Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
drogall
/druɡuʟ/, /druɡuʟ′/
ainmfhocal, fireann
ginideach uatha: drogaill
leisce rud a dhéanamh, a dhul in áit srl.; leisce, spreallaireacht nó díomhaointeas; carghas, claonadh ó … ; cantal; míthoil; loiceadh; cheal spleodair.
+
Bhí an-drogall orm éirí ar maidin. Facthas dom nach raibh mé mórán le uair in mo chodladh
M'anam go bhfuil an iomarca drogaill orm anois a dhul síos 'na chladaigh théis a bheith ar an bportach
TUILLEADH (14) ▼
D'airigh mé asail Bh. ag dul isteach sa ngarraí sin amuigh théis a dhul a chodladh dhom aréir, agus ní ligfeadh an drogall dom éirí lena gcur amach
Is mó an drogall a bhíos air a dhul ar faoistin sílim ná a dhul amach dhá mharú
M'anam go bhfuil an-drogall portaigh inniu orm. Airím mo chnámha an-spadtha
Dar fia muise má tá drogall cladaigh ort, is beag an drogall cuarta a bheas ort ar ball
Is beag den drogall trá seo atá air, ní hé t'fhearachtsa é. Bhí sé thíos le pound day inniu agus a chliabh aige ag sracadh feamainne duibhe sa gclochairín
Tá drogall an tsaoil orm é a thaobhachtáil agus gan a fhios agam nach fiafraí díom faoin lampa a thug sé dhom fadó a dhéanfadh sé. Ní bhfuair sé aon dé ariamh ó shin air
Is lú an drogall a bheadh orm a dhul go hifreann féin ná isteach sa teach sin, ach más rud é atá romhainn, tá sé chomh maith dhúinn é a chur dínn
M'anam muise go sílfeá agus go raibh drogall ar Mh. a dhul leis ina dhiaidh sin, théis gur héidreorach an cuimleacháinín é J. Cailleach cheart é M. sin. Tá sé sách bastallach nó go bhfeice sé fear ullaithe (ullmhaithe) ar achrann, ach nuair a fheicfeas, titfidh an driull ar an dreall air
Bhí drogall orm a dhul ag bacadh leis, arae 'sé sin an fáth, dhá dtógainn mo láimh beag ná mór aige, bhuailfinn tuí shrathaire air
Ó bhí siad istigh sa gcimín, bhí drogall orm a dhul dhá gcur amach aríst. Thug mé cead a gcinn dóibh
Tá drogall orm corraí amach agus an tuile atá sé a chaitheamh
Bhí drogall orm aighneas ar bith a chur uirthi tharla nár labhair mé léithe ariamh. Níor mhairg ar bith dhuitse é: bhí tú in ann teanntás a dhéanamh uirthi
Bheadh lán mo chruite de dhrogall ormsa a dhul isteach ag an sagart
Is diabhlaí an drogall atá aige roimh an obair
+
Chuir sé drogall orm é a ithe nuair a chonaic mé a raibh de rollógaí glasa ann (cáca drochfhuinte) — carghas
Tá drogall orm a dhul dhá ól nuair nach bhfuil cuid an fhiúntais agam féin — is carghas liom deoch a ól uaitse, lá is nach bhfuil mé féin in ann deoch a sheasamh duit
TUILLEADH (3) ▼
Bhí drogall air a dhul dhá hardú. Dar Dia, ní mheasaim go raibh sé in ann gaoth a thabhairt di chor ar bith — cloch a bhí daoine a ardú dhá bhféachaint féin
Tá an iomarca drogaill air pósadh. Sin é a cheird le chuile rud
Fágadh caite ansin amuigh í nó go raibh sí leathlofa. Ansin, tháinig an iomarca drogaill orm a dhul dhá láimhseáil chor ar bith, mura ba liom (murar liom) tsiocair chantail a thabhairt dom féin
+
M'anam nach bhfuil a dheartháir mar sin: go bhfuil sé ar bheagán drogaill faoina dhul amach ina ghnaithe
Bhí chuile théisclim déanta agam le n-imeacht, ach loic mé ina dhiaidh sin. Bhuail drogall mé nuair a tháinig an crú ar an tairne
TUILLEADH (5) ▼
Bhuel imíodh an drogall díot anois. Caithfidh tú a theacht in éindí liomsa
Dheamhan a raibh mé ar cuairt chor ar bith aréir, rud ab annamh liom. Bhí an-tséideogaí ann, agus níor lig an drogall dom an tine a fhágáil
Théis gur mór dá fhonn a bhí orm caidéis a chur air, ní ligfeadh an drogall dhom ina dhiaidh sin labhairt leis
Nuair a chonaic mé an bhail a chuir na hasail ar an gceapachín phlandaí, ní dheachaigh mé isteach chor ar bith inti le drogall agus cantal
Beidh luach do chuid drogaill agat ar ball má théann ceann de na gamhna sa gclaise agus é a bháthadh inti, i bhfad uainn an anachain!

Féach freisin

drogall in iontrálacha eile (15)

 
Bhí cion cheithre cléibh fhataí ansin thuas agam arú aréir. Níor fhéad mé dhá gclúdú an áit a dtáinig scéala agam go raibh an bhodóig i dtinneas lao. Bhí sé amach in am suipéir go raibh an gó (gábh?) sin thart. Ba duibhe an oíche ná an phic, agus bhuail drogall mé a dhul soir ag plé leo an tráth sin d'oíche. Shíl mé dheamhan clóic a bheadh orthu. Ní raibh amuigh ach corr-réaltóg agus ní raibh an ghaoth ó thuaidh. Ach mo léan deacrach, rinne sé an sioc deireadh oíche, agus mhill sé iad fré chéile. Níor chás é dhá mbeidís cruinn baileach fhéin, ach bhí siad fágtha ina scaipiúch agam ag ceapadh go sroichinn ar ais. Níl luach leithpínne mhaith anois iontu ach a gcaitheamh ag an deachma. Is deacair do dhuine aonraic a bheith suas le chuile obair. Níl aon ghair aige air
 
deil 1
An mar sin atá tú! Níor leag tú aon láimh ar an bhfeac fós agus gur shíl mise go mbeadh deil agat ann faoi seo. Sílim go bhfuil drogall ort an láí a chur isteach le faitíos roimh an earrach. Do leithide de scrománach luath láidir!
+
diaidh
Tá drogall an mhí-ádh air a dhul siar anois san áit a bhfuil sé ag dul: tigh na deirfíre. Féacha an chaoi a bhfuil cois i ndiaidh na coise eile aige. Choinneodh adhastar sneachta as anois é. Ní bhíonn grásta ar bith aige a theacht anoir thar cheann an bhóithrín chor ar bith … aistiúlacht. Deile?
TUILLEADH (1) ▼
Déarfainn leis an gcaoi a bhfuil cois i ndiaidh na coise eile aige nach luar leis an sioc ná a dhul 'na chladaigh. Bíonn an-drogall aige roimh an gcladach i gcónaí. Goróir an-fhuar é. Dar príosta muis, níl an fheamainn an-te inniu
 
Is doiligh díbeartha an t-aistir é ag aon Chríostaí beo inniu. Ach dheamhan a dhath drogaill aige siúd roimhe. Tá an chleachtadh mhór aige air. Chonaic mise é sin ag imeacht oícheantaí as seo le dhul abhaile, agus dheamhan a dtiocfá chomh fada le ceann an sconsa sin dá mbeadh do chailleadh go deo leis. Ní bheadh aon mhaith é a bhacadh ina dhiaidh sin. Bhuailfeadh sé a dhá sheirín taobh thíos dhá dhá ghlúin, agus dá mba í an oíche í ar ith Ceile na bradáin, ghreadfadh leis abhaile
 
díle 1
Mo chreach muise a mbainfidh mise d'fhéar leis an miodachín speile sin atá ann ón Díle. B'fhéidir dhá bhfaighteá speal nua dhom go mbeinn in ann foghail eicínt a dhéanamh air … Má tá spealta chomh gann sin bainidh le corráin é. An bhfuil a fhios agat cá bhfaca mé fear ag sá speile isteach i móta: thíos ar an E. Mh. Mura bhfuil aon drogall ort, gabhfaidh muid síos anocht agus goidfidh muid í: síos trasna. Is beag an bhrí é: naoi nó deich de mhílte
 
Níl drogall ar bith aige airleacan a thabhairt uaidh, an té a dhéanfas díolaíocht leis mar is ceart, ach dar fiagaí, ní milleán ar bith air a bheith géar leis an duine a thógfas foracún mór ann agus nach mbeidh deifir ar bith air faoina íoc
+
droim
Níl aon drogall aici sin roimh an gcliabh. Bean dícheallach í. Ach ar ndóigh, 'sé moladh na mná óige an droim a bheith fliuch aici, adeir siad
TUILLEADH (1) ▼
Beidh tú ann gan stró ar bith de dhroim lae má imíonn tú in am. Cáid d'aireodh do leithidese é, bail ó Dhia agus ó Mhuire ort, fear láidir scafánta mar thú. Ní mó ná seanchrupach mar mise, nach bhfuil aon lúd fanta ionam anois a ghlacfadh drogall roimhe. Ach nuair a bhí mé in mo bhríthin (bhíthin) óg …
 
Is furasta a aithinte nach ndeachaigh fír na maitheasa in do dhromán agus an drogall atá ort thú féin a lúbadh. Feicfidh tú féin gurb eo é an áit a mbainfear an spreallaireacht asat. Isteach leat i ngabhal an bhara sin go bhfeicfidh muid cén gníomh atá ionat
 
dubh 3
Tá dúchan mór déanta aige — garraí na hA., agus an M., agus is gearr go mbeidh an Bh. Bh. dubhaithe freisin aige. Thabharfadh cupla lá eile iarracht mhaith air. Is beag an stró air siúd talamh a dhúchan. Níl leisce ná drogall air. Tá sé chomh santach ar an drochlá agus atá sé ar an lá breá
+
Ní féidir gur ag dul chun drogaill atá tú. Más ea, ná bac leat féin. Shíl mé go raibh misneach thairis sin agat
TUILLEADH (2) ▼
Chuaigh sé chun drogaill air nuair a chonaic sé gach is a raibh le déanamh
Tá mé ag dul chun drogaill anois roimh an aistir sin. Sílim go bhfuil an tabhairt rófhada
 
Mura bhfuil a dhul uaidh agat, buail faoi ar an bpointe agus bíodh sé dhíot chomh luath in Éirinn agus a fhéadfas tú. Níl maith ar bith duit a dhul chun drogaill, ná a bheith idir dhá chomhairle, más rud é atá romhat