Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dubhshnámh
ainmfhocal, fireann
snámh a dhéanamh idir dhá uisce nó ar thóin na farraige; nó snámh faoin uisce nuair a ghabhfá isteach ar mhullach do chinn (fc. dubhléim); an chaoi a mbíonn bád fó thoinn ag imeacht.
+
Tá sé thar cionn le dubhshnámh. D'fhanadh sé chúig nóiméad faoi uisce gan mhairg ar bith
Is diabhlaí an dubhshnámh atá aige. Chaith sé é féin i ndiaidh a mhullaigh de charraig an S. inniu, agus sé an áit a dtáinig sé ar barr taoille aríst ag gob an Starráin. Is maith an geábh é sin, nach maith!
TUILLEADH (1) ▼
An bhfuil aon dubhshnámh agat? Mura bhfuil is beag an mhaith thú. Ní snámhóir é snámhóir ar bith mura dubhshnámhóir é freisin. Caithfidh snámhóir a bheith chomh maith leis an iasc le bheith ina shnámhóir ceart
·
Is dochreidte an scéal go mbeadh dubhshnámh an méid sin ag bád ar bith: dhá fhichead lá faoi uisce. Nach diabhlaí nach bplúchtar iad. Ach ní chreidfinn go mbeidís an t-achar sin ag dubhshnámh. Seachain théis an oiread seo dubhshnámh nach gcaitheann siad a dhul ag snámh. Ar ndóigh ar an gcaoi a bhfuil tusa ag caint sháraigh siad na faoitíní

Féach freisin