Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dúthracht
ainmfhocal, baineann
ginideach uatha: na dúthrachta
díocas; spleodar; fíriúlacht; déantús maitheasa; faobhar oibre. I leagan amháin is mó a bhíos sé: ag caitheamh a dhúthrachta leis.
a.
+
Níl aon dúthracht oibre ann — níl aon spleodar nó díocas oibre ann
Dhá mbeadh dúthracht ann, bheadh na cupla súileoig sin curtha aige le seachtain agus gan a bheith ag fáil bháis os a gcionn mar atá sé
TUILLEADH (2) ▼
Siúd é adúirt é le dúthracht. Má tá tú ag iarraidh paidrín a rá le dúthracht, cuir é siúd dhá rá — go breá spleodrach cuibhiúil
Nach é a d'insíodh an scéal le dúthracht go ndéana Dia grásta air. Sheasfá sa sneachta ag éisteacht leis dhá chur amach dhá chroí. Tá na fiannóirí imithe uilig anois
+
Chaith sé a dhúthracht ag iarraidh T. a thabhairt chuig an D. ach ní ghabhfadh T. leis — chuaigh sé go bog agus go crua air; sháraigh sé é féin leis
Nach deas an chaoi anois orm é théis mo dhúthracht a chaitheamh leis an ngort sin, nach bhfuil fata de bhláth bliana ann nach bhfuil foghlaithe — shaothraigh mé go maith é, dhá leasú dhá chur, dhá ghortghlanadh srl.
TUILLEADH (5) ▼
Téirigh ina éadan aríst. B'fhéidir go gcuirfeá isteach é an turn seo. Ar chuala tú ariamh é, go meallfaí bean dhá gcaití dúthracht léithe — má chaitheann duine le rud ar bith dhá dhoilí, déanfaidh sé é sa deireadh
Dhá gcaiteá do dhúthracht, ach níor chaith, bheadh sé déanta agat. Ach b'fhearr leat ag dradaireacht le chuile bhean óg dhá ndeachaigh thart an bóthar. Níl gnaithe ar bith thusa a chur ag obair ar shúil an bhóthair
Is rud í an fhoghlaim ar nós chuile shórt eile, nach mór dúthracht a chaitheamh léithe. Is beag an dúthracht atá an ceann seo againne a chaitheamh leis an scoil muis. Ní iarrfadh sé breathnú ar aon leabhar go deo
Chomh uain is a bhí sé ar na portaigh, is mó an dúthracht a chaith sé le mná ná lena chuid móna. Agus tá a shliocht air. Níl díol ráithe de mhóin thirim anois aige
Chaith mé mo dhúthracht leis ag iarraidh a thabhairt abhaile, ach mo léan deacrach thú, ní fhágfaidh sé an áit siúd go mbeidh an sciúrtóig dheiridh ólta aige
b.
·
Tá sé ag lánú le dúthracht ansin thuas. Is mó na clocha ná an lán atá sé a chur ar na fataí sílim (Is minic a bhíos an chiall seo leis: an iomarca spleodair nó díocais, i riocht is gur mó a mhillfeadh ná a leasódh an té a bhíos amhlaidh)

Féach freisin

dúthracht in iontrálacha eile (5)

 
dalba
Garraí dalba é sin. Bhí sé chomh maith dhuit a dhul amach i lár easca shléibhe agus tosaí dhá saothrú le bualadh faoin ngarraí sin. Théis ar chaith mé de dhúthracht leis dhá leasú, agus dhá shocrú agus dhá thriomú, chinn orm aon bharr slachtmhar a bhaint ariamh dó (de). Bheadh sé fliuch de do sheacht míle buíochas. Tá máithreach an uisce faoi
 
dall 2
Ní fhaca mé aon duine ariamh ba daille (/deʟ′ə/) ná é ag dul chuig an scoil. Chaith G. a dhúthracht leis, agus thugadh sé dual na droinne dhó chuile ré solais, ach má thugadh féin, ba aon mhaith amháin dó é
 
Fág ag an deachma é sin. Ní fiú an tairbhe an trioblóid. Thiocfá ag mianadóireacht ansin ar feadh an lae agus ní bheadh tada déanta agat ann ina dhiaidh sin. B'fhearr dúinn go fada a ndúthracht a chaitheamh le rud eicínt a mbeidh tairbhe eicínt dhá bharr ná sa tseanghráinseach shalach sin
 
deis
Ara cén deis atá sé a chur air féin le posta a fháil. Ar chuala tú ariamh é: mheallfaí bean dá gcaití dúthracht léithe. Níl postaí le fáil sna smeachóideachaí
 
drámh
Nach bhfeiceann tú gurb air féin atá an drámh anois, ainneoin ar chaith sé dhá dhúthracht ag déanamh díobhála ar dhaoine eile. Más feall fillfear, adeir siad