Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dona
aidiacht, dobhriathar
breischéim srl.: is measa, níos measa, ach deirtear is dona srl. go minic freisin
olc, tinn, croite, suarach srl.
a.
+
Duine dona é (duinín dona) — duine gan lúd gan spreacadh, duine gan mhaith gan mhisneach; othar; duine gan aon chiall; duine beagmhaitheasach
"Tugann an duine dona dubhléim" (fc. dubhléim)
TUILLEADH (18) ▼
Caith ar chrann dona é (fc. crann)
Beainín dhona chaillte í
Suaróigín dhona í
Lao dona é — gan aon ordú ná aon teacht suas faoi
Piodarláinín dona de ghasúr atá aige
Bóín dhona shuarach í
Lá dona é — drochlá
Teach dona atá aige
Obair dhona a dhéanfas sé, ná atá sé in ann a dhéanamh
Saol dona é
Tá sí ar aimsir chomh dona is a tháinig i mbliana dhá mbeadh neart air
Gaeilge dhona atá aige (amharc dona atá aige, siúl dona atá aige srl.)
Ciall dhona a bhí agam nuair a fuair sé bás. Ach is cuimhneach liom go maith é mar sin féin — ní raibh ionam ach gasúr beag bídeach
Ciall dhona atá acu ná a d'fhéadfadh a bheith acu. Ar ndóigh ní ag iarraidh céille a bheifeá ar pháistí ina n-aois
Saol dona atá aige ná ag duine ar bith a bhfuil a dheis air
Sin é an duine dona i gcónaí. Ní bhíonn breathnú siar ar bith aige ar an gcois thinn, ach a mbíonn aige a chaitheamh de rith is de léim
A dhuinín dhona, céard a bhéarfadh dhuitse a bheith in ann aige?
Sin í an onóir dhona (fc. onóir)
+
Éirí dona atá sé in ann a dhéanamh — níl ann ach go bhfuil sé in ann éirí den leaba, de bharr tinnis
Ithe dona atá mé in ann a dhéanamh ag na fiacla atá agam
TUILLEADH (3) ▼
Scríobh dona atá sé in ann a dhéanamh. Céard a chaith sé ag dul ag an scoil ach bliain nó dhó ar a mhéid?
Obair dhona a dhéanfas mise, ná aon duine atá in m'aois. Is gearr nach mbeidh siúl an bhealaigh ionam, ní áirím a athrú
Sin í an ghróigeadh dhona a dhéanfas sé sin, mar nach air a ghnaithe a bheas aird aige
b.
+
Is dona thú nár fhreagair é — bhí agat é a fhreagairt
Nach dona thú nár bhuail é!
TUILLEADH (2) ▼
Nach dona thú feasta choíchin mura bhfuil tú in ann an méidín sin a dhéanamh
Is dona é muis más in é a bhfuil de mhaith leis
+
Is dona atá mé in ann é a dhéanamh, ach ó tharla nach bhfuil mo mhalrait ann, buailfidh mé faoi
Is dona atá mé in ann éirí chor ar bith, ach caithim a bheith ag crochadóireacht liom ina dhiaidh sin
TUILLEADH (11) ▼
Is dona atá siúl an bhóthair ionam, ní ceasacht ar Dhia é, agus mar sin fhéin, ní mór dhom creachlaois eicínt a dhéanamh
Is dona a bhí mé in ann mé féin a thabhairt abhaile, ní hé amháin aon duine eile
Is dona atá dhá lorry féin inti, gan bacadh le trí cinn
Is dona a bhí éirí i mo sheasamh ionam, agus gan a dhul ag damhsa
Is dona atá mé deich gclocha, agus gan a bheith dhá chloich dhéag
Is dona a d'fhéadfadh sibh a dhul ar farraige inniu. Níl an lá in araíocht
Is dona a d'fhéadfadh sé a bheith scór blianta fhéin fós, gan trácht ar a bheith cúig bhliana fichead
Is dona a chruthaigh tú nár bhuail é — bhí agat a bhualadh
Is dona a chruthaigh sé muis. Gheobhadh sé ar shladmhargadh iad an lá sin
Fuair sé uachta agus is dona a chuaigh sí dhó (fc. téigh do)
Is dona a chuaigh an t-aistear sin dó
+
Níor dhúirt sé "is dona a rinne tú é", nó "is maith a rinne tú é". Dheamhan an smid fhéin a tháinig amach as a bhéal — níor thug sé le tuiscint gur thaitnigh mo ghníomh leis nó go raibh sé ina aghaidh
Dhá n-abraíteá leis sin gur mharaigh tú duine, ní abródh sé leat "is dona a rinne tú é". Sin é an sórt duine é
TUILLEADH (1) ▼
Dhá mbuailtheá isteach ar an smut é, ní abródh sé go mba dona a rinne tú é. Tá sé an-réchúiseach
·
Is dona a frítheadh muid, má tá bacach mar sin in ann éirí inár mullach — is daoine gan mhaith muid
Is dona a frítheadh thú mo choinsias, má ligeann tú uait é gan droimeáil bhuailte a thabhairt dó
+
Is dona an tuarastal aon tsagart amháin fhéin ag na daoine agus gan beirt shagairt a íoc
Ní dona go dtí é
TUILLEADH (5) ▼
Is maith dona é — tá sé dona go leor
Is dona í a cheird, ní dhá roinnt leis é — níl a chuid oibre, nó a chuid gníomhra, nó a iompar, inmholta
Is dona an chaoi é, a bheith tinn
Is dona é an fliuchán ag duine, dhá bhféadadh sé fanacht uaidh
Is maith í an fhoighid, ach is dona í an fhaillí (fc. foighid)
+
Ba dona an lá dhó an lá ar fhága sé an baile seo. Bhí sruth is gaoth leis agus min ina chomhra chomh uain is a bhí sé anseo
Is dona an rud do dhuine a láimh a bheith i mbéal an mhadaidh aige má fhéadann sé
TUILLEADH (1) ▼
Is dona an chaoi dhó a bheith mar sin: ag fanacht ón aifreann
·
Nach dona ón ngamhainín sin rud a ithe. Níl bail ar bith air ag ithe a chodach
Nach dona uaidh litir a scríobh. Shíl mé go raibh riar scoláireacht thairis sin air
+
Ba dona léithe an talamh le ceannacht — cheap sí go raibh sé ródhona
Ba dona leis an fáilte a chuaigh roimhe, agus diabhal easna dhó nár thug dhá shiúl abhaile aríst é
TUILLEADH (2) ▼
Ba dona linn an lá le dhul ann
Is dona leis an aimsir le dhul ag plé le féar
·
Is tú is measa faoin mbogha bán mura dtuigeann tú an méid sin agus an fhad is atá tú ag dul ag an scoil
'Sé is measa dhá bhfaca mise ariamh. Níl meabhair ar bith ann (measa ar seo i gcónaí)
+
Aonach dona a bhí ann. Diabhal níos measa (the devil a worse; measa adeirtear i gcónaí i gcás den tsórt seo, is cuma cén tsárchéim a bhíos ar dona ag an gcainteoir ar ócáidí eile)
Trá dhona í. Diabhal níos measa (a d'fhéadfá a iarraidh, nó leagan eicínt mar sin intuigthe ina dhiaidh)
TUILLEADH (3) ▼
Drochthalamh é. Diabhal níos measa ann
Madadh drochmhúinte é. Diabhal níos measa ann
Druncaera críochnaithe é. Diabhal níos measa faoi na brait (sa tír, in Éirinn srl.)
+
S. seo thiar a bhí ann. Dar príosta, ní measa fear eile — tá sé chomh dona le duine ar bith a bheadh ann
Mac Ph. Sh. R. a chuir araoid ort! Dar diagaí, ní measa fear eile
TUILLEADH (9) ▼
Slaghdán atá ort. Dar príosta muis, ní measa rud (galra, gearán srl.) eile — tá sé chomh dona le rud ar bith a bheadh ort
Daitheachaí! Ní measa galra eile, agus gan trua ag aon duine d'fhear na ndaitheachaí
Tá sé buailte adeir tú. Ní measa ar bith é — ní fhéadfadh rud ar bith níos measa a éirí dhó ná a bheith buailte
Tá na fréamhrachaí ag borradh sna cosa agat aríst. Ní measa ar bith é (ní measa beirthe é)
Ag sneachta ab ea! Dar fia, ní measa beirthe é
Is measa thú ná a bhfaca mé ariamh; is tú is measa dhá bhfaca mé ariamh; is measa thú ná a dtiocfaidh agus ná a dtáinig; is measa thú ná loirgní dóite
Is measa é go mór ná an fear thoir
Sin é an scéal (an rud, an chaoi, an bealach srl.). Is measa dhom go gcaithfidh mé fanacht seachtain anois d'uireasa fairnéis ar bith uaithi that is the worst of it
Sin é an scéal is measa dhuit, nach bhfuil a fhios agat an soir nó siar a thabharfas tú t'aghaidh
+
Dhá dhonacht S., is seacht measa T. — tá sé seacht n-uaire níos measa ná é
Dhá dhonacht cogadh, is seacht measa gorta
TUILLEADH (3) ▼
Is míle measa an bhliain seo ná aon bhliain dá dtáinig fós.
Go mba míle measa a bheas tú bliain ó inniu a bhastairdín, má bheirim ort bainfidh mé an t-anam asat! (eascainí)
Go mba seacht míle measa a bheas sé bliain ó inniu, an cuimleachán caca, mura deas a gheobhadh sé ann féin a dhul ag baint fogha ná easpa as duine ar fónamh
c.
+
Dona go leor a mh'anam! Tá do scéal sách dona
Dona go leor mo choinsias! Tá do sháith ar t'aire
TUILLEADH (3) ▼
Dona go leor a tháilliúir! — dhá n-insíodh duine gearán duit, ach gan an gearán a bheith ródhona ina dhiaidh sin
Chaill tú do phíopa. Dona go leor a tháilliúir!
Agus goideadh an corrán uait! Dona go leor a tháilliúir. Daighean neart air!
d.
+
Tá mé go dona gan speal
Níl go dona ann ach an té nach bhfuil ag saothrú tada — tá daoine eile go dona b'fhéidir, ach eisean is measa ar fad
TUILLEADH (9) ▼
Ní raibh go dona ann ach mise, arbh éigin dom siúl abhaile
Ní bheidh go dona ann ar ball ach an leota a bheas caite amach
Tá sé ag cothú (ag coinneáil, ag fanacht srl.) go dona i gcónaí (othar, drochlá srl.)
Tá sé go han-dona (rídhona, fíordhona, sárdhona, meathdhona, réasúnta dona, sách dona, dona go leor, an-dona den tsaol srl.)
Tá sé (an scéal sin) ródhona dhá mbeadh neart air
Nach tú atá go dona againn anois cheal tobac! aren't you badly off for tobacco!
Nach é atá go dona againn nach bhfaigheann sé cead a dhul ag rástaí!
Tá an fuisce go dona ag (do) an gcroí
Gabhfaidh an píopa sin go dona duit má chaitheann tú mórán dhe (fc. téigh do)
·
Bhí go maith agus ní raibh go dona. D'imigh mé féin liom — bhí sin mar sin; bhí an méid sin thart. Baintear leas as go minic dhá mbeadh duine ag inseacht scéil
Bhí go maith agus ní raibh go dona. Tháinig mé féin abhaile
+
Buaileadh go dona é
Caitheadh go dona leis — cuireadh míchomaoin air
TUILLEADH (1) ▼
Níor labhair mé leis olc maith ná dona — chor ar bith
e.
+
An rud a fhaightear go dona, imíonn sé go dona (seanfhocal) — an rud a chruinnítear ar dhroim an diabhail, imíonn sé ar a bholg (fc. droim)
Is iomaí airgead a rinne sé sin, agus ba mhaith uaidh, ach d'imigh sé go dona ina dhiaidh sin — ní dheachaigh aon chaoi air
TUILLEADH (4) ▼
Feicfidh tú go n-imeoidh an t-airgead mailíseach go dona fós. Níorbh é leathchóir Dé é mura n-imíodh
Caitheann sé a mbíonn aige go dona — go drabhlásach
Lig tú uait go dona é. Bhí agat a thapú
Lig tú an deis sin uait go dona
f.
+
Tá sé go dona (tinn)
Bhí sé go dona tinn inné, má b'fhíor dhó féin, ach feicim amuigh ag obair inniu aríst é
TUILLEADH (4) ▼
Is minic leis an gceann céanna a bheith go dona tinn
Duine ar bith atá go dona tinn sí an leaba a áit, agus ní ag dul isteach is amach
Chreidim gur fada go dona tinn é
Cén neart atá aige air má tá sé go dona tinn. Ní bhíonn aon neart ag an donacht féin air
+
Tá mé go dona le daitheachaí (ag daitheachaí)
Tá sé go dona le cois tinn
TUILLEADH (2) ▼
Tá mé go dona le mo chois
Bhí mé go dona ag (le) an slaghdán an tseachtain seo caite
·
Fágann sin go dona é muis, mura bhfuil sé in ann céad meáchain a ardú — cruthaíonn sin go bhfuil sé go dona (gan aon lúd)
Fágann sin go dona tú, mura bhfuil tú in ann tada a ithe thairis sin

Féach freisin

dona in iontrálacha eile (100+)

+
abair
Dúirt tú é! Scólacháinín dona é
TUILLEADH (1) ▼
Déarfainn gur dona na gnaithí atá air a bheith ag imeacht ar a shláinte go fánach mar sin, agus a fhusacht dó a dhul go Sasana, agus saothrú maith ann
 
Tá an scanrachán seo thoir ag dul sna céadéaga le obair. Nach dona na gnaithí atá air a bheith dhá chur fhéin thar a fhulaing mar sin. Sínfidh na clochair siúd leis, feicfidh tú féin air. Níl rud ar bith in ann fear a shníomh ach ag briseadh cloch.
 
Níl an dá chluais go dona agam, ach leathchluais
 
daba
Cé a chaith an daba de cháca sin ag an madadh. Nár agraí Dia oraibh a bheith ag caitheamh aráin mar sin ag madraí agus chomh dona is atá an saol
 
daigh
Tá mé go dona le daigh faoin bhfiacail
 
dáil
Ba i ndáil le go dona a chaith a athair féin an saol
 
Tá fear an airgid in ann é féin a dhaingniú isteach ina rogha áit. Ní comórtas ar bith do dhaoine dhona é
+
dairt
Is dona a thaitneodh sé leis féin dairteog a bhualadh ar an leiceann air. Mo choinsias dá mbuailthí, ní i bhfad go mbeadh lig amach mo mhullach ann. Tá a fhios againn go maith cé hé
TUILLEADH (1) ▼
Mura bhfuil aige faoi dheireadh, théis a chuid scoileannaí agus coláistí, ach ag breathnú i ndiaidh faochan, is dona a chuir sé a shaol. Deirim leat go mb'fhearr dhó ag caitheamh dairteachaí go Contae an Chláir ná a bheith ag fálróid thart ag forcamhás ar chupla buitín faochan a chruinneos muintir an L.
 
Deir siad go gcuirfeadh drochstolladh nó aimsir dhona an dallamullóg ar chaoirigh. Teagann scamall ar an tsúil má bhíonn an iomarca gairfin ann
 
Tá sé ina dhallarán chríochnaithe. Is fadó an lá a bhí aige a bheith ag fáil pinsean na daille. Is iomaí duine nach bhfuil leath chomh dona leis atá dhá fháil ón gcéad lá
 
Ara choinnigh muintir an Ch. sin thiar ar neamhchodladh mé ar feadh na hoíche aréir lena gcuid glaomaireachta. Tá a shliocht orm: tá mé in mo dhall dúda inniu. Airíonn siad na daoine go dona. Bhí lá den tsaol muis, agus ba bheag an ghlaomaireacht a bheadh acu sna bólaí seo, ach airíonn siad a raibh ar fónamh ann imithe anois
 
Is dona na gnaithí atá ort do do dhamnú féin le na seanchlochair sin, agus fios agat nach réiteodh na Fiannta Éireann iad, agus bídís ar an saol inniu. Ach níl aon chomhairleachan i ndán do chuid de na daoine, nó go bhfága an saol a shéala féin orthu. An bhfeiceann tú M. Ph. Sh. ansin thoir, agus é sníofa de bharr a bheith ag plé le clocha
+
danra
Mo chreach mhaidne, tá a bhfuil sa teach ansiúd chomh danra le chéile faoi bhuille ar bith oibre a dhéanamh: dar leat féin gur ag comórtas le chéile a bheidís, go bhfeicidís cén duine acu ba deacra a chur amach agá n-a chuid oibre. Gróigfidh fear acu é féin ar an teallach agus déanfaidh fear eile agus fear eile an cleas céanna, nó nach mbeidh áit ag míoltóig ina ngaire. Níl go dona ann ach an díthreabhach bocht is athair dóibh atá amuigh moch deireanach ag saothrú. Sin é an díol trua ar chaoi ar bith
TUILLEADH (3) ▼
Is dona na gnaithí a bhí ort a dul ag margáil le P. Ph. Nach bhfuil a fhios agat cén bealach atá leis sin. Mura bhfuil, tá fhios agamsa. Is minic a chuir mise margadh go bun an amhgair leis sin, ach mar sin féin, ní fhéadfainn ceannacht uaidh agus chomh danra agus a bhíodh sé — deacair margadh a chur i gcrích leis. Chaithfeadh sé ag stangaireacht leat go n-imeofá mearaithe uaidh faoi dheireadh
Séard a bhí agat a dhéanamh, má tá rún agat bualadh faoin riasc siúd, na cliamhaineachaí móra atá ansin thiar agat a thabhairt aniar go ceann seachtaine agus neart mairteola a thabhairt dóibh. Tá an talamh siúd chomh danra agus nach gcuirfidh duine ar bith é ach fir urrúnta a bhfuil smior iontu. Maidir le duine dona mar thusa a dhul ag plé leis, is beag é t'fhoghail air
Tá obair na móna féin sách danra. Tírtheáil mhór a fhaightear uaithi. Ach dar mo choinsias, tá iarmhais uirthi le blianta beaga anuas an té a chaithfeadh léithe. Theastaigh rud eicínt sa tír dhona seo
 
daoire
Má théann tú ag ceannacht fhéir anois ní bhfaighidh tú é ach ar a dhaoirse. Is dona a d'oibrigh tú — agus fios agat go dteastódh sé uait — nár cheannaigh ní ba thúisce sa mbliain é nuair a gheofá buille saor é. Tá an bhliain ag teacht an-déan (dian) freisin
 
daol
'Sí an phian a thagas ina daolanna mar sin is measa. Bíonn sí an-ghártha go héag. Dá seadaíodh sí duine i gcónaí, chítear dom féin nach mbeadh sí baol air chomh dona. Ach chreidim gur cuma cén chaoi a mbíonn an phian ag dul do dhuine má bhíonn sí air
 
daor 1
Níl sé leath chomh dona is atá a cháil. Dheamhan a leanann sé daoine ródhaor chor ar bith. Ach an té nach dtugann mórán tráchta dó, leagann sé air. An milleán sin air?
 
Diabhal scáth ar bith a bheadh orm fhéin nach mbainfinn an dara hairt as, agus is dona an fear mé. Níl fuinneamh ná fáscadh ansiúd
+
"Is minic gránna geanúil agus dathúil dona" (seanfhocal) — is minic an té atá gránna go mbíonn sé go lách síodúil soilíosach, agus an té atá dathúil go mbíonn sé olc, beagmhaitheasach, táiriúil
TUILLEADH (1) ▼
Tá sí sách dathúil ag fear ar bith. Agus tá cuntanós aici le na daoine rud nach bhfuil ag cuid mhaith dhá samhail. Is minic, adeir siad, gránna geanúil agus dathúil dona
+
de
Sodóigín de shuaróigín dhona de ghearrchaile í
TUILLEADH (2) ▼
Is den uaisleacht a dhul dhá shiúl (aistir), nuair nach bhfuil a chapall agus a shrian aige. Ní thabharfadh sé sin le rá anois go ndéanfadh sé aithrist ar dhaoine dona agus imeacht ar bhicycle. Ach 'sí an uaisle anuas de lota na gcearc anois aige í sílim
Níl go dona dhíom, dhá bhféadainn tada a ithe — tá mé maith go leor, ach nach bhfuil ithe mo chodach ionam
+
Bhí na heiricigh (Protastúin) go dona an uair sin a dheartháir mo chroí. Ag imeacht le Bíoblaí agus le soup, agus dhá bhaint siar as na daoine le deachmaí théis sin. Ba bheag an cheart a bhí le fáil ag an Rómhánach (Caitliceach) an uair sin. Mo choinsias ba bheag. Nach cóir adúirt an ceann eile féin san amhrán: "'S go bhfuil an dlí ar fad acu ó mharaíodar Rí Séamas." Ní mé an faoi na deachmaí sin a rinneadh an t-amhrán do Chac i Mála a bhí siar faoi Chonamara … Ach ní hea. Ag iontú daoine a bhí sé sin. Níor mhaith dhuit é sin a lua siar in áiteacha ann fós. Chniogfaidís thú faoi
TUILLEADH (2) ▼
Ar ndóigh bail ó Dhia ort, agus an tslí atá agat, níor ceart go mbeadh aon chall duit an deachma a chur ar cairde, ní hé sin do dhaoine dona mar mo leithidese é. Ach chreidim go bhfuil dola mór ort mar sin féin. Ní fhéadfaidh tusa a theacht le fataí tura mar a fhéadfas muide
Muna mbeadh ar Sh. Mh. fadó ach léas ar a mhéir, d'fhanfadh sé istigh. Níor facthas a leithide ariamh le aire air fhéin. Dhá bhfiosraíteá de Sh. ansin céard a bhí air, ní thabharfadh sé de thoradh ort i gcónaí ach, 'a mhic ó mo chroí thú, caithfidh mé deachma na sláinte a íoc.' Ní inseodh sé go brách duit céard a bheadh air. Ach ba deacair dó, arae ní bhíodh ceo na fríde air leath na gcuarta, nach (ach) nach dtabharfadh sé an áit amach air féin ar bhás an domhain, dhá mbeadh goimh ar bith san uair. Spreasáinín beag dona a bhí ann. Shéidfeá de do bhois é go dtí an Domhan Thoir. Bhíodh spideog air an lá ba bhreácha sa mbliain … Ní bhíodh de leathrann againn féin ansin in áit ar bith dá mbíodh sé ach 'a Sh. caithfear deachma na sláinte a íoc.' Is maith is cuimhneach liom an oíche ar tórradh é. Tá sé suas le cupla scór blianta go maith. Bhí mé féin agus bulc de na scorachaí isteach in éindí le P. Mh. a bhí anseo thuas ann. Chuaigh muid ar a nglúine go gcuireadh muid faoi bhrí na guí é. Níor dhúirt P. urnaí ar bith — go ndéana Dia grásta ar an mbeirt agus ar na mairbh ar fad. 'Sé an chaoi a raibh P. ag breathnú isteach air as cionn cláir agus é ag rá: 'tá deachma na sláinte íoctha agat faoi dheireadh, a ghiolla sin. Ba cheart go bhfaightheá luch pine (luck penny) maith anois, agus chomh fada agus a chaith tú dhá íoc.' Ní raibh aon duine sa teach nach raibh falrach gáirí air. Cuimhneoidh mé air go dté na hordógaí orm. Dar fia cuimhneod
 
déag
Tá na déaga caite aige! Tá a mh'anam agus faoi dhó, nó is dó is gaire é. Ina dhúradáinín dona mar sin atá sé ariamh
 
dealbh 1
Is beag is ait leis a dealbh a fheiceáil beag ná mór anois. Cuireann sí úis air cheapfainn. 'Dhá gcuireadh sí fear ar fónamh in m'áit,' adeir sé, 'níor cás ar bith liom é, ach an strabhsacháinín dona sin, a bhfuil cois aige ar bhruach na huaighe ó rugadh é. Scread mhaidne uirthi, má bhí sí ag dul ag déanamh mo mhalrait, breá nach bhfuair sí fear ceart.'
+
dealg
"Níl lot ar bith nach mbeadh dealg chomh dona leis" (seanfhocal) — déanann dealg drochlot mura dtapaítear é; is lú ná frigh máthair an drochábhair; is furasta le rud fánach mura dtéitear roimhe, a dhul in ainseal; an rud is lú a gcuirfeadh duine suim ann, thiocfadh dhó iarmhairt dhalba a bheith air
TUILLEADH (5) ▼
Má tá tú ag aireachtáil pian ar bith, is fhearr a dhul roimpi in am ná in antráth. Níl lot ar bith nach mbeadh dealg chomh dona leis
An bhfeiceann tú mac P. N. atá san easpaicil le dul chun bliana lena láimh. Is mór adéarfá dhá dtugadh duine tsiocair dhó féin, ach 'sé a raibh de shiocair aige sin é a bheith ag briseadh cloch le oirdín ansiúd in aice an tí. D'éirigh fleasc beag den chloich — fleasc a bhí chomh tanaí le lann scine. Bhuail sé sa láimh é. Níor chuir sé suim ar bith ann, mar níor fhuiligh sí féin air. Dheamhan oiread is cuimhniú a rinne sé air go ceann seachtaine aríst, nuair a shéid sí suas. Rinne sí bollóg le at. Sin é an uair a chuimhnigh sé ar na clocha. Chuaigh sé go dtí an dochtúr agus chuir sé san easpaicil ar an bpointe é, agus tá sé ann ó shin. Déarfá go mba fánach an tsiocair a bhí ag an duine bocht sin. Ach sin é. Níl lot ar bith nach mbeadh dealg chomh dona leis
Bhí gearrbhodach ag L. Sh. Ph. Níorbh fhéidir a choinneáil istigh, ach ag bóithreoireacht ó oíche go maidin. Bhuail sé agus mharaigh sé é, agus thug sé chuile dhíol air go minic. Chodlaíodh sé sa gcró leath na n-oícheanta an áit a gcuireadh an t-athair an glas ar an doras. Bhí bó aige le aghaidh lao an oíche seo agus b'éigean dó fanacht ina shuí dhá cionn. Tháinig an mac domhain san oíche. Ní bhíodh an t-athair ag cur araoide ar bith an uair seo air — bhí sé sáraithe aige agus gan maith dhó ann. Dar fiagaí dúirt sé an oíche seo leis gan drochmhúineadh ar bith: 'is fhearr leat ag bóithreoireacht agus ar do chuid drabhláis,' adeir sé, 'ná a theacht isteach in am, agus aire a thabhairt don bhó, i leaba t'athair bocht a bheith caillte anseo dhá cionn.' Níor dhúirt an stócach tada ach bualadh siar a chodladh. Chuaigh an t-athair a chodladh as sin go maidin. Nuair a d'éirigh siad ar maidin, ní raibh an gearrbhodach sa teach, ná ar an mbaile. Cuireadh tuairisc, ach ní raibh fáil in áit ar bith air. D'fhan mar sin go bhfaca siad suim aimsire agus gan tuairisc ná fairnéis air, ar an bhfad sin. Sin é an uair a scríobh sé as Meiriceá agus chuir sé céad punt abhaile ar aon láimh amháin. Bhí an-tsaothrú dhó ar an railway. 'Sé an focailín sin adúirt a athair a spadhar é, i gcruthúnas duit nach bhfuil lot ar bith nach mbeadh dealg chomh dona leis
Deir siad gurb é a raibh d'údar aige, lá a ndeachaigh sé ag baint sceiche ansin thiar, gur fhuiligh dealg ar a mhéir. Lá arna mhárach bhí sé sa leaba aici agus níor éirigh sé níos mó. Cuireadh aithne air gan an sceach a bhaint — bhí geis eicínt uirthi — ach ní raibh comhairleachan ar bith ina chionn siúd. Is dona a chuaigh an sceach don duine bocht ar aon nós
Chuaigh sí sin isteach san easpaicil ina bás ar sliobarna, ach nuair a tháinig sí amach bhainfeá fuil aisti le dealg spíonáin. Sin í nach ndeachaigh an áit istigh go dona dhi ar chuma ar bith
+
deamhan 1
Dheamhan go dona dhíom murach chomh spadtha agus atá mé
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan "is dona a rinne tú é" ná amháin adúirt sí leis an inín
+
déan 1
Gheobhaidh an lá rud le déanamh agus seasamh (tirim). Tá an-smúit ann. Sin dúchan báistí amach ar an bhfarraige. Dhá dtugadh sé traíáil dhom a bheith ón bportach, dheamhan a n-abróinn go brách leis: 'Rinne tú go dona é,' ná cuid de rá!
TUILLEADH (1) ▼
Tá siad go dona, ach déanfaidh siad muide, arsa tusa
 
dearfa
Go deimhin agus go dearfa duit, is dona an fear le pósadh é. Níl sé ann níos measa
 
Duine dona dearóil a fuair sí. Níl éitir ar bith ann. Ghiorródh lá seirsí (seisrí) amháin leis
 
Sin é an lá a raibh deascabháil Chríosta ann: chuaigh sé suas ar neamh an lá sin. Shílfeá gur dona atá do chuid agusc (teagasc) Críostaí agat, théis chomh fada ag dul ag an scoil thú!
+
Sin é a bhuac sin a bheith ag ligean deataí le gaoith. Is dona uaidh a luach a shaothrú muis
TUILLEADH (1) ▼
Theastódh ó dhuine eicínt deatach a bhaint as ar scáth a bhfuil d'fhaitíos aige roimh an mbaile seo. Airíonn sé na daoine go dona: sin é atá air. Tá an strabhsachán sin thiar ag M. T. chomh dona leis chuile orlach
 
Scread mhaidne air, an deidearún dona. Cé a thabharfadh bean dó siúd. Ar ndóigh níl gus ar bith ansiúd le pósadh. Diabhal a leithide de shúmaireacht a chonaic mise ar aon dhuine ariamh agus a bhíos air
 
Titfidh déidín aige siod mura dtuga sibh cupla scilling dó le dhul ag an gcéilí. B'fhearr dhaoibh, má tá aon phínneachaí beaga ann, a gcaitheamh aige. Nach bhfuil an duine bocht ag saothrú an tsaoil sách dona agus gan é a choinneáil istigh san oíche Dé Domhnaigh. Dheamhan a n-éilíonn sé imeacht aon oíche eile
 
deilbh 1
Má tá an aimsir go dona fhéin — agus thar a bheith go dona — dheamhan le déanamh againn, ach an oiread móna agus a fhéadfas muid a bhaint. Deilbh an saol, adeir siad, agus gheobhaidh tú inneach air. Tiocfaidh uair bhreá a thriomós í am eicínt
 
Déileáil dona a dhéanfas an díthreabhach sin in áit ar bith. Tá sí bocht, agus is dóigh nach mórán iarracht a bhíos ag lucht na siopaí uirthi. Fágann sí fiacha ina diaidh i chuile áit
 
Go deimhin féin is mór a d'ól sé ariamh agus is dona a chuaigh sé dhó
+
Diabhal bliain ó inniu go bhfeice tú deireadh an airgid sin le fán. An rud a fhaightear go dona, imíonn sé go dona
TUILLEADH (1) ▼
Roinn mé é chomh cothrom agus a d'fhéad mé agus an té atá ar deireadh bíodh. Dheamhan neart agamsa air. Is leor do dhuine dhona a dhícheall a dhéanamh
 
Déarfainn rud eicínt leis go dtí inné, ach tá sé deireanach cheapfainn. Tháinig scamall ar na súile aige le cupla lá. Níl aon aithne aige anois ach aithin dhona. Níor aithin sé J. C. tráthnóna
+
deis
Ní mórán de dheis a d'éirigh liom air, ach an méid sin féin, d'inis mé dhó é. Is dona a thaitnigh sé leis ach oiread. Rún a bhí aige shílfeá, rá liom aire a thabhairt do mo ghnaithe féin: gur beag a bhain a ghnaithe seisean dom
TUILLEADH (11) ▼
Is dona í mo dheis le dhul ag deasú bróg: ceap briste, casúr gan aon chois, agus scian nach ngearrfadh an t-im
"Is dona an rud onóir gan deis" (seanfhocal) — duine a bheith uaibhreach, leitheadach agus gan aon chur leis ann; uaisleacht dhona; beggared gentility
Sin í féin muis, an onóir dhona atá ag imeacht leo sin: onóir gan deis nó putóig gan geir, adeir siad
Is dona an deis atá ar an aimsir seo le dhul in éadan féir. Sílim go mbainfidh mé féin scaitheamh eile amach ar na portaigh nó go n-athraí an aimsir
Is dona an deis a chuir sé ar a chuid airgid: é a chaitheamh ar sclaibéaraí. Is furasta a aithinte an duine dona i gcónaí. Bíonn sé de bheith air, dhá mbeadh an saol aige, nach bhfágfadh sé cianóig rua aige féin
Níor fhága sé sop feamainne sa gcladach anuraidh nár sciob sé. Dheamhan sop muis. Bhí an snáth bailithe aige i gcónaí uair roimhe lá, agus ba dona an deis a chuir sé uirthi ina dhiaidh sin: a fágáil ina meall thuas ar bruach nó gur lobh sí — gur lobh chuile dhosán ariamh di. B'fhearr leis sin féin chreidim, ná a feiceáil ag dul chun sochair don chomharsa
Fágadh an domhan agus a mháthair talúna aige sin, agus nach dona an deis a chuir sé air. Tá an chuid is fhearr dhe anois ligthe chun fiántais aige, cheal saothraithe agus cheal aire. Dar príosta, is olc an oidhe ar chuid de na daoine tada a fhágáil acu. Déanfaidh siad cis ar easair dó
Nach dona an deis a chuir an bromaire sin thoir ar a shaol. Féacha anois é, agus gan a dhubh ná a dhath aige ach ag rómhar sa bpóicín siúd ó thuaidh den teach. Scread chasta air nach n-imeodh go Sasana nó in áit eicínt agus gan a bheith ag loiceadóireacht ansiúd, ag cur goirín ar chroí an athar chuile uair dhá mbreathnaíonn sé air agus ar chaill sé leis
Is dona an deis a chuir sé ar an uachta a fuair sé … Cheal nár chuala tú é? Fuair sé lán laidhre a mhic ó, agus níl iamh air anois ach dhá ól … Tá sé ráite ariamh a mh'anam: "airgead cailleachaí dhá mhún le ballaí"
Is dona an deis a chuir sí uirthi féin agus a bhfuair sí d'fhoghlaim: a dhul agus an seanliúdramán gránna sin a phósadh. Beidh a shliocht uirthi: beidh aiféala uirthi fós
Má bhí rún aige a dhul ag troid, ba dona an deis a chuir sé air féin. Breá nár bhain sé anuas an seaicéad, agus na muinchillí a chrapadh mar a rinne a leithide ariamh
 
deo
Dheamhan é go deo. Is dona na gnaithí a bheadh air a dhul ag cur easonóir ar bith air fhéin leo
 
deoch 1
Is dona uaidh deoch a sheasamh
+
Ní bhfaighinn fag ó dheoraí istigh ar an mbaile. Nach bhfuil sin sách dona anois!
TUILLEADH (1) ▼
Níor tháinig aon bhiseach ariamh air, ach ina dheoraí dhona mar sin. Cén bhrí ach dá mbeadh aon dreach air. Ach mo léan níl, ach ina bhás ar sliobarna mar a fheiceas tú. Dheamhan bás a gheobhadh sé ina dhiaidh sin, ach ag imeacht thart ag déanamh bioráin agus sa mbealach ar chuile dhuine
+
dia 1
As ucht Dé ort! Níl tú dhá rá liom. Is dona a chreidim é
TUILLEADH (4) ▼
Is dona faoina bhail ó Dhia é! Shílfeá nach bhfuil aon chíos ar an gcaint muis!
Is dona a bhí sí beo ariamh an bhean bhocht. Chaith Dia an t-anam inti, sin é an méid
Muise an frídeoirín dona, céard atá sé in ann a dhéanamh agus nach bhfuil ann ach gur chaith Dia an t-anam ann
Is dona an lá é, ní ag ceasacht ar Dhia é
 
diabhal 1
Tá sé dona go leor ach diabhal an measa é ná an lá inné
+
diabhal 2
Tá sé fánach ag daoine dona a bheith ag comórtas leo sin. Ní bhíonn aon ghaol ag an diabhal adeir siad, leis an duine bocht
TUILLEADH (1) ▼
Níl a fhios nach mar is dona is fhearr agus is deacair a rá nach ea. Má bhíonn duine bocht féin, dheamhan is móide gur fearr dhó beirthe é. Ní bhíonn aon ghaol ag an diabhal leis an duine bocht. Aithníonn an buachaill sin a dhuine féin freisin
 
Is diabhaltach dona an snua atá air
 
Níl an diabhlánach de dhochtúr seo ann inniu ach an oiread. Ní hé is measa ach an tír dhona atá ag éisteacht leis
+
diaidh
Sásaigh thú féin go maith anois agus ná bí in aiféala aríst. Má ghníonn tú an pósadh uair amháin, níl aon scaoileadh i ndán duit mura scaoile an bás thú, go sábhála Dia sinn. Mar sin, breathnaigh romhat go maith. Deir siad gur fearr breathnú amháin romhat ná dhá bhreathnú in do dhiaidh, agus go dtugann an duine dona dubhléim. Má cheapann tú nach bhfeileann an bhean duit, fág i do dhiaidh í. Sin é a bhfuil ina thimpeall
TUILLEADH (1) ▼
Thug an mac go leor airgid as Sasana, agus chuir an t-athair ina dhiaidh, nó gur cheannaigh siad an talamh sin thuas a bhí ag P. K. Ba dona an áit ar chuir siad a seacht gcéad mar sin féin: é a shíneadh amach ar na caochphoill agus ar na cíocraí sin — chuir an t-athair ina dhiaidh; chuir sé ina cheann; thug sé an oiread don mhac, agus a bhí easpach air leis an talamh a cheannacht
+
Cén fáth a dtabharfá a leithide sin de thabhairt ort féin a leithide de lá. Más dona anseo é, tá an bóthar amach díbeartha ar fad. Níl claí ná fál leis, ná foscadh ná dídean air, ach lorg cois na bó ar an gcnagaire
TUILLEADH (1) ▼
Is dona na gnaithe a bheadh ort a dhul do do chailleadh féin suas an bealach díbeartha sin leithide an lae inniu. Dhá mbeadh an bóthar faoi do chois, níor chás duit é, ach ag coraíocht le réchosáin nach siúlfadh na gabhair. Ní leithne an t-aer ná an timpiste a mhic ó. Is fánach an chaoi a mbainfí leagan asat, agus thú a chur go dtí do dhá shúil i gcaochpholl. Tá do dhóthain breithe agat a dhul ansin. Is iomaí lá breá a thiocfas as seo go dtí Lá Bealtaine seo chugainn
+
"Is leor do dhuine dhona a dhícheall a dhéanamh"
TUILLEADH (6) ▼
Rinne mé mo dhícheall agus deir siad gur leor do dhuine dhona a dhícheall a dhéanamh
Sin é a bhféadaimse a dhéanamh leis, ach is leor do dhuine dhona a dhícheall a dhéanamh, is leor sin
Sin í anois í. Tá sí scríofa agus ní go slachtmhar é, ach is leor do dhuine dhona a dhícheall a dhéanamh
Rinne mé péire cléibh dhó, ach cén sórt déanamh é! Ceo ar bith ach go dtabharfaidh siad uailín móna ón bportach dó. Bhuel, is leor do dhuine dhona a dhícheall a dhéanamh, arsa tusa
Is dona na gnaithí a bhí oraibh an dícheall sin a dhéanamh le cuid aon duine. Dá mba bé (dá mba é) a (bhur) gcuid fhéin a bheadh ann, mise i mbannaí gur beag an baol a bheadh oraibh a dhéanamh
Ní raibh bord feamainne bainte agam théis mo dhíchill, ainneoin gur fhan mé ann nó go raibh sé ag tuile in mo mhullach. Ní bheadh duine ach dhá mheath fhéin leis an bhfáisín dona údaí
 
Bhíodh T. Ó. M. ag guairdeall ar fud na sléibhte ag déanamh dícheannadh ar mhná agus ar pháistí. Bhí sé ag imeacht ina rógaire reatha. An áit a bhfaigheadh sé an fear as baile, ní bhíodh scrupall ar bith aige an bhean nó na páistí a chur dhá gcois, nó spídiúlacht ar bith a gcuimhneodh sé air a thabhairt dóibh. Deir siad gur casadh isteach i dteach in aice an L. é. Bhí an teach bán cé is moite de sheanbhean dona a bhí ann. Rug sé ar ghrideall a bhí ann, agus chuir sé ar an tine é, agus rug sé ar an tseanbhean agus chuir sé síos dhá róstadh air í. Bhí an cine sin uileag go dona …
 
Níl beithíoch ar bith is mó a dhéanfadh díchúis ar dhuine ná an breed mór sin. Bíonn an-bhiseach fúthu nuair a bhíos sé fúthu, ach níor dhóichíde sin ná go bhfanfaidís ina ndúradáin dona ar nós an ceann sin thiar ag J. Th. Níl rath ná ríocht air sin
+
Tá sé feidheartha críochnaithe anois, gan dídean le fáil abhus ná thall aige. Má tá féin, ní hé leathchóir Dé é. Bhí sé fhéin go dona
TUILLEADH (1) ▼
Dhá dhonacht dhá raibh an botháinín a bhí acu, ní raibh siad doicheallach. Gheobhadh sé dídean na hoíche ann agus thairg siad sin dó. Ach bhí sé rómhór ann féin le fanacht i mbráicín mar sin. Is dona a chuaigh an leithead dó muis, ní dhá roinnt leis é
 
díle 1
Tá a fhios agat go maith go mba deannachtach an ráig í agus go raibh mé ag breathnú amach ar an turlach siúd agus na gasúir ag bualadh báire ann ar maidin. Tráthnóna tháinig muintir Ch. anall thar an abhainn go dtí béal an dorais sa teach a raibh mé i mbád. Shíl mé go dtiocfadh an Díle thar an Domhan bhí sé chomh dona … Síleann tú gur ag cumadh atá mé. Dar mo choinsias muis, ní hea. Sin í lomchlár na fírinne duit, chomh maith agus dhá gcloistheá amach ó bhéal an tsagairt é. Fiafraigh de J. Mc G. é an chéad uair eile a thiocfas sé ar cuairt
 
Thug sé guth orm nach ndeachaigh mé a chúnamh dhó ab ea! Nach raibh sé ag dilleoireacht liom ar feadh na hoíche aréir Pádraic a ligean leis, ach m'anamsa nach (nár) ligeas, ná dheamhan ligean. Is dona na gnaithí a bheadh orm, agus an sláimín féir atá agam féin caite ansin thoir fós faoi fhliuchán agus faoi amlua. Níor mhór le cuid de na daoine dá bhfágthá do chuid oibre fhéin ansin agus a dhul in éindí leosan go mbeadh a gcuid oibre féin réidh
 
Níl ort ach do láimh a leagan ar a ghualainn agus éireoidh sé de chothrom talúna le dinglis. Ní fhaca mise aon duine ariamh is dinglisí ná é. Is mó dinglis é ná N. agus tá sin sách dona
 
dioc
Nach dona na gnaithí atá air, ag gabháil amach ag obair a leithide de lá. Tá sé ar foscadh i lúbainn an chlaí anois agus gioc air leis an bhfuacht agus leis an donacht