Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dúradán
ainmfhocal, fireann
iolra: dúradáin
1.
cnapán, ualach, meall, neascóid.
·
Chuir sé an dúradán dubh a bhí ar thóin a phutóige amach lena ndearna sé de gháirí. Bhí sé leigheasta ansin — Ridire an Gháire Dhuibh a raibh sé de bheith air aon gháire a dhéanamh, i ngeall is go dteagadh giorria agus go gcrochadh sí léithe a chuid beatha i gcónaí nuair a shuíodh sé ina mhínis (fhianais) ag an mbord. Nuair a maraíodh an giorria chuir sé an t-ualach bróin agus leannduibh aníos ó fhíor-íochtar a chroí agus shlánaigh an gáire é (fc. Céatach Mhac Fhinn Rí Éireann; Ridire an Gháire Dhuibh)
Chuir an Ridire (Ridire an Gháire Dhuibh) an dúradán dubh a bhí ar íochtar a phutóige le seacht mbliana aníos, agus rinne sé gáire an uair sin a cloiseadh sa Domhan Thoir
+
Nuair a chonaic sí an rud a thug an ceannaí le n-ithe don dochtúr eile, tháinig falrach gáire uirthi agus chuir sí aníos an dúradán dubh a bhí ar íochtar a putóige. 'Sin é do mhaith anois,' adeir an ceannaí. 'Tá tú leigheasta. Is liom thú ó t'athair' — bean a raibh ualach leannduibh uirthi agus leigheas ceannaí mála í
Tháinig múisc orm agus shíl mé go gcuirfinn aníos an dúradán dubh d'íochtar mo phutóige. Is olc é an braon broghach ag duine. Ach beidh a shliocht air. Is fada aríst go ndranna cuid againn leis — diabhal bréag nach fada
TUILLEADH (5) ▼
Tháinig urlacan air ab ea! Chuir sé aníos an dúradán dubh dá phutóig. Níl acmhainn aige deoir ar bith a ól nach mbíonn sé ar an gcaoi chéanna — níl sin
Níor tháinig an fheoil leis. Bhuail tonn taoscach é agus shíl mé go gcuirfeadh sé aníos an dúradán dubh dá phutóig. Dheamhan ceo a d'fhan ina bholg — ná cuid de cheo — i gcead an chomhluadair
Diabhal neart ag an duine bocht air. Mar sin atá sé i gcónaí, ach blaiseadh d'aon deoir óil. Ní fhanfaidh a dhath ar a ghoile ar an bpointe. An dúradán dubh atá ina bholg, cuireann sé aníos é. Ach is deacair a chomhairleachan ina dhiaidh sin. Ní beo é gan a dhul ina ghaire agus a dhul ag blaismínteacht dó
Ara bail ó Dhia ort — leath cuain! Ní raibh na cnoic bheaga sin thuas faoi againn, nuair a bhuail sé fré chéile iad: mórghalra. D'fhéadfá mórghalra a thabhairt air. Bhuel, tá bean rua ansin thiar tigh N. agus shíl mé go gcuirfeadh sí an dúradán dubh aníos leis an mbail a bhí uirthi. Bhí sí ligthe amach ar bhord an bháid, agus ní raibh faitíos ar bith orm agus an lúbarnaíl a bhí uirthi ach go dtiocfadh sí i bhfarraige. Mura mbíonn duine déanta ar an bhfarraige sin é a cheird i gcónaí
Deiseal! An ndeachaigh sé le t'anáil. Déan réiteach leat féin nó cuirfidh tú aníos an dúradán dubh as do phutóig
+
Chuir sé an dúradán dubh a bhí ar thóin a phutóige amach le teann fórsa oibre — chuir sé a sceadamán nó a lúth amach le díocas oibre
Cuirfidh sé an dúradán dubh atá ar íochtar a phutóige amach ag iarraidh a dhéanta
TUILLEADH (5) ▼
Dá gcuireadh sé an dúradán dubh ar a phutóig amach, chinnfeadh air aon ghaoth a thabhairt don chloich. M'anam muise go bhfaca mise Peaits B. ag ardú na cloiche sin cheana agus dhá leagan suas ar an gclaí, agus nach bhfuil colainn leath chomh téagarthach aige agus atá aigesean. Ach deir siad gur minic cnámha móra ag drochmhadadh
Dhá gcuireadh sé an dúradán dubh aníos dhá phutóig, dheamhan fód a choinneodh sé casta do Sh., léis (tar éis) a raibh de ghaisce aige. D'athraigh siad ansin — eisean ar an gclaise agus S. ag casadh an bhoird — ach rinne S. puca dhó (de) aríst. Bhí maith dhó a bheith ag coimhlint leis siúd!
Ní raibh maith ná maoin leis ag obair. Bhí muid thiar ansin thiar ar bhóthar Sh. Chuaigh mé faoi bhara leis. Luchtaigh siad an barra dúinn beagán thar an gceart, más leisean a fhéachaint é, nó nár thug siad faoi deara é agus iad dhá líonadh. Chuaigh mé féin ina ceann agus eisean i ngabhal an bhara. Dheamhan a corraí den talamh a dhéanfadh sé, dhá gcuireadh sé an dúradán dubh a bhí ar a phutóig amach léithe. Ar ndóigh, b'fhéidir go mba bheag dá chuid rístíochta é ach an oiread le scéal
Rug sé féin agus bruachán beag de scorach a bhí ann isteach ar a chéile: bruachán beag dona nach dtabharfá deich triuf air. Chuir sé an dúradán dubh amach ag iarraidh an bruacháinín a chur in aer, ach mo chreach mhaidne! Dá mbeadh sé leis ó shin, dheamhan talamh a thabharfadh sé dhó. Thabharfadh muis! Ní raibh cruas ar bith ann, ach é in aon gheoisteamán amháin!
Shíl mé go gcuirfeadh sé an dúradán dubh a bhí ar íochtar a bhoilg amach ag iarraidh an leathbhairille a chur suas. Bhí sé in ann a chur trasna a ghlúine, ach ionga ná orlach thairis sin ní chuirfeadh sé é dá mbeadh Éire taobh leis. Rug S. M. Mh. air, agus chaith sé isteach thar an mbosca é gan tolgán ar bith a fháil ann. 'Déan maith de do ghealladh anois,' adeir S., 'agus gluigh (glaoigh) an leathghalún pórtair.' Ghluigh a mh'anam
2.
 rud beag dona; rud fánach éidreorach; rud gan mórán bisigh faoi; rud nach fiú trácht air.
+
Tá sé ina dhúradán — duine nó beithíoch beag dona éidreorach
Is dona an dúradán d'fhear é ina aois. Nach bhfuil bliain aige ar Phádraic s'againne, agus níl gair ná gaobhar aige a bheith chomh mór ná chomh téagarthach, bail ó Dhia orthu beirt!
TUILLEADH (8) ▼
An dúradáinín sin thíos ag S. G. a bhí ag iarraidh achrainn ar an aonach. M'anam go raibh caite dhó, dhá bhfaigheadh sé an té a thabharfadh aird air, ach níorbh fhiú le duine ar bith a dhul ag fiachadh ar a leithide de gheospailín
Tá dúradáinín dona de mhac aige agus chuirfeadh sé ag mún in do cheirteachaí thú. Ní bhíonn iamh ar bith air ach ag iarraidh achrainn i chuile áit dá mbíonn sé, ach ní fiú le aon duine araoid a chur air. Gheobhaidh sé iarraidh mharfach as a dheireadh ó dhuine eicínt. Is fada atá sé ag tabhairt na n-aobha leis
Ab é an dúradán sin thoir. Is mór an ghnaithe pósadh atá aige sin go deimhin. Ní rath atá leis i dtrá fheamainne, i ngarraí ná i bportach. 'Sé a chlochneart sin anois an dole a tharraingt. Agus tá mé ag rá leat dhá mbeadh aistir fada air ina choinne sin féin nach dtarraingeodh sé é
Théis an aire a thug sí don ghasúr siúd aici, is dona an dúradán fir atá sé a dhéanamh. Ach deile cén chaoi a mbeadh sé. Níl an t-údar ann, mura dteaga aon bhiseach fós air. Ach má theagann, tá sé féin agus a chosúlacht in aghaidh a chéile.
Maidir lena bheith ag iarraidh maitheasa ar an dúradán sin, níl aon mhaith ina chionn. Céard atá sé in ann a dhéanamh ar aon chor agus déanadh sé a sheacht ndícheall. Ar ndóigh níl lán do ghlaice ann
Tá dúradáinín dona d'athair aige muis — ní dhá roinnt leis é, ach dhá fhágáil aige. Dheamhan carr móna a bheadh bainte aige bliain mhór fhada agus é a fhágáil faoi féin. Ach dhá dhonacht dhá bhfuil sé anois, ba mheasa go mór fadó é. Buille maitheasa ar bith ní dhéanadh sé ach fáiscthe síos ar bhóithrí agus ag súdaireacht soir anseo.
Tá dúradán de dhochtúr thiar i R. agus deir siad nach bhfuil sé ag fágáil duine ar bith nach gcuireann sé chun báis. Is maith an éadáil a leithide sin i dtír
Níl ort ach cúlbhadar a thabhairt don dúradáinín siúd agus cuirfidh tú luí fia air … Mo léan deacrach muise an té atá láidir. Is dona a frítheadh Baile L. má bhuail díthreabhach mar siúd iad … Go dtuga Dia ciall duit! Ní bhuailfeadh sé míoltóg
+
Tá dúradán de ghamhain ansin thuas aige — gamhain breac — agus níor tháinig ionga ná orlach le bliain air. Ar ndóigh, is beag an dochar dhó scáth a bhfaigheann sé le n-ithe. Tá sé cuibhrithe sa ngarraí siúd le ráithe aige agus é crinnte go dtí an grinneall fadó aige. 'Sé is fearr ar bith nach bhfuil caillte fadó
Níl de mhuinín an tsaoil aige anois ach an bhó, agus an dúradán suaite de bhullán siúd, agus is furasta cur acu (chucu) sin. Má bheireann drochgheimhreadh orthu is mór m'fhaitíos nach sáróidh siad é. B'iontas é dá sáraíodh agus chomh mór agus a chuaigh an mhí seo caite tríothu
TUILLEADH (3) ▼
Tá dúradán dona d'uascán — uascán na bliana anuraidh — thuas ansiúd thuas ar an gcriathrach aige. Is maith a chruthós sé má bhíonn sé sa gcomhaireamh ceann mí ó inniu. Más leis srianadh thríd, níorbh fholáir dó aire, thar is é a fhágáil thuas ansiúd ar an gcriathrach ag imeacht ina ghoróir faoi chlocha. Níl mothú ar bith ann, agus titfidh sé i bpoll eicínt nach dtiocfaidh sé as, nó is maith an t-ádh atá air
Tá amhantar muise ceannaithe aige: an dúradán de bhodóig sin a bhí ag D. Sh. Mh. Ní chuirfeadh a bhfuil de bhran istigh sa muileann scioltar uirthi thar mar atá sí. Má ba leis muise a dhul ag tóraíocht údar bó bhainne, diabhal bréag nach é a fuair amach í. Caillfear í siúd chois claí air, mura ndíola sé í chomh luath agus a fhéadfas sé
Tá dúradán beag de lao aige, agus ní fhaca mé an oiread díocais ar bheithíoch dhá bhearradh féin ariamh agus atá air. Tá an drioball crinnte amach aige as féin. Is diabhaltaí nach bhféachfadh sé lena dhul roimhe siúd, shula chuirfeas sé é féin ó mhaith
3.
rud beag fearacht deannóid shalachair a théas faoin tsúil, nó a d'fheicfeá i ngloine phoitín nó a leithide.
a.
+
Tá dúradán istigh faoin tsúil — deannóid shalachair, oiread na fríde de rud ar bith; oiread puintín bioráin
Chuaigh dúradán faoi mo shúil inné agus muid ag caitheamh dairteacha ar an bportach. Airím fúithi fós é. Tá sé an-tinn
TUILLEADH (9) ▼
'Sé a raibh de shiocair aige i dtosach, dúradán a dhul faoina shúil. Shéid an tsúil agus chuaigh sí chun othrais. Mo choinsias is dar m'anam, is súil bhocht anois í. Chuaigh sé ag an dochtúr léithe, agus thug sé rud dó le cur fúithi as tiúb. Chaith sé coicís dhá chur fúithi, ach dheamhan maith a bhí ag teacht uirthi. Bhí sé thoir aige an lá faoi dheireadh agus dúirt sé go gcaithfeadh sé a dhul isteach san easpaicil (ospidéal) léithe. Cheidim go gcaithfidh sé sin féin a dhéanamh mura dteaga aon bhiseach go haibéil uirthi. Is furasta cur ag an tsúil thar áit ar bith
Bhí sé ag cur amach fheamainn — feamainn tirim. Chuaigh dúradán faoina shúil. Ní dheachaigh sé roimpi in am. D'at sí suas ina builín. Sin é an uair a chuaigh sé G. léithe. Ní raibh aon mhaith ann: lig sé rófhada í. B'éigean an tsúil a bhaint as agus súil ghloine a chur isteach ina leaba
Cén fáth a bhfuil an púicín siúd ar an tsúil ag C. Mh. Mh. … Bhí sé ag briseadh cloch. Bhuail sceamh de chloich sa tsúil é agus chuaigh dúradán beag isteach inti. Bhí sí tinn aige agus lig sé do chuile dhuine a dhul dhá láimhseáil. Dheamhan easna dhi nár at, agus dúirt an dochtúr leis dá bhfágadh sé mórán achair eile í, go mbeadh sé gan súil. Caithfidh sé an clúdach sin a choinneáil uirthi go ceann fada
Is diabhaltaí grinn é. Bhain sé dúradán a bhí istigh faoi shúil an mhadaidh amach aréir ainneoin nár léir do dhuine ar bith é ach dó féin
Níl de leigheas ar an dúradán sin anois ach a dhul go dtí bean eicínt a bhfuil bainne cíche aici agus blífidh sí cuid den bhainne isteach faoin tsúil agat, agus is beag an dúradán a fhágfas sin inti deirimse leat. Is minic a chonaic mé daoine dhá dhéanamh fadó, agus le gairid féin nuair a bheadh súil bhocht acu … Náire. Cén sórt náire. Ní minic fear náireach éadálach ar chuala tú ariamh é … Mura dté, fág mar sin í, agus feicfidh tú féin air go dtiocfá ann ar ball dá mbeadh breith ar t'aiféala agat
Chuaigh dúradán faoi shúil an chapaill agus tá sí caoch anois i leathshúil nó i ndáil leis. Deir an sórt dochtúr beithíoch sin atá ag dul thart gur fionn atá ar a súil, ach diabhal fionn ná fionn. B'fhurasta a aithinte an dúradán istigh inti na chéad laethantaí, dá dtapaínn an uair sin í, ach ó fuair sé ionú, bhí sé mall a dhul di. Is mór an babhta uirthi é pé acu sin é
Más dúradán atá faoi do shúil, bheadh fear a chuimleodh a theanga trí huaire in aghaidh stuif d'ath luachra go maith aige. Is minic ariamh a chuala mé é. Tá daoine ann a ghníos é théis chomh gránna agus atá an ath luachra
Tá dúradán eicínt faoi shúil na bó. D'fheicfeá isteach uait é ar a hamharc. Tá an tsúil ag silt thar cionn aici. Ní mé an mbeadh aon mhaith gráinne salainn a chuimilt di. D'fheicfeá daoine dhá dhéanamh
Dúradán beag de dheannach sprémhóna a chuaigh faoi mo shúil anseo an bhliain cheana. Chaith sí an-fhada go dona agam. Bhíodh sí ag silt agus ní fhéadainn a hoscailt chor ar bith scaití. Is measa dhuit rud tirim a dhul faoi do shúil go fada ná rud fliuch. Calcann an rud tirim istigh agus is furasta leis séideadh.
+
"Is léir duit an dúradán atá i súil na comharsan ach ní léir duit an tsail mhór in do shúil féin" (seanfhocal) — dúradán = mote, speck; sail = beam. Is léir do dhuine locht dá fhánaí ar an té údan eile, ach ní léir dó locht dá mhéad air féin. Cuireann sé milleán gach rud ar dhaoine eile, agus gan é ag ligean ina ghaire gurb é féin is mó is ciontsiocair leis
Ní fhaca tusa ariamh S. Mh. a bhí ansin thoir. Is minic a chuala mé dhá rá é go ndéana Dia grásta air: 'is léir dó go maith an dúradán i súil na comharsan, ach ní léir dó an tsail mhór ina shúil féin.' Bhí seanliagáistí móra ag S. Mh.
TUILLEADH (8) ▼
Sin é an seamsán a bhíodh ag an Athair P. i gcónaí nuair a bhíodh sé ag cur chomhairle ar bith ar an bpobal: 'is léir dó an dúradán faoi shúil a chomharsan ach ní léir dó an tsail mhór faoina shúil féin.' Ba bhreá ón Athair P. seanmóir a dhéanamh nuair a bhuaileadh sé fúithi. Maidir le na sagairt a bhí ó shin ann, ní bheadh a fhios ag duine céard a bheadh siad a rá. Ach bhí an chaint aige siúd ina chomharthaíocht féin
Tá milleán maith aige sin ar chuile dhuine ach ní fhéadfadh milleán ar bith sroicheachtáil dó féin. Sin é an chaoi a mbíonn sé i gcónaí: feiceann duine an dúradán faoi shúil duine eile ach ní fheiceann sé an tsail mhór faoina shúil féin. 'Sé ciontsiocair chuile dhuine eile é, ach a chiontsiocair féin
Ní raibh call di a dhul chomh fada ó bhaile chor ar bith má ba léithe a dhul ag cur milleáin ar aon duine. Bhí an seanscraiste siúd sa gclúid aici chomh mór a mhilleán le duine ar bith eile. Is maith mo léan, a d'fheicfeadh sí an dúradán faoi shúil na comharsan ach nach bhfeicfeadh sí an tsail mhór faoina súil féin. Bhí an tsail mhór aici muis ar an teallach — agus sail gan mórán maitheasa (a fear féin)
Nach maith nach bhféadfadh sí an teach seo a ligean thairti gan an milleán a bhualadh thall air. Níor chuir duine ar bith sa teach seo muise araoid ar bith ar a gamhainín. A clann féin a rinne díchúis air — 'siad sin. Is léir di sin go maith an dúradán i súil daoine eile, agus an tsail mhór ina súil féin, ní dhá roinnt léithe é. Nó mura bhfuil, tá sí ina clann
Nach teann uait a dhul ag coiriúint ar chuile dhuine sa tír agus gan duine ar bith ann is mó a dteastódh coiriúint uaidh ná uait féin. Chonaic muid do leithidí go minic: d'fheicfeá go maith an dúradán i súil duine eile ach ní fheicfeá an tsail mhór in do shúil féin. Ó bhain tú asam anois é gheobhaidh tú é — agus go binn
Níl aon duine faoi bhéal an aeir nach bhfuil tarraingthe anuas agus liobraithe gearrtha aici. Tá chuile locht ar chuile dhuine eile, ach bainfidh sí a muintir féin as margadh i gcónaí. An lá faoi dheireadh a raibh sí ag ithe agus ag gearradh ar an dílleachta bocht sin thiar tigh Sh., agus a raibh sí ag rá nach bhfágann sí amach an teach ag P. Dh. chor ar bith, tháinig sé go dtí an béal agam a rá léithe go bhfeicfeadh sí an dúradán i súil duine eile go maith, ach nach bhfeicfeadh sí an tsail mhór ina súil féin chor ar bith. 'Sé a bhí agam a rá léithe, ach lig mé tharam í ina dhiaidh sin, leisce clampar a tharraingt
Is diabhlaí an t-aon é. Ag caitheamh agus ag cáineadh agus ag baint fogha is easpa as chuile dhuine ar an gcaoi sin. Séard a bhí a dhéanamh leis, an chaint a bhíodh ag a athair — go ndéana Dia maith air — a mheabhrú dó. Chuile uair a gcloiseadh an t-athair duine ag gearradh na comharsan séard adéarfadh sé i gcónaí: 'Is léir do dhuine an dúradán i súil na comharsan ach ní fheiceann sé an tsail mhór ina shúil fhéin.' Ba bheag ab ionann é féin agus an mac seo anois. Níor chuala aon duine ariamh an t-athair ag gíbliú (díbliú) ar aon duine, ní hé a fhearacht sin ag an mac é. Ón máthair a thug an mac an cheird sin. Murab ea ní ón athair
Is mór an úis iad agus an teanga atá acu. Tá an tír tarraingthe thrína bhfiacla acu agus gan dream ar bith a chinnfeadh orthu féin le brocamas agus le tútaíl. Ach feiceann siad an dúradán i súil an duine eile agus ní fheiceann siad an tsail mhór ina súil féin. Is amhlaidh é
b.
+
Tá dúradán sa ngloine seo — fuisce agus driúillín nó driúillíní dubha ann. Déarfadh na stiléaraí scaití gur comhartha dea-fuisce é
Caith siar í a mhic ó agus go ndéana sí maith agus sláinte duit. Tá dúradán air sin. Níor ól tú a leithide le scaitheamh
TUILLEADH (1) ▼
Thosaigh sé ag breathnú ar an bpoitín agus ag rá go raibh dúradán ann. 'Más dúradán ná dúradán é,' adeir B., 'caith chugainn agus ná bí ag leiciméireacht leis níos faide. Meas tú an dtáinig muide an fhad sin bealaigh le dhul ag fosaíocht anseo mar seo'

dúradán in iontrálacha eile (1)

 
Níl beithíoch ar bith is mó a dhéanfadh díchúis ar dhuine ná an breed mór sin. Bíonn an-bhiseach fúthu nuair a bhíos sé fúthu, ach níor dhóichíde sin ná go bhfanfaidís ina ndúradáin dona ar nós an ceann sin thiar ag J. Th. Níl rath ná ríocht air sin