Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dubhléim
ainmfhocal, baineann
léim a thabharfadh duine gan breathnú roimhe; gníomh a dhéanfá as taghd, as guagaíl, as mífhoighid, as furú srl. A plunge in the dark (fc. seomra dubh, unlighted room; dubhshnámh srl.).
+
Tugann an duine dona dubhléim — déanann sé rud gan breathnú roimhe, agus bíonn sé síos leis
Sin é an duine dona i gcónaí. Tugann sé dubhléim, adeir siad. Thug an fear bocht sin dubhléim ar chaoi ar bith. Dhá mbeadh foighid aige agus comhairle a ghlacadh, ach ní raibh aon chomhairle ina chionn siúd
TUILLEADH (6) ▼
Phós sé an bhean sin agus gan aithne ná eolas aige uirthi go dtí le seachtain roimhe sin. Bheadh sé sin ceart go leor ag scráibín tíre, ach m'anam nár mhór dhá leithide sin breathnú roimhe. Ar aon chor, himríodh an cluiche claonach air. Thug sé an dubhléim agus d'íoc sé ann
Tóg comhairle ó dhuine dhoscúch agus na tabhair dubhléim mar sin. Ní bhíonn aon ghreim ar an gcloich ó chaitear í, agus deirtear gur ina dhiaidh is feicears (a fheictear) don Éireannach a leas
Tá faitíos orm go mba dubhléim do mo Hitler bocht é. Bhí sé róthobann. Bhí aige guaim a chur air féin nó go mbeadh sé faoi réir ceart agus ansin é a thabhairt faoin tseanbhalcais dóibh. Ach mar atá sé anois, is mór m'fhaitíos go mbeidh sé gan Murchadh ná Mánas
Is cuma sa diabhal leis sin é ach dubhléim a thabhairt, bíodh sé buaiteach nó caillteach léithe. Bhí an t-ádh air go dtí anois ar aon chor, agus is mór is fiú an t-ádh. Deir siad dhá mbeadh an t-ádh ar dhuine go ndoirfí bullán dó. Chreidim gurb amhlaidh a bhíos sé freisin
Thug sé an dubhléim, ach má thug féin, ní dona a ghabh sí dhó. Tá cac bó agus lochán aige dhá barr go háirid
Is mian leis chuile shórt a dhéanamh de léim. Fear gan foighid é. Sin a fhágas go dtugann sé an dubhléim i gcónaí

Féach freisin

dona

dubhléim in iontrálacha eile (3)

 
diaidh
Sásaigh thú féin go maith anois agus ná bí in aiféala aríst. Má ghníonn tú an pósadh uair amháin, níl aon scaoileadh i ndán duit mura scaoile an bás thú, go sábhála Dia sinn. Mar sin, breathnaigh romhat go maith. Deir siad gur fearr breathnú amháin romhat ná dhá bhreathnú in do dhiaidh, agus go dtugann an duine dona dubhléim. Má cheapann tú nach bhfeileann an bhean duit, fág i do dhiaidh í. Sin é a bhfuil ina thimpeall
 
do- 2
Sin é an chaoi a mbíonn an duine dochomhairleach i gcónaí. Ní bheidh sé sásta mura dtuga sé an dubhléim
 
dona
"Tugann an duine dona dubhléim" (fc. dubhléim)