Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deabhadh
ainmfhocal, fireann
measaim go bhfuil an focal seo ag seargadh. Níl sé ach i mbailteachaí áirithe, agus ag teallaigh áirithe sna bailteachaí sin féin, ach na daoine a mbíonn sé acu, is minice a bhaineas siad leas as ná as deifir
deifir, broid, furú, driopás, anbhá, géarú sa siúl, in obair srl.
+
Déan deabhadh. Mura mbeidh tú broidiúil thairis sin, is trua shaolta duit amach anseo nuair a bheas an obair ar fad fút féin
Nach breá nach ndéanfá deabhadh agus gan a bheith ag fáil bháis léithe. Caithfear an t-athpholl a athghróigeadh fós
TUILLEADH (2) ▼
Ní chuirfeadh do chumhachta faoi ndeara dhó deabhadh a dhéanamh, ach ag snámhaíocht leis mar siúd agus ag comhaireamh na gcoisméigeachaí. Go bhfóire Dia air ach a mbeidh sé mór
Fuair tú amach an ceann a dhéanfadh deabhadh, ab é an bás bradach sin. Déanfaidh b'fhéidir!
·
Breá nach mbeadh deabhadh ionat agus an obair a dhéanamh de ghorta gharta. Ansin bheadh an chuid eile den lá agat in do chónaí
Bhí an oiread deabhadh orm agus nach raibh gair agam breathnú fúm ná tharam

Féach freisin

deabhadh in iontrálacha eile (6)

 
abair
Abair más libh a dhul ag an scoil, nach mór daoibh deabhadh a dhéanamh
 
Ní bheidh sé craptha agaibh anois théis a (bhur) ndíchill roimh an múr. Is beag an baol oraibh. Tá cion cheithre bheart ann fós, nó tuilleadh. Déanaidh deabhadh ar aon chor
 
Déan deabhadh anois má rinne tú ariamh é. Is gearr nach léir duit do láimh. Tá an lá ag diúltú dhá sholas cheana, agus níl siar ná aniar ann an tráth seo bhliain. Dhá mbeadh an lorry líonta againn ó sholas, níor chás dúinn é. Níl muid ag iarraidh fearacht Sh. Ph. Mh. a dhéanamh leis: spadalach agus scrathachaí agus clocha a thabhairt dó de shiúl oíche!
 
An bhfeiceann tú an féar sin? Rinne sé dreochan riar orm. Bhí an-aimsir ann nuair a bhain mé é, ach bhí deabhadh orm go dtéinn in éadan móna, agus bhuail mé ar a chéile é chomh héasca in Éirinn agus a d'fhéad mé. Diabhal mé gur shíl mé go bhfuair sé neart gréine agus fuair, ach ní foláir dó an t-ionú a fháil ina dhiaidh sin
 
dubh 3
Tá bun na gaoithe ag dúchan go mór le tamall. Dheamhan a fhios agam nach dtiocfaidh an chuid eile den lá ceathannach. Déan deabhadh anois go gcrapa muid linn!
 
dún
Déan deabhadh a dhiabhail álainn! Ní bheidh muid amuigh as seo roimh dhúnadh na hoíche. Is gearr a d'aireofá an oíche ag sciorradh isteach. Níl siar ná aniar sa lá an tráth seo de bhliain