Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dreancaid
/d′r′ænkïd′/
ainmfhocal, baineann
tuiseal ginideach uatha: na dreancaide
uimhir iolra: dreancaidí
 feithideach beag dubh a bhíos ag snámh agus ag léimneach (flea). Tá ar a laghad trí chineál acu ann.
a.
 an dreancaid thí.
+
"Bhí mé i dteach aréir agus bhí clampar ann; Bhí cearca agus géabha agus lachain ann; Bhí an bháisteach anuas thrí mhullach an tí; Agus níor chodail mé néal ag dreancaidí." (Rann a rinne fear nár thaitnigh an t-óstachas leis a fuair sé i dteach eicínt. Leagtar ar Raiftearaí é amantaí)
Níor chleacht sé tada ariamh ach míola agus dreancaidí agus sneá
TUILLEADH (10) ▼
Scread mhaidne ort, a ghiolla na ndreancaidí, ba ghlaine muid chuile lá ariamh ná thusa
Tá sí ag imeacht mar sin agus a cuid eochraí i mbarr an duáin aici, ach ní rachainn i mbannaí nach gcodlaíonn sí ar chuasnóig dhreancaidí chuile oíche sa leaba ina dhiaidh sin. Ar ndóigh, ar chuala tú ariamh é: ceann cíortha a dhíolas na cosa
Tugadh soir anseo iad nuair a bhí an aicíd sin in ainm is a bheith san áit, nó gur baineadh na dreancaidí astu. Ní fhéadfaidís siúd gan a bheith ite leo agus chomh salach brocach agus a mbíonn chuile shnáth dhá mbíonn orthu. Mhaithfeá do Dhia gan an léine atá air anois a fheiceáil. 'Sí an rud is sailí í dhá bhfaca mo shúil ariamh
Chas sé dreancaidí liomsa. Chreidim gurb é an chéad rud a tháinig ina bhéal é. Níor thug mé féin aird ar bith air, ach a rá nach maith an tsamhail a théas i bhfad. Chuile shórt ach dreancaidí; agus gurb aige fhéin sa bprochóigín de theach siúd atá máithreach na ndreancaidí. Sea i nDomhnach
Teann anuas as an sprémhóin sin nó beidh siad ag imeacht in do chrioslaigh agat. Dreancaidí. Sin í máithreach na ndreancaidí a mhic ó!
Théis chomh galánta agus atá sí, bhí mé taobh thiar di ag an aifreann Dé Domhnaigh agus meas tú nach raibh páin de dhreancaid ag snámh uirthi
Cailleann an dreancaid a goimh sa ngeimhreadh. Is leath tógáil ar an dreancaid an teas agus an bhrothaíl
C. na ndreancaidí a thugadh an sagart ar an mbaile sin. Agus go deimhin más é féin, níor bhréag dhó é. Níl sé in ann tada eile a thógáil
Beithígh ar an gC.! Bíodh unsa céille agat! Dreancaidí an t-eallach is fairsinge atá ansin, murar athraigh sé ó bhínnse ag tarraingt ann
Is deas déanta suas an chliobóig de bhean í, ach is lách éasca a mharódh sí dreancaid mar sin féin
·
Tá sé mar a bheadh dreancaid ann. Nuair a shílfeá breith thall air, bheadh sé scuabtha. Ach tiocfaidh sé ar ais aríst le priocadh eile a thabhairt fút
Ná bac le tada, ach tá sé siúd chomh scolbánta leis an dreancaid. An bhfaca tú tráthnóna ansin thuas é ag seasamh ar bharr na gclaíochaí
b.
an dreancaid mhara. Sa bhfeamainn dearg, nó sa mbruith faoi thír agus í leathlofa, is mó a d'fheicfeá na dreancaidí mara. Tá siad taithithe i mbarr cladaigh ag an snáth mara. Ní fheicfeá ar thránna gainimh iad chor ar bith. Dhá láimhseálfá an fheamainn agus í sa gcruth adúirt mé, léimfeadh plá dhíobh chugat. Is beag nach gceapfá go gcruthóidís sa bhfeamainn os comhair do dhá shúl. Bíonn an-léimneach orthu. Is cosúil í an dreancaid mhara le míol críonna, ach is mó agus is téagarthaí í ná an míol críonna. Tá sórt eangaí inti, agus go leor cos uirthi, agus dhá streille siar aisti. Níl aon dochar inti, arae ní shnámhfadh sí ort, ná ní thiocfadh sí leat in do chrioslaigh.
+
Tá an cosamar feamainne siúd ionann is lofa. Ní tada atá go fairsing inti ach dreancaidí mara. Tá sí druidte leo
Ní thabharfainn dreancaid mhara ar a bhfuil de bheithígh ag gabháil leis. Ar ndóigh ní tógáil atá orthu. Ní fhiafrófaí ar an aonach sin thiar inné iad. M'anam nach bhfiafrófaí
TUILLEADH (1) ▼
"Chonaic mé soitheach an lá cheana ag dul trasna thrí Árainn Mhóir; Dreancaid mhara ar an lacard taobh thiar dhá gabháil; Ceann Gaineamh ina mhadadh agus é ag tafann ar Iorras Mhór srl." (Línte as an Amhrán Bréagach)
c.
an dreancaid chíbe. Maidir leis an dreancaid chíbe, is lú í ná an dreancaid mhara. Ní shnámhfadh sí ort ach oiread. I ngeadáin thirime sa bhfraoch nó i gcíb a bhíos sí taithithe. Tugtar chun an tí i sprémhóin iad scaití.
·
Foighid ort! Tá sí agam. Den phortach a tháinig sí sin inniu leis an móin. B'olc an imirce aici é, an cailín! Dreancaid chíbe. Tá goin ar an diabhal sin anois

Féach freisin

dreancaid in iontrálacha eile (4)

 
déan 1
Tá an madadh sin ag déanamh dreancaidí — dreancaidí ag cruthú ina chuid fíonnaigh
 
deo
Ní fheicfidh tú é go deo aríst; go deo na díle; go deo dearg na díle; go deo na ndeor; go deo na ndreancaidí!; go deo ná go brách
 
díol 2
Níl díol dreancaide d'fhéar ag gabháil leis
 
draoi
An bhfeiceann tú na míola sin a bhíos sa snáth mara. Sin iad na dreancaidí mara. Bhí an draoi breacach acu thíos ansin thíos i mbliana ar an gcunús feamainn tirim a d'fhan d'fhuílleach ormsa