Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dronnach
/drṳɴəx/
aidiacht as dronn
crotach, dromannach, boilsceanta.
+
 Tá an talamh sin síos an-dronnach — cnocáin, droimeanna, nó dromainn ann
Nach é atá dronnach as an droim! Bheifeá ag gabháilt air sin go ndéanfadh Dia Diarmaid (nó dearmad) díot, agus ní ghoillfeadh sé a dhath air
TUILLEADH (2) ▼
Tá srón dhronnach ar an mac is óige sin aige. Tá mo choinsias! D'fhéadfá do mhaide láimhe a chrochadh uirthi
Tá na lámha sin ródhronnach agamsa. Ní cheannóidh mé aon bhicycle ach an chuid a bhfuil na lámha díreacha orthu. Bhascfainn mé féin lena leithide sin

Féach freisin