Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
druid
+
Níor lig an faitíos dó druid a rá — bhí faitíos air tada nó faic na fríde a rá
Má dheireann tú druid os a chomhair siúd, beidh scéal agat air
TUILLEADH (10) ▼
Ba shocair an mac é sin, dhá mbeadh an t-athair istigh. Druid féin ní bheadh as a bhéal
Chonaic mise ansin thuas é ar bhainis Bh. T. Mh. agus an druid fhéin ní raibh aige. Ach bhí plíomaí ansin nach n-éistfeadh leis
Má chloisim druid as do bhéal aríst anocht, beidh mé ag gabháil ort chomh uain is a gheobhas mé teas in do chraiceann
Ní raibh oiread agus druid uaidh, théis go ndeachaigh an ceann eile go bog agus go crua air ag iarraidh achrann a bhaint as
Ná bíodh druid agaibh anois má theagann aon duine isteach ansin inniu. Nó má chloisimse druid uaibh, íocfaidh sibh ann
Diabhal druid atá le n-aireachctáil istigh ann. Má tá duine ar bith istigh. Is mór m'amhras nach bhfuil
Coimirce an diabhail daoibh! Ní raibh druid sa teach le seachtain chomh uain is a d'fhan sibh uainn. Níl suaimhneas i dteach ar bith a mbeidh a (bhur) dtarraingt ann. Chuirfeadh sibh dhá chrígh Mhuire thrína chéile
Clabaire críochnaithe é, agus más ea féin, ní raibh druid aige i gcaitheamh na hoíche. Ba mhaith an fáth ar ndóigh. Chuir an gaiscíoch mór scáth air
Ó chuaigh an méid sin caidéise air, dheamhan an druid a d'fhan aige uaidh sin amach
Dheamhan an druid fhéin a bhí le rá aige. Ní fhaca tú aon fhear mínithe ariamh ach é. Tuilleadh diabhail aige. Is fada é ag tuaradh an méid sin dó féin anois. An rud a bhíos dhá shíorlua, adeir siad, teagann sé isteach sa deireadh

Féach freisin

dur
dún

druid in iontrálacha eile (11)

 
dealg
Níl sé inrásta a dhul chuig an teach aige anois chor ar bith le deilgne. Bhioraigh sé an iothlainn le sceacha, agus streachail na gasúir nó an gála anuas aríst iad agus tá an bóithrín druidte leo anois. Níl a fhios agam cén chaoi a seolann siad bó ar bith acu
 
Má théim ar dheasú na mbróg, ní chónóidh mé aríst go ceann seachtaine, ach leo. Tá an teach druidte le bróga éalangacha
 
díbir
Cuirfidh mé díbirt ar a bhfuil agaibh ann má chloisim druid eile uaibh. Breá nach mbeadh sibh ar an gceird seo sa mbaile agaibh féin. Ní bheadh, arae ní éistfí libh
+
díle 1
Cónaíonn an díle uisce ar an mbóthar sin go síoraí. Bíonn sé faoi uisce ar fad sa ngeimhreadh nuair a sceitheas an abhainn. Níl neart aige múirín a chaitheamh sa samhradh féin nach mbíonn sé druidte le balláin mar adeir an tÁrannach
TUILLEADH (1) ▼
Ar an dá luath is a n-ólann sé pintín pórtair, teagann an díle cainte dhó agus do dhúshlán ansin a chur ina thost go dtite sé. Neart sclaibéireachta a bhíos aige. Nuair a bhíos sé ar a chéill, ní bhíonn smid ná smeaid aige. Bheifeá ag cur maide siar ina bhéal agus dheamhan druid adéarfadh sé. Is aisteach an chaoi a dtéann an t-ól do chuid de na daoine
 
domhan
Níl aon chladach faoi thalamh an domhain is fhearr bráideannaí gliomach ná an cladach sin thíos. Tá a chomharthaíocht lena chois. Nach bhfeiceann tú é druidte le potaí?
 
drad
Bhainfí an drad ansiúd asat dhá n-abraíteá druid ar bith
 
Tá an áit druidte le bunannaí draighin
 
Tá an cosamar feamainne siúd ionann is lofa. Ní tada atá go fairsing inti ach dreancaidí mara. Tá sí druidte leo
 
droim
B'fhurasta duine a chur de dhroim tí san am sin. Bhí an dlí uileag dóibh féin ag na tiarnaí, agus ní raibh aon ghair ag an duine bocht druid a rá. Ach d'athraigh an saol ó shin. Is maith an scéal gur athraigh
 
Má chloisimse druid uait aríst go faoithin, cuirfidh mé droiminn ort le a dtabharfaidh mé de bhata dhuit. Ní hé a mhalrait atá tú a thuaradh dhuit féin; ag imeacht ag cur allais asat ansin, agus gan méir i gcluais le cloisteáil agat. Nach breá nach mbeifeá cuibhiúil fearacht do leithide ar bith sa tír, agus gan na daoine a náiriú