Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

bainne (75)

 
Daighean fiú agus blaiseadh den bhainne a dhéanfadh an lao
 
dair
Cuinneoig dharaí an chuinneoig is fhearr amuigh. Dhá bhfaighteása ceann de na seanchuinneogaí — ceann daraí a rinneadh Gaelach – ní raibh cinneadh ar bith leo. Tugann cuid de na cuinneogaí eile sin blas ar an mbainne. Is mór a ghabhfadh cuinneoig anois
 
dall 2
Téirigh soir ag an mbanaltra seo thoir agus tálfaidh sí bainne cíche fúithi agus feicfidh tú féin air ansin gur gearr a bheas tú dall … Deannóid bheag dheannaigh a chuaigh fúithi déarfainn, agus chuir tú chun othrais í dhá cuimilt
+
Tá dallán na sine calctha ar chuma eicínt — sin nó níl sí ag tál an bhainne. Tá an úth lán aici ar chaoi ar bith … Nach í an píopa agat í go mbeadh sí calctha. Diabhal aithne ort nach súlach a theagas as sine i leaba bainne. Cén chaoi a bhféadfadh sine calcadh. Bíodh unsa céille agat — bíodh sin
TUILLEADH (4) ▼
Tá dallán chomh mór ar an tsine aici bail ó Dhia uirthi, agus go sílfeá gur béal soithigh iad an chaoi a dtálann siad an bainne. Níl an mianach sin i mbó na tíre seo chor ar bith. Ní ligeann siad uathu ach streancáiníní righne
Tá an bhó seo imithe amach, nó mura bhfuil, níl aon deoir bhainne ag teacht thrí na dalláin. Muran dodaíl atá uirthi. Más ea féin is minic minic léithe
Chonaic mise bó thiar anseo ag N. Mh. Bhí an úth calctha aici. Chinn orthu aon deoir bhainne a fháil uaithi théis a ndíchill. Bhí fear beag ag obair anseo thoir ag C. — níl a fhios agam beirthe ná beo cérbh as é. Tháinig sé ag breathnú ar an mbó agus í cinnte ar C. agus ar chuile dhuine. Fuair sé ruainnín den wire beag sin a d'fheicfeá ar scloig na mbuidéil lemonade. Dhírigh sé amach é nó go raibh sé chomh díreach le dorú. Sháigh sé suas i chaon dallán den úth é i ndiaidh a chéile. Dheamhan cor na car a rinne sé lena láimh ach é a shá leis suas. B'iontas an chaoi a raibh sé in ann é a dhéanamh ach níorbh é a chéad uair é. Bhuel tháinig an bainne, gan bleán ar bith. Tháinig sé mar a bheadh Dia dhá rá leis. Bhí bleánach dhó (dhe) ar an talamh shular féadadh soitheach a fháil. Is diabhaltaí stuama a bhíos daoine thar a chéile
Bhí bó ansin thoir ar an aonach agus nuair a chuaigh siad dhá bleán, bhí an úth chomh rite lena bhfaca tú ariamh. Ach deoir féin ní raibh sí a thál ina dhiaidh sin. Chuaigh chuile dhuine di ach ba aon mhaith amháin é. Tháinig an fear seo — ceannaitheoir a bhí ann — agus chuaigh sé féin ag méirínteacht léithe. Chuir sé soipín tuí isteach sna dalláin aici, mar dhóigh dhe go raibh siad tachta … ach dheamhan tachtadh ná cuid de thachtadh. Ní ar na dalláin ná ar a cuid siniúchaí a bhí an diumar (marach, locht) chor ar bith. Fear sách simplí — bádóir as Conamara — a casadh timpeall ann sa deireadh agus é ar a ghlasmheisce. Ní thabharfá deich triuf air lena fheiceáil. Sách adhartha a bhí sé ag imeacht. D'fhiafraigh sé céard a bhí orthu, agus hinsíodh dó. Bhí an ceannaitheoir an uair seo in éadan na ndalláin aici. 'Lig do na dalláin,' adeir an bádóir. 'Tá na dalláin chomh freeáilte agus a bhíos mo pholláiríse agus an bád ag tabhairt leathbhord sa ngaoith thar an gCeann lá flichshneachta. Ach inseoidh mise dhaoibh céard a dhéanfas sibh. Stopainn an bhainne atá ar an mbó. Má tá bairille ann agus é lán uisce, ardaígí suas é ar áit ard eicínt. Tugaidh an bhó lena ais. Coinnígí ansin í. Scairdigí anuas an t-uisce as an mbairille de réir a chéile. Mura ndéana an bairille sin, líonaigí bairille eile, agus déanaigí an cleas céanna. Nach mairg gan galún taosctha an bháid agam, agus is gearr a bheinnse dhá cur ag tál.' Tugadh isteach i yard Sh. í. Tá a fhios agat an bairille ard siúd a raibh an teaip air a bhí thiar le balla. Thiomáil siad an bhó suas lena thaobh, agus chuir siad an teaip ag rith. Ligeadh chomh maith le trí bhuicéad uisce as. Ná raibh ann nár thosaigh an bhó ag tál an bhainne chomh briosc agus dhá mba as béal gloine a bheadh sé ag teacht. B'éigean buicéad a chur fúithi de léim. 'Anois,' adeir an bádóir 'ab iad na dalláin a bhí dúnta,' agus haway leis isteach i ndoras cúil Bh. gur chuir cáitheadh pórtair ar an smut aige féin. Cé a mb'fhearr é sin ná do wireínse ar ball?
 
Má tá sé ina dhall dúda féin is beag an dochar dhó. Tionúr níor tháinig ar a shúil i gcaitheamh na hoíche aréir ach ag abhlóireacht agus ag diúgaireacht. D'éirigh mé faoi dhó ag téamh bainne dhó, ach sin é a raibh de mhaith dhom ann. Ní dhéanfadh sé aon suaimhneas ina dhiaidh sin
 
dálta
Tá an bainne spreagúil, ach ní hé a dhálta sin ag an tae é. Tá scodalach tae i siopaí ansin soir agus tá duine ar bith dhá bhfuil dhá ól leath-tholgtha. Ní hé an cúigiú scoth fhéin é
 
Sin bó dhathúil bail ó Dhia uirthi, agus tá an-úth bhainne aici i gcosúlacht
 
Séard a theastódh, deis eicínt ansin a dhealódh an drochbhainne ón dea-bhainne, más cúrsaí den tsórt sin é. Ach níl leathchreistiúint agam féin go dtolgann bainne daoine ar an gcaoi sin
+
déan 1
Thug sé rud le déanamh dó a theacht abhaile aréir. Bhí sé tomhaiste go maith. "Bainne na heasóige", deile!
TUILLEADH (4) ▼
Ól an bhainne a rinne sé. Is measa é ná cat bradach
Rinne sé carghas nuair a chonaic sé an bainne dhá dhórtadh. Ba mhór an carghas é freisin
Is diabhlaí nach bhfuil aon tsiúl ag an lao sin fós. Shílfeá nach mbeadh an fhad sin air go mbeadh na cosa déanta aige. Ní cheal muis nach bhfuil sé ag ól bhainne é. Ólann sé taoscán an bhuicéid dhá cheann de ló
Is gearr anois go ndéanfaidh an t-arbhar sin bainne bán
 
dearg 1
"An t-aer dearg thiar (nó dearg dearg thiar adeirtear amantaí) gealach is grian; An t-aer dearg ó thuaidh, bainne ag na buaibh; An t-aer dearg thoir sneachta go fro (fraigh); An t-aer dearg ó dheas mil ag gach (/ɡax/) meach" (tuartha faoi dheirge an aeir)
 
dearmad 1
Tá an bithiúnach de chat sa mbainne aríst. Ach d'éireodh dhó. Dearmad bhean an tí!
 
deas 1
Is deas an chaoi é go deimhin! Iasacht na n-iasacht. Ise ag fáil bainne uainne, agus dhá thabhairt uaithi aríst
 
Céard a rinne sibh le deireadh an bhainne?
 
deis
Níl duine ar bith thart sna bólaí sin nach bhfuil láidir i ndeis. Is dóibh is fusa. Déanann siad iarmhais mhóra ar bhainne. An fear is lú beithígh ansin, bheadh suas is anuas le cúig nó sé de cheanna aige
 
deo
Go deo aríst, ní bhfaighidh sí aon deoir bhainne anseo, ní dhá mhaíochtáil uirthi é. Dheamhan é, dhá dtiteadh an drandal aisti dhá uireasa
 
deoch 1
Bhí sé thiar agus é ag ól deochannaí capaill de bhainne na heasóige (poitín)
+
deoir
Deoir bhainne, deoir uisce, deoir fuisce, deoir bhláthaí, deoir bháistí, deoir sháile, deoir ola, deoir phetrol, deoir fhola srl. — mónóg de na rudaí sin
TUILLEADH (1) ▼
Níl deoir bhainne aici
 
diabhal 2
Bainne a thabhairt don mhadadh! Go dtuga an diabhal thairis é muis!
 
Is diachta sin dom muis, a bheith láidir: fear nach ndeachaigh aon ghreim de bhia an tsaoil ar a bhéal le leathbhliain, cé is moite d'uibhín chirce agus de bhlogam bainne. Nach deacair duit a bheith ag iarraidh maitheasa ar a leithide sin. B'fhéidir nuair a thiocfadh an lá breá go scinnfinn amach thar mar atá mé
 
dias
Ní mór dhom a dhul ag baint déas as anois. Tá sé ina bhainne bhán
 
Tá an díleá ceart ar an duine bocht ó phós sé. Cailleadh cliobóg de chapall bhreá air. Bhí bó bhainne tachta sa gcró roimhe maidin. Ní fhanann lao ná gamhain aige nach bhfuil an bhail chéanna orthu. Thug sé leathcholpa dheas a bhí aige anuas ar an mbarr garbh oíche roimh an aonach anuraidh, lena cur siar lá arna mhárach. Dheamhan pínn de chúig phunt dhéag airgead nach bhfaigheadh sé uirthi. Ar a dhul amach dó ar maidin, fuair sé sínte san iothlainn í agus a cois briste. Leag sí claí na hiothlann agus thit brúisc uirthi féin dó (de). Thug sé fear cnámh aici agus dheasaigh sé í, ach ní raibh aon bhiseach ag teacht uirthi ina dhiaidh sin. Mharaigh sé sa deireadh í
 
Ar ndóigh ní in ann a dhul ag cur fhataí atá an diocach sin. B'fhéidir go mbainfeadh sé boirdín astu amach faoi Bhealtaine nuair a bheadh an aimsir ársaithe amach agus an teas ag teacht sa lá, ach má bheireann soinneán den tseanbhó ar chnocán rite air, tá a chuid bainne sláinte ólta
+
díol 2
An bhfuil díol an tae de bhainne agat
TUILLEADH (2) ▼
Níl díol an lao de bhainne ag an mbó
Sílim go bhfuil a dhíol téamh ar an mbainne seo anois más le n-ól atá sé
 
Cén sórt diúgaireacht sin ort anois. Ní féidir gur ag iarraidh bainne a bheifeá aríst agus nach bhfuil mé ach théis an buidéal a bhaint de do bhéal. 'Sé an cás céanna é. Dá bhfaightheá an saol mór, bheifeá ag diúgaireacht ina dhiaidh sin
 
Tugaidh braon bainne don diúilicín sin thoir nó ní bheidh sé beo seachtain ó inniu. Ní fhaca mé lao ar bith ariamh nach bhfuil biseach ar bith air ach mar é. Níl lán do ghlaice fós ann, théis go bhfuil sé ionann is ráithe d'aois
+
diúl
Fágadh ina lao diúil é i gcónaí. Níor choisc siad é, mar bhí neart bainne acu d'uireasa na bó sin
TUILLEADH (2) ▼
Ní mór gobán a chur sa meannán diúil atá againn, nó ní bhuachfaidh muid aon cheo ar an máthair, agus teastaíonn bainne tae go géar uainn
Tá laoidín diúil againn, agus is deacair leis aon deoir bhainne a ól chor ar bith, théis gur chaith muid an tsíoraíocht ag tabhairt méire dó. Níl aon mhaith aige ann mura bhfaighe sé cead diúil ar an máthair
 
dligh
Ghreamaigh sin di féin agus dhá cineál — an béadán. Ach níor dhligh mise ná aon duine in mo theach a cuid béadáin di, agus níor chomaoin di a dhul ag caint mar sin orainn ainneoin ar chuir muid de bhainne aici — ní dhá mhaíochtáil uirthi é — ó thús bliana. Ach 'sé an té nach dtabharfadh uisce na bhfataí di, a bhíos molta aici sin i gcónaí agus an té a ghníos an mhaith uirthi, níl meas na muice aici air
 
dod
Thosaigh an bhó ag gabháil le dod, agus ní bhlífinn deoir bhainne uaithi murach gur fháisc mé buarach uirthi
+
Lig de do chuid dodaíola anois a raibiléara, nó beidh rud ar a shon agat … Ó a dhiabhail álainn, an ceaintín bainne dóirte aici. Is mór an carghas é, théis m'anró. Diabhlánach ceart í, go maithe Dia dhom é!
TUILLEADH (1) ▼
Má fheiceann tú aon rún aici a dhul ar dhodaíl, ceangail scothach a driobaill dá hioscaid agus feicfidh tú féin air go bhfaighidh tú bainne uaithi mar sin. Sin é a ghníos muid féin léithe, ach ní bhfuair muid anró ar bith uaithi le fada
 
Dodaire de bhó í. Tá dhá chuid dhá cuid bainne ag dul amú de bharr go ndóirteann sí i gcónaí é. Slabhra nár mhór di in ómós buaraí. Ní choinneodh tada eile í
 
Nach diabhaltaí doghrainneach anois a bhí sé faoin spré — théis gurb í a iníon féin í — nach ligfeadh sé an lao leis an mbó: lao óg. 'Dúirt mé,' adeir sé 'go dtabharfainn bó bhainne dhaoibh, ach níor dhúirt mé go bhfaigheadh sibh bó bhainne agus lao, agus ní bhfaighidh ach oiread. Dhá mbeadh breith ar m'aiféala agam, ní bhfaigheadh sibh an méid sin féin. Tá mé de dhroim tí agaibh'
+
dóirt
Dhóirt sé an bainne, an t-uisce srl.
TUILLEADH (6) ▼
Go lige Dia slán a mháithreach! Tá chuile dheoir go tóin den cheaintín bainne dóirte ag an raibiléara. D'imigh an diabhal ar a cuid dodaíola
"Is beag an mhaith bó ar bith a dhóirteas a cuid bainne" (seanfhocal) — níl aon mhaith dhuit a bheith i gcruth maitheasa, oibre, soilís nó eile a dhéanamh, má bhaineann tú an mhaith as aríst, má mhaíonn tú, nó má mhilleann tú é
Tá déantús maitheasa ina bhean, ach cén mhaith sin, má imíonn sí óna cuid oibre le staiciúlacht, agus gan í leathdhéanta aici. Is beag an mhaith bó ar bith a dhóirteas a cuid bainne
Tá sé in ann an t-airgead a shaothrú. Níl leisce ná leointíocht air, ach ólann sé é aríst go dtí an phínn deiridh. Cén mhaith bó ar bith a dhóirteas a cuid bainne
Thabharfadh sí a mbeadh istigh faoi chaolachaí an tí dhuit scaití, ach b'fhéidir gur teacht go dtí thú dhá iarraidh ort a dhéanfadh sí lá arna mhárach. Is beag an mhaith aon bhó a dhóirteas a cuid bainne
Thug sé dhá lá dhom anuraidh ag cruachadh móna, agus níor tháinig iamh air ó shin ach dá maíochtáil orm. Ní maith ó maítear agus ní eineach ó iarrtar adeir siad. Is beag an mhaith í an bhó a dhóirteas a cuid bainne
 
domhain 2
Ná bac le S. Ph. Mh. Tá a chuid bainne sláinte ólta. Is gearr gur domhain i dtalamh a bheas sé
 
domhan
Dheamhan bó faoi thalamh an domhain ba mhó bainne ná í, ach go raibh sí an-dothógtha
 
Bhí an-bhó againn anseo fadó. Bean Domhnaigh a bhí uirthi. Diabhal mé go mbíodh bainne dhá cheann aici go dtí seachtain shula bheireadh sí. Dhíol mé í le P. R. ansin thoir, agus níor mhair sí an bhliain féin. Ach ba bheag an dochar di. Ní bhfuair sí aon tógáil uaidh
 
Ar an dá luath is ar chaith sé an braoinín bainne chuir sé donacht air (barr; ardú)
+
Bhí cráin anseo uair againn, agus bhí cheithre bhanbh dhéag aici ar an ál. Dheamhan a raibh uirthi ach trí shine dhéag. An banbh corr a bhí ann nach bhféadfadh a dhul ag diúl, thosaigh muid féin ag tabhairt bhainne dhó. Shíl muid go ceann fada nach n-éireodh sé, arae bhí sé ina aircín dona. Ach scinn sé amach sa deireadh, agus rinne sé an-rampaire muice. Choinnigh muid é go raibh sé in am a dhíolta go maith. Diabhal mé dhuit go raibh carghas orainn scaradh leis chor ar bith. Bhí sé ina pheata againn. Dónaillín a thugadh muid air
TUILLEADH (1) ▼
Bhí uan meirbh againn anseo an bhliain cheana, agus níor ól sé aon deoir dhá lacht ariamh ach léar (de réir) mar a choinníodh muid bainne leis istigh ar an teallach. Dar príosta d'itheadh, agus sweets agus siúcra agus chaon tsórt as cúl do ghlaice. Bhí sé ina dhónaillín dhona go ceann fada. Ach rinne sé a bhiseach uileag d'aon iarraidh amháin sa deireadh. Dhá laghad meas dá raibh againn air, ba é an chaora ab fhearr ag gabháil liom é an t-am ar dhíol mé é
 
doras
Bhíodh C. a bhí ansin thuas i mballa Ch. ag sirtheoireacht ó theach go teach agus ag ól an uachtair den bhainne nuair a bhí muintir an tí ina gcodladh … Cén stró a bhíodh air a dhul isteach agus gan de dhoirse ar na tithe ach birt shlat, nó fhraoigh. Nach bhféadfadh a rogha duine a dhul isteach agus cén aireachtáil a bheadh air
 
drad
An bhfeiceann tú an deis atá ar an diabhlánach de chat anois. Tá drad air théis chuile dheoir den bhainne a ól
 
Cuir dradlíonadh ar an mbuicéad sin anois. Ní foláir don lao siúd neart bainne. Laoidín éidreorach é
 
Chuaigh mé fiche uair ag scaoileadh cnaipe ó mhaidin agus gan mé ag déanamh ach driúillíní ina dhiaidh sin. Is mise an jug mór fada agus an bainne i bhfad siar ar chaoi ar bith inniu
+
droim
Cuirfidh mé mo rogha geall leat anois nach n-ólfaidh tú canna bláthaí dhá dhroim. Sin é é. Níl acmhainn ag duine mórán bainne a ól chor ar bith, ach d'ólfadh sé an tsáith Mhuimhneach de phórtar nó de fuisce. Cén chiall é sin
TUILLEADH (2) ▼
Aire dhuit! Tá sé thuas in éadan an jug. Ólfaidh sé dhá dhroim é shula fhéadfas aon duine é a thógáil uaidh. Níl cás ná náire fanta ann … Tá sé ólta aige anois, ach ní raibh ann ach an teirgéis déarfainn. "Jug mór fada agus bainne i bhfad siar," mar adeir an ceann eile
Is diabhlaí nach bhfuil deoir phoitín ar bith sa tír anois. Bail ó Dhia ort féin agus ar do chuid póilíos! Bhí sé fánach ag na póilíos an ceann is fhearr a fháil air, ach 'siad na misinéaraí a chuir droim díbeartha air. 'Siad a bhí deas air. Nuair a thosaigh sé siúd ag scamhailéireacht agus ag loscadh mionnaí mhóra, níor lig an faitíos d'aon duine gan a chomhairle a dhéanamh mura mbeadh bairillín bréan — poll fataí d'fhear — mar é sin thíos ann go díreach. Ach duine ar an deascán é sin … Tá a fhios ag an lá gur imigh an tsuáilce as an tír an lá ar imigh an poitín. Ba é "Bainne Dubh na Féile" é dháiríre
 
Bhí an-loilíoch ansin thuas ag an gC.: bó droiminne. Diabhal a n-imíodh sí amach go dtí an lá a mbíodh a haimsir caite. Cén bhrí ach nuair a bheadh sí ar a sochar! Ba mhó bainne í na cheithre cinn
 
Bhí bó againn anseo agus 'sé an t-ainm a bhí uirthi Droimín. Togha bó bhainne a bhí inti. Líonfadh sí cíléar le bainne dhá ceann. Ní fhaca mé a sárú ó shin, ná ní dóigh go bhfeicfead ach oiread
 
Bainne duilliúir (fc. bainne)
 
duine
M'anam a dhuine chroí nach bhfuil bainne againn dúinn féin, ní áirím a dhul dhá dhíol my dear man
 
Is minic a chonaic mé duine a bheadh i bhfad ina throscadh dúlaí i mbeatha nuair a gheobhadh sé ligean uirthi; ach maidir leis siúd, chaithfeadh sé go raibh sé ina throscadh le mí. Leagadh pláta feola agus gabáiste ina mhínis. Dar mo leabhar agus má bhí unsa ann, bhí punt go leith go réidh ann: fuair sé a mhug bainne ramhar, a bhollóg aráin mar adeireadh N. Ph., agus taepot tae. Nuair a d'altaigh sé an bia, ní raibh an oiread ar an mbord — ní dhá mhaíochtáil air é! — agus a shlogfadh dreoilín. Cén bhrí ach an rud adúirt sé i dtosach: 'is beag é m'fhoghail ar an mbeatha le gairid — is beag sin.' Dar láthar Dé dúirt. Is fear é a fuair anó le mí: sin nó tá an ghearradh ghionach faoin bputóig aige. Ní fhéadfadh a athrú a bheith air agus chomh mórthráthach agus atá. 'Go méadaí Dia chuile shórt ar fheabhas agaibh,' adeir sé. M'anamsa muis nár mhór dó méadú an aráin agus an éisc a dhéanamh sách minic, dá dtugadh mo dhuine faoi deara dhó fhéin tarraingt ag an teach againn. Mura ndéanadh, is gearr nach mbeadh mórán ar fheabhas againn
+
Tá amhantar muise ceannaithe aige: an dúradán de bhodóig sin a bhí ag D. Sh. Mh. Ní chuirfeadh a bhfuil de bhran istigh sa muileann scioltar uirthi thar mar atá sí. Má ba leis muise a dhul ag tóraíocht údar bó bhainne, diabhal bréag nach é a fuair amach í. Caillfear í siúd chois claí air, mura ndíola sé í chomh luath agus a fhéadfas sé
TUILLEADH (1) ▼
Níl de leigheas ar an dúradán sin anois ach a dhul go dtí bean eicínt a bhfuil bainne cíche aici agus blífidh sí cuid den bhainne isteach faoin tsúil agat, agus is beag an dúradán a fhágfas sin inti deirimse leat. Is minic a chonaic mé daoine dhá dhéanamh fadó, agus le gairid féin nuair a bheadh súil bhocht acu … Náire. Cén sórt náire. Ní minic fear náireach éadálach ar chuala tú ariamh é … Mura dté, fág mar sin í, agus feicfidh tú féin air go dtiocfá ann ar ball dá mbeadh breith ar t'aiféala agat
 
Ní raibh rún ar bith aige a dhul chun an aonaigh murach gur mheall an ceann eile ann é. Ba dona a chuaigh an t-aonach dó. Fuair sé lascadh chomh mór sin agus nár ól sé aon deoir bhainne sláinte ó shin. Níl a fhios ag duine cá mbíonn a leas ná a aimhleas
 
Is fada ionlao í. Tá sí sa gcúigiú mí anois. Tá scaird mhaith bhainne fós aici mar sin féin
 
Ní rachadh leo murach an chaoi a dtáinig an saol agus gur áitíomar féin a chéile. Bhí sé bruite ar bhainne dhó agus gheobhadh sé a phosóid. Ach ar an dá luath is ar éirigh power leis an dream eile, thosaigh sé ag brú orthu agus ba ghearr go mba é togha an domhain acu é. Theastaigh a bhót agus a chuid airgid uathu agus buaileadh cois ar an spíodóireacht. Is ait an mac an saol a dheartháir mo chroí!