Duibhéan
—ainm-fhocal; fireann
—geineamhnach uathaidh agus uimhir iolraidh: duibhéin.
—béim ar an siolla tosaigh
—
cailleach dhubh (éan cladaigh fc. cailleach); ach chuala mé dhá thabhairt ar phréacháin ar an Achréidh é. Tá baile ingar do Chreachmhaoil: Caithrín an Duibhéin atá air. Is ann a chomhnuigh na Calláin a mbíodh caismirteacha filidheachta aca le Rafteri. "Marcus na smaoise as Caithrín an Duibhéin" (Marcus Ó Calláin).
·
Bhí sé mar a bheadh duibhéan ar charraig = cailleach dhubh (Seán Ó Beáin, an Cearnmór, Baile an Chláir. Bhí ciall cheart an fhocail aige)
Chonnaic mé cúig nó sé de cheanna de na duibhéin sin an uair faoi dheireadh a raibh mé ag an gcladach