Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

abródh (15)

 
Chaith mé an lá ag tuineadh leis ag iarraidh é a thabhairt ann ach ní abródh sé drúcht ná báisteach. Téirigh tusa ina éadan anois má thograíonn tú, ach mo chomhairle duit ligean dó ar fad. Is bocht an rud a bheith ag iascach ar pholl gan freagairt
 
fág
Ní abródh aon duine sa tír aon cheo faoi murach í fhéin. Ach cár fhága tú na Flaitheartaigh — ba Flaithearteach í fhéin ó cheart agus i ngeall gur Flaitheartach í adúirt sí é
 
breá
Tá caitheamh agus cáineadh aige ar an gcliamhain, agus nach breá ina dhiaidh sin nach maith leis go n-abródh aon duine eile aon cheo leis — nach maith
 
Ní abródh sé é murach an áibhéil
 
amach
Ní chreidfinn go n-abródh an té is faide amach uaim sa tír liom é, ní áirím eisean a bhfuil gaol gar aige liom.
 
dairt
Deir tú leis a chaith coraintín istigh anseo inniu. Níor tharraing sé anuas agam faoin mbealadh díreach ach bhí sé ag baint dairteachaí aige. Dhá gcloistheá an chaoi a raibh sé ag teacht timpeall ar an scéal. 'Leag mé bosca bealadh a bhí le a chur ar an gcarr inniu isteach ar chorr an drisiúir aréir. Níor fhága mé míor meacan den teach gan chuartú ar maidin agus chinn orm é a fháil. Dúirt B. nár chorraigh sí féin é. Agus níor goideadh é, mar 'sé sin an fáth, ní raibh aon duine istigh ó mhaidin ach tusa agus M. agus níor ghoid ceachtar agaibhse é.' Tá amhras aige orainn, ach ní abródh sé ina dhiaidh sin é. Fágfaidh mé thíos anois aige é san oíche amárach. Leagfaidh mé san áit chéanna ar chorr an drisiúir é agus mé ag imeacht ó chuairt
 
Déarfadh sé go maith anseo é, ach cuirfidh mé geall leat nach n-abróidh sé in mo láthairse é. Ní abróidh a mhaisce, mar tá faitíos air go dtógfainn é. Sin é a bhfuil aige, Laoi na Mná Móire, agus tá sé chomh práinneach as sin agus a bheadh cat as póca. Ní bheidh sé ag aon duine eile nó is cinniúint air é. Sin é an fear daoithiúil i gcónaí. Nach mbíodh L. ar an gcaoi chéanna le M. Ní abródh sé píosa Fiannaíochta a bhí aige in áit ar bith dá gcasfaí M. faitíos a dtógfadh M. é. Mheabhraigh M. do dhuine eicínt eile a dhul isteach agus é a chur dhá rá, agus sheas sé féin sa doras dúnta ag éisteacht. Chuaigh sé isteach de mhaoil a mhainge an oíche dhár gcionn agus dúirt sé chuile mhíle focal di do L. Nuair a chuala L. é, bhí sé i ndiaidh sásaimh ar chuma eicínt. 'Tá trí ceathrúnaí nár chuir mé ann,' arsa seisean. 'Bhí a fhios agam go raibh tú sa doras iata.' Bhraith sé é … Dheamhan ceathrú ná cuid de cheathrú a bhí ar iarraidh ach bhí air (aige) marach eicínt a fháil air …
 
Chaith muid an oíche ag dilleoireacht leis le amhrán a rá, ach dheamhan rá. Ní abródh sé tada ach ag nathaíocht leis sa gcúinne. Ní leis ab fhaillí é muise an ghloinín fuisce a ligean siar. Níor chall aon dilleoireacht a dhéanamh leis fúithi sin
+
dona
Dhá n-abraíteá leis sin gur mharaigh tú duine, ní abródh sé leat "is dona a rinne tú é". Sin é an sórt duine é
TUILLEADH (1) ▼
Dhá mbuailtheá isteach ar an smut é, ní abródh sé go mba dona a rinne tú é. Tá sé an-réchúiseach
 
Dheamhan sagart is réadhcha (réidhe) a chonaic tú ariamh ná é le dualgas a thabhairt dó. Mura dtugtá dhó ach scilling, ní abródh sé drúcht ná báisteach ach buíochas a ghabháil leat. Dar príostaí muis, níl sé chomh furasta sin a gcuid a thabhairt do thuilleadh acu. An phuic mhór seo thíos againn féin …
 
Diabhal fear beo a d'fheicfeadh é nach n-abródh gur tincéara déanta é. Tá an ghruaig agus an ceannaghaidh céanna air agus atá ar na M.s a d'fheicfeá ag dul thart ansin
+
dóigh 1
Boss réidh go leor é. Mura bhfeiceadh sé thú ag déanamh dóighe den scéal ar fad ní abródh sé tada. Bhí mé féin agus M. Bh. ansin thiar anuraidh ag baint chlocha reatha i ngarraí D. Shuigh muid síos agus na piocóideachaí caite uainn againn. Diabhal easna dhó nár théaltaigh aniar, agus ní fhaca muid ariamh ariamh é, gur rug sé ceart críochnaithe orainn. Meas tú céard a rinne sé: a dhroim a thabhairt dúinn ar an toirt … Chaithfeadh sé T. Mh. a bhriseadh. Rinne sé sin dóigh dhó (dhe) amach is amach. Fear ar bith a leagadh an bara uaidh os a choinne agus a chuireadh péire uillinneachaí air fhéin ag dradaireacht le chuile bhean a théadh thart an bóthar
TUILLEADH (1) ▼
Ní abródh sé féin tada mar dhóigh dhe. Ise a bhí dhá rá uileag, má b'fhíor dósan. Ach dheamhan cailleadh a bhí ar a theanga féin — ná cailleadh ar bith
 
Ní caomhúint ar bith atá inti sin ach gur sháraigh sí an saol tá sí chomh dúnárasach sin. Bhí mé soir anseo chuig an D. in éindí léithe trí lá i mbéal a chéile an t-am a raibh an bhruitíneach agus an leicneach ar an gcuid s'againn féin. Dúirt mé léithe é. Níor dhúirt sí a dhath faoi na gasúir s'aici féin. Ba bheag an lua a bhí aici a rá go raibh siad orthu. Ní abródh ná dá mbeidís ag saothrú báis, i bhfad uainn an anachain. Súmaireacht den tsórt sin a bhí ag rith lena dream ariamh. Púcaí bradacha! Bheadh sé chomh maith dhuit a bheith ag caint le asail leo. Is beag is ionann é. Is mó a bheadh de bharr na n-asail ag duine