Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dúracht
ainm-fhocal; buineann
geineamhnach uathaidh — na dúrachta
díocas; spleodar; fíreamhlacht; déantús maitheasa; faobhar oibre (i leagan amháin is mó a bhíos sé: "ag caitheamh a dhúrachta leis").
a.
+
Níl aon-dúracht oibre ann = níl aon-spleodar nó díocas oibre ann
Dhá mbeadh dúracht ann, bheadh na cupla súileoig sin curtha aige le seachtain agus gan a bheith ag fáil bháis as a gcíonn mar tá sé
TUILLEADH (2) ▼
Siúd é adubhairt é le dúracht. Má tá tú ag iarraidh paidrín a rádh le dúracht cuir é siúd dhá rádh = go breagh spleodrach cuíbheamhail
Nach hé a d'innsigheadh an scéal le dúracht go ndéanaidh Dia grásta air. Sheasfá ins an sneachta ag éisteacht leis dhá chur amach dhá chroidhe. Tá na Fiannóirí imighthe uilig anois
+
Chaith sé a dhúracht ag iarraidh T. a thabhairt chuig an D. ach ní ghabhfadh T. leis = chuaidh sé go bog agus go cruadh air; sháruigh sé é féin leis
Nach deas an chaoi anois orm é th'éis mo dhúracht a chaitheamh leis an ngort sin, nach bhfuil fata de bhláth bliana ann nach bhfuil foghluighthe. = shaothruigh mé go maith é, dhá leasú dhá chur, dhá ghort-ghlanadh agus rl.
TUILLEADH (5) ▼
Teirigh in a éadan aríst. B'fhéidir go gcuirfeá isteach é an "turn" seo. Ar chuala tú ariamh é go meallfaí bean dhá gcaithtí dúracht léithe = má chaitheann duine le rud ar bith dhá dhoilighe, déanfaidh sé é 'sa deireadh
Dhá gcaithteá do dhúracht, ach níor chaith, bheadh sé déanta agad. Ach b'fhearr leat ag dradaireacht le 'chuile bhean óg dhá ndeachaidh thart an bóthar. Níl gnatha ar bith thusa a chur ag obair ar shúil an bhóthair
Is rud í an fhoghluim ar nós 'chuile shórt eile nach mór dúracht a chaitheamh léithe. Is beag an dúracht atá an ceann seo againne a chaitheamh leis an scoil muis. Ní iarrfadh sé breathnú ar aon-leabhar go deo
Cho uain agus a bhí sé ar na portaigh is mó an dúracht a chaith sé le mná ná len a chuid móna. Agus tá a shliocht air. Níl díol ráithe de mhóin thirm anois aige
Chaith mé mo dhúracht leis ag iarraidh a thabhairt abhaile, ach mo léan deacrach thú, ní fhágfaidh sé an áit siúd go mbeidh an sciúrtóig dheireadh ólta aige
b.
·
Tá sé ag lánú le dúracht annsin thuas. Is mó na clocha ná an lán atá sé a chur ar na fataí sílim (Is minic a bhíos an chiall seo leis: an iomarca spleodair nó díocais, i riocht agus gur mó a mhillfeadh ná a leasóchadh an té a bhíos amhlaidh)

Féach freisin