Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deachma
ainmfhocal, fireann
iolra: deachmaí, deachmain
1.
an deichiú cuid de rud; an tuarastal nó an dualgas nó an dliteanas a bhíodh an Teampall Gallda a éileamh roimhe seo ar an bpobal Caitliceach. Chuir Cogadh na nDeachmaí nó Cogadh na nDeachman deireadh leis.
a.
+
Bhíodh ar an daoine deachmaí a íoc roimhe seo, ach ní fhaca mise ariamh iad. Ní raibh mé beirthe ná go ceann dhá fhichead bliain ina dhiaidh. Ní mó ná m'athair — go ndéana Dia maith air — a chonaic iad. É sin féin, ba tanaí é déarfainn. Ach chuala mé seandaoine ag caint orthu. Tá sé na cianta cairbreacha ó bhí na deachmaí sin ann — nach bhfuil?
Chuala mé caint orthu — na deachmaí atá tú ag rá. Bhí a leithidí ann a mhaisce. Deir siad nár híocadh iad sin ariamh gan ár agus fuil. Don teampall gallda a bhí siad ag dul. Chloisinn S. Mh. A. ag cur síos air fadó, gur chuala sé ag a sheanathair go raibh siad dhá gcruinneáil thiar anseo uair ar Dhúiche an Ch. Bhí póilíos ann ar chuma ar bith, agus rún acu a mbaint amach den bhuíochas. Chruinnigh tír is talamh ann, le pící, le corráin nó arm ar bith ba túisce acu. Chuala an sagart a bhí anseo thiar é. Níl a fhios agam cén sagart a bhí ann san am. Bhuel tháinig sé aniar ar chuma ar bith. Chuaigh sé chun cainte lena póilíos agus lena báillí. Murach go ndearna sé eadarascán an lá sin bheadh cuimhne air. Bhí muintir na háite líofa ceart ag achrann. Dheamhan a fhios agam féin ar mhaith siad na deachmaí dhóibh nó nár mhaith, ach níor tógadh aon deachma an lá sin. Ní mheasaim gur tógadh ná níos mó, ach leisce na bréige níl a fhios agam ar tógadh nó is nár tógadh … Tá sin céad bliain go láidir. Ara tá agus i bhfad lena chois. Bheadh sé sé scóir nó seacht scóir blianta ó bhí seanathair Sh. Mh. A. ina mhaith — dhá mbeadh sé taobh leis
TUILLEADH (4) ▼
Níor chuala mé gur tógadh deachmaí anseo ariamh ach bhídís ansin thoir ar Dhúiche an Bh. Na ministéaraí a d'fhaigheadh iad sin nach iad. Dheamhan mórán a chuala mé ariamh fúthu. Tá siad sin caite suas le saol is aimsir … Ón drochshaol ab ea? Bail ó Dhia ort. Tá agus i bhfad roimhe. Rugadh m'athair — beannacht Dé lena anam — trí bliana roimh an Drochshaol (1846-1847) agus ní raibh siad ann lena linn. Cáid ó bhí Oíche na Stoirme Móire ann? … Céad bliain díreach. Bhuel is roimhe sin a bhí na deachmaí ann, más fada gearr roimhe é, sin rud nach feasach dom. Ach fiafraigh de Sh. Ó. C. é. Sin é an fear a inseos na húdair dhuit … Tá aois mhór agamsa air, ach má tá féin, níl mé ach ar chosa bacóige lena ais. Tá údar aige faoi chuile shórt ón Díle
Is fadó fiannach an lá ó bhí na deachmaí sin ann. Ní hé an ministéara a chruinníodh chor ar bith iad, ach bhí proictéara aige a théadh thart. Chuala mé an tseanmhuintir ag rá go mbíodh conacra acu thíos i mB. an Ch. agus go bhfágaidís na hiomrachaí ansin gan baint go dtigeadh sé féin agus go mbaineadh sé iad. Gach deichiú hiomaire a d'fhágaidís aige. Déantaí an cleas céanna le na stucaí coirce: stuca as chaon deich stuca a fhágáil gan tarlú, nó go dtugadh an proictéara leis é. Ba in é dualgas an mhinistéara. Bhí na daoine in ainm is an teampall gallda a chothú freisin. Thigeadh na sagairt ansin, agus chaithfidís a ndualgas féin a fháil: coirce freisin. Sin é an uair a raibh an chreachadh ann. Chuile dhuine agus a bhuille féin ar an duine bocht. Ba doiligh dhó é a sheasamh eatarthu … Ní raibh cur in aghaidh dualgas an tsagairt chor ar bith, ach chloisinn na seandaoine ag rá go mbídís ag blaoch i dtóin an phroictéara nuair a thigeadh sé i gcoinne an deachma, nó dhá dhalladh le scrathachaí ó chúl an chlaí. Bheadh rud ar a shon agat dá mbeirtí ort. Chuirfí isteach thú (sa bpríosún). Ach ní raibh baol orthu siúd go raibh siad chomh hadhartha agus go mbéarfaí orthu. Measaim go mbíodh an ministéara féin ann scaití, mar chuala mé P. N. ag rá nuair a bhí siad ina bputaí, go gcuirtí suas leo a dhul isteach ar chúla an chlaí ag fuagairt i ndiaidh an mhinistéara: "a mhinistéirín cár fhága tú do bhean?" Deir siad gur sagart a d'iontaigh, a bhí sa ministéara a bhí anseo … (Cuntas faoi na deachmaí sa gceantar sin ó Sheán Ó Beáin, Páirc Gharbh, An Carn Mór, Baile Chláir)
Ní raibh cuimhne ag duine ar bith dhá raibh suas le mo linnse ar na deachmaí, nó má bhí, is beag a chuala mise fúthu ach an focal a chloisteáil mar sin go díreach. Chuala mé an focal chuile lá ariamh, agus bhí a fhios agam go mba tuarastal é a d'fhaigheadh na ministéaraí, ach níor chuala mé thairis sin d'fhairnéis air. Dheamhan cuimhne agam ar rudaí mar sin chor ar bith. An rud a d'inseofá dhom inné, ní bheadh a fhios agam é aríst amárach
Bhí na heiricigh (Protastúin) go dona an uair sin a dheartháir mo chroí. Ag imeacht le Bíoblaí agus le soup, agus dhá bhaint siar as na daoine le deachmaí théis sin. Ba bheag an cheart a bhí le fáil ag an Rómhánach (Caitliceach) an uair sin. Mo choinsias ba bheag. Nach cóir adúirt an ceann eile féin san amhrán: "'S go bhfuil an dlí ar fad acu ó mharaíodar Rí Séamas." Ní mé an faoi na deachmaí sin a rinneadh an t-amhrán do Chac i Mála a bhí siar faoi Chonamara … Ach ní hea. Ag iontú daoine a bhí sé sin. Níor mhaith dhuit é sin a lua siar in áiteacha ann fós. Chniogfaidís thú faoi
b.
+
Níor chuir sí an deachma ariamh ar cairde — theagadh an t-airleacan ag gáirí chuici i gcónaí; ní raibh sí ariamh gan díol a freastail a bheith aice; dá dteagadh glaoch airgid ar bith uirthi, bheadh sí in ann freastal dó ar an toirt
Tá a fhios agamsa nár iarr tú fhéin ná do mhuintir punt ná scilling ar aon duine ariamh. Ní raibh aon chall daoibh leis. Muise diabhal ar chuir mise fhéin an deachma ariamh ar cairde ach oiread, ná cuid dhá chur
TUILLEADH (4) ▼
Bhí fuíoll na bhfuíoll acu i gcónaí. Níor chuir siad an deachma ariamh ar cairde go dtí an saol seo féin, ach níl sa mbuachaill óg seo atá sa mbaile anois ach cúl le rath. Is cuma leis é ach ól agus ceol agus ragairne
Ní raibh aon teallach istigh air an mbaile seo nár chuir an deachma ariamh ar cairde ach iad féin. Bhí tarraingt a láimhe go maith ariamh acu. Má bhí féin ba mhaith an oidhe sin orthu, mar níor ghann ná níor ghortach faoi iad
Ar ndóigh bail ó Dhia ort, agus an tslí atá agat, níor ceart go mbeadh aon chall duit an deachma a chur ar cairde, ní hé sin do dhaoine dona mar mo leithidese é. Ach chreidim go bhfuil dola mór ort mar sin féin. Ní fhéadfaidh tusa a theacht le fataí tura mar a fhéadfas muide
Is diabhlaí aibéil a tháinig siad sin anuas sa saol! Dar príosta chonaic mise iad muis, agus ní chuirfidís an deachma ar cairde, ach bíonn a lá féin ag chuile dhuine. Agus sin é an deis a bhfuil siad anois: sirriam ag teacht orthu. Is fiú do chuile dhuine an buachaill sin a choinneáil óna dhoras muis, má fhéadann a chumhachta chor ar bith é
c.
+
Fágfaidh muid ag an deachma (nó ag an dul amú) é sin — rud fánach nárbh fhiú le duine a chrapadh, ná a chur sa gcomhaireamh. D'fhágfadh sé ansin é gan fóint ar bith a bhaint as, nó gan a thabhairt leis, nó gan a chur i gceann an chuid eile
Tá an garraí curtha anois go dtí an cúinnín sin. Ara fágfaidh muid ag an deachma é sin. Ní fiú dúinn a dhul dár mearú féin leis, scáth a mbeidh de shochar air — fágtar cúinní beaga scaití i ngarrantaí cuir, i ngeall ar a bheith ró-aistreánach, nó iad a bheith ionann is dochurtha de bharr cloch nó a leithéid. Nó d'fhágfaí cúilíní i ngarrantaí cheal leasaithe scaití agus déarfaí an rud céanna leo
TUILLEADH (6) ▼
Fág ag an deachma é sin. Ní fiú an tairbhe an trioblóid. Thiocfá ag mianadóireacht ansin ar feadh an lae agus ní bheadh tada déanta agat ann ina dhiaidh sin. B'fhearr dúinn go fada a ndúthracht a chaitheamh le rud eicínt a mbeidh tairbhe eicínt dhá bharr ná sa tseanghráinseach shalach sin
Éiríodh muid as. Cén mhaith dhúinn a dhul ag cur a gcuid allais ag priocadh leis an airdín clochach sin, agus ní bheidh leathchloch fataí choíchin air. Fág ansin ag an deachma é, i dtigh diabhail. Má thograíonn an dream a thiocfas ina ndiaidh s'againne é a rómhar oibríodh leo, ach díth céille dhúinne a dhul dhá dhéanamh. Deargdhíth céille
Tá an fiach díbrithe anois againn. Fágfaidh muid cúinne an ghiorria ag an deachma — nuair a bhíos garraí ar bheidhil a bheith curtha 'sé cúinne an ghiorria an preabán beag a bhíos fágtha. Deirtear go mbíonn an fiach anseo agus má chuireann tú an garraí amach ar fad, díbríonn tú an fiach
Fágfaidh muid na cupla crúbán úd idir dhá chlaise ag an deachma. Chaithfeadh muid lá dhá socrú, agus ní bheidh aon fhata go brách orthu, tá siad chomh huisciúil sin
Ab é an cnocáinín carrach siúd. Ar ndóigh ní ag dul dhá shaothrú sin a bheadh sé. Fágadh é siúd ag an deachma. Diabhal mogall a d'fhásfadh ansiúd, dá gcuireadh sé a bhfuil de leasú thíos tigh T. R. air. Nach bhfuil an leac ag freagairt ann i chuile áit … Sílimse go bhfuil
Ná comhair na breaclachaí ná na clochair sin chor ar bith isteach le do chuid talúna. Ab iad siúd. Cén diabhal somhaoine iad? Fág iad siúd ag an deachma. Ar ndóigh ní maith atá leo. Níl siad le cur ná le fuirseadh. Agus má chuireann tú beithíoch iontu, is gearr gur basctha a bheas sé. Mura bhfaighe tú tréad gabhair agus cead scoir a thabhairt dóibh ann, agus a bheith sa gcúirt chuile mhí de bharr a gcuid foghlach. Ó siúd é atá agat a dhéanamh leo: tabhair don deachma iad
+
Fág ag an deachma (nó an dul amú) an cosamar móna sin. Ní thoillfidh sí ar an dúchán, agus tá sí rómhionaithe le dhul ag déanamh aistir abhaile di. Ní fiú deich triuf í ar aon chor
Céard a rinne mé leis an scaipiúch sprémhóna? D'fhága mé ansiúd ag an deachma í. Deile céard a dhéanfainn léithe. Ar ndóigh níl tú ag síleachtáil go gceannódh fear lorry í, agus ní bheadh sí ach ag cur áite amú orainn féin lena cruachadh.
TUILLEADH (7) ▼
D'fhan riar beag in mo dhiaidh. Chinn orm í a bhailiú ar fad (a bheith in ann a cur san ualach). Níl inti ach cunús ar aon chor. Má ghním mallach eile di, ní bheidh mé ach ag cur anró orm féin, mar ní choinneoidh na gadracha maoil sa maoil í. Nach fearr dúinn a fágáil ansiúd ag an deachma. Caithfidh an dul amú rud eicínt a fháil
Fág ansiúd ag an deachma í! Bail ó Dhia ort! Ní tú a fuair a hanró dhá baint. Feamainn bhreá chosach í aníos den Locháinín Thoir, agus tá cion boirdín an asail ann di. Síos leat agus ardaigh aníos í. Tá an iomarca spreallaireachta ort ar fad. Murach sin, d'fhéadfá í a bheith aníos cheana agat
Tá oiread áiméan d'fhuílleach ann. Níl inti ach mionbhas — mionbhas ceart. Déarfainn nach fiú a dhul ina coinne. Fágfaidh muid ag an deachma í
Bris iad le cloich agus ith an eithne atá istigh iontu. 'Sé an bia sin atá le n-ithe. Nach seafóideach an malrachín thú má cheap tú go bhféadfá a ithe uileag. Níl maith ar bith sna blaoscannaí sin. Dheamhan maith. Fág ag an deachma iad sin. An bhfaca tú cnónnaí ariamh cheana? Is cosúil nach bhfaca agus thú in t'aineolaí chomh mór ina dtimpeall agus atá tú. Ach cá bhfeicfeá iad thiar i mB. an D. agus gan crann fhoisceacht fiche míle dhuit, ní áirím coill
Gearr na cloigne díobh. Níl aon mhaith iontu. Níor dearnadh ariamh le cloigeann bod gorm nó blátháin ach a fhágáil ag an deachma
Rón! Dá maraínnse rón, bhaininn a chuid ola as agus d'fhágfainn ag an deachma ansin é. By dad féin muis, bheadh coimpléasc láidir ag an té a ghabhfadh ag ithe róin. An iasc atá chor a bith air. Sílimse nach ea, ach feoil. Nach geall le lao mór agat é
Níor tháinig an ceann sin amach. Fágfaidh muid ag an deachma é — uibheachaí a bheadh faoi chirc agus dá dteagadh éanachaí astu uileag go dtí an ceann, déarfaí go bhfágfaí an ceann sin ag an deachma
+
Má ghníonn sé sioc chomh mór anocht agus a rinne sé aréir is suarach an éadáil duit a dhul ag rómhar na meaingeals údaí. Béarfaidh sioc mór eile síos sa gcréafóig orthu, agus tá a gcnaipe déanta ansin. Dheamhan ceann a bhuachfar go deo orthu. Caith ag an deachma iad má theangmhaíonn sioc leo
Bhí cion cheithre cléibh fhataí ansin thuas agam arú aréir. Níor fhéad mé dhá gclúdú an áit a dtáinig scéala agam go raibh an bhodóig i dtinneas lao. Bhí sé amach in am suipéir go raibh an gó (gábh?) sin thart. Ba duibhe an oíche ná an phic, agus bhuail drogall mé a dhul soir ag plé leo an tráth sin d'oíche. Shíl mé dheamhan clóic a bheadh orthu. Ní raibh amuigh ach corr-réaltóg agus ní raibh an ghaoth ó thuaidh. Ach mo léan deacrach, rinne sé an sioc deireadh oíche, agus mhill sé iad fré chéile. Níor chás é dhá mbeidís cruinn baileach fhéin, ach bhí siad fágtha ina scaipiúch agam ag ceapadh go sroichinn ar ais. Níl luach leithpínne mhaith anois iontu ach a gcaitheamh ag an deachma. Is deacair do dhuine aonraic a bheith suas le chuile obair. Níl aon ghair aige air
TUILLEADH (4) ▼
Ná bac thusa le blaoisc an phortáin. Caith í sin ag an deachma, mura mbeifeá ag dul ag iascach agus go dteastódh baoite uait go díreach. Istigh ann atá an t-iasc
Níl na ceanna cruacháin ná na malraigh Cháit sin le n-ithe chor ar bith. Má bhuaileann siad go deo an duán agat, caith ag an deachma iad. A mhalrait níl le déanamh leo. Nach cloigeann ar fad é an ceann cruacháin. Bhí mé lá i mbliana ansin thíos ar an starráinín, agus bhí siad do mo bhualadh chomh tréan in Éirinn agus a bhí mé dhá gcaitheamh i bhfarraige. Ach dhá mbeinn ann go dtiteadh déidín agam, ní bhfaighinn priocadh ó thada eile. Ghliondáil mé suas mo dhorú faoi dheireadh le cantal, agus aníos liom. Ná bac thusa le lá ar bith a mbeidh bualadh ar a leithidí sin. Tá tú réidh le iasc an lá sin
Níl d'áirge sa liamhán gréine ach an ola atá ann, measaim. Maidir lena chuid éisc, caitear ag an deachma é. Is maith géar an drad nár mhór duit a bheith agat le dhul in éadan liamhán gréine
Tá maith le chuile shórt sa muic. Níl scioltar thuas ar a craiceann go dtí an chrúibín féin nach gcuirtear caitheamh ann. Ach is mór atá ar chaora agus ar mhart nach bhfuil de leas ann ach a chaitheamh ag an deachma. Geir na caorach cuirim i gcás. Déanann sí anraith ceart go leor, ach cé a d'íosfadh í. Chuirfeadh sí col orm féin. Ní fhéadfainn breathnú uirthi, ní áirím blaiseadh di. Is duine an-éisealach mé ar aon chor
+
Tá na heascannaí locha agus na heascannaí srutháin an-cheart le n-ithe. 'Siad an bheatha is blasta iad a chaith tú ariamh dá mbeirteá sa gcochall orthu, uair ar bith uait amach anois. Níl cinneadh go deo leo a mhic ó. Ach na lúbógaí eile sin. Ní fiú do sheacht mallacht iad. Ní raibh le déanamh agat leo sin ach a dtabhairt don deachma. Bheadh consaeit (conceit: col) agam féin leo ar fad. Bheadh, bíodh a fhios agat, agus le concar. Ní raibh aon ghnaoi agam orthu ariamh nuair a d'fheicfinn ag teacht isteach marbh den charraig iad. Murach leisce a bheith ag baint chainte amach, séard a dhéanfainn leo a gcaitheamh amach aríst ar an tsráid. Is mór an úis (uais) iad
Tabharfaidh sí an lao siúd atá aici don deachma. Níl aon bhiseach faoi. Tá sé ina ghoróir ansiúd le claí agus má bheireann oíche sheaca air, beidh sé ina spéice ar maidin. Shílfeá go mbeadh smais eicínt air thairis siúd. An-údair uileag a tháinig ón tarbh sin. Ach sin é an tógáil a fuair an díthreabhach bocht. Níor thóg sí aon lao ariamh, ach iad ag imeacht ina mbás ar sliobarna mar siúd
TUILLEADH (10) ▼
Bhfaca tú an searrachín crón atá aige. Níl ann ach na cheithre eite anois. Dhá mbronntaí ort é, ní leagfá bearna i gclaí lena ligean isteach in do gharraí. Meas tú beo céard atá air. Tugadh sé é siúd don deachma ar chuma ar bith. Maidir le go mbeidh aon cheo dá bharr aige, ní bheidh
Níl aige a dhéanamh leis an gcréatúr de reithe sin aige anois, ó bhuail ré roithleagán sa gcloigeann é, ach a thabhairt don deachma, ó tharlaigh nár thug sé do Mhártan é. Ach ní raibh tada air le tabhairt do Mhártan. Dheamhan scioltar. Ní ghlacfadh Mártan uaidh é (Mártan: an Fhéil Mártan. Maraítear feoil ina ómós)
Tá a dóthain aici thar an ngeospailín siúd. Ní aireodh sí ar iarraidh é an áit a bhfuil dháréag agus píobaire. Ar aon nós, ní dhéanfaidh sé aon bhiseach go brách ach ina chrabadáinín mar siúd. Is diabhaltaí an méid atá ag an dream eile air. Nach bhféadfadh sí é siúd a thabhairt don deachma. Ní éadáil ar bith i dteach é ar chuma ar bith
Má tá P. ag dul ag pósadh, tabharfaidh siad S. beag don deachma. Caithfidh siad a chur amach, mar ní sheasfadh aon bhean beo leis i dteach. Agus má chuireann siad amach é, ní ghlacfaidh áit ar bith isteach é. Cé a ghlacfadh é. Dheamhan an poorhouse féin a ghlacfas é, ná cuid de ghlacadh. Fear ar bith a d'fheicfeadh é siúd ag geata an phoorhouse lá fuar, meas tú an ligfeadh sé isteach é. Is túisce go mór a ligfeadh sé isteach an monkey beag a bhí thoir sa show ansin thoir. Siúd é a bhfuil le déanamh leis: a thabhairt don deachma nó don dul amú
Féadfaidh sibh an ghrifisc bheag sin soir i mB. L. a thabhairt don deachma. Ar ndóigh ní in ann ball a bhualadh atá siad sin. Tá muis. Bhuailfeadh imreoir maith a bheadh ar an bpáirc ar rugadh ariamh acu. Is feasach domsa go maith céard é a ngníomh sin. Nach mbínn ag traíáil a n-aithreachaí fadó, nuair a bhíodh muid dallta anseo thoir. Bhuailinn a raibh istigh ar thrí bhaile acu; agus mé ar mo chromada. Is minic a bhuail. Ach bheadh neart glaomaireachta acu nuair nach n-aireoidís aon fhear maith ann … Siúd é anois a ndéanfainnse leo — a dtabhairt don dul amú. Ní fhónfaidís do thada eile
Péire dhó féin, ceann do Sh., ceann do A., ceann do mhac P. Bh., ceann do Mh. Mh. N.; cé mhéad sin fágtha sa gcuain … Péire. Tugadh sé an péire sin don deachma. Ní foláir rud eicínt a thabhairt don deachma. Mar a chéile chuile choileán acu go tóin. Níl barr ag ceachtar acu ar a chéile. Tá mise ag déanamh roghain ar an gceann crón. Ní fhaca mé aon chú chrón ariamh nach mbeadh thar cionn
Maidir le na murlacha sin atá thíos ansin aige, ní bhuachfaidh sé aon phínn go brách orthu. Dheamhan pínn muis. Nach mór den leibideacht atá air a bheith dhá gcoinneáil fálaithe. Cén bhrí ach bíonn claíochaí chomh hard aige orthu le balla an phríosúin: ag iarraidh daoine a bhascadh, agus treampán a chur orthu, deile. Dhéanfadh an draíodóirín siúd lena chuid aisiléireachta é. An bhfuil a fhios agat céard adúirt sé liom an lá cheana: go raibh sé ag brath ar an gcurach thoir acu a leasú i mbliana. 'Go gcuire Dia an t-ádh ort,' adeirimse. 'Tabhair don deachma iad agus ná bídís ansin in do bhealach féin, agus i mbealach an bhaile, scáth an tairbhe atá orthu'
Níl siad ag cur cuibhriú ar bith ar an seanasal sin acu anois, ach cead scoir ar bhóithrí aige, agus má fhéadann sé aon bhearradh a bhaint amach don chomharsa. Tá siad an-cheanúil ar na hasail eile. Bíonn siad go dtí n-a mbolg i bhféar i dT. na M. chuile oíche acu. Ní mór dóibh a mbeathú go maith agus a gcuirtear d'obair orthu. Tá obair an tseanasail ar iarraidh. Tugaidís é siúd don deachma anois. Is beag thairis is fiú é
Tugtar dreoilín eicínt acu i gcónaí don deachma … Tuige nach bhfaca tú aon dhuine ariamh ag iarraidh dreoilíní do cheirt na n-easpaí. Caithfidh tú a bheith ag tóraíocht agus ag síorthóraíocht go bhfaighe tú nead a mbeidh dhá dhreoilín déag inti. B'fhéidir nach mbeadh call mórán tóraíochta dhuit chor ar bith scaití. Bíonn neadrachaí dreoilín thar a chéile ann blianta. Scaití eile ní fheicfeá ceann ar bith … Nuair a gheobhas tú an nead, níl agat le déanamh ach na luipreacháin — na dreoilíní — a mharú agus a gcuid fola a chur ar sheancheirt. Caithfidh tú fuil as chaon cheann acu a chur uirthi. Mura gcuire ní bheidh aon mhaith dhuit ann. Breith ar an seancheann ansin — an rí — agus deirtear í a thabhairt don deachma. Ach is cuma cén ceann de na trí cinn déag a thabharfá don deachma sa gcás sin. Bíonn muirín mhór ar an dreoilín. 'Is mór mo mhuirín: is beag mé féin,' adeir sí … Beidh do chuid oibre déanta ansin, le ceirt na n-easpaí … Chuala mé go minic an scéal sin faoin dreoilín a tugadh don deachma. Tuige nach gcloisfinn. An bhfuil tú dhá iarraidh … (giota as cuntas faoi cheirt na n-easpaí a fuair mé ó m'athair)
Tá cheithre pholl (fataí) clúdaithe aige agus glac eile le claí. Meas tú an fataí síl iad siúd le claí, nó an brath ar a dtabhairt don deachma atá sé. Ar ndóigh mo léan ní hea. Is beag an néal atá air siúd. Cat bradach a gheobhadh brabach air, murar athraigh sé ó anuraidh, ó d'fhéach sé le banbh fireann a chur ormsa, mar dhóigh dhe go mba ceann baineann é
+
Cailleadh triúr orm i mbéal a chéile, ní ag comhaireamh na hanachain é, ach caithfidh an deachma (an dul amú freisin) a chuid féin a fháil — cailleadh triúr páistí air, ach ní fhéadfaidís ar fad a bheith saolach. Caithfidh duine eicínt imeacht
An bhfeiceann tú an péire breá muc a cailleadh ormsa, dhá bhliain i ndiaidh a chéile, ní ag comhaireamh na hanachain é, ach sin é an chaoi a mbíonn sé. Go dtí sin, míle buíochas le Dia bhí siad ag éirí linn go maith, ach gheobhaidh an deachma a chuid féin uair eicínt … Ní fhéadfaidh an saol a bheith ag féithiú le duine ar a mhian féin i gcónaí
TUILLEADH (1) ▼
Ní bhíodh aon anachain bheithíoch orthu go dtí le fíorghairid más ea. Dheamhan ar chuala mé ariamh gur imigh aon cheann orthu sin cheana. Ní beag dóibh a thúisce go mba leo féin uainne é! Ara is beag a aireos siad siúd bullán nó dhó, áit a bhfuil a leithéid siúd de phlód beithíoch. Níor mhór don deachma a chuid féin a fháil
+
Céard a dhéanfar leis an munachar féir a d'fhan d'fhuílleach sa ngarraí sin thiar. Ní thoillfidh sé ar an gcoca, agus níl cion coicín dó féin ann. Teastaíonn rud eicínt ón deachma ar aon chor
Níl duine ar bith don bhuidéal seo — an bhfuil? Nach mé a rinne an flaisc. Is mór is fiú nach dtaobhaím tithe ósta ach go hannamh. Is furasta a aithinte agus mé a bheith ag glaoch pórtair le cois mar sin. Teastaíonn rud eicínt ón deachma hé brí é
TUILLEADH (4) ▼
Beidh coirce le cois — cupla stuca. Ní thiocfaidh ar an gcruaich seo thar sheacht nó hocht de bhearta eile. Sílim gur ceart go dtabharfadh an méid sin cúnamh maith uirthi. An méid a bheas le cois ab ea? Dheamhan a fhios agam féin céard a dhéanfas muid leis sin, mura gcaithe muid ag an deachma é. Teastaíonn rud eicínt ón deachma
Sin í anois an chreach roinnte (conách iascaigh), cé is moite den dá bhod ghorma seo agus ní ghlacfaidh an cat féin iad. Tá ár ndóthain againn le tabhairt dó dhá bhfuireasa. Bíodh acu. Tá rud eicínt ag teastáil ón deachma. Caithfidh muid chuige iad. Caithfidh cheana. (Chaith siad uathu iad. Ní thabharfaidís abhaile iad)
Tá chuile thiomsachán anois i dtoll a chéile, ach an méid féir ascaille a d'fhan i ngarraí Sh. Uí E. Ní bhacfaidh muid leis an scaipiúch sin sílim. Teastaíonn sé ón deachma. Bíodh sé aige. Ní éadáil ar bith dhúinn a dhul ag cur dhá aistir eile orainn fhéin, thríd na haistreáin sin siar, i ngeall ar an méid sin. Ach dá mbeadh sé istigh ar chlár na hiothlann, ní léir dhom go mbeidh aon áit lena chur. Cuirfidh a bhfuil againn mullach ar na cocaí. Cuirfidh agus beidh rud eicínt d'fhuílleach freisin
Ní bhainfidh muid an portachín ó thuaidh chor ar bith i mbliana. Tá sé lomlán le dearglaoch agus an charcair bhán sin, agus sháródh sé duine ag iarraidh ceart a bhaint dó (de). Fanadh sé ansin. Ní mór don deachma rud eicínt, mar adeireadh S. Dh. fadó. Bhaineadh S. Dh. a mbíodh de phortaigh ag gabháil leis chuile bhliain, ach dheamhan fód ar bith a thriomaíodh dó mar nach dtugadh sé aon ghiollaíocht di. Ní dhéanadh sé ach a baint agus cead aici fanacht ansin agus triomú uaithi féin. Nuair a bhíodh sí uileag ina scaradh ar an bportach aige i ndeireadh bliana, agus chuile fhód eile ar phortaigh craptha, dá gcásaíodh duine an mhóin le S. Dh. 'sé an leathfhocal a bhíodh aige i gcónaí: 'ní mór don deachma rud eicínt.' Ba ghroí an duine é S. Dh.
d.
·
Tá an scéal sin Mac Rí na nDeachman ag S. Ó. B. Bhí sé dhá inseacht an oíche cheana thíos tigh na S. ach thosaigh P. ag sáraíocht air sula raibh mórán bail aige air, agus i ndar liom féin, gur mó an rún a bhí acu as a dheireadh a dhul ag bualadh cnigíní ar a chéile. Níl cuibhiúlacht ar bith in P. má bhíonn duine ar bith ann a mbeith a fhios aige dadaí, bíonn sé ar an mbrúisciúlacht sin. Measann sé gurb aige féin atá gach údar. Más leat an scéal a chloisteáil buail soir ag an teach ag S. féin, agus inseoidh sé duit é
'Ní de thír ná de thalamh thú,' adeir an bhanríon, 'nach mbeadh a fhios agat gur gheall sí ceann don deachma, agus bhí sé de ghnaíúlacht inti an dá cheann déag a thabhairt amach.' (As seanscéal — Gé an Oileáin — ó m'athair)
2.
a.
+
Caithfear deachma na sláinte a íoc — ní bhíonn an duine folláin féin ar aon mheath amháin i gcónaí. Buaileann ruaigeanna tinnis, slaghdáin, scoilteachaí srl. é, ach ní cás dó é, ó nach mbaineann siad as ach seal agus go mbíonn sé ina shláinte aríst. 'Siad na ruaigeanna sin deachma na sláinte. Buailfidh siad an té is folláine ar bith, agus go háirid ó bhaineas duine amach san aois
Ní cás duit é a mhic ó, ó tá tú chomh saor sin — taobh le ruaig shlaghdáin. Ar chuala tú ariamh é: caithfear deachma na sláinte a íoc. I nDomhnach go gcaithfear
TUILLEADH (13) ▼
Buaileann ruaigeanna móra tinnis anois é. Dheamhan mórán bliain ar bith, le cúig nó sé de bhlianta, nach gcaitheann sé coicís ar an leaba. Ach ní cás dó é chreidim, agus an aois a bhfuil sé: dhá bhliain is cheithre fichid. Caithfear deachma na sláinte a íoc
Fuair mé garbh é i mbliana ó na scoilteachaí. Níor fhága siad smeámh ionam in imeacht cupla mí. Murach sin dheamhan clóic a bheadh orm, ná cuid de chlóic. Ní beag dhom a dhonacht arsa tusa. Ní beag cheana, ach chreidim go gcaithfidh gach duine deachma na sláinte a íoc. Is amhlaidh a bhíos sé
Muna mbeadh ar Sh. Mh. fadó ach léas ar a mhéir, d'fhanfadh sé istigh. Níor facthas a leithide ariamh le aire air fhéin. Dhá bhfiosraíteá de Sh. ansin céard a bhí air, ní thabharfadh sé de thoradh ort i gcónaí ach, 'a mhic ó mo chroí thú, caithfidh mé deachma na sláinte a íoc.' Ní inseodh sé go brách duit céard a bheadh air. Ach ba deacair dó, arae ní bhíodh ceo na fríde air leath na gcuarta, nach (ach) nach dtabharfadh sé an áit amach air féin ar bhás an domhain, dhá mbeadh goimh ar bith san uair. Spreasáinín beag dona a bhí ann. Shéidfeá de do bhois é go dtí an Domhan Thoir. Bhíodh spideog air an lá ba bhreácha sa mbliain … Ní bhíodh de leathrann againn féin ansin in áit ar bith dá mbíodh sé ach 'a Sh. caithfear deachma na sláinte a íoc.' Is maith is cuimhneach liom an oíche ar tórradh é. Tá sé suas le cupla scór blianta go maith. Bhí mé féin agus bulc de na scorachaí isteach in éindí le P. Mh. a bhí anseo thuas ann. Chuaigh muid ar a nglúine go gcuireadh muid faoi bhrí na guí é. Níor dhúirt P. urnaí ar bith — go ndéana Dia grásta ar an mbeirt agus ar na mairbh ar fad. 'Sé an chaoi a raibh P. ag breathnú isteach air as cionn cláir agus é ag rá: 'tá deachma na sláinte íoctha agat faoi dheireadh, a ghiolla sin. Ba cheart go bhfaightheá luch pine (luck penny) maith anois, agus chomh fada agus a chaith tú dhá íoc.' Ní raibh aon duine sa teach nach raibh falrach gáirí air. Cuimhneoidh mé air go dté na hordógaí orm. Dar fia cuimhneod
Ní cás dó é má tá sé ar a sheanléim aríst. Tá sé luath láidir bail ó Dhia agus ó Mhuire air, agus ní bhfaigheadh sé tolgán ar bith i rud fánach den tsórt sin. Ach diabhal mé an aos óg féin go gcaitheann siad deachma na sláinte a íoc freisin, chomh maith le seanriadairí mar mé féin arb é mo chrann é feasta choíchin a bheith anóiteach. Dheamhan a fhios agamsa nach goilliúnaí aríst an óige ar an saol seo ná na seandaoine
Duine sa gcéad a dheirfiúr ó, a chuirfeas an saol thairis gan corrphoc eicínt dhá bhualadh. Caitear deachma na sláinte a íoc. Bíodh muid buíoch má éiríonn sé linn chomh réidh sin. Feiceann muid fir luatha láidre scolbánta ar na maidí chuile lá sa tseachtain. Nach bhfuil a fhios agatsa ansin go bhfuil sé mór ag seanchuaillí mar muide, a bhfuil leathchois linn istigh san uaigh cheana, a bheith ag casaoid
Bíonn fuasaoid mhór uirthi ar an aimsir seo: scoilteachaí, coiliceam, altraid chroí, agus cá'il an t-anó nach mbíonn uirthi. Ach caithfidh chuile dhuine deachma na sláinte a íoc. Deirimse leatsa dhá mba í an Inid a bheadh ann agus caint ar chorrstarróg a beith ag corraí, go mba bheag an éagaoineadh a bheadh uirthi, ach í ina suí suas ansiúd agus gob uirthi féint a gcloisfeadh sí aon chlascairt ag teacht ag iarraidh na hiníne. Sin í an ceann céanna — hé brí céard a bheas uirthi — nach ligfidh aon lúib síos ina gnaithí
Tá mé ag fuasaoid arrainge le seachtain. Dheamhan cor ná cor fágtha ionam aici. Chuile uair dhá ndírím mé féin, buaileann an driog — driog maith freisin — mé isteach sna heasnachaí. Ní fhágann sí puth de m'anáil agam scaití. Níl mé in ann iontú ón taobh seo anois go dtí an taobh eile. Dheamhan é muis. Má fhéachaim leis, is fear mé a shaothrós an saol. A! Dheamhan brí inti, ach go gcaithfidh sí a seal a thabhairt mar sin. Caitear deachma na sláinte a íoc. Níl a dhul uaidh
Níor mhiste dhó é, dhá dteagadh sé as chomh saor sin. Ní fiú biorán rud fánach mar sin. Bhuailfeadh pianta mar sin an fear is ábalta agus is folláine sa tír. Ar chuala tú ariamh é: níl duine ar bith nach gcaithfidh deachma na sláinte a íoc. Más é sin a bhfuil air, ní dochar é, ach 'sé an faitíos a bheadh orm gurb í an cailín eile (an eitinn) a bheadh ina chrioslaigh. Tá snua an-lasúnta air le gairid, agus shílfeá go mbíonn an creatán eile sin ag gabháil dó freisin. 'Sé an sórt duine é, ní éagnódh sé aon cheo go brách nó go dtitfeadh sé i mbun a chos. Sin é an t-údar go gceapaim go raibh na pianta a bhí ina thaobh i bhfad tí (ní) ba ghártha ná bhí a ligean amach féin. Ach má bhí, cheil sé ar chuile dhuine é
Is breá an scéal atá agat: go gcaithfear deachma na sláinte a íoc. Ach ní sásamh mór é sin domsa atá ar chúl mo chinn ansin thiar le coicís, agus mo chuid coirce scrúdaithe cheal a bhainte. Dá mbuaileadh sí mé uair ar bith eile sa mbliain, ach ní bhuailfeadh, ach go míthráthúil an uair is mó an chruóg. Diabhal mé go sílfeá gur haisteach an tráth de bhliain ag duine slaghdán a tholgadh: i mbrollach an fhómhair. Seo é anois an slaghdán caorach a raibh bean Chonamara ag caint air. Nár ba é amháin dó ar chuma ar bith! Cuirim leis í agus ní hí an óige í. Tá mé siar le obair mo bhliana i ngeall air
Is aisteach an rud í an tsláinte a dheartháir ó. Daoine a mbíonn sí go maith acu gan pian gan tinneas ón lá a saolaítear iad go dtí an lá a dtéann siad sa roinnín (reilig). Daoine eile a bhíos meath-thinn i gcónaí. Ach duine i bhfad ó chéile nach bhfaigheann poc eicínt. Caitheann chuile dhuine — hé brí cé hé — deachma na sláinte a íoc
Tá an slaghdán sin ina leannán agam anois le cheithre mhí. Ó dheamhan ar fhága sé amach mo chrioslaigh ó tholg mé é deireadh oíche ag dul ar aonach na Féile Michil. Dheamhan fágáil muis. 'Sé an scéal é: 'sé deachma na sláinte atá mé a íoc; sin nó 'siad mó chuid peiriachaí atá mé a chur díom. Ceann eicínt acu.
Má fhaigheann tusa fliuchán agus amlú íocfaidh tú deachma na sláinte luath nó mall. Bí chomh siúráilte dhó (dhe) sin agus atá grian ar aer.
Anois atá sé ag íoc deachma na sláinte. Thug sé sin drochthónáiste dhó fhéin as a óige, agus ní fhéadfadh sé rith leis. Chaithfeadh sé a dhul roimhe uair eicínt. Dheamhan fear dhá bhfaighidh an tónáiste nach bhfágfaidh sí a shéala air luath nó mall. Is olc an rud í an chois fhliuch, agus an ghail bhruite as do chuid éadaigh thuas ar do chraiceann. Ba in é a fhaisean sin muis. Ní bheadh géilliúint ar bith aige d'athrú éadaigh ná stocaí. 'Sé an chaoi a dtosódh sé ag flithmhagadh fút faoi. 'Níl siad ag cur tada asam dhom,' adéarfadh sé. Ar ndóigh bhí an scéal sin ceart go leor, go dtí leis an aimsir. Sin é an buille
b.
+
Tá deachma na sláinte air — tá míshláinte ag dul dó; tá sé roinnt as a shláinte; tá an tsláinte leathchaillte aige
Ná bac liomsa! Tá deachma na sláinte orm. Is beag an dochar dom agus a bhfuair mé de streachailleacht le cupla bliain
TUILLEADH (3) ▼
Is beag an fhoghail atá Páidín bocht in ann a dhéanamh feasta choíchin i ngarraí ar bith. Tá deachma na sláinte ar an duine bocht
Muise níl mé ach réasúnta slán an té a fhiafraíos. Ag crochadóireacht liom ar éigean. Tá deachma na sláinte orm ó fuair mé an ruaig mhór an t-am seo anuraidh. Diabhal a bhfuil ar fónamh dhíom ó shin
Ó thiocfas deachma na sláinte ar dhuine tá a chuid maitheasa ar iarraidh. Sin é a fhearacht agamsa anois é. Caithfidh siad cúis a dhéanamh de m'uireasa. Ach tá neart acu fhéin ann anois go lige Dia slán na daoine

Féach freisin

dul

deachma in iontrálacha eile (1)

 
Tá a chuid féin ag dul don deachma — mura mbeidh ann ach beagán, ní fiú a choinneáil ná a chur in úd (fc. deachma)