Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dusta
ainmfhocal, fireann
deannach; créafóg, gaineamh nó a samhail a bheadh tirim; dust.
+
Dusta an bhóthair, dusta na móna, dusta adhmaid srl. — 'sé dusta an focal ar dust i gcoitinne, ach tugtar ainmneacha áiride ar chineálacha áiride dusta .i. deannach an bhóthair, deannach na móna, min adhmaid, cnámharlach fataí, cailimhineog srl.
Tá dusta ag éirí inniu
TUILLEADH (6) ▼
Chuaigh dusta faoi mo shúil
Níl deannóid dhusta ar aon cheo ag gabháil leis an teach
Tá an áit uileag faoi dhusta
Tá muid plúchta ag dusta
Is mífholláin an rud an dusta sin a bheith ag gabháil in do phutógaí ó mhaidin go faoithin
Ní thabharfainn dusta na sráide air — níl aon mheas agam air