Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dúdán
ainmfhocal, fireann
tuiseal ginideach uatha agus ainmneach iolra: dúdáin
an píobán. Píobán an doichill sílim ach fc. na samplaí. Tugtar ar mhuineál nó ar scornaigh i gcoitinne é go minic.
+
Ba ghearr ar a dhúdán siúd pionta pórtair. Níor mhór dhó galún ar a laghad ar bith le sórt coisceadh ar bith a dhéanamh ar a thart
Ní sú salúin i mbéal bulláin ormsa do ghloine fuisce. Calcfaidh sí in mo dhúdán mura bhfaighe mé ceann eile lena cur síos!
TUILLEADH (2) ▼
Is mór a chuaigh ar a dhúdán ariamh, agus tá an tart chomh tréan inniu air agus a bhí an chéad lá ina dhiaidh sin!
Go dtuga an diabhal thar a dhúdán fada é, murab é a d'ól an bhiseach! Ach cá bhfágfadh sé é
+
Rug mé ar dhúdán air, agus bhí mé dhá thachtadh nó gur chuir sé banlámh dhá theanga amach. Ní ligfinn uaim é nó go mbeadh sí aniar ón dúid aige, murach gur cosnaíodh orm é
Rug sé i ngreim dúdáin orm agus bhí rún aige mé a choigilt faoi ar an mbord murach Seán a streachail dhíom é. Sin é a fhaisean i gcónaí: a dhul sa bpíobán ag duine
TUILLEADH (1) ▼
Má théann sé siúd sa dúdán agat fágfaidh sé laincis ort

dúdán in iontrálacha eile (1)

 
danra
Ní fhaca tú aon rud ariamh is danra ná bó le fata a dhul ina muineál. Bhain mise as bó liom féin cheana é gan fód móna ná ceo. Choinnigh Séan sin ansin dom í agus é ina scorach. Chuir mé mo láimh siar go dúdán inti. Ba chontúirteach an cleas le déanamh é …