Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

bos (18)

 
dairt
Chuaigh siad ar chaitheamh dairteacha in am dinnéir thuas ar an sliabh an bhliain cheana. Chuir siad N. le cuthach. D'éirigh sé faoi dheireadh agus faoi dhó (dheoidh) agus lean sé iad. Ach dhalladar é le na dairteachaí. Níor tháinig táirm ar bith orthu go dtí sin. Bhí sé ag uallfairt le teann drochmhúineadh. Sin é an uair a tháinig clann Ph. agus Sh. anoir. M'anam nach raibh aon dairteachaí ann uaidh sin amach, ach na hailt. Dhonaigh T. Sh. mac Sh. Chuir sé síos ar a bhéal agus ar a fhiacla i mullach píce trí ladhar a bhí sáite sa mbinse é. B'éigean an dochtúr a thabhairt ann ar an toirt boise. Bhí sé ag cur fhola ina srúillí: i gcruthúnas dhuit, mar adeir an fear fadó, nuair is fhearr an súgradh gurb ea is fhearr ligean dó
+
Bhí deis ansiúd a dhealódh an droch-choirce ón gcoirce ar fónamh ar an bpointe boise. Cineál machine a bhí ann
TUILLEADH (1) ▼
Tá madadh aige siúd agus dhealódh sé na caoirigh baineanna ó na reitheanna le iontú do bhoise. Dhealódh, dhá mbeadh míle caora ann. Chonaic mé dhá dhéanamh thuas i lár na heasca é
 
Má fhostaíonn tú é i ngreim deasóige agus cor a chur inti ar an bpointe boise, cuirfidh tú dhá bhuille é. Ach mura mbeidh tú dubhthráthúil, tá tú as, arae má bhraitheann sé go bhfuil tú ag dul ina éadan, cuirfidh sé luí fia ort de dhorna
 
deis
Is mór an seans é, don duine atá ar a dheis le tosaí ar an toirt boise. Ach sin caoi nach bhfuil cuid againne
 
Cé leis an ghiocín beag a raibh fuar nimhe ina lámha … B'fhurasta a aithinte. Ba fuar an éadáil é a athair féin chuile lá ariamh. An uair a mbíodh muid ag déanamh claíochaí fadó, ní thagadh iamh air ar feadh an lae, ach ag cur séideogaí faoi na bosa
 
díol 2
Murab é do dhíol é, cuir ar ais é ar an bpointe boise. Is fhearr athchur ná aiféala
 
Is furasta do dhuine teach mór a bheith aige thíos i nG. Ach cé mhéad acu a bhfuil na tithe thar barr amach acu? 'Sé an chaoi a bhfuil na tithe sin ar fad, iad a thógáil ar an oiread seo sa mbliain, agus díolaíocht a dhéanamh ansin orthu de réir na míosa nó an ráithe. Mura mbeidh tú suas leis an lá cairde ansin i gcónaí, cuirfear as seilbh thú ar an bpointe boise, agus beidh duine eicínt eile istigh in t'áit. Nach bhfuil na mílte ag forcamhás ar thithe ann, agus é cinnte orthu a bhfáil
 
Dodaire d'fhear é sin anois atá ar an mbus. Mura mbeidh do chuid airgid i gcúl do ghlaice agat dó, agus a shíneadh chuige ar an bpointe boise, 'sé a bhíos cantalach. Bhí sé ag dul ag cur S. Sh. Sh. bog te amach as an mbus an lá cheana an áit a raibh sé ag cinniúint dubh is dubh air a láimh a chur ina phóca ag an mbrú. Thug S. Sh. Sh. a dhúshlán. 'Is córa dhuit go mór a gcoinneáil dó,' adeir sé, 'agus gan muid a bheith anseo mar a bheadh matcheannaí i mboiscín'
 
Nach diabhaltaí an doicheall a bhíos uirthi i gcónaí thar is duine ar bith eile. Níl aon duine sa tír nach gcuirfidh aighneas lách ar an mbóthar ort, ach caithfidh sí i gcónaí a bheith ina duine inti féin. Nuair a bhíos fonn láíochta uirthi, bheadh sí ag dul siar in do bhéal, ach ar an toirt boise aríst bheadh stainc uirthi. Is diabhlaí an chaoi a mbíonn cuid de na daoine
 
Chonaic mé an sonda romham ar an mbóthar agus méid bó ann. Nár lige Dia go gcuirfinn bréag air, cé brí céard a bhí ann! Ach bhí rud eicínt ann. Nuair a chuaigh mé chomh fada leis an áit a raibh sé, dheamhan toirt fia na feannóige a bhí le feiceáil. Chreathnaigh mé i chuile mhíle ball ag gabháil liom, agus chuaigh drithlíní faitís thríom. Rinne gruaig mo chinn slatachaí, agus bhí an fuarallas (forallas) amach thríom ar an toirt boise. Níl a fhios agam anois ná an uair sin cén chaoi ar shrian mé aníos go teach é, ach níor thúisce istigh mé ná a bhí mé tite i meirfean
 
droim
Tá fear R. an Mh. ag maireachtáil ar dhroim an diabhail. Níl tada timpeall air ach leacrachaí. An teirgéis talúna atá aige, níl spreab ar doimhneacht ann. An cladach féin atá ann, tá sé chomh lom chomh feidheartha le croí do bhoise. Níl an fheamainn ná an carraigín ná tada eile ann, ach cuid an bheagáin. Níl a fhios agamsa faoi mo rí cén chaoi a maireann duine ar bith i R. an Mh., tá an áit chomh maolscreamhach chomh bocht sin. Diabhal mé ina dhiaidh sin nach bhfeicfeá cheal ar bith orthu shílfeá: ach níor dhún Dia ariamh bearna nach n-osclódh sé ceann eile
 
Ní mór duit a bheith ar t'airdeall féin má tá an bullán droimeannach sin soir sna garrantaí. Tá sé chomh drochmhúinte lena bhfaca tú go hiomaí. D'ionsódh sé thú ar an toirt boise
 
dual 2
Chruinnigh dual na droinne ann ar an bpointe boise
 
dúid
Tá an bruach siúd ina bhogeimhin anois. Chuir mé bord na gcléibh ar an asal ann inniu, ach mo léan deacrach, chuaigh sé dhá bháthadh go filleadh dúda ann ar an bpointe boise. B'fhearr do dhuine gan a bheith dhá mheath fhéin ag déanamh ciseannaí ann, ach a dhul ag tarraingt lena dhroim. Ba é ba shomhaoiní dhó as a dheireadh ar chaoi ar bith
 
Scaití bíonn sí an-phléascánta: ag caint, agus ag déanamh spraoi, agus chuile shórt tarraingthe anuas aici, agus shílfeá go mba leat ar fad í. Ach ar iontú do bhoise aríst, bíonn sí chomh dúnárasach agus nach mbainfeá focal aisti le meanaí. Luathintinneach mar sin atá sí. Chonaic mé ag dul siar tráthnóna í agus gotha an-diúltach uirthi. Ba bheag le gur bheannaigh sí dom. Sách deacair a bheadh sé í a bhearradh anocht cheapfainn, ach beidh a shliocht uirthi, fanóidh na daoine (an té atá ag caint) glan uirthi
 
Níl gionnóid ar an bPáirc Thoir anois ach í chomh crinnte le croí do bhoise. Ach is beag an dochar di sin agus na caoirigh inti le leathráithe — níl foithnín féir inti
 
Dheamhan a fhios aige ach an oiread le cúl mo chinn cén chaoi le dhul do mhótar. Chaith sé trí huaire caite ar a dhroim fúithi ansin thoir an lá cheana nó go dtáinig P. T. D'ardaigh sé an claibín sin chun tosaigh. Chas sé cnó eicínt. Bhí sí ag geonaíl aige le iontú do bhoise