Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
duibheacht
ainmfhocal
+
Tá an oíche ag dul chun duibheacht (nó chun duibhe scaití) — ag éirí dubh; ag duibheachan
Caith sneachta ar a lorg go maidin agus a dhuibheacht agus atá an oíche — ní féidir a fháil anocht agus an oíche chomh dubh agus atá sí
TUILLEADH (5) ▼
Níl duibheacht ar bith san oíche anocht
Is beag an duibheacht chor ar bith atá ina chuid gruaige, théis go raibh ceann a athar ar dhuibheacht an airne
Ní duibheacht (ní dubh) go dtí í. 'Sí an oíche is duibhe í a tháinig i mbliana
Ní duibheacht go dtí an oíche anocht. Tá sí chomh dubh le anam tincéara
Is beag eile duibheacht a dhéanfadh é anois; dubh na hiongan. … Teaga leis! A, tá do dhá dhíol agat air anois

duibheacht in iontrálacha eile (2)

 
diabhal 2
Tá an oíche ina diabhal le duibheacht (le garbhadas srl.)
 
téigh
Is olc an bealach é an sliabh ag aon duine le dhul má bhíonn aon duibheacht san oíche