Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dumhach
/dūx/
ainmfhocal, baineann
tuiseal ginideach uatha: dumhaí /dū:ī/
uimhir iolra: dumhchannaí, dumhcha /dū:xə/
talamh in aice an chladaigh a bheadh an-ghainmheach ach go mbeadh sé faoi fhéar; talamh chréafóige meathghainmheach; droimeanna nó fearsaideacha gainimh a dteagann an taoille orthu amantaí (ach ní go minic a thugtar air sin é, fc. muirbheach).
a.
+
Cuirfidh mé an Dumhchín i mbliana. Is ait an dóigh fataí í an Dumhchín (ainm garraí in aice na farraige)
Tá an Dumhach Bheag faoi choirce i mbliana acu
TUILLEADH (4) ▼
Tá coiníní na hairí sna dumhchannaí sin síos le cladach. Ní fhaca tú in do shaol ariamh ach a bhfuil de chartacháin ann
Tá íochtar an bhaile uileag faoi dhumhcha, agus an féar fada stalcánta sin ann. Dheamhan mórán éadála iad
Teagann an taoille ar na dumhchannaí sin i gcónaí. Níl iontu ach gaineamh
Cén tsomhaoine dhó an Dumhchín sin agus go mbíonn sí faoi uisce uair ar bith a mbíonn rabharta mór ann. Báitheadh dhá chaora air inti anuraidh
b.
·
An Dumhach Dubh (ainm garraí ar chiumhais an tsléibhe. Níl aon ghaineamh ann, ach is talamh seantsaothraithe é)
Thug sí a ceann léithe síos an Dumhach Dubh

Féach freisin

dumhach in iontrálacha eile (1)

 
dubh 1
Tá sé thíos sa Dumhach Dubh (ainm garraí, fc. dumhach)