Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
duiniúil
aidiacht as duine
fc. duine
 mar a bheadh duine; gan a bheith coimhthíoch ná dúnárasach, ná chomh leitheadach agus nach bhféadfaí labhairt leis; fáilí, tíriúil; teanntásach; cuidiúil.
+
Tá sí lách duiniúil ar aon nós. Maidir leis an dream eile sin a bhíos ag dul thart ansin, ní bheadh a fhios ag duine céard adéarfadh sé leo
Ara tá siad deas duiniúil thoir agaibhse, ní dálta na slóchtaithe é. Ní bheadh a fhios agat cén pointe a dtabharfadh an slóchtaí sá scine dhuit. Féacha P. Nach bhfuil an t-áibhirseoir ag rince sa dá shúilín siúd atá aige!
TUILLEADH (5) ▼
Bí deas duiniúil cuidiúil le na daoine agus ní baol duit. M'anam nach baol!
Bhí M. D. an-duiniúil. Ní fhaca tú aon duine ariamh de strainséara ba ghleoite ná é. Ní iarrfadh sé go deo ach ag imirt chártaí. Mura mbeadh comlán aige, rithfeadh sé amach ar fud an bhaile dhá dtóraíocht
Dhá mbeadh sé sách duiniúil, bheadh gnaoi air thar mar atá. Ach tá sé róchoimhthíoch. Ní mórán le go mbeannódh sé dhuit anois lena chastáil ort
Ní bheadh sé in araíocht ag duine bleid chainte a bhualadh air sin, mar níl sé sách duiniúil. Is beag an baol air
Théis chomh hard agus atá sé i bposta, diabhal mé go bhfuil sé go duiniúil agus go gleoite ina dhiaidh sin. D'fhéadfá a dhul ag seanchas leis mar a dhéanfá le duine den bhaile. Níl cóirí catha ar bith aige. Dheamhan a shúil

Féach freisin