Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
duilliúr
/d′iʟ′ūr/
ainmfhocal, fireann
1.
na bileoga (duilleoga) a theagas ar chrainnte agus ar thorthaí agus ar fháis eile. Is iondúil go gciallaíonn sé na bileoga fré chéile.
+
Níor tháinig an duilliúr ar na crainnte fós
Seas isteach faoi dhuilliúr na gcrann
TUILLEADH (5) ▼
Duilliúr an chrainn a bháigh uilig mé
Dhá bhfanadh sé sin go dtagadh an duilliúr ar an gcrann, diabhal mé go bhféadfadh sé a dhul i bhfolach thuas i gcrann agus nach bhfeicfí choíchin é
Is gearr anois go mbeidh an duilliúr glas ag fás
Chítear dhom go bhfuil duilliúr glas amach anseo agaibhse. Is túisce a bhíos sé an taobh seo ná againne. Caitheann sé siocanna crua againne amach go Lá Bealtaine
Níl duilliúr ar bith ar na tornapaí sin i mbliana — bláth nó bláthannaí a thugtar orthu go hiondúil
2.
·
Bainne duilliúir (fc. bainne)

duilliúr in iontrálacha eile (2)

 
díol 1
"Nuair a labhras an chuach ar sceich gan duilliúr, díol do bhó agus ceannaigh arbhar" (seanchomhairle) — má ghaireann an chuach roimh theacht don duilliúr ar an gcrann, beidh gorta ann an bhliain sin, agus más le duine a chríonnacht a dhéanamh, cuireadh sé beatha i leataobh le haghaidh na coise tinne ar uain nó ar éigean
 
Tá na crainnte ag dul i nduilliúr