Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Nualitriú Bunlitriú
dreall
fc. driull

Féach freisin

dreall in iontrálacha eile (10)

 
Thug siad an dara hairt di ceart ansin i dtús an chogaidh (do Shasana) ach uaidh sin amach níor fhan sea na seoladh iontu. Thit an driull ar an dreall ar fad orthu ó chuaigh na Sasanaigh isteach don Fhrainc. Bhí siad (na Gearmánaigh) sna fáscaí ag teitheadh (/ə t′ɛ̄w/) uathu
+
driull
Thit an driull ar an dreall air nuair a chonaic sé nach raibh aon duine ag teacht — thit an lug ar an lag aige; thréig a mhisneach, a dhúthracht, a dhíocas nó a spleodar é; níor fhan fíriúlacht, brí, fonn ná saint ann; bhí a intinn uileag thrína chéile agus ní raibh a fhios aige céard a bhí sé a dhéanamh, nó céard a bhí aige a dhéanamh
TUILLEADH (7) ▼
Bhí an-fhonn grinn air nó go dtáinig M. isteach, ach uaidh sin amach, thit an driull ar an dreall air. Tá sé an-scáfar roimh Mh.
Á, thit an driull ar an dreall ar fad air le gairid. Théis chomh splanctha agus a bhí sé sin i ndiaidh cuartaíochta agus spraoi, ní chorraíonn sé amach chor ar bith anois. Ach tá an aois dhá bhualadh ach an oiread liom féin
Níor thit an driull ar an dreall críochnaithe air go raibh muid ag teacht anoir in aghaidh Ard Bh. Rinne sé an luí mór orm, mar adúirt an tÁrannach, in ucht an aird. Shíl mé a mh'anam gur sliabh gortach a bhí dhá bhualadh, agus nach é an siúl chor ar bith a bhí ag cur air. 'T'anam coscartha ag an diabhal,' arsa mise. 'Éirigh as sin. Ní stró ar bith dhuit é a shrianadh siar in aghaidh an aird anois, agus gheobhaidh muid lón eicínt i dteach an ósta anseo thiar'
Is beag an mhaith dhuit a bheith ag cur ar shon do chuid Gearmánaigh. Tá siad buailte. Nach bhfuil sé ag cinnt ar na Sasanaigh agus ar na Poncáin a bhfeiceáil chor ar bith, ach iad rite i bpoill agus i bprochógaí orthu. Tá an driull ar an dreall tite orthu ó d'ionsaigh siad an Rúiseánach
Is gearr eile muise go dteagadh an driull ar an dreall air. Shílfeá go raibh míshuaimhneas dhá bhualadh, agus an chaint ag imeacht uaidh. An bhfaca tú ag dul amach sa doras é, agus ag breathnú soir? Ba fear é a bhí ag déanamh cnaipí an uair sin. Bhí sé ag ceapadh nach dtiocfadh sí
Ná lig don driull ar an dreall titim ort chomh luath seo agus a ghairdeacht agus ó phós tú. Beidh sé sách luath agat a bheith diomdhach nuair a bheas tú pósta chomh fada liomsa
Sin fear anois agus is fada dhó a shaol. Tá an driull ar an dreall tite ceart air. Chuir sé sin isteach ar an oiread postaí, agus heitíodh é chomh minic sin, agus nach bhfuil misneach ar bith fanta ann. Tá sé ite le aicis agus is mór leis chuile dhuine
 
M'anam muise go sílfeá agus go raibh drogall ar Mh. a dhul leis ina dhiaidh sin, théis gur héidreorach an cuimleacháinín é J. Cailleach cheart é M. sin. Tá sé sách bastallach nó go bhfeice sé fear ullaithe (ullmhaithe) ar achrann, ach nuair a fheicfeas, titfidh an driull ar an dreall air