Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
droimneach
aidiacht, dobhriathar
1.
droim a bheith ar rud; altach, dronnach, crotach, cúbtha, ardaithe; slis a bheith ar rud.
·
Tá an leac sin an-droimneach — droim shuntasach uirthi; í dronnach nó crotach
Tá an charraig seo an-droimneach. Ní furasta ceart a bhaint di
2.
ag baint leis an droim.
+
Tá an fíonnach droimneach (dromannach) ar fad sceite aige anois agus gan tada caillte aige faoin mbolg ná sna taobhannaí (asal)
'Siad na lannaigh droimneacha is measa. Tá siad chomh géar le rásúr. Ná bí ag méirínteacht leo nó ní fhágfaidh siad aon mhéir ort
TUILLEADH (1) ▼
Tá an galra cleiteach ar an gcirc sin. An bhfeiceann tú na cleitiúchaí droimneach uileag caillte aici. Mise i mbannaí go gcaithfeadh sé a theacht uirthi