a fháscadh ar fad air, agus cead aici a theacht isteach ar a rogha caoi ansin. Ní dhéanfaí leath an cheart léithe
Droim an bhoird — uachtar an bhoird; an chuid de bhileoig an bhoird a mbíonn gréithe, éadach cláir agus eile air
+
Níl an chruach sin sách tarraingthe as a droim — a huachtar suas in aice lena barr. Cruach mhóna nó fhéir atá i gceist. Ní abrófá droim le cruach choirce
Tá an droim ródhíreach ar an gcruaich sin. Ólfaidh sí an bháisteach as éadan. Is furasta a aithinte nach mórán meabhair a bhí ar chruacha ag an té a rinne í. Ní raibh ná meabhair ar bith
TUILLEADH (1) ▼
Tá cruit amach uirthi as a droim. Is gearr go dtite brúisc di agus caithfidh sibh a leagan ar fad ansin
+
Tá droim an fhóid uileag fliuch ach tá sé slán istigh. 'Sé a bhfuil uirthi an cráinín beag fliuch sin taobh amuigh, ach ní brí é sin. Caitheann sí tamall maith ag cnádadh mar sin féin
Tá droim an fhóid tirim ach tá an t-íochtar bog báite. Ní fhéadfaidís a bheith ar a mhalrait agus an plás atá acu
TUILLEADH (1) ▼
Hé brí cén sórt sníomh a bhíos air leis an sleán, ní mhúnlaíonn sé droim an fhóid ceart. Tá a shliocht uirthi: déanann sí mionbhas as éadan
·
Tá droim na hiomaire faoi scáiniúchaí uileag. Is olc é an spalpadh seo ag fataí
An bhfeiceann tú droim na hiomaire agus gan a dhath ariamh fóid uirthi. Is geall le cráin é le ligean isteach i ngarraí
+
Droim na talúna — uachtar nó dromchla na talúna
Ní raibh sé ar dhroim na talúna aon duine ba láí le gasúir ná é gur bhuail an donacht é, ach uaidh sin amach, ní raibh aon ghair ag aon duine acu teangachtáil leis (teangmhastáil) — ar dhroim na talúna: faoin saol; faoin mbogha bán
TUILLEADH (3) ▼
Níl sé ar dhroim na talúna inniu aon chneámhaire is corónta ná é
Níl sé ar dhroim na talúna inniu aon pheata is measa ná é sin le araoid ar bith a chur air
Níl a mhacasamhail eile ar dhroim na talúna. Sin í an fhírinne dhuit. An bhfeiceann tú an chluanaíocht a bhíos air chuile lá?
+
Tá sé in áit eicínt ar dhroim na farraige faoi seo. Sheol sé ar scadáin
Tá an ghaoth sin isteach de dhroim na farraige an-fhuar
TUILLEADH (3) ▼
Imíonn sí léithe sa sruth ar dhroim na farraige
D'fheicfeá é mar a bheadh corc ann ag snámh ar dhroim na farraige
Ní théann sé go tóin poill chor ar bith. Cothaíonn sé droim na farraige
+
Bhí sé thuas ar dhroim na haille — an t-uachtar
Tá droim na haille ar fad faoi eibheann (eidheann)
TUILLEADH (1) ▼
Tabhair aire dhuit féin thuas ansin Dia aithnítear. Tá droim na haille sin an-tsleamhain, agus is fánach an chaoi a gcuirfí anuas i ndiaidh do mhullaigh thú
+
Tá droim an bhóthair róshleamhain. Coinnigh le na colbhachaí (droim an bhóthair: amach ina lár)
Tá cruit uileag ar dhroim an bhóthair agus é gleannach isteach leis an móinín bán. Tá sé chomh bealaithe leis an mí-ádh freisin. Is éasca le duine treascairt a bhaint as ann
TUILLEADH (2) ▼
Droim an bhóthair sin thíos, an áit a bhfuil an teara tiubh, níl sé in araíocht ag aon chapall déanta siúl air. Tá cuislíochaí dhe níos measa ná a chéile mar sin féin. Bhí acu colbha a fhágáil gan teara ar bith le aghaidh lucht capaill
Níl agat le déanamh ach fanacht de dhroim an bhóthair, isteach go maith i leataobh. Tá an droim tugtha uaidh ar fad. Mura gcuire siad caoi air go gairid, ní bheidh gair ag tada é a shiúl
+
Siúil soir ansin droim na trá agus b'fhéidir go bhfeicfeá aon cheann acu sa ngaineamh (droim na trá: áit chrochta nó ardaithe a bhíos go hiondúil suas in aice le bharr na trá)
Chinn uirthi an luascáinín feamainne a thabhairt aníos droim na trá. Rinne sí staic air. Is maith an capall í sin le dhul ag feamnú léithe
TUILLEADH (3) ▼
Tá fíogach caite thíos ar dhroim na trá agus é lofa. Bhí sé thoir sa bhfearsaid, ach d'ardaigh buachaill báire eicínt anoir é agus chaith sé i mbéal an tseoil i gcosán na ndaoine é le faitíos nach mbeadh a dhóthain boladh bréan uaidh san áit a raibh sé
Bhí an bheirt sínte síos ar dhroim na trá agus iad dhá n-únfairt féin sa ngaineamh agus gan folach orthu ach an oiread leis an oíche ar rugadh iad. Shílfeá go mba bheag an dochar dhá leithidí sin náire a bheith orthu, ach dheamhan náire muis, ná cuid de náire. Is feasach dóibh go maith nach n-aithneoidh na daoine iad
Bhí taoille an-bheag ann anocht. Ní raibh an lán mhara aníos thar dhroim na trá
+
Tá droim na duirlinge uileag réabtha de bharr taoille na hoíche aréir. Ba deannachtach an oíche í (droim an duirlinge: strapadh ard a bhíos ar dhuirling in aice a bharr)
Chonaic mé ag lascadh soir droim na duirlinge ardtráthnóna é
TUILLEADH (2) ▼
Gheofá clocha thíos i ndroim na duirlinge a d'fheilfeadh thar cionn dó sin
Nach diabhlaí an feothan a bhí aréir ann agus gur cuireadh aníos an snáth siúd thar dhroim na duirlinge, agus ionann is suas go dtí claí na corraí … Anois céard adeir tú!
+
Fan suas go maith ar dhroim na leice
Tá an-fhás bliana siar ansiúd ar dhroim na leice, ach bhí fuílleach againn thairti inniu. Beidh a shliocht uirthi: gheobhaidh sí sceanadh an rabharta seo chugainn faoina bheith slán dúinn. Is maith an lear nach mór fós leis an ngarraí seo thuas a leasú ar fad
TUILLEADH (3) ▼
Sciorr mé faoin gcléibhín ar dhroim na leice agus cuireadh amach ar mo bhéal agus ar m'fhiacla sa locháinín mé. Níorbh í an tuairt a baineadh asam ba mheasa dhom chor ar bith, ach an scanradh. Tá na leacrachaí siúd an-bhealaithe
An bhfuil a fhios agat céard a dhéanfainnse dhá mba mé thú? Thollfainn droim na leice anseo agus chuirfinn blast inti agus ní bheinn ag sceidínteacht léithe chor ar bith … Beannacht Dé dhuit! Tá sé róghar don teach! Nach bhfaca mise dhá gcur amach istigh i seomraí iad le bliain agus ba bheag an millteanas a rinne siad
An dtomhaisfeá cén áit atá leagtha amach aige leis an teach a dhéanamh: thíos ar dhroim na leice siúd ar cholbha an bhóithrín. Ní thiocfaidh aon deoir faoi go sleibhe ar chaoi ar bith
+
Tá an t-uisce anois faoi dhroim na carraige — tá an charraig ionann is folctha ag an taoille tuile
D'fhan mé uirthi (ar an gcarraig) nó go raibh an taoille tuile faoina droim. Bhí an-mharú ar iasc ann. Is beag nár baineadh mé ag teacht di isteach
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé i ndáil le ina thuile. Nach bhfeiceann tú an t-uisce faoi dhroim Chloch an Mh. Níl tada di leis ach go bhfuil lonnadh beag fós ar a barr
Caithfidh tú a dhul suas ar dhroim na carraige ar fad
+
Níl droim ar bith ar an gcnoc sin. Tá sé an-ghéar, an-chíríneach
Tá droim breá soir ar an gcnoc siúd. Is beag nach bhféadfá é a threabhadh — agus níl a fhios agam nach bhféadfá freisin — dhá mb'fhéidir seisreach a thabhairt ann
TUILLEADH (5) ▼
Tá an teach soir amach ar dhroim an chnoic. Tá a fhios ag an lá gur rite an áit a bhfuil sé. Níl foscadh aige ar aon tsoinneán dhá séidfidh as aer
Céard atá orthu má airíonn siad aon phóilí ag teacht ach féithiú amach droim an chnoic, agus níl aon ghair breith orthu mura ndéanadh fear eolais é go díreach
D'fheicfeá an rosamh ag caithriú anuas ar dhroim agus ar ghualainn an chnoic sin agus gan deoir as aer anseo. Ach is túisce go mór a ghníos sé báisteach thuas ar an gcnoc ná anuas anseo sna hísleáin
D'ionsaigh sé amach droim an chnoic ar maidin agus dheamhan dé a frítheadh air ó shin, murab í an L. a thug sé air féin. 'Sí, má d'airigh sé aon éadáil ann (aon deoir phoitín)
Bhí caoirigh againne muis thuas ansin ar dhroim an chnoic sin i gcaitheamh an tsneachta mhóir, agus dheamhan lá clóice a bhí orthu nuair a chuathas ar a dtóir théis na coscairte. Nár dhiabhaltaí an seasamh acu é!
+
Leag droim an leabhair anuas air agus coinneoidh sí ó dhul thar maoil é
Bhuail sé leadóg de dhroim an leabhair mar sin isteach ar an ngrua orm agus lig sé mo chuid fola liom. Níorbh é ba chiontaí ach mise a lig leis é nár chuir taobhach air. Ba é a bhí agam a dhéanamh leis
TUILLEADH (1) ▼
Tá droim an leabhair uileag stróicthe. Is deas an chaoi é ar leabhar nua ar íoc mé mo dhá scilling uirthi tá mí ó shin
+
Tá droim an chárta seo ar fad geal
Tá comharthaí ar dhroim na gcártaí uileag acu. Ní imreodh Rí na Méaracán orthu. Is dona na gnaithí a bhí ort nach thíos in do phóca a choinnigh do dhá scilling thar is a ligean leis an dá ghleacaí sin
TUILLEADH (1) ▼
Coinnigh droim do chuid cártaí liom. Feicim an aghaidh glaice a bhíos agat i gcónaí
b.
ina siúntaí, ina sraitheannaí, ina bhréidíní.
+
Is diabhlaí an leac atá briste acu, agus í ag éirí de dhroim a chéile — bheadh siúntaí trasna inti, agus thiocfadh sí leat ina bréidíní gan mórán stró ach a mbristheá an chéad chuid
Chaith muid suas ina cora í i dtús bliana agus fágadh mar sin í. M'anam agus ná raibh ag an diabhal, i dtús na Bealtaine, nuair a bhí breith againn a dhul ar an bportach, go raibh sí (móin) ag éirí de dhromannaí a chéile agus an t-uisce ar fad fáiscthe aisti. Ní raibh a dhath ariamh le déanamh againn léithe ach a baint as a toirt agus a scaipeadh amach rud beag. Bhí sí ina snaoisín ar an bpointe
TUILLEADH (4) ▼
Sílimse nach call blast ar bith den chloich sin. Tá siúntaí inti agus scoiltfeá í le geanntrachaí. Dhá bhféadthá sceamh ar bith a bhaint di, d'éireodh sí de dhroim a chéile. Is furasta a aithinte uirthi é
Tá airde crann loinge d'fheamainn thíos ansiúd agus í ag éirí de dhroim a chéile cheal aon duine a thógfadh í. Ba mhór an sciobadh a bhí acu uirthi le bliain, dhá gcailleadh féin ag imeacht roimhe lá ina héadan, ach tá cead lobhadh aici ansiúd anois agus gan iad ag féadachtáil freastal di
Bhí mise ag obair i gcoiléar sclátaí i Sasana — i Wales ab áil liom a rá. Chonaic mé an oiread sclátaí ann in aon chnoc amháin agus a chuirfeadh ceann ar a bhfuil de thithe in Éirinn. 'Sé a raibh le déanamh, gob na piocóide a thabhairt di agus bheadh na sclátaí ag éirí de dhroim a chéile agat (chugat)
Ní clocha coiléir atá ann ach clocha reatha. D'éireoidís de dhroim a chéile gan anró ar bith mar a d'fheicfeá brioscaí i mbosca. Ba mhór an spóirt lá oibre a dhéanamh ann — gan sórt stró ar bith ach ag obair leat de réir do láimhe i gcónaí. Níorbh é sin don choiléar thiar é. Dar príocaí, chaithfeá a bheith ar do mhine ghéire ansin i gcónaí má b'olc maith leat é. Chaith mé trí seachtainí ansin arú anuraidh agus ní raibh ionam ach na cheithre eite nuair a bhí mé réidh leis
c.
+
Is géar an soinneán atá ann anocht. Tá an ghaoth aduaidh sin ag éirí de dhroim sneachta — ag teacht as áit a bhfuil sneachta ann, agus is tuar é a goimh go bhfuil sneachta air
Tháinig siota bheag goimhiúil isteach thrí shiúntaí an dorais ansin aréir agus dúirt mé ar an bpointe le M. Bh. a bhí anseo ar an teallach go mba siota é a bhí ag éirí de dhroim sneachta. Mo léan géar b'fhíor dhom. Nuair a chuir mé amach mo chloigeann ar maidin bhí sé ag biathú leis
TUILLEADH (1) ▼
Mura bhfuil mearbhall mór ormsa a mhic Uí Ch., sin gaoth atá ag éirí de dhroim sneachta. Tapaigh an portach agus is cuma dhuit sa diabhal cén chaoi a dtiocfaidh an uair ansin. Ach mura mbeidh an fóidín móna istigh agat le do loirgne a bhreacadh, is fear in anchaoi thú ansin, deirimse leat
·
Sin beochan gaoithe a tháinig de dhroim seaca. Chonaic mé cluiche de na géabha fiáine ag dul ó dheas anocht agus tá an spéir an-lasta. Ní bheadh lá iontais orm dhá gcaitheadh sé stráicín shneachta féin. Tháinig an-fhuacht ann ó thús oíche
Ní raibh cóta mór ná a dhath orm agus bhí séideogaí tollta ann — gaoth a bhí ag éirí de dhroim seaca, arae bhí troigh seaca ar an talamh cupla lá ina dhiaidh sin. Ba í an oíche ba mheasa í sílim a raibh mé amuigh ariamh. Is beag bídeach nár deallraíodh mé
+
An bhfaigheann tú an boladh. Sin gaoth atá ag éirí de dhroim ceilpe. Is furasta a aithinte ar an mboladh sin é
Bhí oíche shíoraí bháistí ann agus an aimsir an-mharbhánta. Bhuail mé féin síos an bóithrín ar maidin. D'éirigh beochan beag gaoithe. Fuair mé féin an boladh. 'Sin gaoth atá ag éirí de dhroim dúchain,' arsa mé féin le M. Ch. a casadh liom ag an gC. 'Ní féidir go mbeadh sé ina dhúchan chomh luath seo sa mbliain,' adeir M. Soir leis an mbeirt againn de mhaoil a (ár) mainge i nGarraí Ard T. Mh. Bhreathnaigh muid ar an mbarainn. Bhí siad chomh glas leis an eidheann, ach bhí na dasachaí thíos fúthu rodta as éadan agus leagfadh an boladh bréan a bhí uathu thú
TUILLEADH (2) ▼
D'aithneofá ar an ngaoith atá ann ina dhiaidh sin gur gaoth í atá ag éirí de dhroim an tsáile. Tá sí breá úr agus gan fuacht ar bith inti
Sin broim ar chuma ar bith a d'éirigh de dhroim caca. Murach gurb ea, ní fhéadfadh sé a bheith chomh bréan agus atá sé. Tá tú tolgtha a dhiabhail nó d'ith tú rud caillte eicínt. Níl a fhios agam nach ndeachaigh tú ag comórtas le na madraí faoi sheanchapall an tincéara a cailleadh ansin thíos arú inné. Osclaidh a bhfuil de dhoirse ar an teach nó bréanfaidh sé muid
d.
+
Bhuail sé failm orm de (le) dhroim na láimhe agus is beag nár bhain sé an mothú asam droim na láimhe: an chuid amuigh di. Bos a tugtar ar an gcuid istigh
Séard a ghníodh an máistir beag i gcónaí thú a bhualadh marbh de dhroim na láimhe. Deirim leat nár bheag dhuit é ach an oiread
TUILLEADH (1) ▼
Bhí muid ag ealaín thíos tigh J. aréir. Bhí sé i ngreim láimhe mar sin ionam dhá cur anonn is anall. Pé ar bith cén chaoi ar éirigh liom mo láimh a ligean marbh gan aireachtáil, bhuail sé de dhroim mo láimhe féin isteach ar an bpus mé. Murach chomh beo agus a lig sé leis féin bheadh scéal aige air feadh is mise éirí aige
+
Thug mé droim mo láimhe dhó uileag — thug mé droim dó uileag; dhiúltaigh mé é, nó chuir mé suas dó
Chreidim gur thug sé droim a láimhe don ól ar fad. Theastaigh sin uaidh
TUILLEADH (1) ▼
Níor mhiste dhuit droim do láimhe a thabhairt do na mná feasta choíchin, níor mhiste sin. Is fada an lá anois thú ag spochadh leo
3.
+
Tá an lá thar droim anois — caite nó ionann is caite
Corraigh amach. Siúil uait go beo. Nach bhfeiceann tú gur gearr go mbeidh an lá thar droim agus chúig mhíle bealaigh romhainn fós
TUILLEADH (13) ▼
Cá raibh tú aréir … áit ar bith! Dar príocaí muis, bhí an oíche thar droim nuair a tháinig tú. Chuala mé an coileach ag glaoch eadarshuth go gairid roimhe sin. Ba é an tríú headarshuth aige é cheapfainn. Níl a fhios agam cá mbeadh aon duine go dtí an tráth sin
Cá bhfios domsa cá raibh sé, ach tá a fhios agam go raibh an oíche thar droim nuair a tháinig sé ag an damhsa ar chaoi ar bith. I dteach ósta in áit eicínt a chaith sé an oíche. Deile
Nach bambairneach an rud nár chuimhnigh mé ar mo watch. Dheamhan a fhios agam ó Dhia cén t-am ba cheart dó a bheith, ach tá an oíche caite thar droim ar aon nós. Nach in í Réalta na Maidne ar an spéir
Bhí siad ag imirt chártaí nó go raibh an oíche caite thar droim. Is diabhaltaí an cathú atá i ndiaidh na gcártaí céanna, ach níorbh iad ba mheasa, ach an ceann a d'fhága istigh iad go dtí an tráth sin i leaba an bóthar amach a thabhairt dóibh ag an haon déag a chlog agus cead acu a theacht leis
Má bhí aon cheo ariamh ann ba mheasa ná é féin, chaithfeadh sé sin a fheiceáil, arae níor tháinig sé isteach ó chuartaíocht ariamh go mbeadh an oíche caite thar droim. Ach feiceadh sé aon cheo nó ná feiceadh; níor chuir sé aon chúl air ar chaoi ar bith
Tá an lá caite thar droim agus gan déanta againn ó mhaidin ach cuid an bheagáin. Ach níl siar ná aniar sna laethanta seo — gearrógaí dubha na Nollag
Bhí an lá ag dul thar droim agus gan é ag tarraingt anuas tada. Nuair ab fhada liom féin faoi dheireadh é, thosaigh mé ag baint spreabannaí ag an scéal, ach ní raibh faice le fáil uaidhsean ach an nathaíocht bheag sin a bhíos aige i gcónaí …
Bhí an oíche ag dul thar droim agus an fhéasta dhá caitheamh. D'éirigh an seanphuicneach mór ina shuí faoi dheireadh agus faoi dhó: 'a Rí agus a Thiarna,' adeir sé, 'is liom t'iníon. Shábháil mé ar an dragún í'
Tá an lá ag dul thar droim agus gan an mhaith dhá déanamh. Nach breá nach meabhrófá dhó cén mheanmna a chas anoir muid. Nó an bhfuil fút é a fhágáil mar sin. Mura gcuire muid bealadh faoi na hioscadaí, beidh an dubh ar an oíche shula bheas muid sa mbaile agus cuimhnigh go gcaithfidh mise freastal do bheithígh fós anocht. Mar sin, má tá rún agat an scéal a thionscailt, déan as láimh é gan níos mó deireanais a ligean ort féin
Cén sórt righníocht atá ort. Nach bhfuil a fhios agat nach bhfuil muid thar leath bealaigh fós agus go bhfuil an lá ag dul thar droim. Is beag eile lae atá ann agus beidh tús oíche anocht chomh dubh leis an bpic
Is gearr a bhíos oíche an tráth seo bhliain ag dul thar droim. Níl ann ach go ndúnann sí ar éigean agus bíonn an lá ag fáinniú aríst ar an bpointe. Ag fágáil na tórraimh dhúinn ar maidin ag an ceathair a chlog, bhí aithne lae air an uair sin
Dar leat is gearr an t-achar é, ach ina dhiaidh sin agus uileag, bhí an lá thar droim nuair a bhí mé sa mbaile. Ach níl tapa ar bith fanta sna cosa agam le gairid. Diabhal mé nuair a bhíos na beithígh seolta suas go dtí B. Sh. agam chuile lá go mbím séidte, agus tabhair séidte air scaití. Tá mo chuid coisíochtsa anois ar iarraidh, ní ag ceasacht ar Dhia é
Tá an lá ag dul thar droim agus gan an rabhaiteálaí seo ar fáil fós. Ach ní miste leis sin céard is cor don bhaile ach cead bóithreoireachta a bheith aige féin. Tiocfaidh sé ar ball agus a ghoile ina ghlaic aige ag stróiceadh mura leagtar beatha ina mhínis ar an toirt
4.
a.
de shiúl, ar feadh, in imeacht.
+
Tháinig sé de dhroim oíche — de shiúl oíche; i gcaitheamh oíche
Déanadh an méid sin ar fad dhe dhroim oíche. Ní raibh pioc air ag dul a chodladh dhúinn san oíche agus bhí an bhail sin air ar maidin
TUILLEADH (3) ▼
Bhuail sé siar, agus níor chónaigh sé de dhroim oíche nó go ndeachaigh sé chomh fada le U. A. Bhí sé ann sular éirigh aon duine. D'fhan sé timpeall na sráide nó go raibh muintir an tí ag éirí. Ba é an chéad bhall é a chonaic an deirfiúr ar an doras a oscailt di ar maidin
D'imídís as seo fadó leis an gcontráth agus bhídís i mB. L. R. de dhroim oíche. Ba mhinic a dhéan m'athair é go ndéana Dia trócaire air. Dar príosta ba mhaith buan an giota bóthair é freisin, ach bhí na boinn ar fónamh ag an dream a bhí ann an uair sin, ní hé sin don dream atá ann anois
Is gránna an saothar atá déanta anseo thíos de dhroim oíche. Ar maidin inniu, frítheadh trí cinn de bhulláin le D. agus na drible bainte dhaofa amach ón dúid. Anois an bhfuil biseach agat?
·
Beidh tú ann gan stró ar bith de dhroim lae má imíonn tú in am. Cáid d'aireodh do leithidese é, bail ó Dhia agus ó Mhuire ort, fear láidir scafánta mar thú. Ní mó ná seanchrupach mar mise, nach bhfuil aon lúd fanta ionam anois a ghlacfadh drogall roimhe. Ach nuair a bhí mé in mo bhríthin (bhíthin) óg …
Bheadh sé déanta gan stró agat de dhroim lae dhá dtosaíteá ar mhochóirí agus gan aon bhuille marbh a ligean in do chuid saothair go dtí taca ardtráthnóna. Cuirfidh mise geall leat go bhféadfaidh tú an gort a fhágáil roimh an sé a chlog
b.
de bharr, i ngeall ar, faoi rá is.
+
An bhfeiceann tú S. Ó. B. ansin thoir. Deir siad gur éirigh sé sin maidin agus é liath de dhroim oíche amháin — de bharr, i ndiaidh, tar éis
Bhí M. Ó. M. i mbád oíche. Oíche mhór a bhí inti agus fuair sé cnáimh le crinneadh na haobha a thabhairt leis. Deir an dream a chonaic é go raibh sé liath de dhroim na hoíche sin. Ar aon chor, is lena linn a tharlaigh sé. Tá sé chomh liath le broc le na cianta
TUILLEADH (3) ▼
An gcreidfeá go liathfadh ceann duine de dhroim oíche — oíche amháin. Chreidfinnse é. Is mór atá imní nó faitíos cráite in ann a dhéanamh. Tá a chomharthaíocht lena chois. Chonaic mé é. Chonaic mé fear a raibh gruaig air chomh dubh leis an bhfiach. Chonaic mé é mar a d'fheicfinn inniu é, agus lá arna mhárach, ba liathcha é ná aon duine dhá bhfaca mé in mo shaol ariamh. Is fíor dhom é. Ba é an taispeánadh is mó dhá bhfuair mise ariamh é. Ní raibh oiread agus an ribe ina chomharthaíocht féin ar maidin. Tá aithne ag cuid agaibhse ar an bhfear chomh maith liomsa …
Thug na Black and Tans leo é sna lorries agus gan folach dhár dhealbh an ghrian air ach an oiread leis an oíche ar rugadh é, agus níor chónaigh siad gur fhága siad ar thrá an L. Bh. é agus an snáth feamainne ina mhullach. D'fhuagair siad ansin air éirí agus rith. Séard a bhí siad a iarraidh go gcaithfidís é. Ach dheamhan a chos a rithfeadh. Rinne sé a chríonnacht sa méid sin ar chaoi ar bith. Chroch siad leo aniar aríst é agus thug siad isteach sa mbeairic é, agus thosaigh siad dhá lascadh le beilteannaí. Níl a fhios cén spídiúlacht a thug siad dó. Tháinig sé amach as an mbeairic sin uair eicínt leis an deargmhaidin agus gan aon ribe dubh ina cheann de dhroim na hoíche … Is mór a chonaic é. Nár bheag an dochar dó. Ní bheadh tuilleadh beo chor ar bith dhá dtéidís thríd an oiread sin
Chuir sé geall as gaisce go gcodlódh sé sa seomra. Bhí a cheann liath fré chéile ar maidin de dhroim na hoíche sin agus bhuail saochan é go dlúth ina dhiaidh: i gcruthúnas duit go gcaithfeadh sé go raibh drochrud eicínt sa seomra
·
Chuaigh sé soir ansin agus bláth na hóige air. Tháinig sé anoir tráthnóna agus é ina sheanfhear de dhroim an lae sin. Rud ar bith ach nach raibh sé cromtha
Thug sé an bás ina chnámha leis de dhroim an lae sin. Ar a theacht abhaile dhó, ní íosfadh sé tada. Bhuail siar a chodladh dhó féin. Níor éirigh sé níos mó. Bhásaigh sé faoi cheann cheithre lá
5.
+
Chuir mé droim ar ais é — i ndiaidh a chúil, é a leagan ar a dhroim nó ar a thóin, malrait suíochain nó deise a chur ar rud thar mar a bhí sé cheana
Chaith sé an chathaoir droim ar ais
TUILLEADH (13) ▼
Ní shásódh rud ar bith é ach an bord a chur droim ar ais ar an urlár agus é féin a shíneadh istigh ann. Dheamhan duine dhá bhfeicfeadh é nach sílfeadh nach raibh a dhíol staidéir ann
Is beag dhá easonóir a fuair sé siúd, deirimse leat, ach an cléibhín a chaitheamh droim ar ais agus a raibh ann a fhágáil mar sin
Shíl sé mé a chur droim ar ais, ach bhí sé fánach aige. Ní chuirfeadh ná fear ab fhearr ná é
Deir siad go bhfuil na Germans dhá gcur droim ar ais aríst. Chonách sin orthu! Bua agus treis leo!
Bí airdeallach nó cuirfidh tú an buicéad sin droim ar ais. Má dhóirteann tú an t-uisce sin ar fud an urláir, beidh rud ar a shon agat
D'éirigh sí, ach cuireadh droim ar ais síos sa gclaise aríst í. Murach gur casadh an dá ghasúr ann, ba bhodóig chaillte a bheadh inti ar maidin, arae ní thiocfaí ag breathnú uirthi go maidin
Chuaigh an lorry droim ar ais sa díoga ach má chuaigh féin, níor éirigh faocha d'aon duine dhá raibh ann míle buíochas le Dia. Bhí Dia ina bhfabhar. 'Sé a thug slán iad
Thosaigh an capall ag dul ar gcúl agus níor chónaigh sí ariamh ariamh gur chuir sí an carr droim ar ais síos sa srutháinín atá chois an bhóthair. Fhóbair gur bhasc sí í féin
Tá an duirling (toirling) uilig droim ar ais de bharr an oibriú a bhí sa bhfarraige aréir. Oíche mhór a bhí inti
Ná leag droim ar ais mar sin é. Is fhearr dhuit a thóin a chur faoi
A dheartháir m'anama thú, d'éirigh sé de ghorta gharta agus chuir sé an stóilín agus a raibh ann droim ar ais den iarraidh sin. Bhí an seaicéad anuas aige ar an toirt agus é ag iarraidh aon fhear sa teach amach ar fair-play
Má leagann tú an tin can sin ar forbhás ansin, is gearr go mbeidh sé droim ar ais ar an talamh. Leag in áit eicínt eile é
Chuirfeadh sé siúd cnoc, ní áirím duine, droim ar ais nuair a theagas uafás ceart air
6.
a.
ina iomlán, ina thoirt.
+
Cheannaigh sé an chruach faoina droim — gan í (cruach mhóna) a cheannacht ina sceidíní ná ina mhionchuideanna, ná de réir an ualaigh, an tonna ná eile, ach a ceannacht ina toirt mar a bhí sí
B'fhearr a dhéanfása ar an gcruaich sin lena dhíol de réir ualaigh ná a díol faoina droim mar sin. Tá an mhóin sin an-tseasmhach agus is beag den díogha atá inti. Nach í clochmhóin an phortaigh thiar is mó a chuir tú inti. T'anam ón diabhal nach bhfuil meáchan an ghuail inti sin
TUILLEADH (7) ▼
Coinnigh daingnithe air anois agus ná díol oiread agus ualach amháin leis aisti mura gceannaí sé faoina droim uait í. Má théann tú ag sceidínteacht léithe, ní bheidh a leath oiread dhá barr agat agus a bheadh lena díol faoina droim. Cuileálfaidh sé chuile fhód fliuch ag gabháil léithe. Feicfidh tú féin air gur díon déirce leis a fáil amach anseo nuair a bheas sí gann. Beidh sí thrí lasadh faoi Fhéil Bríde seo chugainn
Ab iad a ndíol faoina ndroim nó a ndíol de réir an chairr a rinne sé lena clocha. Cheapfainn go mba somhaoiní dhó a ndíol de réir an chairr. Is deacair buille faoi thuairim mar is ceart a thabhairt do chlocha mar sin
Ná bí ag caint ar charr ná ar charr! Ceannaigh an coca mar a fheiceas tú é faoina dhroim, ná fág i do dhiaidh é. Is deas í mo cheird, dhá leagan droim ar ais le carr a thabhairt duitse as agus a dhéanamh ar ais aríst. Tá mé sách meata mar atá mé agus gan tosaí ar cheird den tsórt sin
Ba mhó go fada a bheadh de bharr an choca agatsa dhá ndíoltá ina charrannaí ar an margadh é seachas a dhíol faoina dhroim istigh in t'iothlainn féin. Tá féar ina ór anois, arae tá an farae uileag ídithe. Bhí an bhliain an-dona
Faoina ndroim a dhíoltar na muca uileag ann. Ach bíonn margadh muc anseo thoir gach Céadaoin agus de réir an mheáchain a dhíoltar ann iad. 'Sé an cás céanna é ar aon chor. Dheamhan ceo a gheobhas tú orthu lena ndíol faoina ndroim ach an oiread is dá meáití dhuit iad. Níl aon bhuille bog sna ceannaitheoirí deirimse leat
Thug sé breith is dá roghain dom margadh a dhéanamh liom lena díol faoina droim nó a meáchan. Facthas dom nach raibh mé ag fáil mo dhóthain dhá shásamh leis an méid a bhí sé a thairiscint dom uirthi faoina droim agus thug muid isteach sa yard í gur mheáigh muid í. Seacht gclocha déag gan a dhath aige ná uaidh a bhí sí ar a cois. Déarfá nach raibh aon chailleadh uirthi ina muic
Thabharfadh sé sé phunt is dhá fhichead dom uirthi faoina droim. Níl a fhios agam nach mór an dul amú a bhí orm gan a ligean leis, arae 'sé sin an fáth, dheamhan sé lorry mar atá aigesean atá istigh ina corp, ná baol uirthi. Dar príosta má thairgeann sé aríst dom é agus é dhá cur coróin nó deich scilleacha eile, beidh sí aige
b.
ar fad, ionann is ar fad, uilig.
+
D'ól sé an pionta dhá droim d'aon deoch amháin — ar fad; uileag
Tá gloine aige, agus dheamhan fear sa tír in ann a hól dhá droim in éindí. Tá cion trí cinn mar an gceann sin inti. 'Sé do chlochneart a lán a iompar
TUILLEADH (8) ▼
D'ólfainn bairille pórtair dhá dhroim an pointe seo de ló, tá an oiread sin íota orm ó na faoitíní sin. Bhí agam fulaingt leis i dtosach agus gan deoir ar bith a ól. Dhá ndéanainn sin, bhí agam. Ach ó ólfas tú deoch ar bith, tá sé chomh maith dhuit gan an soitheach a bhaint de do bhéal uaidh sin amach
Chonaic mé S. B. a bhí ansin thiar ag cur galún pórtair ar a bhéal thoir tigh Dh. Sh. agus dhá ól dhá dhroim. Bhí an-bhroinn aige siúd dó ar aon chor. Fear cumasach a bhí ann. Bhí droim aige chomh leathan le clár an chomhra sin
Seo purgóid anois duit agus caith siar í … Níl maith ar bith dhuit a bheith ag blaismínteacht mar sin di. Ól dhá droim í
Dhá bhfaighteá saighead (fc. saighead), bhí agat deoch uisce a ól dhá dhroim shula n-inseofá d'aon duine go bhfuair tú í. Bhainfeadh sin an ghoimh aisti
Cuirfidh mé mo rogha geall leat anois nach n-ólfaidh tú canna bláthaí dhá dhroim. Sin é é. Níl acmhainn ag duine mórán bainne a ól chor ar bith, ach d'ólfadh sé an tsáith Mhuimhneach de phórtar nó de fuisce. Cén chiall é sin
Tuilleadh tae anseo! Tá an cupáinín gágach seo ólta dhá dhroim agam. Bheadh agus a trí oiread dhá mbeadh sé ann. Tá mé spalptha leis an tart.
Aire dhuit! Tá sé thuas in éadan an jug. Ólfaidh sé dhá dhroim é shula fhéadfas aon duine é a thógáil uaidh. Níl cás ná náire fanta ann … Tá sé ólta aige anois, ach ní raibh ann ach an teirgéis déarfainn. "Jug mór fada agus bainne i bhfad siar," mar adeir an ceann eile
Th'anam ón docks é ól dhá dhroim é agus ná bí ag fágáil fuílleach ar bith ann. Ní mórán éadála é sin. Tá gasúir na tíre in ann an méid sin a chaitheamh siar
7.
as cor, as buille, bambairne a dhéanamh de …, dhá mhaidí, dá chúrsaí, dá leas.
+
Chuir an méid sin dhá dhroim uileag é — chuir an méid sin dhá bhuille, nó as cor ar fad é; rinne sin cíor thuaifeal dhe críochnaithe; chuir sin an driull ar an dreall air; that completely upset his plans, or disconcerted him
Bhí sé ag dul siar ann bog te nó gur dhúirt M. B. leis, ag séideadh faoi, nach raibh de spré aici ach fiche punt. Shílfeá go raibh hob ann agus hob as aige ansin, ach ní maith gur chreid sé é ina dhiaidh sin. Ach casadh M. ina bhealach ag ceann an bhóithrín agus dúirt sé leis go raibh mac S. Th. Sh. ann an oíche roimhe sin, agus mura bhfuair sé í, go bhfuair sé ugach maith. Chuir sé sin dhá dhroim ar fad é i gceann chaon tsórt
TUILLEADH (13) ▼
An bhfuil a fhios agat céard a chuir de mo dhroim ceart críochnaithe mé, an chaint a chaith tusa. Well, bhí mé siúráilte glan nach bhfeicfinn aon amharc go brách aríst air. Is mór an ní a dhul ag baint mealladh as duine mar sin. D'agródh Dia ort é bíodh a fhios agat
Bhí sagart thiar ansin ag seanmóireacht uair. Séard adúirt sé go mba é an t-ól a chuir na hÉireannaigh ariamh dhá ndroim aon uair dhár fhiach (fhéach) siad le tada a dhéanamh. 'Ba mheasa go mór fada do mhuintir na hÉireann an druncaeireacht,' adeir sé, 'ná Sasanaigh.' Níl sí go maith. Tá a fhios ag chuile dhuine againn é sin
Shílfeá nach ndeachaigh sé ag an gcéilí. Céard a bhac é meas tú? Bhí sé le dhul bog te ar maidin ann. Chuir rud eicínt dhá dhroim é muis. Murach gur chuir, ghabhfadh sé ann agus chomh líofa agus a bhí sé chuige
Bíonn sé ag gabháil ag pósadh chuile mhí sa mbliain ach cuireann rud eicínt dhá dhroim é i gcónaí, más fíor dó féin. Anuraidh bhí sé socraithe tigh Sh. L. ach níor phós sé í ina dhiaidh sin. Deir sé féin go dtáinig scéala as Meiriceá aige na laethanta céanna gur bhásaigh deartháir leis ann. Is tráthúil go mbíonn rud eicínt lena chur dhá bhuille i gcónaí. Sílim go bhfuil sé fearacht go leor eile: hob ann agus hob as aige, agus faitíos air nuair a théas sé ar an scian is géire nach mbíonn sé dhá fháil sách maith. Dheamhan duine a chonaic mé ariamh ar an ealaín sin nach mbuailfí air í — ágóid eicínt — sa deireadh. 'Sé díoltas Dé é
Ara bíodh unsa céille agat a dhuine sin. Ní chuirfeadh rud fánach mar sin duine ar bith dhá dhroim. Ar scáth focal cainte. Tabhair cead a gcinn dóibh. Nuair a bheas siad tuirseach éireoidh siad as. Má thugann tú aird ar spruschaint den tsórt sin, beidh tú thar bharr do chéille chuile lá sa mbliain
Is diabhlaí an báireoir é M. Bh. Tá sé an-tráthúil go deo. Chuir an cúl sin a chuir sé amach muintir an Ch. dhá ndroim uileag. Níor fhan maith ná maoin leo uaidh sin amach
Bíonn gláiféisc agus gardaí an tsaoil mhóir aige. Shílfeá lena chloisteáil ag clabaireacht mar sin go ndéanfadh sé cat agus dá rioball, ach is furasta a chur dhá dhroim ina dhiaidh sin. Níl aon chur leis ann nuair a theagas an crú ar an tairne
Dar fia muis, níl sé chomh réidh sin C. a chur dhá dhroim má chaitheann sé rud ina chloigeann ceart. An bhfaca tú nuair ar shíl an sagart a bhacadh faoin talamh. Dar príosta, níl a fhios agam cé acu is mó a raibh deifir ag imeacht an lá sin air — ar an sagart, nó air féin. Duine an-intinniúil é C.
Mura bhfuil i ndán is go bhféadfaidh na Gearmánaigh anois a gcur dhá ndroim le intreacht ar bith eile, tá faitíos orm go mbuailfear iad. Is suarach an t-ionadh é agus a bhfuil d'amhais sa domhan ina n-éadan. Ní fhéadfadh tír amháin dhá fheabhas í a bheith inchinnte ar an domhan ar fad
'Sé an t-ól a chuir dhá dhroim é. Murach sin, ní raibh cinneadh go deo leis. Deir siad rud ar bith a léifeadh sé nó a chloisfeadh sé uair amháin go raibh sé aige lena shaol. Nár mhór an feall é. Ach tá ag duine an t-ól a sheachaint. Mura seachnaí, beidh a chuid féin ag an ól
Chuir sé dhá dhroim é le ar ól sé — bhánaigh sé é féin le ar ól sé
Ní chónóidh sé go gcuirfidh a chuid óil dhá dhroim é
'Sé an peann a d'fhága dhá dhroim é. Bhí sé róghasta ar fad leis, ag cur isteach litreachaí faoi chuile dhuine. Chuir sé isteach ceann eicínt faoi dheireadh a d'fhága a chosa nite. Ní díol trua ar bith é. "Is mairg a bheadh go holc agus go bocht ina dhiaidh," is mairg sin
+
Tá mé curtha de dhroim seoil agat — mé a chur as rud a dhéanamh; mearbhall a chur orm faoin rud a bhí fúm a rá, nó mé a chur amú ar mo cuid chainte; mé a chur as cor nó as cúrsa, nó as mo bhuille; rud a dhíláithriú, a chur in ísle bhrí nó a chloí; fiar nó leathbhord a bhaint as rud; mearbhall, dul amú nó ciméar a chur ar dhuine; srl.
Ní chónóidh tú nó go gcuirfidh tú an gearrbhodach bocht eile de dhroim seoil, théis an tsaint atá aige sa ngearrchaile sin. Ba cheart duit scrupall a ghlacadh ann. B'fhéidir go ndéanfadh duine eicínt an cleas céanna ort féin fós
TUILLEADH (15) ▼
Bhí an saol ag féithiú leis thar cionn, ach chuir bás a mhná de dhroim seoil é. Uaidh sin amach lig sé siléig i chuile shórt agus dhíol sé an áit ar fad sa deireadh. Is dóigh gurb é Sasana a thug sé air féin
Is deacair deirimse leat de Valera a chur de dhroim seoil anois … Ar ndóigh, seo é aríst é. Bíodh a fhios agat go bhfuil sé chomh daingnithe anois agus nach gcuirfear as an áit a bhfuil sé é go ceann fiche bliain ó inniu. Foighid ort go go bhfeice tú!
Tá faitíos orm go gcuirfidh siad an Ghearmáin de dhroim seoil dhá fhada go dtí é. Ní cúnamh maith di na tíreannaí eile sin ar fad a bheith ag éirí as an gcogadh. Fágfaidh siad ina cadhan aonraic í sa deireadh
'Sí do chuid clabaireachta a chuir de dhroim seoil mé. Tá sé ag dul chun seachmaill orm anois. Foighid ort go dtosaí mé aríst é. Ní raibh focal dó (dhe) sin nach raibh agam ó thús go deireadh scaitheamh. Ach tá an chuimhne ag imeacht uaim uileag anois
Ní chónóidh siad lena gcuid dlí go gcuire siad de dhroim seoil an duine bocht. Cén t-údar atá acu dhó anois? Breá nach ligfidís dó. Siúd é atá orthu: ag iarraidh a dhíbirt as teach agus as talamh atá siad go mbeadh a bhfuil ann acu féin
Ag an mbaile seo againne a bhí bua troda ariamh, ach shílfeá go bhfuil muid de dhroim seoil le gairid ag an gC. Dh. Ní raibh sé amhlaidh scaitheamh muis. Ba bheag an sceaimhínteacht deirimse leat a bheadh ag an dream sin ag dul thar bhóthar an bhaile seo. Ach airíonn siad an líne atá suas anois ann cloíte
Bhí T. Ch. agus R. B. oíche ar meath ar na ronnaigh. Tháinig siad isteach ar maidin nó i ndeireadh oíche, agus an bhfuil a fhios agat cá raibh siad: sa gcrompán sin atá síos faoin A. Fh. Bhí an oíche chomh geal leis an lá. Níl a fhios acu anois ná an lá sin céard a chuir de dhroim seoil iad. Ba mhaith meabhrach an fear i gcurach é R. B.
Tá togha an amhráin aige sin. Dheamhan díos (níos) fhearr a chuala tú ariamh. Agus ina dhiaidh sin féin, ní bhfuair sé comhaireamh na sop i mBaile Átha Cliath ag an rud sin a bhíos ar siúl ann … an tOireachtas, is fíor dhuit. Deir an dream a chuala é nach raibh rath ar bith leis. An iomarca a bhí ólta aige is cosúil. Sin é a chuir de dhroim seoil é. 'Sé a bhí deas air
Fear an-airdeallach a bhí ansin ag tiomáilt mótair. Ní óladh sé deoir ná snig. Agus féacha ina dhiaidh sin gur cuireadh de dhroim seoil é. Cuireadh agus i lár an lae ghléigil freisin. Dheamhan carr a chuaigh ariamh cheana san áit ar cuireadh é. Deir siad nach leithne an t-aer ná an timpiste. Is minic amhlaidh é, i nDomhnach
Chuala mé go raibh an máistir scoile seo thoir de dhroim seoil faoi dheireadh thiar thall, dhá fhada dhá ndeachaigh sé leis. Níl aige ach an mhí seo: tá sé briste. Bíodh sé buíoch dhó féin anois faoi ghéilleadh do dhroch-chomhairleachaí. An té a chuirfeadh comhairle a leasa air, ní bheadh aige air ach meas magaidh. Múinfidh an saol anois é
Sin é a chuir na Blueshirts de dhroim seoil anseo. Mharaigh siad é le ar bhuail siad air, ach ba chuma sin. Bheadh sé ina choileachín aríst lá ar na mhárach, agus é faoi dhó chomh líofa acu agus a bhí sé roimhe sin. Spreag sé na daoine ina n-aghaidh chomh mór sin agus nach raibh gair acu léine ghorm a fheiceáil ar thom féin nach ndéanfaidís míle píosa dhi. An gceapfá choíchin le breathnú air anois go mbeadh an oiread sin díocais ann. Is corrdhuine a cheapfadh
Bhí sé thar am an obair sin (roinnt a bheith ar fheamainn dearg agus ar fheamainn reatha) a chur de dhroim seoil. Ba deas í mo cheird muis: a dhul síos chun an chladaigh agus an ceathrú cuid den méid a gheobhadh T. Th. a fháil, faoi rá is go raibh dhá ghabháltas aigesean agus gan agamsa ach leathghabháltas. Is cosúil go gcuireadh Dia gaoth aneas ann le go mbeadh a cheithre oiread tairbhe aigesean uirthi agus a bheadh agamsa
Ar an dá luath is a mbeidh an cogadh thart a mhic ó, cuirfear an mhóin de dhroim seoil aríst. Meas tusa an mbeidh lucht bailte móra sásta móin a cheannacht aríst ach a dteaga fairsingeacht ar an ngual. Diabhal baol ina gcraiceann orthu. Níl ann ach a (an mhóin) tapú anois chomh uain is atá pínneachaí beaga dhá barr
Ní thaitníonn liom an chorraí atá agat ar an tine sin chor ar bith anois. Bhí sí ag cnádadh go breá gur thosaigh tú ag dochtúireacht uirthi. Is mór m'fhaitíos go gcuirfidh tú de dhroim seoil ar fad í. Tá geis ar an tine sin nach bhfuil aon duine in ann a deargadh ach mise. 'Sí an tua a bhaint as láimh an tsaoir duitse a dhul ina héadan
Níl aon áit ó thigh deamhain go tigh diúin dhá mbeadh an ceann céanna ag tarraingt ann nach gcuirfeadh sé de dhroim seoil. Bhí sé anseo aréir, agus shaighid sé an tseanlánúin sin in árachaigh a chéile. Tá mé ag ceapadh nár chuala aon duine iad ag rá focal aranta le chéile cheana le deich mbliana. Ach thairg seanMh. aréir maide a chur i mbéal Ph. Sin é buac an áibhirseora sin: ag fáil ghrinn ar dhaoine ag troid
+
Cuirfidh a chlann de droim tí é mura bhfuil ag Dia — bánóidh siad é; fágfaidh siad sa gcruth é go gcaithfidh sé a theacht agus a sheilbh a dhíol nó a fhágáil
Agus tá sé de dhroim tí faoi dheireadh. B'fhada an seasamh aige é. 'Sé atá sé a thuaradh dhó féin le fiche bliain: sreothaithe na tíre istigh aige de shiúl oíche agus lae agus é ag caitheamh óil acu. 'Sé an t-iontas é nach fadó an lá ab éigean dó a shiopa a dhúnadh
TUILLEADH (9) ▼
Tá S. Ph. de dhroim tí ag an sirriam. Tháinig sé ann inniu roimhe lá agus níor fhága sé luach leithphínne ag gabháil leis. In ómós chuile shórt chreidim a tháinig sé air. Nach bhfuil a fhios agat nár íoc sé siúd aon phínn chíosa ná airgead acraí leis an tsíoraíocht
Is maith a chruthós S. Ch. nó cuirfidh an coinnleoir de mhac sin aige de dhroim tí é dhá mhéad í a dheis. Tá sé in ainm is a bheith ag dul ina dhochtúr ach sin í an dochtúireacht eile. Nuair a bheadh aige a bheith istigh sa gColáiste, 'sé an áit a mbíonn sé thíos i bparlús J. in éindí le bean na mbrístí ag cur óil uirthi as cosa i dtaca. Is maith an dóigh dhó a bheith ar an gceird sin! Deirim leat nach bhfágfaidh sé bonn bán ar a athair, sin nó tá airgead ina chocaí beaga aige
Théis go mbídís salach as éadan ar a dhútha (dhúiche) ariamh, níor chuir an M. aon fhear de dhroim tí. Bhí sé géar go maith faoin gcíos, an té a bhí in acmhainn a íoc, ach an té nach raibh, ní chuirfeadh sé thairis sin de thréas air. Ba bheag ab ionann é fhéin agus máistrí eile. Féacha an B. a bhí ansin thiar a chuir as seilbh as cnáimh éadain iad. Bhí grá dia sna M. … Togha Caitlicigh a bhí iontu
Is gearr go mbeidh sé de dhroim tí agus árais má mhaireann dó. Ní dhearna sé smeach ar bith i mbliana thar is ariamh. Láí níor chuir sé i dtalamh ó tháinig earrach nó gur imigh sé, cé is moite de na cupla súileoigín fhataí a chuir fear fánaí dhó. Nach diabhaltaí an spreallaireacht atá air seachas aon duine. Bhí áit theolaí aige muise dhá dtugadh sé aire dhó
Má shánn sí siúd a liodán ann, cuirfidh sí de dhroim tí agus talúna é. An bhfaca tú cheana nuair a chuir sí dlí ar Sh. T. Céard a bhí dhá barr aige. Bhí, é a bheith bochtaithe ó shin. Níor íoc a raibh istigh is amuigh aige costas na cúirte dhó an uair sin. Is fiú í siúd a sheachaint. Úll na haithne í, diúltaímid di
Más leat gan a bheith de dhroim tí, ligfidh tú de chúrsaí den tsórt sin. Dheamhan duine ariamh dhá bhfaca mé ag plé leo nach é mála na déirce a d'fhágfaidís air sa deireadh. Ag súil le gnóthachan a chailleas an cearrbhach adeir siad
B'fhurasta duine a chur de dhroim tí san am sin. Bhí an dlí uileag dóibh féin ag na tiarnaí, agus ní raibh aon ghair ag an duine bocht druid a rá. Ach d'athraigh an saol ó shin. Is maith an scéal gur athraigh
Is beag an tsúil le Dia atá ag an gcreachadóir bradach ag iarraidh an dílleachta bocht sin a chur de dhroim tí. Nach beag an lua atá ag an sagart a dhul agus é a bhacadh. Shílfeá go mba é an rud ba lú dhó treampán eicínt a chur air. Ach is dóigh gur thug sé lán laidhre dhó lena chur ina shost
Chuir sé de dhroim tí é féin le ar ól sé — chuir sé de thaobh tí é féin le ar ól sé
8.
amach is amach; críochnaithe.
+
Ní fhágfaí in aon choláiste faoin domhan é nach gcuirfí droim díbeartha air as, mura i ndán is go gcasfaí i gcoláiste bligeards é go díreach. Bheadh sé ina cheann feadhain ansin (droim díbeartha a chur air: é a dhíbirt, a ruaigeadh, a ionnarbadh, a chur chun bealaigh den bhuíochas)
Cuireadh droim díbeartha air uileag as an tír seo. An t-am a raibh sé tugtha síos faoin ngearrchaile sin thoir, chuaigh an sagart go dtí é agus d'fhuagair sé air a bheith ag imeacht go beo deifreach nó go gcuirfeadh sé féin ag imeacht é. Go deimhin, níorbh áirge mhór ar bith i bpobal é
TUILLEADH (7) ▼
Ar an mbaile seo a bhí sé taithithe uileag tamall, ach cuireadh droim díbeartha air as. D'ionsaigh seala de na gearrbhodaigh oíche é. Dheamhan ceo dhá chuid millteanais a chonaic mé, ach bhí le rá ina dhiaidh sin go raibh sé ag tabhairt scabhaitéireacht faoi deara dhó féin san aimsir deiridh
Is diabhlaí nach bhfuil deoir phoitín ar bith sa tír anois. Bail ó Dhia ort féin agus ar do chuid póilíos! Bhí sé fánach ag na póilíos an ceann is fhearr a fháil air, ach 'siad na misinéaraí a chuir droim díbeartha air. 'Siad a bhí deas air. Nuair a thosaigh sé siúd ag scamhailéireacht agus ag loscadh mionnaí mhóra, níor lig an faitíos d'aon duine gan a chomhairle a dhéanamh mura mbeadh bairillín bréan — poll fataí d'fhear — mar é sin thíos ann go díreach. Ach duine ar an deascán é sin … Tá a fhios ag an lá gur imigh an tsuáilce as an tír an lá ar imigh an poitín. Ba é "Bainne Dubh na Féile" é dháiríre
Meas tú cáid go dté droim díbeartha ar na Sasanaigh as Cúige Uladh nó an ngabhfaidh go brách. Is fusa é a rá ná a dhéanamh arsa tusa. Tá siad an-dubh ann, agus tá na Sasanaigh chomh geantáilte sin ann agus go dtógfaidh sé aimsir a gcur de dhroim seoil. Déanann siad an-dícheannadh ar na Rómhánaigh (Caitlicigh) thíos ann nach ndéanann. Ó, tá rútaí Chromail go daingean ansin fós
Ba cheart droim díbeartha a chur ar na Ghiúdaigh sin ar fad as an tír agus cead a thabhairt dóibh a dhul ar ais go dtí an áit arb as iad. Ní éadáil ar bith sa tír iad. Nach in iad a chroch Mac Dé sa gcrann. Chrochfadh agus aríst dhá bhfaighidís luach saothair as a ucht. Is orthu nach mbeadh an mhairg
Droim díbeartha a bhí a chur air fhéin agus ar a dhream as an tír agus cead a thabhairt dóibh a dhul anonn go Sasana ós ann atá a gcroí. Bhí an-chion acu ar thiarnaí i gcónaí, ach ní fhaigheann siad deis ar a gcuid brocamais a dhéanamh anois mar a rinne siad roimhe seo do na B. nuair a chaith siad an bhean a bhí i dtinneas clainne amach chois an chlaí
Dhá bhfairsingíodh na heasógaí chuirfidís droim díbeartha ar na luchain agus ar na francaigh. Deirimse leat gur beag an luch ná an fhrancach a lonnós san áit a mbeidh siad sin
Meas tú an féidir droim díbeartha a chur chor ar bith ar an sionnach. Tá an baile — an tír arsa tusa — sladta aige. Céard adeir tú leis a d'ardaigh leis cearc den tsráid ansin inné go deireanach, os comhair mó dhá shúl. Airíonn sé go bhfuil púdar gann. Murach sin is beag den tsirtheoireacht seo a bheadh air in aice na dtithe
9.
leirg fhada agus é cothrom go leor as a bharr.
+
Is diabhaltaí an droim atá ann — leirg réidh fhada; talamh ard cothrom agus réim dhe i ndiaidh a chéile
Droim an Fhir Rua, Droim an Bháire, Corr an Droma, An Droim, Scoil an Droma (ainmneachaí áiteacha. Tá an Droim a bhfuil Scoil an Droma ann scaithín aniar ó Bhaile na Cille in Oileán Gharmna)
TUILLEADH (5) ▼
Tá an-droim soir ann
Tá an droim sin ag dul ó Sh. an Gh. soir amach uileag go mbeire sí thoir ar thalamh C. an L. Aireoidh tú crua teangmháilte faoi do chosa é, ach seachain na heascaíochaí báite atá ó thuaidh dhe. Déanfaidh siad cíor thuaifil dhíot má éiríonn leat a dhul isteach iontu
Níl sé géar chor ar bith, arae ní cnoc atá ann ach droim réidh. 'Sé an cás céanna é le bheith ag siúl ar an mbóthar sin amuigh. Talamh breá righin é. Sea i nDomhnach
Go gcuire Dia an t-ádh ort. Cá'il an talamh! Céard atá aige ach an droim siúd ó dheas den teach, agus níl fód saothraithe istigh ar a corp sin. Riasc bradach gortach í ar fad. B'fhéidir go ndéanfaí talamh cuir di, ach m'anam dhá ndéantaí, go mba le anró agus allas é. Ach pé acu sin é, bheadh an iomarca d'ard ann lena leasú go rathúil choíchin
Bhíodh muid ag bualadh báire ansin fadó. Sin é an fáth Droim an Bháire. Bhí droim uileag siar ann go sruthán. Is beag a cheapfá sin anois mar roisteadh uileag é ó shin ag daoine ag baint mhóna ann. Tá an mhóin féin ídithe anois ann
10.
+
Déan droim bó anois — cúig sna clocha péire nó sna screaga. 'Sí an cúigiú cúig í. Ceann de na clocha péire a chur ar dhroim do láimhe agus í a chaitheamh suas san aer. An chuid eile de na clocha péire a bheadh in do ghlaic a leagan ar an talamh agus ceann an aeir a fhostú ag teacht anuas
Tá tú as. Chinn droim bó ort. Más breá leat é, tosaigh aríst. Ach ní dhéanfaidh tú aon chúis an geábh seo ach an oiread
TUILLEADH (1) ▼
Rinne tú bolg bó ceart go leor. Traíáil droim bó anois. Mar seo …
11.
·
Bhí siad ag déanamh bois ar droim — cluiche gasúr (fc. bos)
12.
droimdhearg, droimfhada, droimghéar srl. — aidiachtaí as droim: is furasta adhmad a bhaint as a gcuideanna lena dtuiscint
+
Is aisteach an dath atá ar an lao a rugadh dó. Droimdhearg atá sé
Is droimghéar an bhó í — droim ghéar chorrchnámhach aici
TUILLEADH (1) ▼
Capall droimfhada í — droim an-fhada aici

droim in iontrálacha eile (77)

+
Tá caol an droma an-lag aige. Ar chuala tú ariamh é: "Is minic fear fada lag as a lár"
TUILLEADH (3) ▼
Chuir sé barróig orm faoi chaol an droma, agus mo cheann fine ní scarfadh uaidh. Ba gheall le iarainn na bunríochaí a bhí air
Ansin, slán an tsamhail, i gcaol an droma a sádh é. Dhá dtéadh sé ionga eile isteach, bhí sé thrína chuid aobha agus leagha na bhFiann ní leigheasfadh é. Is maith a chuaigh sé as
Is diabhlaí ligthe atá sí as caol an droma. Ba mhaith í ag baint choirlí. Bheadh an síneadh fada aici
 
Tá sé sin anois chomh daingean istigh sa mbaile sin agus a bheadh seanchrann i gcoill. Tá fréamhrachaí amuigh aige i chuile áit, agus chaithfeá chuile cheann acu a bhriseadh shula d'fhéadfá a chur de dhroim seoil
 
Ara beannacht Dé dhuit — a dhul ag cuartaíocht an tráth seo d'oíche agus mé in mo dhall dúda le codladh. An bhfuil a fhios agat go raibh an oíche thar droim aréir nuair a chuaigh mise a chodladh … bó a bhfuil a haimsir caite agus shílfeá go raibh an-chosúlacht uirthi in am suipéir aréir. Bhí na grianáin sleaiceáilte aici, ach mar sin féin níor rug sí
 
Bhain siad an dara hairt as shula d'fhéad sé an fhaic a fhostú! A Dhiabhail, is é a fuair garbh é! Baineadh aithinniúchaí as an droim aige deirimse leat
 
Mura ndealaí tú leat anois a ghrabairín, beidh scéal agat air. Is deas iad do bhéasa. Ag iarraidh bior dearg a chur síos le mo dhroim. Rún atá agat mo bhruith agus mo loscadh. Chonaic mise gasúir ábhailleacha go minic ach ag an diabhal go raibh sibhse — crosaim aríst sibh! — sháraigh sibh a bhfaca mé ariamh
 
Ní stró duitse máistreás scoile a fháil, ach caithfidh mise déanamh suas le talmhaí eicínt a mbeidh dhá chráig mhóra gharbha uirthi agus clár droma le aghaidh an chléibhín!
 
Is Árannach déanta í. Tá an-tslinneáin agus an-chlár droma aici, baile ó Dhia agus ó Mhuire uirthi
 
dearc
Dhá bhfeictheá an chaoi a raibh sé do do dhearcadh nuair a thug tú do dhroim dó. Thabharfá dearcadh air
 
dearg 1
"Saighdiúirín dearg i mbarr an chrainn: cloch ina bholg agus maide ina dhroim" (sceachóire)
 
deas 1
Is deas é t'fhaisean; is deas sin. Dheamhan ceo a bhí le déanamh leat ach dhá leith a dhéanamh de do dhroim
 
deasú
Tá na Sasanaigh caite amach aríst droim ar ais as an nGearmáin. Rath a gceirde anois orthu! Sin é an deasú orthu! B'fhéidir nach mbeadh a leathoiread gaisce acu aríst go ceann scaithimh
 
Is diabhaltaí nach dtitfeadh déidín ag lucht na bocsála sin agus na hiarrantaí dalba a fhaigheas siad ar na géill. Chonaic mise fear dhá bhualadh i Sasana, agus dar brí an leabhair duit, thiocfadh sí thrí ghiall chruaiche. Shín sé ar shlatrachaí a dhroma é agus shílfeá dheamhan a bhéal a bhí sé i riocht a oscal. 'Tá do phosóid agat a bhuachaill,' adeirimse liom féin, 'Mura bhfuil déidín tite agatsa, ní chreidfidh mise go deo go raibh sé tite ag C. nuair a bhuail asal an tincéara é'
 
Nuair a thosós an saol ag dul in aghaidh duine mar sin, agus an díleá ag bualadh a mbeidh aige, b'fhearr dhó mála na déirce a fháscadh aniar ar a dhroim agus a dhul ag iarraidh a chodach ó theach go teach. Is mó a bheadh dhá bharr aige faoi dheireadh thiar thall
 
Ní bheadh aon ghnaithe againn na haistreáin sin a thabhairt orainn féin ar ghealach dheirceach mar atá ann na hoícheantaí seo. Fan nó go dtige lán gealaí agus déanfaidh muid cuairt go maidin ann. Má gheibhimse mé féin istigh ina chlúid, ní chorróidh fear agus píce aisti mé nó go mbeidh an oíche thar droim
 
Coinnigh an meáchan roinnt siar chun deiridh. Tá sé ar fad faoina droim (ualach ar chapall)
+
deis
Níl deis ar bith agamsa aon bhuille oibre a dhéanamh. Feiceann tú féin an chaoi atá orm. Bíonn an mhaidin thar droim shula bhíos freastal déanta agam ar bheithígh agus ar ghamhna
TUILLEADH (2) ▼
Is géar a theastódh deis a chur ar an gcathaoir seo, agus gan a fágáil mar atá sí. Chaith mé an oíche aréir in mo shuí uirthi agus go deimhin, má chaith féin, ní mórán deise a bhí orm. Bhí sí ag sníomh fúm, agus faitíos orm chuile phointe gur ar shlatrachaí mo dhroma ar an urlár a bheinn
Cuir deis ar an gcoca féir sin agus ná bíodh leathmhaing mar sin air. An chéad soinneán a thiocfas, iontóidh sé droim ar ais é
 
Murach an deoladh a choinníos an sagart leis, is fadó an lá a bhí sé de dhroim tí. Théis nach n-ólann sé, tá sé drabhlásach. Chuirfeadh an bhean atá aige freisin airgead na hairí thrína lámha
 
diabhal 2
An rud a chruinnítear ar dhroim an diabhail imíonn sé ar a bholg (fc. droim)
+
diaidh
Bhuail faitíos mé, leis an gcaoi a raibh sé dhá chur i ndiaidh a chúil, gur rún a bhí aige é a leagan ar shlatrachaí a dhroma sa tine
TUILLEADH (2) ▼
I ndiaidh a dhroma a théas sé isteach sa leaba (fc. droim)
Chuir sé a dheirfiúr de dhroim tí. Chonaic mé í an lá a mb'éigean di féin agus dhá háilín G. síos a thabhairt orthu féin, agus scrúdfaidís thú breathnú orthu. Rinne sé sin, agus déarfá gur beag an tsúil le Dia a bheadh ag duine ar bith a mbeadh baint na páirt aige lena leithide de chleas. ina dhiaidh sin agus uileag, tá daoine ann — agus cuid dá mhuintir féin freisin — adéarfadh leat nach ndearna sé leathcheart léithe
 
Bhí sé ag díbliú ar de Valera faoi gan aon phraghas a bheith ar chaoirigh. Diabhal aithne air nach ag de Valera atá na caoirigh a cheannacht. ’Ní cheannaíonn de Valera caora ar bith ar bith,' adeirim féin. 'Níl aon talamh caorach aige.' 'Go leá mac an diabhail é an cneámhaire,' arsa seisean. 'Is mór an feall nach bhfuil díol a dhroma aige de thalamh eicínt nach n-éireodh sé as — an ruifíneach ós seisean é'
 
Chuaigh mé thar mo dhícheall leis agus tá a shliocht orm: tá mo dhroim mar atá sí ó shin. Ní fhéadaim a lúbadh ná a díriú
 
díle 1
Tá díle sneachta air. Ba diabhlaí an ghoimh a bhí sa ngaoith inniu. Ag éirí de dhroim sneachta a bhí sí. Bhí fuar nimhe in mo lámha i gcaitheamh an lae, théis go raibh mé ag rúpáil oibre
 
'Sé an díleá sin, mar a d'inis mé dhuit, a chuir de dhroim tí é. Bhí sé fánach aige aon chúis a dhéanamh. B'éigean dó an teach agus an talamh a dhíol agus a dhul síos go G. Bhí sórt sipín beag ansin aige ar feadh scaithimh, ach níor éirigh sin leis ach an oiread. Tháinig an sirriam air agus thóg más beag mór a bhí aige ann in ómós fiacha. Fuair sé bás sa bpoorhouse faoi dheireadh agus faoi dhó (dheoidh)
 
ding
Measaimse nach dteastódh púdar ar bith uaithi sin. Tá siúntaí uirthi agus d'éireodh sí ina screamhannaí de dhroim a chéile dá mbeadh geanntrachaí maithe agat. Ach níl aon ghinn a rath agat. Sin é an buille
 
dioc
Tá sé ag dul thart le seachtain agus gioc air ag an tinneas droma. Dar fia beidh gioc air ach a mbeidh an tseanghráinseach siúd saothraithe aige
+
M'anam muise go bhfuair tú amach an fear a mbeadh chuile fhéith ag gabháil leis faoi dhíocas ag obair! Bheadh mo chreach! Ní lúbfadh sé a dhroim dá mbeadh na seacht sraith ar an iomaire
TUILLEADH (1) ▼
Amach leo san iothlainn agus chonaic siad coca féir ann a bhí ídithe roinnt as a bhun. Thosaigh set acu ag teacht de rite reathach faoi ar chaon taobh agus ag baint a ndíocais mar sin as an gcoca. B'fhearr ag baint a ndíocais as an gcoca iad ná as rud eicínt eile arsa tusa. Chuir siad droim ar ais é sa deireadh. Tá mé ag ceapadh go raibh T. le buile agus le báine
 
B'ait an fear oibre é sin. Is beag a chuala ag díogarnaíl ná ag éagaoineadh é nó go bhfuair sé a ábhar. Ach tá a ábhar aige anois, an duine bocht, agus go maith. Ó bhain sé an stangadh sin as a dhroim, níl sé ar a chóir féin. Bíonn sé ag teacht roimhe i gcónaí
 
Is mór is fiú dhuit a bheith dealaithe amach uileag ó dhíogha na L. Sin iad an t-uisce faoi thalamh. Is leat uileag iad nuair a bheas tú ag caint leo, ach chomh luath agus a iontós tú do dhroim, tosóidh siad ag ithe agus ag gearradh ort. Sin é a mbéasa. Bhídís ag coiriúint ortsa freisin. B'fhéidir nár chuala tú féin é, ach chuala tuilleadh é. Is maith a rinne tú é agus a bhfágáil ansin
 
díol 1
Is mór faoina luach a dhíol sé an chruach mhóna sin. Dhá ndíoladh sé faoina droim í, nuair a d'éiligh J. a ceannacht, is mó a bheadh aige dhá barr ná mar a rinne sé
 
díol 2
Bhí sé ansin thíos an oíche cheana agus é ag iarraidh leota de pháipéar a ghreamú de dhroim S. B. Chinn air. As sin go ceann tamaill, dheasaigh beirt de na gearrchailí suas leis agus greamaíodh pictiúr taobh thiar air féin — an bhean dearg sin a mbíonn an fag ina béal aice. D'imigh leis soir ar fud an S. agus é air, hé brí céard ba chor dó soir. Níorbh fhearr liom leathghine buí ná gur cuireadh an méid sin de bhail air. 'Sé déanamh an mhagaidh díol an mhagaidh adeir siad
 
díon 1
Cíb easca nó tuí sheagail: sin iad an díon. Maidir le tada eile níl an buanadas iontu. Nach diabhaltaí an t-aistir a bhíodh orainn fadó go G. na B. ag tarraingt cibé do N.: dhá tarraingt an t-achar sin lena (ár) ndroim. Is fada go ndéanfadh daoine anois é. Dheamhan é, dhá dtiteadh an teach in aon bhrúisc amháin ina mullach cheal dín
 
Cuir díreadas eicínt in do dhroim a scrataí!
 
dochar
An bhfaca tusa an dochtúr dubh? Thug S. Sh. amach é lena chuid tinneas droma a leigheas. Níor fhága sé snáth air, agus chuir sé ar a bhéal faoi sa leaba é. D'inis S. Sh. dó cá raibh an dochar. 'Anseo,' arsa seisean, agus bhuail sé a sheandorna anuas ar an gcaoldroim air agus chuir sé snadhmannaí sa leaba air. Ach chomh luath agus a fuair S. a anáil leis, d'éirigh sé de léim choscartha agus fuair sé an píce. Bhí an dochtúr dubh ligthe leis féin agus níor mhór dó féin go raibh. Ní changlódh sé aon fhata go brách aríst!
 
Dócúil ar na madraí céanna! Níor chodail mé aon néal aréir acu nó go raibh an oíche thar droim, ach iad ag sclamhadh agus ag glafarnach ar an tsráid
 
Saol dócúlach atá aige, ná ag a leithide atá ag plé le poitín. Cén bhrí ach an fuadach a thugas siad den airgead ach a bhfaighe siad é. Deir siad, ar ndóigh, an rud a chruinnítear ar dhroim an diabhail go n-imíonn sé ar a bholg
 
Nach diabhaltaí doghrainneach anois a bhí sé faoin spré — théis gurb í a iníon féin í — nach ligfeadh sé an lao leis an mbó: lao óg. 'Dúirt mé,' adeir sé 'go dtabharfainn bó bhainne dhaoibh, ach níor dhúirt mé go bhfaigheadh sibh bó bhainne agus lao, agus ní bhfaighidh ach oiread. Dhá mbeadh breith ar m'aiféala agam, ní bhfaigheadh sibh an méid sin féin. Tá mé de dhroim tí agaibh'
 
dóigh 1
Boss réidh go leor é. Mura bhfeiceadh sé thú ag déanamh dóighe den scéal ar fad ní abródh sé tada. Bhí mé féin agus M. Bh. ansin thiar anuraidh ag baint chlocha reatha i ngarraí D. Shuigh muid síos agus na piocóideachaí caite uainn againn. Diabhal easna dhó nár théaltaigh aniar, agus ní fhaca muid ariamh ariamh é, gur rug sé ceart críochnaithe orainn. Meas tú céard a rinne sé: a dhroim a thabhairt dúinn ar an toirt … Chaithfeadh sé T. Mh. a bhriseadh. Rinne sé sin dóigh dhó (dhe) amach is amach. Fear ar bith a leagadh an bara uaidh os a choinne agus a chuireadh péire uillinneachaí air fhéin ag dradaireacht le chuile bhean a théadh thart an bóthar
 
dol 2
Cuir dhá dhol den rópa tosaigh sin ar an stuaicín, agus fáisc an chruib (mhóna) go maith faoina droim. Ní móide go mbeadh aon chall dom a fáscadh aríst nó go dtéinn Gaillimh
 
dólom
Ara beannacht Dé dhuit, tá an áit sin dólom ar fad. Níl slí ná fáltas ann. Cén chaoi a mbeadh agus chomh maolscreamhach agus atá an droim siúd soir ar chúla na dtithe. Níl cion píosa talúna ar a fhuaid, ach leac ar fad. Sin é an méid
+
domhain 2
Tá a dhroim an-domhain — logán mhór inti
TUILLEADH (1) ▼
Tá an capall sin an-domhain ina droim
 
Go bhféacha Dia ort! Ní mná talmhaithe iad sin, ach cailíní Domhnaigh. Dhá leagthá scátháin agus boscaí púdair acu, ba é a mbuac é. Is cam a bhreathnóidís ort déarfainn dhá n-iarrthá orthu a dhul ag tarraingt fheamainn dearg lena ndroim
 
dosán
Ní bheidh aon dosán fraoigh ar an droim siúd go ceann achair aríst de bharr an loscadh sléibhe sin an oíche cheana. Nár dhiabhaltaí mí-ásach an dream a chuaigh dhá chur sin thrí lasadh, agus a fhiosacht dóibh go mba é an bhráid fhraoigh ab fhearr sna bólaí seo é. Beidh na daoine in anchaoi anois
+
An drabhlás — an drabhlás ní dhá roinnt leis é. Ag imeacht ag caitheamh a chuid ag mná ósta. Agus níorbh iad sin féin ba mheasa dó dhá dhonacht iad, ach mná thartu. Agus bhíodh an oíche caite thar droim nuair a thaobhaíodh sé an teach san am a dtaobhaíodh sé é. Gan éirí go headarshuth ansin, agus beithígh chuile dhuine ar a chuid, agus an tír ag baint bearaíochaí dó (de). Nach in é do dhóthain
TUILLEADH (1) ▼
Cuirfidh an drabhlás de dhroim seoil é nó is maith a bheas sé ar a mhaidí. Chonaic mé ansin thiar é an t-aonach cheana. Dhíol sé ceann beithíoch agus chuaigh siad isteach tigh Th. ag ól an bhéiréiste. Crochadh mé féin isteach. Leag sé páipéar chúig phunt ar an gcuntar. 'Ól dhon teach,' adeir sé. 'Ní fhágfaidh mé an baile seo inniu go n-ólfaidh mé an phínn bheag agus an phínn mór den méid sin.' 'Bíodh splanc eicínt céille agat,' adeirimse, ach ní raibh aon mhaith dhom leis. Tá mé ag ceapadh nach taobh leis na chúig phunt a bheith caite aige a bhí sé nuair a tháinig sé aniar
 
Ba bheag an bheann a bheadh acu sin ar an saol murach chomh drabhlásach agus a bhí siad fhéin. Bhí siopa ansin thoir ag a n-athair agus níl ní dhár dhealbh an ghrian nach bhfaightheá istigh faoina chaolachaí. Thug sé scoil agus foghlaim dóibh. Bhánaigh sé é féin dhá gcur ag coláistí agus ag ardscoileannaí. Chuaigh siad chun drabhláis: ag imeacht le ragairne ó oíche go maidin, agus ar aer an tsaoil ó mhaidin go faoithin. Chuimil siad sop na geire dhó, agus chaith siad chuile sciúrtóg dhá raibh ar a fhaltanas. Ach bhí rud ar shon a gcuid drabhláis acu. Nuair a bhí a n-athair de dhroim tí acu, b'éigean an áit a dhíol, agus bhí siadsan ina gcleith uaidh sin amach. Ar chuala tú ariamh é, nuair a stopas an síol stopann an fuirseadh. Bhí siadsan gan pínn gan bonn uaidh sin amach. Ba ghearr gur ag imeacht ag súdaireacht ar fud na G. a bhí siad: duine ar bith a thabharfadh luach pionta dóibh. Bhí sipín beag ag M. thíos i bP. an Ch., ach ba ghearr a bhain sé as. Ní raibh a fhios cé acu den bheirt — é féin nó a bhean – ba dhrabhlásaí a bhí. Ar ndóigh mo léan chuaigh sé i gcuingir leis an gceann ceart — iníon L. Uí C.
 
'Cuirim faoi gheasa droma (dubha freisin agus troma) draíocht tú,' adeir sé, 'gan an darna béilí a ithe ar aon bhord, ná an darna hoíche a chodladh ar aon leaba, nó go dtuga tú agamsa … '
 
draoi
Tá an draoi ola le fáil i mbliana. Níl cheal ar bith orainn anois ach cheal tae. Dhá mbeadh riar tae againn bheadh muid ar dhroim na muice
 
dreach
Sin iad thuas ag T. Mh. na bodógaí a bhfuil an dreach orthu. Mise i mbannaí dhuit nach gcónóidh an braon i logán an droma acu sin mar a bhíodh sé ag cónú ar bheithígh Ch. 'Sé an scéal é, ní bheadh call dó sin a dhéanamh ach a gcoinneáil istigh sa gcró agus gan ghiollaíocht ar bith a dhéanamh orthu, agus bheidís ramhar slachtmhar aige ina dhiaidh sin. Tá an mí-ádh ann do dhaoine agus an t-ádh do dhaoine eile mar adeir S. G.
 
Tá scair eangaí curtha againn siar sa gcuisle. Ní raibh a shúil inti ar maidin, ach facthas dom go bhfaca mé driúillíní ar an uisce in aice a droma inniu. Caithfidh muid a tógáil anocht
 
M'anam muise, bíodh a fhios agat go bhfuil spreacadh thar cionn sa droinníneach sin té (cé) gur beag a cheapfadh dó é. Tá an-chlár droma aige
+
droma
Tá sí pósta thoir i nDroma
TUILLEADH (1) ▼
Fear as Droma Bheag
 
Bhain sé canta as bairille agus d'áitigh sé dhá rúscadh leis aniar ar an dromán. Dheamhan fuaim dhá raibh sé a bhaint as an dromán aige nach gcloisfeá in iar na tuatha. Tá ceart aige ar chuma ar bith, learsachaí (léasrachaí) a bheith ar an droim aige anocht. Dheamhan focal aranta adúirt sé leis théise sin, ach é a thabhairt dhá shiúl ar an dá luath is a bhfuair sé é féin ar an mbóthar. Ghlac mé trua dhó, arae ní raibh láimh ná cois aige sin sa millteanas luath ná mall
 
Ní bheadh aon mhaith dhuit a dhul a (do?) chorchoraíocht leis. Chinnfeadh ort a leagan go Lá Philip an Chleite. Tá sé in aon drománach amháin agat agus a dhroim siar as i gcónaí. Ní fhéadfá feanc a bhaint as
 
Tá an-spreacadh i gcnámha dromannacha an chapaill. Tá a chomharthaíocht lena chois. An bhfeiceann tú na hualaigh a tharraingeas sí. Is ar an droim a theagas an ceann trom den mheáchan
 
Nach é atá dronnach as an droim! Bheifeá ag gabháilt air sin go ndéanfadh Dia Diarmaid (nó dearmad) díot, agus ní ghoillfeadh sé a dhath air
 
druid 2
Doirt dhíom, nó cuirfidh mé ar shlatrachaí do dhroma ar an urlár thú — teann dhíom
 
D'iompair mé M. sin cheana anoir as S. G. agus é ar chosa ar duailín orm. B'fhusa liom sin ná é a thabhairt liom ar mo dhroim. Is deacair siúl agus duine agat ar do dhroim. Bíonn duine an-mhístuama ar dhroim duine eile mura mbeadh páiste ann go díreach
 
dúid
Tá an bruach siúd ina bhogeimhin anois. Chuir mé bord na gcléibh ar an asal ann inniu, ach mo léan deacrach, chuaigh sé dhá bháthadh go filleadh dúda ann ar an bpointe boise. B'fhearr do dhuine gan a bheith dhá mheath fhéin ag déanamh ciseannaí ann, ach a dhul ag tarraingt lena dhroim. Ba é ba shomhaoiní dhó as a dheireadh ar chaoi ar bith
 
Is diabhaltaí má tá sí chomh dúnárasach sin gur inis sí do Bh. go raibh sí ag dul ag pósadh. 'Sí B. a d'inis domsa é, agus do chuid mhaith liom. Ar an dá luath is a bhfuair sí sin leide air, is uirthi nach raibh an mhoill dhá scaipeadh. Bhí sé i bhfad agus i ngearr aici tráthnóna. 'Sé an béadán sin a buac. Cheapfá go mbeadh an ceann eile níos aigeanta ná a dhul ag ligint a rúin lena leithide sin má bhí cás ar bith aici faoi. Agus bhí, mar bhí sí ag cur a craicinn di dhá shéanadh le chuile dhuine faoi cheann cupla lá. Bhí an cleamhnas de dhroim seoil an uair sin. Ar ndóigh níor neartaigh an ceann eile ar a maidí chor ar bith go bhfuair sí léireachan ar an méid sin
 
Tharraing sé cic sa leath deiridh ar an ngasúr, ach sciorr a chois agus cuireadh ar shlatrachaí a dhroma ar an mbóthar é
 
Chuaigh sé amach ar fad as an droim ó chonaic mise go deireanach é. Is gearr go mbeidh sé cromtha
+
Dheamhan a fhios aige ach an oiread le cúl mo chinn cén chaoi le dhul do mhótar. Chaith sé trí huaire caite ar a dhroim fúithi ansin thoir an lá cheana nó go dtáinig P. T. D'ardaigh sé an claibín sin chun tosaigh. Chas sé cnó eicínt. Bhí sí ag geonaíl aige le iontú do bhoise
TUILLEADH (1) ▼
Dá dtéiteá di mar is ceart, chuirfeá an leac sin as a lúdrachaí. D'éireodh sí sin de dhroim a chéile. An bhfeiceann tú na siúntaí inti?
 
Éireoidh mé as ar fad, agus inis thusa é, ó tá tú ag dul romham le chuile chor. Ní fhaca mise do mhacasamhail ariamh. Ní féidir dhá fhocal cainte a rá san áit a mbeidh tú nach gcuirfidh tú duine de dhroim seoil. Níl smearadh múinte ort
 
Ní raibh ag dul síos leis an antlachán sin aon lá ariamh ach talamh talamh. Chuirfeadh sé baintreach a mbeadh lán púirín na hátha de mhuirín uirthi de dhroim tí dhá mbeadh a fhios aige go bhféadfadh sé a dhéanamh. Ar ndóigh d'fhéach sé leis cheana agus chinn sé air. Is beag an tsúil le Dia é duine a bhíos ar a cheird
+
Chuaigh an oíche thar droim; tá an oíche ag dul thar droim (fc. droim)
TUILLEADH (1) ▼
Níl aon dul thar an ngiúistís a mhic ó, nó má tá, is duine dícéillí a ghabhfadh thairis. Dhá dtugtása é sin go hardchúirt agus dhá gcaití aríst thú, bheifeá dhe dhroim tí. Is tú a bheadh