Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
droinníneach
ainmfhocal, fireann
ginideach uatha agus uimhir iolra: droinnínigh
fear a mbeadh dronn air nó dioc; duine a mbeadh forchruit air; duine nach mbeadh aon airde mhór ann, ach a bheadh teangmháilte suas ag an slinneán; fear cromshlinneánach gan a bheith ard (fc. dronn).
+
Cá raibh an droinníneach seo anoir ar feadh an lae?
Nach é an droinníneach é! Tabhair droinníneach air!
TUILLEADH (3) ▼
Diabhal fear beo a thabharfadh aon bhean don droinníneach sin. Ní theastódh uaidh ach sin go deimhin!
Bata a bhí a thabhairt soir abhaile don droinníneach sin agus gan é a bheith taithithe abhus anseo. Is beag an slacht atá ag T. Mh. air
M'anam muise, bíodh a fhios agat go bhfuil spreacadh thar cionn sa droinníneach sin té (cé) gur beag a cheapfadh dó é. Tá an-chlár droma aige

Féach freisin

droinníneach in iontrálacha eile (2)

 
daor 3
Ach a bhfaighe mise greim ar an droinníneach asail sin aríst, tabharfaidh mise luach a chuid bóithreoireachta dó. Coinneoidh mé seachtain ar stábla é gan greim, deoch ná blogam, agus ansin tabharfaidh mé amach é sa ngarraí is crinnte ag gabháil liom, agus gheobhaidh mé rópa rua, agus cuirfidh mé ceangal na naoi ndaora air go gcoinneoidh a smut seanchas leis an gcréafóig. M'anam gur leis an gcréafóig a choinneos sé é, mar go gcuirfidh mise i ngarraí é nach mbeidh aon fhoithnín féir de bhia na talúna ann
 
Dhá bhfágtaí eatarthu é, agus gan eadarascán ar bith a dhéanamh, chaochfadh an droinníneach beag é as a dheireadh