Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dea-chainteach
aidiacht
dea-chaint a bheith agat; a bheith tráthúil nó greamannach i ngreann.
·
Ní raibh aon ghangaide ann ach go raibh sé an-dea-chainteach mar sin. Sháródh sé críochnaithe thú scaití. Ní fhéadfá rud ar bith a rá nach mbéarfadh sé thall ar theanga ort
Is diabhlaí dea-chainteach an breastairín é siúd. Níor tháinig iamh air ach ag nathaíocht i gcaitheamh na hoíche. Ní raibh duine ar bith eile in ann focal ar an bhfocal a thabhairt dó ar chaoi ar bith

Féach freisin