Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dúmhach
/dūx/
ainm-fhocal; buineann
tuiseal geineamhnach uathaidh — dúmhaighe. (/dū:ī/)
uimhir iolraidh: dúmhchannaí, dumhcha (/dū:xə/).
talamh in aice an chladaigh a bheadh an-ghainmheach ach go mbeadh sé faoi fhéar; talamh chreafóige meath-ghainmheach; druimeanna nó fearsaideacha gainimh a dteagann an taoille orra amanntaí (ach ní go minic a thugtar air sin é. Fc. muirbheach).
a.
+
Cuirfidh mé an Dúmhchín imbliana. Is ait an dóigh fataí í an Dúmhchín (ainm garrdha in aice na fairrge)
Tá an Dúmhach Bheag faoi choirce i mbliana aca
TUILLEADH (4) ▼
Tá coiníní na h-eairí 'sna dumhchannaí sin síos le cladach. Ní fhaca tú in do shaoghal ariamh ach a bhfuil de chartacháin ann
Tá íochtar an bhaile uiliog faoi dhumhcha, agus an féar fada stalcánta sin ann. Dheamhan mórán éadála iad.
Teagann an taoille ar na dúmhchannaí sin i gcomhnaí. Níl ionnta ach gaineamh
Cé'n tsamhaoine dhó an Dúmhchín sin agus go mbíonn sí faoi uisce uair ar bith a mbíonn rabharta mór ann. Báitheadh dhá chaora air innte anuiridh
b.
·
An Dumhach Dubh (ainm garraí ar chiúis an tsléibhe. Níl aon-ghaineamh ann, ach is talamh sean-tsaothruithe é)
"Thug sí a ceann léithe síos an dumhach dubh"

Féach freisin

Dúmhach in iontrálacha eile (1)

 
dubh 1
Tá sé thíos san dúmhach dubh (ainm garraí. fc. dúmhach)