Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
abair (adeir)
briathar mírialta
láithreach: deirim, deir tú (deireann tú), deir sé (deireann sé) … deirtear. Diúltach: ní abraím srl. Ach tá abraím sa dearfach freisin — is minic a abraím féin é sin srl.; agus tá deirim amantaí sa diúltach — ní dheireann tú é sin; an ndeir tú liom é srl. Tá an dá leagan deir tú, deireann tú srl. ann, ach is tréine foirmeachaí an deir déarfainn. Le , bíonn abraíonn go minic — má abraím srl. — ach tá má dheirim (d maon) srl. coitianta go leor freisin. Má dheirinns, má abraínns i gcásannaí áiride sa darna pearsain uatha
fáistineach agus coinníollach: déarfad (déarfaidh mé), déarfainn srl. Deirtear abródh, d'abróinn sa dearfach freisin, agus bíonn ní dhéarfad, ní dhéarfainn /ɴ′ī ɛ̄rhəɴ′/, an ndéarfá srl. sa diúltach
gnáthchaite: deirinn srl. ach freisin d'abraínn, d'abraíodh sé srl. Diúltach: ní abraínn ach freisin ní dheirinn (dh maon) srl. Baineann an rud céanna leis an bhfoshuiteach caite.
aimsir chaite: dúras (dúirt mé), dúirt sé, srl. Diúltach: níor dhúras; níor dhúradh (d maon) nó níor dúradh (d lom). Bíonn dúirtis ag duine anseo agus ansiúd (go háirid gasúir a bheadh ag éirí suas, agus greamaíonn sé ar feadh a saoil do chuid acu) sa darna pearsain uatha caite. Bíonn deir mar aimsir chaite go minic in áit adúirt
foshuiteach láithreach: go n-abraí mé, ach tá go ndeire mé, go ndéarfaidh mé freisin ann.
ordaitheach: abraím, abair srl.
coibhneasta: gnás an choibhneasta le briathar eile, ach gurb í an fhoirm adeir (in áit adeireas, adeireanns) a bhíos ann go hiondúil — cé adeir é srl. Fáistineach: adéarfas srl.
aidiacht bhriathartha: ráite
ainm briathartha: ag
1.
a.
+
Céard adeir tú (aimsir láithreach nó chaite) — céard atá tú ag rá (ach fc. thíos)
Céard adeir sé faoi
TUILLEADH (11) ▼
Tá do dhá dhíol ar fad le rá agat
Séard a bhí mé a rá anseo ar ball nach bhfuil forás ar bith ar Sh. Ph. ó chuaigh sé sna fir mhóra
Ní hé sin atá mé a rá chor ar bith
Ní miste an méid sin a rá ar chaoi ar bith
Is mór adúirt sé ariamh go ndéana Dia grásta air, ach tá a shraith ar lár faoi dheireadh
Níor dhúirt sé focal (smid ná smeaid, blas, ceo, faice, pioc, faocha, a dhath, srl.)
Dúirt tú bréag má dúirt é sin
Abraím mo rogha rud, ach 'sé an cás céanna dhom é. Ormsa a bheas an milleán aige
Abraíodh sé a dtogróidh sé, ach eisean ba chiontaí
Abraídís leo é, ach ní fhéadfaidh siad an fhírinne a chur as a riocht
Déarfar seo agus déarfar siúd, ach cén dochar!
·
Mac maith atá agam, ní as ucht mise dhá rá é — tá sé go maith agus ní ag déanamh gaisce as atá mise más mé a athair féin
Ón lá ar phós mé an bhean sin, ní raibh easpa punt ná scilling orm, ní as ucht mise a bheith dhá rá é
+
Shéanfadh sé go raibh sé ina chiontsiocair leis an achrann! Sea a mh'anam! Níor dhúirt mise tada, adeir an fear a chuir an baile ag troid! (sórt seanfhocal) — an fear a rinne an mhístaid, shaor sé é féin
Is minic gurb é fear an réitigh a íocas an téiléireacht, agus an té a tharraingíos uileag é, nach dtuilleann sé milleán ó aon duine. Sin é é: níor dhúirt mise tada, adeir an té a chuir an baile ag troid
TUILLEADH (1) ▼
Ar chuala tú an chailicéireacht a bhí air, ag sárú orm nach raibh sé ann le linn a thúis chor ar bith, agus gurb é a shaighid ar fad iad. Níor dhúirt mise tada, adeir an ceann a chuir an baile ag troid
·
Ó dúirt tú agus gur dhúirt tú é anois, cruthaigh é. Caith dhíot do sheaicéad go bhfeice mé an bhfuil tú chomh maith agus atá do ligean amach
Ó dúirt agus gur dhúirt, níor cheart dó a dhul siar air. Seasadh fear lena fhocal
+
Is tú adúirt agus ní hé Dia — dhá ndéanadh duine eascainí ar dhuine eile, nó dhá dtuaradh sé mí-ádh, déarfadh an ceann eile é seo. Scaití ciallaíonn sé: man proposes; God disposes
An eascainí chéanna ort! Is tú adúirt agus ní hé Dia! Go mba túisce agat fhéin é ná againne!
TUILLEADH (3) ▼
Dúirt sé nach gcaithfeadh sé aon triomach an samhradh seo. 'Sé adúirt agus ní hé Dia. Mar is toil le Dia a bheas sé sin
Dúirt sí nach mbeadh duine acu sa gcomhaireamh ceann bliain ó inniu: go raibh siad tolgtha fré chéile. Ach dheamhan a fhios aici. 'Sí adúirt agus ní hé Dia
Bhí sé rá go ndéanfadh sé scioból mór eile le haghaidh coirce agus fataí agus chaon tsórt ó thuaidh den teach, ach 'sé adúirt agus ní hé Dia. Ní bhfuair sé saol lena dhéanamh
+
Is iomaí rud is buaine ná an duine, mar adúirt an té adúirt é — is minic leagan mar seo dhá chur ar sheanfhocla, ar ghiotaí d'amhráin agus de scéalta, ar leathfhocla, ar dheilíní, ná ar chaint ar bith a bhíos i mbéal daoine go minic
Tá sí mar atá sí, agus níl sí gan locht, mar adúirt an té adúirt é
TUILLEADH (2) ▼
'Agus a chailín bhig óig, ná pós thusa fear an dá chroí,' mar adúirt an té adúirt é
Tá sí liath agus tá sí caoch, mar adúirt an té adúirt é
·
Mar adéarfas tú anois. Tiocfaidh mise suas ar t'fhocal — bíodh breith do bhéil féin agat
Mar adéarfas tú. Ní miste liomsa. Tá mise chomh sásta a dhul ann le fanacht as
b.
+
Abair amhrán; abair Cúirt an tSrutháin Bhuí; abair Aithrí Raiftearaí; abair Caisleán Uí Néill (tabhair faoi deara gur inis scéal atá ann go hiondúil nó inis le ainm an scéil, ach abair le rud ar bith a bhfuil guth le cur leis)
Bhí muid ag rá an phaidrín
TUILLEADH (3) ▼
Bhí an sagart ag rá an aifrinn
Deireann sé na Liodáin chuile thráthnóna
Is maith leis an t-aifreann a rá ar bhuille an naoi i gcónaí
+
Abair "ábab" agus ná buail do dhá chlab faoi chéile — rud adeirtear le gasúir. Ní féidir na bannaí a rá gan do dhá chlab a bhualadh faoi chéile
Cuirfidh mé geall leat nach n-abróidh tú "ábab" gan do dhá chlab a bhualadh faoi chéile
TUILLEADH (2) ▼
Abair: "cearc uisce i bpoll uisce agus í slubarnaíl slabarnaíl. Cé adéarfadh naoi n-uaire é gan filleadh gan feacadh" (Abair naoi n-uaire é gan t'anáil a thabhairt leat!)
Abair: "ceirtlín bhog bharraigh ar bhogbhallaí an tí: bog bog, arsa an t-ógbhodach ar bhogbhallaí an tí." Abair sciobtha é (má dheireann, tuigfidh tú an gaol atá ag an gconsan g leis an gconsan d)
+
Ná habair bréag — ná hinis bréag
Mura n-abraí mé bréag, níl a fhios agam cén tráth a dtáinig sé abhaile
TUILLEADH (4) ▼
Nár lige Dia go n-abróinn bréag
Níorbh ait liom go n-abróinn tada ach lomchlár na fírinne
Ná habair rud mar sin ar chraiceann do chluas
Nach beag an carghas atá ort bréag a rá
c.
+
Céard atá tú a rá riu? — níl ciall ar bith leis an rud atá tú a rá; seafóid nó bréag srl. atá tú a rá. (céard adeir tú — sin what are you saying, gan fearg ná tada eile)
Céard atá tú a rá? Nach bhfaca mé é inné.
TUILLEADH (3) ▼
Céard atá tú a rá? Dheamhan splanc chéille ar bith agat le gairid
Céard atá tú a rá? Go dtabharfainnse an capall sin ar chúig phunt fhichead!
Céard atá tú a rá? Go mba é S. ba chiontaí!
d.
+
Dúirt tú é! — sin í an fhírinne adúirt tú; sin í an chaint a bhfuil craiceann uirthi; agatsa atá an ceart
Dúirt tú é, a mh'anam! Ní tada eile é ach cneámhaire
TUILLEADH (5) ▼
Dúirt tú é mo choinsias! Níl a leithide de thútachán cruthaithe
Dúirt tú é! Scólacháinín dona é
Anois adúirt tú é! Sin é a bhí a dhéanamh leis. Gan é a ligint sa mbóithrín chor ar bith
Anois adúirt tú é gan bhréig gan mhagadh! Ní bheadh aon duine acu beo fadó an lá murach gur choinnigh sí deoladh leo
Tá sé ráite agat anois — anois adúirt tú é!; sin é an rud atá ceart thar chuile rud; now you said it! Now, you have clinched the argument!
·
Abair! Diabhal focal bréige agat: is beag atá le déanamh aige! (dúirt an fear eile ar dtús gur bheag a bhí le déanamh ag a leithide seo de dhuine. Is ionann an abair agus go cinnte is beag atá le déanamh aige)
Abair! I gceann mar atá na hasail, tá cóisir bheithíoch ansin aici agus gan scioltar orthu leis an ocras
+
Abair é! Níor tháinig aimsir mar í le fada — abair; d'fhéadfá a rá; you can bet your life on it; you can 'sing' it
Abair é! Is agatsa atá a fhios é
TUILLEADH (2) ▼
Abair é! Móin ar bith nach raibh tógtha roimh an doininn seo, tá sí réidh le triomach i mbliana
Abair é! Duine ar bith a bhfuil muirín anois air, tá sé ina ridire
+
Abair nach lá é le dhul i bhfad ón gclúid — is drochlá é
Abair nach fear é a ghlacfadh mórán clabaireachta ó aon duine
TUILLEADH (6) ▼
Abair gur drochthalamh é!
Abair ar chuma ar bith, go bhfuil saibhreas ansin amuigh fhoisceacht urchar méaróige don chladach, an té a ghabhfadh ag gliomadóireacht
Abair go mba drochaonach é!
Abair nach bhfaca tú a leithide de scéiméara fir ariamh!
Abair gurb ea! Chuir mise ansin thoir anuraidh iad, agus níor tháinig a leath (cineál fataí). Is scrios ceart iad mar adúirt tusa
Abair nach ea, ná aon duine a bhain leis. Níor tháinig aon chreagaire ar a threibh!
+
Abair más dochtúr é, gur beag a mheas a bhíos aige air féin scaití!
Abair más ag dul Gaillimh atá sé, gur fada go mbeidh sé ann ar an righníocht sin!
TUILLEADH (2) ▼
Abair más leis sprae a chur amach, go bhfuil sé thar am
Abair más libh a dhul ag an scoil, nach mór daoibh deabhadh a dhéanamh
+
D'fhéadfá a rá gur maith a chuaigh an imirce dhó (ní athraíonn d'fhéadfá pearsa. Leagan ríchoitianta i gcaint é) — is fíor gur srl.; deirimse leat srl.; abair gur maith srl.
D'fhéadfá a rá gurb é atá fuar!
TUILLEADH (8) ▼
D'fhéadfá a rá gurb ort atá slacht do chodach, bail ó Dhia ort
M'anam go bhféadfá a rá gur beag an néal atá air sin
Dar mo choinsias, d'fhéadfá a rá nach bhfuil sé sin ag ligean aon bhuille marbh ina chuid oibre
D'fhéadfá a rá gur maith te drochmhúinte an cuimleacháinín é sin, má théann araoid ar bith air
D'fhéadfá sin a rá! Is fadó nach bhfaca tú cur chomh buailte an tráth seo bhliain
D'fhéadfá a rá muis! Diabhal bréag ar bith nach mbeidh púir as a bhéal nó is cinniúint críochnaithe air é
D'fhéadfá a rá i nDomhnach! Is iomaí a leithide eile a bhuailfeadh amach ar cuairt agus a d'fhágfadh an obair sin faoina bhean.
D'fhéadfá a rá! Ach inné a bhí an fuacht ann ar chaoi ar bith
2.
+
Abair nár bhac fear le cur ar bith, ach tosaí ag baint mhóna sa Márta, agus tosaí ag cur potaí nuair a thiocfadh séasúr na gliomadóireachta, meas tú nach mó a bheadh dhá bharr aige, ná a bheith dhá mheath féin ag tochailt idir dhá chloich sna breaclachaí sin amach — cuir i gcás
Abair gur cheannaigh tusa leota feola agus go dtáinig tú aniar abhaile agus gur chaith tú trí nó ceathair de laethantaí dhá slamairt, nár shomhaoiní dhuit é sin, ná sceimhil a chur ar do bholg ansin thiar le piontaí pórtair
TUILLEADH (1) ▼
Chreidim nach ndeachaigh, ach abraíodh muid go ndeachaigh. 'Sé an chaoi is réchúisí do chuile dhuine é
3.
a.
+
Céard adeir tú leis anois a chuaigh síos de mhaoil a mhainge go dtug sé aníos é — nach mbeadh iontas ort go ndearna sé sin; nach mór an t-ionadh srl.
Céard adeir tú léithe a d'iarr punt orm!
TUILLEADH (7) ▼
Céard adeir tú leo a tháinig isteach anseo agam (chugam) ag iarraidh áit bó orm!
Céard adéarfá le dhul abhaile. Tá sí in am — céard é do mheas faoina dhul abhaile
Céard adéarfá leis an aimsir seo?
Céard adéarfá leis sin — céard é do mheas faoin obair sin, faoin mbarúil sin, faoin saothar atá déanta srl.
Tá sé réidh agam anois. Céard adéarfá faoi sin? An gceapfá go bhfuil sé maith go leor?
Céard adéarfá le fear a tháinig isteach aréir chugam ag iarraidh ualach fataí orm nó go dteaga fataí nua — nach dalba an rud é!
Céard adéarfá le bean a d'fhága an stainníneach trí huaire ansin thiar ar an mbóthar agus í féin in éindí le fear eile!
+
Anois céard adeir tú le Gaillimh — anois an bhfuil biseach agat; déarfaí é faoi scéal eicínt, nó faoi rud eicínt a dhéanfaí, a bheadh ina chuid iontais; séard é an leagan iomlán: anois céard adeir tú le Gaillimh agus gan ann ach baile beag! (fc. baile)
Tá J. ag cur a chosa uaidh ag iarraidh pósadh freisin anois. Dúirt sé leis an athair an lá faoi dheireadh, bean a fháil dó nó an sagart! Anois céard adeir tú le Gaillimh agus gan ann ach baile beag!
TUILLEADH (5) ▼
Nuair a tharraing mé an ruóig anuas de dhrioball na bodóige agus a shlíoc mé síos é, meas tú nár tháinig leath an driobaill liom. Anois céard adeir tú le Gaillimh agus gan ann ach baile beag!
Rug sé i ngreim chúl cinn ar Mh. Mh. agus thug sé Bóthar na Muice Báine amach dó. Anois céard adeir tú le Gaillimh. Is beag a cheapfadh go mbeadh an méid sin guis ann chor ar bith!
Ag stróiceadh go dtéadh sí ag damhsaí! A leithide de ghiostairín! Anois céard adeir tú le Gaillimh agus gan ann ach baile beag!
Diabhal thiomanta ceann a thabharfadh sí dom, mura dtugainn seacht bpínne ar chúig cinn de Phoncáin. Anois céard adéarfá le Gaillimh! Is furasta dhóibh brá gill fhéin a bheith acu
Diabhal a chois ná a chnáimh a ghabhfadh ann, dhá mbeinn leis nó go gcaithfinn mo theanga. Anois céard adeir tú le Gaillimh agus gan ann ach baile beag! Nach maith luath atá sé ag dul ó smacht
+
Deir tú leis a d'imigh abhaile inniu what do you think of him going home today! (Rud mar sin a bhíos i mBéarla na hÉireann)
Deir tú léithe nach bpósfadh é! Nár fhaighe sí níos fhearr é muis!
TUILLEADH (6) ▼
Deir tú le A. atá ar meath ó mhaidin, agus láithreachán móna ansiúd thuas aige agus í gan tógáil as a scaradh fós i mbliana!
Deir tú liom ar chinn sé dubh is dubh orm aon feaig a fháil istigh ar shlata an bhaile sin inniu! Tá mé scrúdta!
Deir tú leis an gcuain a cailleadh, adeir sí. Shílfeá nach ligfeadh an náire dhi é sin a rá, lá is gur lig sí chun báis le amhgar í
Deir tú leis a bhí ar an bportach inniu roimh lá. A Dhia dhá tharrtháil muis! Is cor sa saol é sin
Deir tú leis an sconmhíol seo thíos nach dtabharfadh m'oirdín dom ag rá gur leo féin é!
Deir tú leis atá thíos ag baint charraigín ón haon déag!
·
Is mór adéarfá le gasúr nach mbeadh aon chiall aige, ach bodach mar é sin! — chuirfeadh sé iontas ort, go ndéanfadh gasúr gan aon chiall féin é, ní áirím bodach mar é sin
Is mór adéarfá le duine nach mbeadh aon fhód móna aige féin a dhul ag tabhairt mála as cruach na comharsan, ach iadsan agus a gcuid móna féin buailte orthu
b.
+
Déarfainn go bhfuil olc dhá bhualadh — ceapaim; ach tá sé an-choitianta mar seo sa modh coinníollach
Déarfainn go raibh diomdha ag teacht air an uair sin nach ndeachaigh sé féin ann freisin
TUILLEADH (5) ▼
Déarfainn go bhfuil an cogadh ionann is thart
Déarfainn nach ndéanfadh sé aon mhaith
Déarfainn gur bocht an chaoi dhá leithide a bheith teáltaithe istigh sa teach sin chuile ré solais agus iad sin ag magadh faoi
Déarfainn gur suarach an éadáil do dhuine ar bith a bheith i dtuilleamaí déirce bheag den tsórt sin
Déarfainn gur dona na gnaithí atá air a bheith ag imeacht ar a shláinte go fánach mar sin, agus a fhusacht dó a dhul go Sasana, agus saothrú maith ann
·
Dhá mba é an Seoigheach a bheadh ag caint déarfainn fear maith leis, ach an scráibíneach sin — déarfainn go mba fear maith é
Déarfainn fear maith le P. s'agaibhse, ach ná bac le fear ar bith eile ar an mbaile — thabharfainn fear maith ar Ph.; ceapaim gur fear maith é
+
Ní abróinn nach bhfuil an ceart agat — sílim go bhfuil srl.
Ní abróinn nach raibh baint eicínt aige leis, ach níl a fhios agam thairis sin faoi
TUILLEADH (2) ▼
Ní abróinn nach ndéanfadh sé é freisin dhá gcaitheadh sé ina cheann é
Ní abróinn nach é J. Mór atá as an mbealach freisin, ach d'imigh an diabhal ar an gceann eile féin
c.
+
Deir siad gur maraíodh é i Meiriceá — tá deir siad an-tréan i leaba deirtear sa gcaint
Deir siad go bhfuil
TUILLEADH (13) ▼
Deir siad anois gur gearr go bhfairsingí an tae
Deir siad go bhfuil dlí le theacht amach go gcaithfear íoc ar an gcat chomh maith leis an madadh
Deir siad nach ligfear duine ar bith go Sasana, dhá mbeadh an bhliain seo caite
Sin é, adeir siad. Ach cá bhfios dúinne é. Diúltaímid dhó
Sin é adeir siad ar aon chor. Ach níl aird le tabhairt ar leath na luaidreáin
Deir siad é a mh'anam: is minic an fear fada ag ceannacht fataí ón bhfear gearr
Ní maith ó maítear agus ní eineach ó iarrtar: deir siad é, dar príosta
Séard adeirim fhéin i gcónaí nár chaith sé é fhéin sa dug ariamh; gur duine eicínt eile a chuir turraic ann
Séard adeir sé nach bhfuil S. A. ach ag cur mírath ar fad ar na portaigh leis an mbaint atá sé a thabhairt orthu
Séard adeir siad (adeirtear) nach bhfuil fear a bharrtha ann
Tá ráite go bhfuil sé le theacht abhaile go gairid — tá sé ráite; deir siad; deirtear; tá le rá
Déarfaidís freisin go bhfuil leigheas sa bhflith — deir siad; deirtear
Déarfaidís go raibh sé ann
d.
+
Deirimse leatsa go n-íocfaidh sé ann — rachaidh mé faoi dhuit; mise i mbannaí dhuit
Deirimse leat go gcuirfidh mise rud eicínt eile ar a aire
TUILLEADH (12) ▼
Deirimse leatsa go gcuirfidh mise taobhach air dhá fhada go dtí é
Deirimse leatsa nach é a rinne é chor ar bith
Deirimse leatsa gurb in iad a bhí ag cur éadain air (ar an ól) hé brí cén fáth é
Deirimse leatsa go raibh smideannaí beaga aige théis an méid sin
Nach ndeirimse leatsa anois, go raibh sé i Meiriceá!
Nach ndeirimse leatsa nár dhúirt sé ariamh é!
Tá sé sin go holc, deirimse leat
Is caillte an aimsir í, deirimse leat
Thug mise faoi go binn é, deirimse leat
Gheobhadh sé faoi na foraí é, deirimse leat, murach le ómós dhá bhean
Bhuailfí tuí srathaire air deirimse leat, murach gur thug Dia dhó a bheith imithe
Tá sé sin ceanúil air fhéin deirimse leat
+
Deirimse nach bhfuil
Deirimse gurb é muis!
TUILLEADH (11) ▼
Deirimse gurb é a bhí as bealach
Deirimse nach bhfuil an ceart agat
Deirimse go dtug sé éitheach!
Deirimse go dtug tú fhéin agus é féin éitheach
Deirimse go dtug P. Mh. Uí Fh. éitheach má chaith sé an chaint sin
Deirimse go bhfuil tú ag rá na mbréag — nach raibh mé ann beag ná mór.
Deirimse go bhfuil tú ag déanamh na mbréag — gur tú féin a thóg leat é
Deirimse nach bhfuil sa méid sin ach starróig de bhréag.
Deirimse féin muise nach bhfuil
Má deir tusa gur sine é ná S., deirimse féin nach sine. Is sine S.
Deirimse féin gur mó a bheadh de bharr na móna ag duine, ná de bharr an chuir
4.
+
Bhí sé an-olc, déarfá — cuirtear déarfá isteach mar seo go minic fearacht is dá mbeadh an té atá caint ag cur mortabháil a chuid barúlach féin anonn ar an duine atá ag éisteacht leis. Níl ann ach gnás cainte. In áiteachaí (bailte agus ceantair bheaga), 'sé a bheadh i leaba tá mé ag ceapadh, dar liom agus seoraithe mar sin a bhíos in áiteachaí eile
Déanfaidh sé lá breá déarfá (tá mé ag ceapadh; dar liom, sílim)
TUILLEADH (8) ▼
Bean anglánta go maith í, déarfá
Tá an dream seo níos measa ná an dream a bhí cheana ann, déarfá
Ní raibh sé sásta an mhuic a chur an t-airgead sin, déarfá
Tá sé rógharbh le dhul chun farraige, déarfá
Déarfá nach raibh sé an-tsásta é a dhéanamh
Déarfá go bhfuil an oíche ag ligean fúithi
Déarfá gur gearr eile a bheadh an troid ar siúl, nuair a bheadh puca déanta dhó (dhe) ag M.
Déarfá anois dhá seadaíodh an uair seo, gur gearr go mbeadh a seaneire (dasachaí) ar fhataí
+
Tá sí ina cailleach seamlais, mar adéarfá pour ainsi dire; so to speak
Namhaid na circe mar adéarfá, a bhí timpeall mo thí inniu!
TUILLEADH (3) ▼
Dhá bhfaighteá dhá lá eile air mar adéarfá, bheadh iarracht mhaith agat air
Is beag eile, mar adéarfá, a theastódh uaidh anois, ach dhá laghad sin féin, níl aon fháil agam air
Dhá dtéiteá ag an gcéad aifreann mar adéarfá, agus a dhul ann ansin gan méir a bhaint de do shrón, diabhal mé go mbeifeá ann in ucht an lae
+
Cé mhéad stuca sa ngarraí sin thoir mar adéarfá — an gceapann tú; nó more or less
Mar adéarfá anois, meas tú a bhfaighinnse obair ann — an gceapann tú go bhfaighinn; an mbeifeá in ann aon chúnamh a thabhairt dom. Cineál slusaíochta nó evasion é i gcásannaí den tsórt seo
TUILLEADH (2) ▼
Mar adéarfá anois, an gceapfá gurb é atá ceart?
Meas tú an raibh an bhean mar adéarfá, i dtinneas clainne?
+
Péist é mar adéarfá
Ghlacfainn chúig phunt air mar adéarfá, má cheannaíonn tú glan ar na chúig phunt é
TUILLEADH (3) ▼
Bhí sé dhá fheiceáil dom mar adéarfá, go n-éireodh rud eicínt dom
Bhí sé slata ann, mar adéarfá, dá mbeadh sé uileag as fad a chéile — cion sé slat a bhí ann
Tá dhá ghabháltas aige, dhá mbeadh sé uileag cruinn mar adéarfá, ach 'sé an chaoi a bhfuil sé ina sceidíní thall is abhus

Féach freisin

abair in iontrálacha eile (100+)

+
Abair leis a theacht abhaile
TUILLEADH (9) ▼
Abair le S. go bhfuil an hasail sa gcoirce
Abair léithe a bheith ar a hairdeall féin
Tá mo chroí istigh dhá rá liom nach ceart dom a bheith ag dul in éindí léithe: nach bhfuil mé ach dhá cur amú
Bhí sé ag rith mar a bheadh Dia dhá rá leis — sna feire glinnte; sna seala babhtaí
Tá sé ag báisteach mar a bheadh Dia dhá rá leis
Tá sé ag ól mar a bheadh Dia dhá rá leis
Bhí sí ag caint mar a bheadh Dia dhá rá léithe
Tháinig an mótar anoir an bóthar mar a bheadh Dia dhá rá leis
Lean sí an giorria mar a bheadh Dia dhá rá léithe
+
Deir siad nach raibh aon bhean a chuir aghaidh le aer ariamh ba bhreátha na í, agus ina dhiaidh sin féin, thiocfadh a caoldroim thríd chró snáthaide
TUILLEADH (1) ▼
Sa gcaoldroim a airím é. Ní bheadh gair agam mé féin a lúbadh mar sin anois chor ar bith nach mbéarfadh an phian orm isteach faoin gcroí. Deir siad sin gur arraing é, ach measaim nach ea
+
Deir siad go bhfuil an dá leathpharóiste sin le cur ina chéile agus paróiste nua le déanamh astu
TUILLEADH (1) ▼
Is maith an fear é sin ar dhá mhaide rámha déarfá!
 
daba
Ar an dá luath is ar thosaigh an tsiúite, dheamhan easna dhíom nach sciobann an daba den phláta agus haway liom. Déarfainn go mba diomdhach an bheirt a bhí iontu nuair ab éigean dóibh a mbéilí a ithe tur tar
 
Más ag tnúthán le seandádach mar í sin atá sé, beidh sé as pósadh déarfainn. Ach diabhal mé go n-éireoidh suaróigín eicínt leis as a dheireadh ina dhiaidh sin fhéin
 
Má théann tú di ar an mbealach sin ní chuirfidh tú uirthi ach daidhce, agus beidh muid gan Murchadh gan Mánas ansin. Abair mar seo léithe gur tháinig muid fiche míle bealaigh chuig sochraide agus go bhfuil fiche míle eile le dhul ar ais againn agus go bhfuil bicycle briste orainn. Tosaigh ag dilleoireacht. Maistín maith í. Tá na seacht n-aithne agamsa uirthi, agus sin é an fáth go mb'fhearr dhuitse a dhul chun cainte léithe. Ní móide go n-eiteodh sí thusa faoi dheoch, ach má chaitheann sí ina ceann é, ní thabharfadh sí deoir do Dhia shúlach
+
Leagadh anuas dhá dhaigéad de dhá chloich i mínis (i bhfianais) an ghiúistís. 'Siad a chaith an bheirt thiar. Shílfeá nach éadáil mhór ar bith an t-amharc a thug duine acu ar na clocha. Ba mhó dhá fhonn a bhí air déarfá, breith uirthi agus a caitheamh aríst. Tháinig scéin sa ngiúistís
TUILLEADH (1) ▼
Leag sí anuas daigéad de cháca ina láthair, agus go deimhin agus go dearfa duit a Mhic Uí Fh., dá n-iteá ceathrú dhe, bheifeá sách go ceann trí lá. Ó dheamhan an oiread is a bhuailfeá ar shúil dreoilín a d'fhan d'fhuílleach uaidh. Agus déarfaidh an craosánach sin ina dhiaidh sin nach bhfuil sé ag caitheamh tada
+
daigh
Ara tá an oiread banráin aici anocht agus nach bhféadfadh duine fanacht ina gaire chor ar bith. Tá an daigh ghoile sin léithe aríst; agus deir sí féin go bhfuil coiliceam agus altraid chroí agus chuile anó uirthi ina aice sin
TUILLEADH (1) ▼
Deir siad go bhfuil an píopa go maith ag na daitheachaí. Bodhraíonn sé an phian
+
dáil
Dhíol sé a chuid talúna anseo agus chuaigh sé suas i ndáil le Baile Átha Cliath. Deir siad go bhfuil feilm mhór aige ansiúd
TUILLEADH (4) ▼
Tá sé i ndáil le thrí aothú anois. Dúirt an dochtúr dhá maireadh sé cupla uair eile go raibh aige
Níor dhúirt mé leis é ach bhí mé i ndáil lena rá
Bhuail mé é i ndáil leis faoin méid sin féin a rá
Tá nó i ndáil leis. Ní fiú dhom a rá nach bhfuil mé críochnaithe
 
Sin fear agus is gearr uaidh dailleacht déarfainn, théis chomh grinn agus a bhí sé tamall
+
dáimh
Dáimheannaí as éadan iad sin. Tá siad fite fuaite le chuile dhuine sa tír, de réir gaol is cleamhnais. Ní maith dhuit aon cheo a rá le aon duine os a gcomhair ar chaoi ar bith. Bíodh a fhios ag chuile dhuine cá mbeidh sé ag caint
TUILLEADH (4) ▼
Sin í an dáimh ghaoil nach fearrde mise mórán í. Deirimse leat má théimse ag iarraidh cloch mhine ar trust air ar maidin amárach, nach mórán maitheasa dhom a rá go bhfuil dáimh ghaoil agam leis
Bíonn sí ag brú gaoil i gcónaí orthu faoi rá is gur daoine móra iad, ach dheamhan gaol ná dáimh ann
Deirimse leatsa nach bhfuil gaol ná dáimh acu le chéile. Tá dhá Dhónall i gCúige Uladh. Ní hé an duine céanna atá muid a rá chor ar bith
Níl gaol dáimhe ná dúchais ag an dá rud le chéile. Is féidir fear a chur amach as lóistín nó as seomra thíos i nGaillimh dhá mbeadh a chíos íoctha aige faoi chéad. Níl i lucht seomraí mar sin ach pailitéaraí. Ach má tá fear pósta agus clann air amuigh faoin tír, is deacair é a chur amach. Níl mé ag rá nach féidir é a chur amach, ach is deacair leis an Land Commission é a dhéanamh ina dhiaidh sin
 
Déarfainn go bhfuil an oíche anocht daingnithe chun seaca. Is furasta a aithinte é
 
dair
Bain an seanchrann daraí sin ag tóin an tí agus is fada go bhfeice tú deireadh do chuid brosna caite. Bheadh an-smutáin air sin
+
Deir tú go bhfuil sé ag baint (na móna) dháiríre inniu — go dtí inniu, ní raibh sé ach ag stócáil, ag crapadh sprémhóna, ag scraitheadh srl.
TUILLEADH (3) ▼
Dúirt sé sin agus bhí sé dháiríre (faoi) freisin — ní bréag ná cumadóireacht a bhí sé a dhéanamh; an rud adúirt sé, bhí rún aige cur ina cheann
Dúirt sí go n-imeodh sí agus bhí sí dháiríre faoi freisin
Deir tú go bhfaca tú dháiríre é — gan aon amhras a bheith faoina fheiceáil
+
dairt
Má bhíonn báirseach de bhean in t'éadan ó mhaidin go faoithin, b'fhearr go mór fada a dhul ag caitheamh dairteachaí leis an ngealaigh ná do shaol a chaitheamh ina bail. Tá caitheamh agus cáineadh ar an té a imeos uaithi. Bíonn sagairt ag cur dóibh agus mar sin, ach ní ag aon duine atá a fhios é ach ag an té atá in adhastar an anró é féin. Is gnaíúla go mór a fágáil ansin i dtigh tubaiste ná clann a thógáil ag éisteacht leis an ropaireacht sin i gcónaí. Mar cuimhnigh go bhfuil mise dhá rá leat, an ceann acu a thosaíos ar an gceird sin, go bhfuil sé de bheith uirthi gan éirí as dá dtugtaí an saol mór di
TUILLEADH (6) ▼
Mura bhfuil aige faoi dheireadh, théis a chuid scoileannaí agus coláistí, ach ag breathnú i ndiaidh faochan, is dona a chuir sé a shaol. Deirim leat go mb'fhearr dhó ag caitheamh dairteachaí go Contae an Chláir ná a bheith ag fálróid thart ag forcamhás ar chupla buitín faochan a chruinneos muintir an L.
Ara beannacht Dé dhuit, ní raibh sa rud a bhí ann an uair sin ach caitheamh dairteacha le hais na gcogaí a bhíos ann anois. Daoine a dhul amach ar aghaidh a chéile le claimhí, le sleáchaí agus le tuaití. Ar ndóigh, dheamhan deichniúr a bheadh maraithe seachtain. Is mó an t-ár a dhéanfadh bomb amháin anois ná a dhéanfaidís i gcaitheamh a saoil. Seo é deireadh an domhain ach grásta Dé. 'Sé Cogadh an Domhain é: Cogadh na gCríoch a bhí tugtha síos sa targaireacht. Dheamhan ceo dhá raibh sa targaireacht nach bhfuil istigh. Fainic thusa nach bhfuil
Go dtuga Dia ciall duit! Caitheamh dairteachaí a bhí ansin … bhuel b'ionann is gurbh ea. Ach an t-achrann atá mise a rá; bhí dhá bhaile uileag amuigh. Ceann acu ar chaon taobh den alt siúd atá sa mbóthar taobh thiar d'Ard an Mh. Ba gheall le clocha sneachta iad na spallaí ag dul thart. Bhí mná agus gasúir freisin amuigh: chuile dhuine ó aois liath go leanbh ar na bailteachaí agus daigéad de chloch aige. Bhí muide ar an bhfoscadh tigh Gh. agus feiceáil againn ar fad air
Ní raibh ansin muise ach caitheamh dairteachaí nó go n-ionsaí sí féin é. Deirim leat go dtiocfadh sé ó Sh. Thabharfadh sé iarraidh dhó ceart go leor, ach ní dhéanfadh sé aon troid thútach. Ach í siúd! Is maith nach mór dó a bheith ar a airdeall féin nó cuirfidh sí an scian idir dhá easna ann. Tuilleadh ghéar den diabhal aige! Nach mór an spochadh a bhíos aige leo!
Tharraing sé anuas aonach na Gaillimhe. Dúirt sé go raibh an-imeacht ar chaoirigh, agus go mb'fhiú cion a bheith orthu anois. 'Sé an chaoi a raibh sé ag baint dairteachaí ag an scéal eile: ag súil go dtairgfeadh S. na moilt siúd a cheannacht aríst uaidh. Ligfeadh sé uaidh anois iad ar an méid a thairg sé dhó mí ó shin
Deir tú leis a chaith coraintín istigh anseo inniu. Níor tharraing sé anuas agam faoin mbealadh díreach ach bhí sé ag baint dairteachaí aige. Dhá gcloistheá an chaoi a raibh sé ag teacht timpeall ar an scéal. 'Leag mé bosca bealadh a bhí le a chur ar an gcarr inniu isteach ar chorr an drisiúir aréir. Níor fhága mé míor meacan den teach gan chuartú ar maidin agus chinn orm é a fháil. Dúirt B. nár chorraigh sí féin é. Agus níor goideadh é, mar 'sé sin an fáth, ní raibh aon duine istigh ó mhaidin ach tusa agus M. agus níor ghoid ceachtar agaibhse é.' Tá amhras aige orainn, ach ní abródh sé ina dhiaidh sin é. Fágfaidh mé thíos anois aige é san oíche amárach. Leagfaidh mé san áit chéanna ar chorr an drisiúir é agus mé ag imeacht ó chuairt
+
Is breá gnaíúil a roinn sé amach an leathghalún, ach cá raibh a chaillteamas, arsa tusa. Dhá nglaodh sé féin é, ní bheadh sé leath chomh maith faoi. Dúradh ariamh é, agus m'anam gur fíor é: is cóir é Dáithí tigh Fhéilim agus gan maith ar bith ina theach féin leis
TUILLEADH (1) ▼
Is cat bradach a gheobhas aon bhrabach air sin. Má ghníonn sé an ghnaíúlacht féin nuair a bhíos bainis aige, sé oineach Uí Bhriain agus a dhá shúil ina dhiaidh é. Ach is maith súite uaidh a ól i dteach eicínt eile, agus má fhágann an ghloine a láimh chor ar bith, beidh an teach cáinte ar an toirt aige. Ach deir siad gur cóir é Dáithí tigh Fhéilim ach nach mbíonn maith ar bith ina theach féin leis.
+
dall 2
Téirigh soir ag an mbanaltra seo thoir agus tálfaidh sí bainne cíche fúithi agus feicfidh tú féin air ansin gur gearr a bheas tú dall … Deannóid bheag dheannaigh a chuaigh fúithi déarfainn, agus chuir tú chun othrais í dhá cuimilt
TUILLEADH (1) ▼
Ní raibh aon ghair agamsa tada a rá. Bhí mise dall críochnaithe ar an scéal. Ní raibh a fhios agam ó fhlaithis Dé cé faoi a raibh sé ag caint
+
dall 3
Dhall (/ᵹāʟ/, /ᵹaʟ/) an toirneach — nó an tintreach ab áil liom a rá — mé. Níor fhan spré agam nó go raibh mé aniar tamall fada
TUILLEADH (5) ▼
Phléasc an buidéal, agus fuair sé a raibh ann idir an dá shúil agus dhall sé é. Tá sé dall ó shin. Deir siad nach léir dó an bhánshoilse féin
Deir siad gur bhuail sí rud eicínt idir an dá shúil air, agus gur dhall sí é. Bhí sé dall go bhfuair sé bás
Deir tú go bhfuil sé ionann is dall. Muise dalladh gan aon léas air agus dalladh Oisín ina dhiaidh sin, gan dochar ná díobháil dúinne. Ná raibh dall ach é sin
Tá sibh dhá dhalladh dháiríre faoin gcogadh. Dhá bhfeictheá an sníomh a bhí air ar an gcathaoir nuair a bhí sibh ag rá nach bhfanfadh aon mhaith san airgead. Dheamhan a chos a chónós go dté sé isteach sa mbainc agus go dtarraingí sé hé brí cé mhéad cosamar airgid atá aige ann
Céard a dhall mar siúd é. Leabharsa muis, ní mórán dá chaillteamas féin a bhí leis déarfainn
 
Tá sé ag dallacar bháistí mar a bheadh Dia dhá rá leis
 
Go bhféacha Dia ort a dhuine sin! Chuirfeadh sé sin dallach dubh ar Rí na Méaracán, ní hé amháin ortsa. Tá sé glanta leis anois i bpas eicínt siar go ndéana sé nead i gcluais duine eicínt eile. Níor chás duit é chor ar bith ó bhí sé chomh saor sin agat: coróin is punt. Deir siad gur thug fear as M. hocht bpunta dhéag dó ar an gcuntar céanna … fuair muis. Tugadh sé buíochas le Dia nach tuilleadh a thug sé dhó
+
Deir siad go gcuirfeadh drochstolladh nó aimsir dhona an dallamullóg ar chaoirigh. Teagann scamall ar an tsúil má bhíonn an iomarca gairfin ann
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan thiomanta caora istigh ar do bhaile i mbliana nach bhfuil dallamullóg uirthi, hé brí cén smál atá ar an mbliain seo thar bhliain ar bith eile. Ach is smál féin é chreidim. An iomarca drochaimsir atá dhá dhéanamh déarfainn
+
Níl dalláin an tseanchrainn daraí sin thíos ag goineachan amach chor ar bith i mbliana. Tá sé críonta. Is fada ar an saol an crann sin déarfainn. Ach ní fhásfadh tada san áit a raibh sé le riteacht
TUILLEADH (2) ▼
Chonaic mise bó thiar anseo ag N. Mh. Bhí an úth calctha aici. Chinn orthu aon deoir bhainne a fháil uaithi théis a ndíchill. Bhí fear beag ag obair anseo thoir ag C. — níl a fhios agam beirthe ná beo cérbh as é. Tháinig sé ag breathnú ar an mbó agus í cinnte ar C. agus ar chuile dhuine. Fuair sé ruainnín den wire beag sin a d'fheicfeá ar scloig na mbuidéil lemonade. Dhírigh sé amach é nó go raibh sé chomh díreach le dorú. Sháigh sé suas i chaon dallán den úth é i ndiaidh a chéile. Dheamhan cor na car a rinne sé lena láimh ach é a shá leis suas. B'iontas an chaoi a raibh sé in ann é a dhéanamh ach níorbh é a chéad uair é. Bhuel tháinig an bainne, gan bleán ar bith. Tháinig sé mar a bheadh Dia dhá rá leis. Bhí bleánach dhó (dhe) ar an talamh shular féadadh soitheach a fháil. Is diabhaltaí stuama a bhíos daoine thar a chéile
Bhí bó ansin thoir ar an aonach agus nuair a chuaigh siad dhá bleán, bhí an úth chomh rite lena bhfaca tú ariamh. Ach deoir féin ní raibh sí a thál ina dhiaidh sin. Chuaigh chuile dhuine di ach ba aon mhaith amháin é. Tháinig an fear seo — ceannaitheoir a bhí ann — agus chuaigh sé féin ag méirínteacht léithe. Chuir sé soipín tuí isteach sna dalláin aici, mar dhóigh dhe go raibh siad tachta … ach dheamhan tachtadh ná cuid de thachtadh. Ní ar na dalláin ná ar a cuid siniúchaí a bhí an diumar (marach, locht) chor ar bith. Fear sách simplí — bádóir as Conamara — a casadh timpeall ann sa deireadh agus é ar a ghlasmheisce. Ní thabharfá deich triuf air lena fheiceáil. Sách adhartha a bhí sé ag imeacht. D'fhiafraigh sé céard a bhí orthu, agus hinsíodh dó. Bhí an ceannaitheoir an uair seo in éadan na ndalláin aici. 'Lig do na dalláin,' adeir an bádóir. 'Tá na dalláin chomh freeáilte agus a bhíos mo pholláiríse agus an bád ag tabhairt leathbhord sa ngaoith thar an gCeann lá flichshneachta. Ach inseoidh mise dhaoibh céard a dhéanfas sibh. Stopainn an bhainne atá ar an mbó. Má tá bairille ann agus é lán uisce, ardaígí suas é ar áit ard eicínt. Tugaidh an bhó lena ais. Coinnígí ansin í. Scairdigí anuas an t-uisce as an mbairille de réir a chéile. Mura ndéana an bairille sin, líonaigí bairille eile, agus déanaigí an cleas céanna. Nach mairg gan galún taosctha an bháid agam, agus is gearr a bheinnse dhá cur ag tál.' Tugadh isteach i yard Sh. í. Tá a fhios agat an bairille ard siúd a raibh an teaip air a bhí thiar le balla. Thiomáil siad an bhó suas lena thaobh, agus chuir siad an teaip ag rith. Ligeadh chomh maith le trí bhuicéad uisce as. Ná raibh ann nár thosaigh an bhó ag tál an bhainne chomh briosc agus dhá mba as béal gloine a bheadh sé ag teacht. B'éigean buicéad a chur fúithi de léim. 'Anois,' adeir an bádóir 'ab iad na dalláin a bhí dúnta,' agus haway leis isteach i ndoras cúil Bh. gur chuir cáitheadh pórtair ar an smut aige féin. Cé a mb'fhearr é sin ná do wireínse ar ball?
+
Deir siad go bhfuil Iúdás damanta. 'Sé a rinne spíodóireacht ar Mhac Dé
TUILLEADH (1) ▼
Ba damanta an cleas dó a dhul ag baint an gheadáinín talúna sin de na dílleachtaí bochta. Déarfá go mba bheag an tsúil le Dia a bheadh ag duine ar bith a bhuailfeadh faoi
 
damba
Bhí S. Mh. N. ag rá liom go bhfaca sé damba ar abhainn i Meiriceá agus go mba hairde a bharr ná speiricín na J. i nGaillimh. An gcreidfeása an scéal sin. Ní chreidfinnse ar chaoi ar bith. Sílim gur do mo dhalladh le bréaga a bhí an ceann céanna. Chonaic sé rudaí i Meiriceá nach bhfaca duine ar bith, agus a liachtaí sin duine sa tír a shiúil chomh fada leis i Meiriceá
+
damhsa
B'ait í a máthair féin. Bhíodh sé ráite gur thug sí an damhsa ó bhuaile léithe
TUILLEADH (1) ▼
Faoi do chois é! Nár laga Dia thú. Is tusa a thug an damhsa ó bhuaile leat ar chaoi ar bith agus ní hiad an dream a mbíodh sé ráite leo
+
Deir siad nach ndamnófar ach duine amháin lá an Bhreithiúnais. Chuala mé ariamh é
TUILLEADH (4) ▼
Aingeal geal sna flaithis a bhí sa Diabhal — diúltaí muide dhó — i dtosach. Ach damnaíodh é faoi rá is go raibh sé ag iarraidh an chomhairle ar fad a bhaint de Dhia agus í a bheith aige féin
Damnú síoraí air! Bleitheach eicínt aníos as Contae an Diabhail Bhuí nach dtuigfeá aon cheo den lapaireacht atá aige ach an oiread is a thuigfeá lochán lachan, ag rá nach raibh Gaeilge ar bith ag muintir na háite seo! Mura bhfuil, chí Dia muis, nach mórán slacht atá ar an nGaeilge atá aigesean!
Dhamnódh duine é féin leis an gcruithneacht chéanna agus gan faice dhá barr aige sa deireadh, ach a chuid talúna spíonta. Ná bac leis an gcruithneacht atá talamh na háite seo in ann a thabhairt. Bhí Garraí Mh. L. fúithi agam anuraidh, agus má bhí féin ba ghiobach an barr a bhí air
Dhamhnódh an ceann céanna thú le caint agus cabaireacht. Dheamhan iamh a theagas ar a béal ó mhaidin go faoithin ach ina claibín muilinn mar sin ag síor-rá léithe. Ach cá bhfágfadh sí é ach an oiread le scéal
+
dán
Abair an cheathrú sin aríst sa gcaoi a bhfuil sí agatsa … Sin é atá ag luí le dán. Tá ceathrú lia agamsa ann
TUILLEADH (10) ▼
Tá mé ag dul amú ar an aithrí sin. Níl sí ag luí le dán chor ar bith anois dom. Is fadó an lá ó dúirt mé í go deireanach
Is furasta a aithinte ar an gceathrú sin nach bhfuil sí ag luí le dán. Níl an darna cuid ag teacht leis an gcéad chuid. Tá an t-amhrán sin ag P. Ch. ansin thiar. Is minic a chuala mé a mháthair go ndéana Dia maith uirthi, dhá rá. Faigh uaidh siúd é. Tá sé ceart aige
Gan doubt. 'Sé an rud atá tusa a rá atá ag luí le dán agus ní hé an rud adúirt seisean
Ní ligfidh mise do bhean ar bith dán a chur orm, ach mo spealóg a bhaint as chuile chúilín chomh uain is a sheasfas an óige dom. Deir siad nach dteagann an óige faoi dhó choíchin. Tá sé sách luath ag duine pósadh ach a mbailí sé na deich mbliana fichead
Is diabhlaí a chruthaigh sí faoi dheireadh thiar agus dán a chur ar fhear eicínt. Ach an bhfuil a fhios cé hé féin? Is méanar Dé dhó muis, agus é a bheith ceangailte leis an tsuaróigín siúd. Is fada dhó a shaol. Níl againn a rá ach go ndéana Dia grásta air, mar is gearr go ndéarfar leis é ar aon nós
Dheamhan a raibh ar dhánta na talúna ariamh cruithneacht ní b'fhearr ná a bhí ag A. ansin thiar i bP. R. anuraidh … Deirim leat nach raibh a leithide de chruithneacht ar an Achréidh ariamh — ní feasach dom céard é dánta féin, ach measaim gur toradh nó barr nó fás é. Faoi chúrsaí na talúna a baintear leas as i gcónaí: tá sé i gceist sa rá cainte seo go mba í cruithneacht A. i bP. R. an sméar mhullaigh; nár fhás sí thrí thalamh ariamh aon chruithneacht a thabharfadh an barr uaithi
Níl i ndán glanta dhóibh. 'Sé a chosúlacht é ar chuma ar bith, agus deir siad go mbíonn an chosúlacht ann. Chuile lá beo a dtéim amach le soipín a bhaint astu (fataí i gcall a nglanta), teagann rud eicínt a chuireas as mo bhuille mé
Níl i ndán socrú dóibh. Ní fheicfidh tú aon deireadh ar an gcogadh sin go deo
Cloisfidh tú duine ag rá go bhfuil "i ndán" ann. Dheamhan "i ndán" ná "i ndán". Nár chuala tú ariamh é: "sháraigh an fhoighid ar an dubhchinniúint"
Mura bhfuil i ndán is go bhfeicfidh mé thú as seo go ceann seachtaine, téirigh ann agus abair an rud sin leo, agus cuir scéal agamsa cén toradh a fuair tú
+
dána
Deir tú leis an ainle bhradach sin a thosaigh ag athléamh orm. Anois an bhfuil biseach agat? Nuair a chuaigh mé dhá bhualadh, 'sé an chaoi ar neartaigh sé ar a mhaidí. Sin é an malrach atá dána. Dúirt mise go bhfágfainn é go dteagtása agus cead agat do rogha rud a dhéanamh leis. Ná ceil an tslat air anois. Rófhada a chosain mise é
TUILLEADH (4) ▼
Is beag an mhaith den tsagart aon cheo a rá leis siúd ó chaithfeas sé rud ina cheann. Tá sé chomh dána leis an diabhal féin
Ba é a labhair go dána drochmhúinte freisin. Dúirt sé mura dtéadh T. amach dhá dheoin féin, go gcuirfeadh seisean ag imeacht é agus deifir air!
Gabh amach anois agus labhair go dána drochmhúinte léithe, agus abair má mhilleann a cuid beithíoch aon cheo ort níos mó, go n-íocfaidh sí é
Deir siad go bhfuil alltrachaí an-dána in Árainn. Le téad a scaoiltear síos daoine ar éadan na haille. Téann siad ann ag coilleadh neadrachaí
 
Má bhí sé de dhánacht ann an méid sin a rá leis an bpóilí, d'imigh an diabhal air. Cén bhrí ach carrachán mar é!
+
danra
Ní raibh aon mhaith leis. Chaithfeadh sé a bhealach féin a bheith aige. A chomhairle fhéin do mhac dhanra agus ní bhfuair sé ariamh níos measa. Tá sé ráite ariamh
TUILLEADH (4) ▼
Ní dhéanfaidh an fear seo thoir aon bhun muis. Thosaigh sé thar cionn, ach ar ndóigh, ní den abhras an chéad snáth mar adeireadh C. Th. Tá sé ródhána. Níl neart agat focal a rá leis mar ní ghéillfeadh sé duit. A chomhairle féin do mhac dhanra arsa tusa, agus ní bhfuair sé ariamh níos measa
An bhfaca tú aon fhear ariamh is danra ná é ar thada a rá leis. Bhí mé lá thiar in éindí leis i gC. Ch. Bhí an oíche ag teacht orainn agus muid i bhfad ó bhaile. Níor tháinig iamh ar a bhéal i gcaitheamh an lae ach ag caint ar a dhul abhaile nó gur tháinig an tráth le n-imeacht. Ansin níor fhan smid ar bith aige faoi. Nuair a chonaic mé féin dhá ligean rófhada é sa deireadh, d'iarr mé air a theacht. Spréach sé. Shílfeá gur mó dhá fhonn a bhí air a dhul do mo lascadh féin. Ní raibh gair agam an baile a shamhlú leis gur tháinig sé dhá thoil deona féin sa deireadh
Dream an-tsoilíosach iad agus an-ghnaíúil. Ach tá siad chomh danra leis an tubaiste ar thada a rá leo. Chuile shórt acu ach a dhul i gcleithiúnas comhairle ar bith a chur orthu. Is túisce go mór a ghabhfaidís in do phíobán ná a ghlacfaidís comhairle ar bith uait. Drochbhodaigh iad ar an gcaoi sin
Níl aon fhód talúna ag gabháil leis nach bhfuil deacair danra mar sin, faoi bhroibh, faoi dhriseachaí, faoi chíb ar éigean, faoi chuile mhíle rud dhá dhonacht. Ar ndóigh murach é a bheith ina fhear chomh maith agus atá sé, ní bheadh sé in ann giota fataí a chur beag na mór. Agus cloisfidh tú daoine dhá cháineadh ina dhiaidh sin agus ag rá go mba cheart dó dúchan a dhéanamh. Dúchan mo chreach! Ar an talamh siúd
 
daoire
Tá na beithígh réidh le daoireacht i mbliana. Deir siad go bhfuil an galra eile sin briste amach aríst i Sasana
+
Is daoithiúil an duine é. D'iarr mé ceap air an lá faoi dheireadh, le tosach a chur ar mo bhróig, agus dúirt sé nach raibh aon cheap aige, ainneoin go raibh mé ag breathnú air istigh faoin drisiúr le mo dhá shúil an pointe céanna. Faitíos go leasódh sé tada fúm: sin é an fáth nach dtabharfadh sé dhom é. Thairgfeadh sé do dhuine é nuair nach dteastódh sé chor ar bith uaidh
TUILLEADH (1) ▼
Déarfadh sé go maith anseo é, ach cuirfidh mé geall leat nach n-abróidh sé in mo láthairse é. Ní abróidh a mhaisce, mar tá faitíos air go dtógfainn é. Sin é a bhfuil aige, Laoi na Mná Móire, agus tá sé chomh práinneach as sin agus a bheadh cat as póca. Ní bheidh sé ag aon duine eile nó is cinniúint air é. Sin é an fear daoithiúil i gcónaí. Nach mbíodh L. ar an gcaoi chéanna le M. Ní abródh sé píosa Fiannaíochta a bhí aige in áit ar bith dá gcasfaí M. faitíos a dtógfadh M. é. Mheabhraigh M. do dhuine eicínt eile a dhul isteach agus é a chur dhá rá, agus sheas sé féin sa doras dúnta ag éisteacht. Chuaigh sé isteach de mhaoil a mhainge an oíche dhár gcionn agus dúirt sé chuile mhíle focal di do L. Nuair a chuala L. é, bhí sé i ndiaidh sásaimh ar chuma eicínt. 'Tá trí ceathrúnaí nár chuir mé ann,' arsa seisean. 'Bhí a fhios agam go raibh tú sa doras iata.' Bhraith sé é … Dheamhan ceathrú ná cuid de cheathrú a bhí ar iarraidh ach bhí air (aige) marach eicínt a fháil air …
+
daol
Daol drochmhúineadh agus neart maistínteachta atá anois uirthi. Déarfá nach mbeadh sé éasca í sin a bhearradh ar ala na huaire! Ach míneoidh sí síos ar ball agus féadfaidh tú caint a chur uirthi má tá aon spéis agat inti
TUILLEADH (2) ▼
Deir na scorachaí sin a bhí thall in éineacht leis go mbíodh sé ar an gceird chéanna i Sasana. Bhuaileadh daolanna cumha é scaití, agus bhíodh sé bog te ag dul abhaile maidin lá arna mhárach. Ach maidin lá arna mhárach ní bhíodh aon chuimhne aige go raibh aon bhaile ariamh ann. A raibh de bháid aeir ag an German ní bhainfeadh feanc as aríst go saothraíodh sé páí na seachtaine
Cén sórt daol a theangmhaigh léi agus a theacht ar cuairt anseo thuas inniu. Níor facthas cheana ann í le saol is aimsir. Dúirt sí liom féin dhá bhliain go ham seo — lá a raibh mé ag caint léi i dteach an phosta — dheamhan a cois ná a cnáimh a thaobhódh iad an dá lá agus a bheadh sí beo aríst