Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dara hairt
/darə-hær′t/, /dārə hær′t′/
ainmfhocal
níor chuala mé claochlú tuisil ná uimhreach air. Focal baineann é
treascairt a bhaint as duine ach níor chall a leagan; duine a chur i ndiaidh a mhullaigh; an ceann is fhearr a fháil ar dhuine i dtroid; cartadh dalba a thabhairt do dhuine. Baintear cuid mhaith leasa as sa gcleas a dtugtar faic air. B'fhéidir gur amhlaidh a thúsaigh sé, arae deirtear sa gcleas sin: "tharaibh tharaibh faic!" B'fhéidir gurb é atá i gceist ann go rachadh an fhaic thart sa bhfáinne an dara huair gan an fear a bheadh istigh féadachtáil breith uirthi (fc. faic).
+
Sin anois fear a bhainfeadh dara hairt as duine an-éasca, agus go mór mhór má tá sé ar a bhogmheisce — thabharfadh sé cartadh dhó an-éasca; d'ionsódh sé duine agus bhainfeadh sé cuid mhaith sníomh as
Bhain sé an dara hairt ceart as muis, agus 'sé a bhí i riocht. M'anam nach bhfuil aon ghnaithe aige a dhul dhá fhéachaint siúd
TUILLEADH (5) ▼
Chruinnigh cluiche den dream seo thoir air, chuile lá dhá dtéadh sé soir, agus bhainidís an dara hairt as i gcónaí, dá bhrú agus dhá chartadh eatarthu, shul má theagadh sé anoir aríst. Dar fia muise, bhí sé ina dhóigh ceart acu! Ach tháinig an oiread críonnachta dhó faoi dheireadh agus gur fhan sé uathu uileag!
Beidh sé taithithe síos ansin muis nó go mbainfidh na buachaillí báire atá síos ann an dara hairt as. Is orthu nach mbeidh an mhoill má chuireann siad rompu chor ar bith é
Cúigear nó seisear a bhí a dhul air sin agus an dara hairt a bhaint as. Ní mó ná sin a cheansódh é. Leagan air ceart nó go gcloistheá gíoscán ag na cnámha ag pléascadh
Bainfidh siad an dara hairt as an Jap bocht anois más cúrsaí mar sin é. Ach diabhal a bhfuil daorbhasctha den Jap fhéin déarfainn. Fágfaidh sé cuid mhaith acu ag croitheadh na gcrúb shula chuirfeas siad i dteannta é
Diabhal scáth ar bith a bheadh orm fhéin nach mbainfinn an dara hairt as, agus is dona an fear mé. Níl fuinneamh ná fáscadh ansiúd
+
Tabhair an dara hairt dó a fhleascaigh! An bhfuil fuil ar bith ionat. Má tá an sramacháinín sin ag cinnt ort, is mairg a bheadh do do bheathú!
Má d'airigh tú faoi do neart chor ar bith é, breá nár thug tú an dara hairt dó. Ní tada eile a bhí ag teastáil uaidh. Muire muise, dhá gceapadh seisean go raibh aon fharasbarr aige ortsa, ní imeofá uaidh chomh réidh sin
TUILLEADH (1) ▼
Thug siad an dara hairt di ceart ansin i dtús an chogaidh (do Shasana) ach uaidh sin amach níor fhan sea ná seoladh iontu. Thit an driull ar an dreall ar fad orthu ó chuaigh na Sasanaigh isteach don Fhrainc. Bhí siad (na Gearmánaigh) sna fáscaí ag teitheadh (/ə t′ɛ̄w/) uathu
·
Bhain siad an dara hairt as shula d'fhéad sé an fhaic a fhostú! A Dhiabhail, is é a fuair garbh é! Baineadh aithinniúchaí as an droim aige deirimse leat
Tharaibh, tharaibh faic! Tugaidh an dara hairt dó an crúbálaí mura bhfuil sé in ann breith uirthi!

dara hairt in iontrálacha eile (3)

 
Buailfidh mé tuí shrathair (shrathra) ort; buailfidh mé tuí na bpunann ort; buailfidh mé an dara hairt ort; buailfidh mé an-ghleadhradh, an-lascadh srl. ort; buailfidh mé broicneáil, droimeáil srl. ort
 
ding
Ginn thú! Ginn thú a bhuachaill! Leag air a fhleascaigh. Tabhair an dara hairt dhó! Tabhair cor coise dhó agus buail fút é a chailleach … Dheamhan de rath ort ina dhiaidh sin … Dar fiagaí, tá tú in do phuca aige … Ginn é an fear eile féin … Aire dhuit … Diabhal mé go gcuirfidh sé taobh na bpoll os do chionn fós … Tá féith ón tsinsir sa ngearrbhodach sin.
 
Tá an madadh sin aige diabhlaí oilbhéasach. Fhóbair dó breith orm ansin thuas aréir agus mé ag dul anuas leis an gcapall. Dar brí an leabhair, gheobhadh sé an dara hairt murach go raibh mise i dteannta ag an gcapall. Ní ghabhfaidh mé amach feasta d'uireasa mo mhaide. Tá cois fuipe agam, agus diabhal a mbeadh basctha di. Ar an dá luath is a nochtfaidh sé an drandal, tabharfaidh mise mo sheansnaidhm de mhullach cois na fuipe isteach ar na fiacla dhó. Dhá mbeadh drad madra alla air, dhonódh an iarraidh sin é