Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dea-aithne
ainmfhocal, baineann
1.
fios a bheith agat go bhfuil duine go dona, go holc, go fealltach srl., nó nach ar fónamh a bhí sé leat féin nuair a tháinig tú ina lín (líon?).
+
Tá aithne agam air, agus ní hí an dea-aithne í ach oiread, agus ceart agam air
Ní hí an dea-aithne atá agamsa ar an scólachán sin. Fhóbair sé mo chnámha a leonadh ansin thoir cheana; ach cúiteoidh mise leis é shula dté mé féin ná é féin i dtalamh, le cúnamh Dé
TUILLEADH (1) ▼
Ní hí an dea-aithne atá ag muintir na háite seo ar an gcneámhaire sin. Shlad sé iad cheana: imeacht le luach a gcuid beathach agus gan comhaireamh na sop a thabhairt dóibh ariamh. Muran sonnta é, go dtabharfadh sé é féin le taispeáint sna bólaí seo go brách aríst! Ach níl náire ar bith ann
2.
aithne mhaith.
·
Tá dea-aithne agam air — aithne mhaith, ach an leagan seo fhéin, is mó de chéill a 1 ná de chéill a 2 atá ann; tá a fhios agam nach fear fealltach ná drochmhúinte ná bundúnach é; nó ní fhaca mise dhá bharr ariamh ach an ghleoiteacht, agus an réchúis agus an láíocht.

Féach freisin