Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Druimneach
aidiacht, do-bhriathar.
1.
druim a bheith ar rud; altach, dronnach, crotach, cúbtha, árduighthe; slis a bheith ar rud.
·
Tá an leac sin an-druimneach = druim shunntasach uirre; í dronnach nó crotach
Tá an charraig seo an-druimneach. Ní furasta ceart a bhaint di
2.
ag baint leis an druim.
+
Tá an fíonnach druimneach (dromannach) ar fad sceithte aige anois, agus gan tada caillte aige faoi'n mbolg ná ins na taobhannaí. (asal)
Siad na lannaí druimneach' is measa. Tá siad cho géar le rásúr. Ná bí ag méirínteacht leo nó ní fhágfaidh siad aon-mhéir ort
TUILLEADH (1) ▼
Tá an galra cleiteach ar an gcirc sin. An bhfeiceann tú na cleiteadhachaí druimneach uiliog caillte aice. Mise imbannaí go gcaithfeadh sé a theacht uirre