Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dúisigh
briathar
ainm briathartha: dúiseacht /dūšəxd/
1.
do mheabhair agus do chéadfaí a theacht duit aríst tar éis a bheith in do chodladh.
a.
+
Dhúisigh tú mé as mo chodladh
Is beag is aite leis sin a dhúiseacht as a chodladh. Nár fhuagair sé den altóir fios a chur air ó ló: sin nó é a fhágáil go dtí lá arna mhárach
TUILLEADH (4) ▼
Díol cam ort! Dhúisigh tú mé as mo chodladh le do chuid uallfairte
Ní dhúiseodh an trumpa mór é
Dhá mbeadh bonnán loinge faoin gceannadhairt aige, ní dhúiseodh sé é
Ná dúisítear mé go dtí an deich a chlog amárach ar chuntar ar bith, mura mbeadh i ndán is go mbeadh an teach thrí lasadh!
·
Dúisigh suas adeirim! Tá sé thar am éirí
Dúisigh suas feasta. Tá an lá ársaithe go maith anois
+
Bhí mé in mo dhúiseacht le hóra lae inniu
Tá sé ina dhúiseacht ón ceathair a chlog ar maidin
TUILLEADH (10) ▼
Caithim an oíche i mo dhúiseacht. Tá neamhchodladh ag dul dom
Choinnigh an ghlafarnach a bhí ar na madraí in mo dhúiseacht i gcaitheamh na hoíche mé
Tá sé gan dúiseacht ó bhí tú anseo cheana — níor dhúisigh sé
Dhá laghad dúiseacht dhá ndearna mé, chuala mé an bháisteach
Ní dhéanaim mórán dúiseacht ó thitim i mo chodladh, ach is deacair liom titim i mo chodladh
Rinne mé cuid mhaith dúiseacht aréir hé brí céard a bhí orm. Codladh gan sásamh é nuair a bheas tú ag dúiseacht chuile mhionóid
Bíonn sé i gcónaí ag dúiseacht thrína chodladh. Ní thugann sé chúig nóiméid leis scaití gan dúiseacht
Is cantalach an éadáil é le dúiseacht.
Tá sé ó dhúiseacht anois má tá sé ansin (thar éis a chur sa reilig)
Tá sé ina chodladh adeir tú! Muise codladh gan dúiseacht aige!
+
'Sé an chaoi a raibh mé idir a bheith i mo chodladh agus i mo dhúiseacht — ní raibh mé in mo chodladh ceart, ná in mo dhúiseacht ach an oiread
Sin í mo cheirdse i gcónaí: idir a bheith i mo chodladh agus i mo dhúiseacht
TUILLEADH (3) ▼
Mar sin a chaithimse an oíche: idir a bheith i mo chodladh agus i mo dhúiseacht. Teagann néaltrúchaí orm agus dúisím aríst ar an toirt
Bhí suanaíocht orm ar maidin: idir mo chodladh agus mo dhúiseacht, agus d'airigh mé ag caint ar an tsráid é
Sin é an codladh a ghnímse i gcónaí: idir a bheith i mo chodladh agus i mo dhúiseacht mar sin. Ní fhágann sé éitir ar bith ionam lá arna mhárach
+
Codladh ina dhúiseacht atá air — codladh bréige; é a bheith in ainm is a bheith ina chodladh, ach fios maith aige faoi chuile shórt dá mbeifí a rá, nó dhá mbeadh ag tarlú, faoi is thairis
Sin é féin an codladh ina dhúiseacht a bhí air sin. Ní raibh sa gcodladh sin ach slusaíocht féint a leagfadh sibhse láimh ar aon cheo. Chuirfinn geall go raibh leathshúil leis osclaithe
TUILLEADH (2) ▼
Bíonn sé ag bordáil chodlata mar sin chuile oíche beo, ach codladh ina dhúiseacht a bhíos air
Tá baol uirthi a bheith ina codladh go deimhin. M'anam má tá gur codladh ina dúiseacht é. Sin é a ceird sin i gcónaí, go bhfeicfidh sí a n-abróidh an dream a bheas istigh aon cheo. Chuir mé féin agus T. Mh. Ch. splainc aníos in aice lena cois oíche, ag ceapadh go ndófadh sí í féin léithe, ach mo chreach mhaidne!
b.
+
Níl ann ach codladh ina dhúiseacht — duine nach mbeadh aon ghus de rath ann, agus a bheadh an-támáilte, an-seachmallach ag imeacht. "Duine gan aon mhothú le rath agus a dhóthain mothú ann ina dhiaidh sin" (m'athair). Bíonn sin ag imeacht leis an gcodladh ina dhúiseacht, nach mbíonn ann ach amadán iarainn. Braitheann sé gach uile rud
Séard é féin codladh ina dhúiseacht. Shílfeá dhó nach bhfuil gus ar bith ann, ach is beag an néal atá air sin ina dhiaidh sin, té (cé) go gceapfadh an duine a d'fheicfeadh mar sin é go bhfuil
TUILLEADH (4) ▼
Ara ní bheadh sé déanta ag an gcodladh ina dhúiseacht siúd i mbliana murach go bhfuair sé cúnamh faoi
Céard a bhéarfadh domsa a dhul i gcleithiúnas codladh ina dhúiseacht mar é sin. M'anam nach ngabhfad muis
Déarfá le breathnú air nach bhfuil ann ach codladh ina dhúiseacht agus nach bhfuil meabhair ar bith ann. Ach deir siad ina dhiaidh sin go bhfuil éirim mhór ann nuair a bhainfeadh sé amach chun cainte. Ach is beag duine a ndéanann sé teanntás ar bith air
Dheamhan cuma máistir scoile chor ar bith air siúd. Níl ann ach codladh ina dhúiseacht ag imeacht. Deir siad go líonann na malraigh a chuid pócaí le méarógaí. Níl ceannchroim ar bith orthu ar aon chor ó tháinig sé ann
2.
beithíoch nó feithideach a chur ina shuí nó ag rith as an áit a mbeadh sé ina luí nó ag lonnú.
+
Dhúisigh muid giorria san easca — bhí sé ina luí nó ina chodladh, nó sínte ann, nó sa leaba dhearg, agus as go brách leis nuair a d'airigh sé muid
Dhúisigh mé chomh maith le hocht ngiorria inniu agus níor mharaigh mé an ceann féin acu
TUILLEADH (8) ▼
Deir tú leis an gcú sin a dhúisigh giorria i mbarr na ngarrantaí inniu
Ar dhúisigh sibh mórán cearca fraoigh? Bhí an áit sin suas beo anuraidh leo ar aon nós
Dhúisigh siad naosc sa lagchlaise siúd atá in íochtar an gharraí, ach má dhúisigh fhéin, sin é a raibh dhá bharr acu. Scaoil sé fúithi ach níor mharaigh sé í. Foghlaera maith atá in ann ag naosc
Dúiseoidh sibh é siar ansin in áit eicínt sna breaclachaí sin, ach caithfidh sibh na brocachaí a dhúnadh i dtosach. Mura ndúna, níl aon mhaith dhaoibh ann. Tá cuain aige (an sionnach) i scailp Dh.
Chaith mé an lá ag foghlaeireacht ar bheagán somhaoine. Aon phatar uisce amháin a dhúisigh mé
Ní raibh sé ach dúisithe (giorria) nuair a bhain sí cor as agus chaith sí dhá choráil ansin deich nóiméad ansiúd ar an gcruas, nó gur rug sé isteach ar an gcriathrach báite. Bhí sí as ansin
Diabhal coinín ann le dúiseacht. Ní fhaca tú rud ar bith ariamh a chuaigh chun gainne chomh mór leo le cupla bliain
Bhí muid ag coinnleoireacht oíche anuraidh thíos sna crígheannaí sin thíos agus dhúisigh muid éan aisteach eicínt sa sceich chuilinn
3.
rud a raibh dearmad air, nó nach raibh i gceist a tharraingt anuas nó a mheabhrú aríst do dhaoine eile.
+
Dhúisigh sé seanshíomálachaí eicínt nár thaitnigh le P. ar chuma ar bith, agus diabhal blas a dhéanas sé ach a sheandorna a thabhairt dó isteach ar an smut — tharraing sé anuas seanúdair throda nó námhadais a bhí eatarthu; mheabhraigh sé do Ph. go raibh siad in aghaidh a chéile roimhe seo faoi rudaí áiride
Ní raibh aon mhaith aige ann nó go ndúisíodh sé an scéal aríst; théis go raibh sé fuaraithe roimhe sin
TUILLEADH (3) ▼
Más leat rud den tsórt sin a dhúiseacht, bí faoi réir le aghaidh achrainn. Meas tú an ligfidh sé siúd leat é. Is beag an baol air
Bhí muid ag siúl anoir an bóthar de réir a (ár) gcoise i gciúinchomhrá agus muid chomh mór le chéile agus adéarfá linn é, nuair a dhúisigh T. aríst an rud a tharla thuas tigh Mh. an lá fadó. Sin é a raibh ann. Spréach L. Rug sé i ngreim píobáin air agus shíl sé a chur thar claí nó go ndeachaigh mé féin ag déanamh réitigh
Tá sé mór agat a dhul ag dúiseacht rudaí a bhí fadó an lá ann. Más in é an scéal é, tá rud le dúiseacht ag chaon duine againn!

dúisigh in iontrálacha eile (14)

 
Tá dalladh codlaithe anois aige, muran leis codladh mhná Dhoire an Fhéich a dhéanamh. Gabh suas agus dúisigh é.
 
Dhúisigh mé aréir tuairim is an trí a chlog, agus bhreathnaigh mé amach thríd an bhfuinneoig. Bhí sé ag dallcairt an uair sin, agus níl a fhios agam cáid ina dhiaidh. Dar leat féin, níl mórán dhá chosúlacht ar an talamh inniu
 
Dá mbeifeá an fhad ar neamhchodladh agus atá mise, bheifeá féin in do dhall dúda freisin. Níl a fhios agam ó fhlaithis Dé céard atá orm. Chuaigh mé ag an dochtúr agus thug sé cupla buidéal dom, ach bhí mé chomh maith dhá bhfuireasa. Níor chaith mé an ceann deiridh a thug sé dhom chor ar bith. Sin é an chaoi a bhfuil mé. Buaileann codladh mé mar seo agus bím in mo dhall dúda leis, ach ar an dá luath is a dtéim ar an leaba, imíonn sé d'aon iarraidh … Bím ag titim in mo chodladh agus airím ualach eicínt i mbéal mo chléibh, agus mar a bheadh pléascadh eicínt in mo phíobán. Dúisím suas de gheit. Uaidh sin amach, tá mise réidh le codladh
 
Dhúisigh mé am eicínt amach i ndeireadh na hoíche, ach thit mé i mo chodladh aríst
+
deoch 1
Thug an dochtúr deoch suain dó, agus níor dhúisigh sé aríst go ceann dhá uair déag, ach nuair a dhúisigh, bhuail an phian aríst é
TUILLEADH (1) ▼
Gheobhaidh tú deoch suain ansiúd, agus sínfear ar an mbord tú, agus ní aireoidh tú a dhath go ndúisí tú agus leath do phutógaí ag imeacht ina mbéal ag cait na Gaillimhe!
 
díle 1
Chreidim gur chaith sé díle bháistí aréir. Níor airigh mé chor ar bith í. Bhí mé in mo shrainn chodlata nuair a thosaigh sé, agus níor airigh mé tada gur dúisíodh mé ar maidin
 
Ní raibh aon aithne lae air ar fhágáil an tí dhom, agus ba bheag an díogarnach lae a bhí ann ar A. D. L. féin. Ach ghiorraigh M. an bóthar dúinn. 'Sé atá deas air. Bhfuil a fhios agat cén cheird a bhí air soir ar feadh an bhóthair gur bhailigh muid na F.: ag aithrist ar phoirt na n-éan. Go leaga an diabhal éan dár dhúisigh nach raibh sé in ann a fhreagairt. Máirseáil na fuiseoige féin tá sé aige. Tá bua eicínt aige siúd nach bhfuil ceart
+
dris
An dá rud nach gcodlaíonn chor ar bith: dris chosáin agus eascann. Is cuma cén t-am d'oíche ná de ló a ngabhfaidh tú thart, bíonn an dris chosáin ina dúiseacht: truisleálfaidh sí thú
TUILLEADH (1) ▼
Bíodh a fhios agat gurb in fírinne muis. Ní rug aon duine ariamh ina codladh ar eascann: i lár an mheán oíche beidh sí ina dúiseacht. Agus ar ndóigh mo léan, leagfaidh an dris chosáin thú uair ar bith d'oíche ná de ló a dtiocfaidh tú thairti. Tuige nach leagfadh agus a dhá cheann sa talamh
 
D'ól mise feadhnach poitín thuas ar bhainis iníon Ph. agus chaith mé cheithre oíche ar neamhchodladh dhá bharr. Níl aon phointe dhá mbeinn ag titim in mo chodladh nach n-aireoinn drithlíní ag dul thríom, agus dhúiseoinn suas agus dheamhan tionúr a thitfeadh ar mo shúil go lá aríst. Níl aon duine dhár theangmhaigh sé leis nár éirigh an cleas céanna dhó
 
Cé leis an madadh droimeannach sin atá ag guairdeall ansin amuigh. Is madadh é muise a bhfuil a leas ar Dhia nó gheobhaidh sé fruisín uaimse. Tharraing mé iarraidh de chasúr air ar maidin agus chuaigh mé fhoisceacht mbeannaí Dia dhó, ach thug sé an eang leis ina dhiaidh sin. Meas tú nár dhúisigh sé as mo chodladh mé: ag cangailt an dorais ar a mhine ghéire madadh droimeannach — madadh a mbeadh droiminn bhán nó bhuí nó eile ann de réir an datha a bheadh air faoina bholg agus ina thaobhanna agus ina ucht
 
Tóraigh leat soir an dromainn sin thuas, in aice leis an scaineamháin, agus b'fhéidir go ndúiseofá aon cheann. Bíonn an áit sin beo leo. Tá sé faoi chosáin dearga ar fad
 
Ní ghabhfaidh tú isteach aon cheo eile in mo shé pínne nó is cinniúint orainne é. Dúisigh suas ansin a chomrádaí agus caith cíonán, cuileata agus aon a hairt astu, nó go nglana muid an písín sin