Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
droimeannach
aidiacht as droimeann
 beithíoch nó eile a mbeadh droimeann ann (fc. droimeann).
+
Tá an gamhain droimeannach sin ag M. imithe aríst. A cheann fine ní choinneoidh é siúd anois, ach ag dul siar san áit ar ceannaíodh as é
Diabhal mé go bhfuil an bhodóg dhroimeannach ar an talamh aríst. Anois céard adéarfá léithe a theacht ar ais ar atheolas!
TUILLEADH (4) ▼
Tá an-údar sa leathghamhain droimeannach sin aige. Má choinníonn sé beaite é sin, agus mí a thabhairt dó sa gcimín seo thiar amach i dtús féir, diabhal beithíoch ag gabháil leis a bheas i ngair ná i ngaobhar dó
Gamhain droimeannach é, agus an-síneadh faoi
Ní mór duit a bheith ar t'airdeall féin má tá an bullán droimeannach sin soir sna garrantaí. Tá sé chomh drochmhúinte lena bhfaca tú go hiomaí. D'ionsódh sé thú ar an toirt boise
Dar príosta muise, bhí beithígh lasta dháiríre má chuaigh an bhodóigín dhroimeannach hocht nóta. Ar ndóigh ní raibh tógáil ar bith uirthi. Dheamhan lán do ghlaice a bhí inti.
·
Cé leis an madadh droimeannach sin atá ag guairdeall ansin amuigh. Is madadh é muise a bhfuil a leas ar Dhia nó gheobhaidh sé fruisín uaimse. Tharraing mé iarraidh de chasúr air ar maidin agus chuaigh mé fhoisceacht mbeannaí Dia dhó, ach thug sé an eang leis ina dhiaidh sin. Meas tú nár dhúisigh sé as mo chodladh mé: ag cangailt an dorais ar a mhine ghéire madadh droimeannach — madadh a mbeadh droiminn bhán nó bhuí nó eile ann de réir an datha a bheadh air faoina bholg agus ina thaobhanna agus ina ucht
+
An bhfeiceann tú an áit a bhfuil an faoileán droimeannach? — faoileán é sin a bhfuil an droim dubh aige agus an chuid eile bán. Tá siad an-tréan ar na cladaí
Chonaic mé faoileán droimeannach inniu ansin thíos agus é ag babhtáil. Meas tú nár thuirling sé sa deireadh, agus éirí as aríst agus stuifín ina bhéal aige. Siar leis os cionn gob an Bh. agus casadh faoileán eile dhó, agus nár shín sé an stuifín chuige, agus teagann sé féin ar ais aríst gur thóg sé ceann eile: nár fhága mé seo, mura bhfaca mé dhá dhéanamh thíos ansin inniu é!
TUILLEADH (1) ▼
Tháinig faoileán droimeannach ansin ar an tsráid ar ball beag, agus diabhal easna dhó nár ardaigh leis sceallóg d'fhata: fataí a (ár) mbéilí a bhí mé a fhuarú. Thosaigh sé ag scréachaíl chomh hacmhainneach agus a bhí sé in ann, agus lig sé an fata uaidh aríst. Dhóigh sé é cheapfainn!

Féach freisin