Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
duibhéan
ainmfhocal, fireann
ginideach uatha agus uimhir iolra: duibhéin
béim ar an siolla tosaigh
 cailleach dhubh (éan cladaigh fc. cailleach); ach chuala mé dhá thabhairt ar phréacháin ar an Achréidh é. Tá baile i ngar do Chreachmhaoil: Caithrín an Duibhéin atá air. Is ann a chónaigh na Callanáin a mbíodh caismirteacha filíochta acu le Raiftearaí: Marcus na smaoise as Caithrín an Duibhéin (Marcus Ó Callanáin).
·
Bhí sé mar a bheadh duibhéan ar charraig — cailleach dhubh (Seán Ó Beáin, An Carn Mór, Baile Chláir. Bhí ciall cheart an fhocail aige)
Chonaic mé cúig nó sé de cheanna de na duibhéin sin an uair faoi dheireadh a raibh mé ag an gcladach