Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Drugall
/druɡuʟ/; /druɡuʟ′/
ainm-fhocal, fireann
geineamhnach uathaidh: drugaill.
leisce rud a dhéanamh, a dhul in áit agus rl.; leisce, spreallaireacht nó díomhaontas; carghas, claonadh ó … ; cantal; mí-thoil; loiceadh; cheal spleodair.
+
Bhí an-drugall orm eirghe ar maidin. Facthas dom nach raibh mé mórán le uair in mo chodladh
M'anam go bhfuil an iomarca drugaill orm anois a dhul síos 'na chladaigh, th'éis a bheith ar an bportach
TUILLEADH (14) ▼
D'airigh mé asail Bh. ag dul isteach is an ngarrdha sin amuigh, th'éis a dhul a chodladh dhom aréir, agus ní leigfeadh an drugall dom eirghe len a gcur amach
Is mó an drugall a bhíos air a dhul ar faoistean sílim, ná a dhul amach dhá mharbhú
M'anam go bhfuil an-drugall portaigh indiu orm. Airighim mo chnámha an-spadtha
Dar fiadh muise má tá drugall cladaigh ort, is beag an drugall cuarta a bhéas ort ar ball
Is beag de'n drugall trágha seo atá air ní hé t'fhearacht-sa é. Bhí sé thíos le "pound day" indiu agus a chliabh aige ag sracadh feamainne duibhe is an gclochairín
Tá drugall an tsaoghail orm é a thaobhachtáil, agus gan a fhios agam nach fiafruighe díom faoi'n lampa a thug sé dhom fadó a dhéanfadh sé. Ní bhfuair sé aon-dé ariamh ó shoin air
Is lugha an drugall a bheadh orm a dhul go h-Ifreann féin ná isteach 'san teach sin, ach má's rud é atá romhainn, tá sé cho maith dhuinn é a chur dínn
M'anam muise go sílfeá agus go raibh drugall ar Mh. a dhul leis in a dheidh sin, th'éis gur h-éidtreorach an cimleacháinín é J. Cailleach cheart é M. sin. Tá sé sáthach bastalach nó go bhfeicidh sé fear olluighthe (ollmhuighthe) ar achrann, ach an uair a fheicfeas, tuitfidh an driúll ar an dreáll air
Bhí drugall orm a dhul ag bacadh leis, arae 'sé sin an fáth, dhá dtóiginn mo láimh beag ná mór aige, bhuailfinn tuighe shrathaire air
Ó a bhí siad istigh is an gcimín, bhí drugall orm a dhul dhá gcur amach aríst. Thug mé cead a gcinn dóib
Tá drugall orm corruighe amach agus an tuile atá sé a chaitheamh
Bhí drugall orm aighneas ar bith a chur uirre thárla nachar labhair mé léithe ariamh. Níor mhairg ar bith dhuitse é: bhí tú indon teanntás a dhéanamh uirre
Bheadh lán mo chruite de dhrugall ormsa a dhul isteach ag an sagart
Is diabhlaí an drugall atá aige roimh an obair
+
Chuir sé drugall orm é a ithe nuair a chonnaic mé a raibh de rológaí glasa ann (cáca droch-fhuinte) = carghas
Tá drugall orm a dhul dhá ól, nuair nach bhfuil cuid an fhiuntais agam féin = is carghas liom deoch a ól uaitse, lá agus nach bhfuil mé féin indon deoch a sheasamh duit
TUILLEADH (3) ▼
Bhí drugall air a dhul dhá h-árdú. Dar Dia, ní mheasaim go raibh sé indon gaoth a thabhairt di chor ar bith = cloch a bhí daoine a árdú dhá bhféachaint féin
Tá an iomarca drugaill air pósadh. Sin é a cheird le 'chuile rud
Fágadh caithte annsin amuigh í, nó go raibh sí leath-lobhtha. Annsin tháinic an iomarca drugaill orm a dhul dhá laimhseáil chor ar bith, mara ba liom (marar liom) tsiocair chantail a thabhairt dom féin
+
M'anam nach bhfuil a dhearbhráthair mar sin: go bhfuil sé ar bheagán drugaill faoin a dhul amach in a ghnatha
Bhí chuile théisclim déanta agam len imeacht, ach loic mé in a dheidh sin. Bhuail drugal mé nuair a tháinic an crudh ar an táirnge
TUILLEADH (5) ▼
Bhuel imigheadh an drugall díot anois. Caithfidh tú a theacht in éindigh liomsa
Dheamhan an raibh mé ar cuairt chor ar bith aréir, rud ab annamh liom. Bhí an-tséideogaí ann, agus níor leig an drugal dom an teine a fhágáil
Th'éis gur mór dá fhonn a bhí orm caidéis a chur air, ní leigfeadh an drugall dhom in a dheidh sin labhairt leis
Nuair a chonnaic mé an bhail a chuir na h-asail ar an gceapachín phlandaí, ní dheachaidh mé isteach chor ar bith innte le drugall agus cantal
Beidh luach do chuid drugaill agad ar ball, má theigheann ceann de na gamhna san gclaise agus é a bháthadh innte, i bhfad uainn an anachain!

Féach freisin

Drugall in iontrálacha eile (1)

 
droim
Níl aon-drugall aice sin roimh an gcliabh. Bean dícheallach í. Ach 'ar ndú, sé moladh na mná óige an druim a bheith fliuch aice, adeir siad