Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
droimdhiúltú
cúl a thabhairt le … ionnarbadh nó díbirt a thabhairt ar …
+
Fuair sé droimdhiúltú uaithi — é a eiteachtáil amach is amach; gan fiacail a chur san eiteach; gan aon iarracht a bheith air, nó gan aon fháilte a bheith roimhe
Má théann sé dhá hiarraidh sin, ní bhfaighidh sé ach droimdhiúltú. Níor mhór léithe sin an fear is fhearr sa mbarúntacht a theacht dhá hiarraidh
TUILLEADH (6) ▼
Chuamar isteach ann ach 'sé a raibh dhá bharr againn droimdhiúltú. Dar leat, ní mórán gean ar bith a bhí aige orainn as ucht a theacht dhá iarraidh. Bhí scaitheamh eile muis, agus ba mhaith leo acu an deis. Ach tá an iomarca glaoch anois air agus é ar a ghainne
Ní ghabhfaidh mé isteach ansin le droimdhiúltú a fháil. Is maith atá a fhios agamsa cén fháilte a bheas romham ansin. Ní maith liom a dhul ag brú ar an doicheall nó go gcinne orm
Bhuail mé soir aige anseo uair nach raibh aon ghráinne diúain (guano) agam ná a luach. Bhí sé istigh romham sa siopa. 'An dtabharfá céad diúain dom a Mhister F.,' arsa mise, 'go ndíola mé na muca.' Thosaigh sé ag mungailt faoina fhiacla, agus síos leis go tóin an tsiopa. Tháinig beirt nó triúr cuisliméaraí isteach. Thosaigh sé ag dradaireacht leo agus choinnigh sé ag caint iad an fhad is a d'fhéad sé. D'imigh siad, ach d'fhan seisean thíos ag méirínteacht le páipéir, agus níor thaobhaigh sé aníos mé fhéin nó go dtáinig cuisliméara eicínt eile. 'Go brách aríst,' arsa mise liom fhéin, 'ní bhfaighidh tú an deis droimdhiúltú a thabhairt domsa aríst, dhá dtéinn a chodladh in mo throscadh.' Ón lá sin go dtí an lá atá inniu ann, níor sheas mise istigh ina theach ná níor fhága mé luach na cianóige aige
Ní thabharfainn de shásamh dhó anois, dhá mba mé thusa, go dtabharfadh sé droimdhiúltú dhom. Fan uaidh ar fad. Is furasta dhuit scoilb a fháil dhá uireasa. Faigh iasacht carr agus capall ó dhuine eicínt agus buail suas go M., agus beidh díol an bhaile agat ag teacht anuas duit. Maidir leis sin agus lena chuid sailí suaraí, shílfeá gurb í Coill Mhór na Creatlaí atá aige, tá sé chomh ceanúil sin uirthi
Ní bhfaigheadh mo leithidese ach droimdhiúltú ón sagart sin. Ach bheadh gnaoi thairis sin aige ar an té a mbeadh beann aige air: an té a bheadh ag sacadh corrphunt isteach i gcúl a ghlaice anois agus aríst. Diabhal bréag nach maith spleách a bheadh sé leis an dream sin. Ach bíonn chuile shórt, adeir siad, ag luí ar an lagar
Ní bhfaighinn ionam fhéin droimdhiúltú a thabhairt do dhuine ar bith ar an gcaoi sin. Ba mhór an rud le déanamh é. B'fhearr liom duine a ligean tharam chomh réidh agus a d'fhéadfainn é ná a dhul sa mbile buaic leis mar sin. Déanadh chuile dhuine a rogha rud ach sin é mo bhealachsa

Féach freisin

droimdhiúltú in iontrálacha eile (1)

 
Chaith sé scaitheamh fada ag iarraidh a dhul fúm agus é ag tnúthán go dtabharfainn punt dó. Lig mise orm féin nach raibh a fhios agam cé air a raibh sé ag tarraingt agus fios maith agam air. Bhí sé ag ceapadh go mbainfinnse an focal as a bhéal, ach ba bheag an baol a bhí orm. Nuair a chinn air sa deireadh, d'iarr sé amach é, ach ní bhfuair sé ach droimdhiúltú