Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

bainne (50+)

 
Chonnaic mé ag dul Gaillimh í an lá faoi dheireadh agus feánach bainne aice i gcarr asail = ancord nó coire
 
fliuch 1
Níl an oiread bainne againn anois agus a d'fhliuchfadh do chroí (do bhéal)
 
fág
Ná himigh go bhfága tú an bainne déanta = déan an bainne sul a n-imí tú
 
Deir siad gurb é S. Bh. ba chionntach léithe sin. Fuair sé caidéis di, gan aon-'bhail ó Dhia', a chuir uirre. Badh é ráidhte 'chuile dhuine go raibh droch-shúil aige. Pé acu sin é, dheamhan deoir bhainne sláinte a d'ól sí ó'n lá a bhfuair sé caidéis di. Bhí a máthair a's a muinntir a' strócántacht le na fear, ag iarraidh air a dhul go dtí S. B. a's é 'thabhairt 'un láithreach, go gcuireadh sé 'bail ó Dhia fliuch' uirre.
 
cleite
'Bainne cíoch circe, a's é 'bhleaghan as adhairc muice a's cleite cuit a chur dhá mheascadh' = sin é an leigheas a thug fear a' chapaill bháin do'n bhean a raibh a clann buailte síos leis a' treoch. Ba leigheas do-fhaighte é!
+
Diabhal a' féidir gur fataí cosnochtuighthe a fuair sib! (D)ar ndóigh thug sí braon bainne nó bealthuidheacht eicínt dhaoib leo(b).
TUILLEADH (1) ▼
Is fhearr an bainne géar fhéin, ná dhul dhá bplacadh suas cosnochtuighthe.
 
Dheamhan loiligheach bhainne a bhí againn ariamh mar a' chéileog sin. Shílfeá gur bainne dhá cheann a bhíodh aice, 'chuile uair dhá dtiocfá dhá bleaghan.
 
Is furasta dhóibh sin saidhbhreas a dheanamh ar bhainne. Tá'n cóimhneas Gaillimhe ucu (acu) = tá siad buailte ar Ghaillimh.
+
Bíonn a mbealach sin do'n bhaile mór chuile lá, a's dhá cheann de ló amanntaí, a' díol bhainne.
TUILLEADH (1) ▼
Caithfe mé fanacht as a bhealach, arae tá sé bruithte ar bhainne aige dhom.
 
beart
Ní bheadh beart a' bith ba chríonna dhuitse 'a Phat', ná 'bheith imthighthe as seo, shul a dtige M. Tá sé bruithte ar bhainne aige dhuit, agus is ait a chruthóchas tú, nó tiubhra sé faoi na fabhraí dhuit é.
 
'San am ba mhó a raibh sé a' déanamh créatúlacht' ar a chuid tionóntaí, leagadh dhá chapall é, a's é 'fiadhach lá. Ó'n lá sin amach, níor ól sé aon-deoir bhainne slainte. Bhuail aicíd eicínt é dlúth 'na dhiaidh, a's shaothruigh sé an bás go maith.
 
'Meastú nuair a bhí mé ag ithe mo bhéile, nar thuit cuilín shúighe síos in mo chuid bainne. Tá'n teach seo in a chiseach le súighe
 
Is beag a bhí le déanamh agad a bheith chomh cunntasach sin léithe. Ní aireochadh sí na cupla ceaintín bainne sin a thabhairt isteach duit.
+
beo 1
Ní mór dhuit a bheith beo, bíodhgamhail thairis sin. Leig tú an cut ar a' drisiúr, nó gur dhóirt sé an bainne.
TUILLEADH (1) ▼
Níl aon-bhó beo, is fhearr a' tál bhainne ná í.
+
biorach 2
Ní fhágfadh sé striug bhainne ag a' mbó, marach gur cuireadh biorach air.
TUILLEADH (2) ▼
Deir tú leis a' suc de laogh sin, nach leagfadh smut ar aon-deoir bhainne, ó cuireadh a' bhiorach air. Ach ólfa sé ar ball é, feicfe tú fhéin air, nuair a theánnfas an t-ocras leis.
Tá sé gránuighthe ar a' mbainne ó cuireadh an bhiorach air: is beag a' tsásuigheacht atá air, nach bhfaghann sé cead diúil.
 
bior
Deir siad a' té nach mbeadh bior-eanga air, dhá bhfaghadh sé feoil chearc, smior mairt nó bainne bó gamhnach ar feadh aon-mhí amháin, go mbeadh sé tuithte i bhfeoil in a dhiaidh.
 
Bhí an-bhleaghanach bainne ag a' mbó trathnóna, go leige dia slán í!
+
blogam
Níl dhá bhlogam bainne ag a' mbó le seachtmhain.
TUILLEADH (3) ▼
Tá bainne dhá cheann sa gcanna sin anois, a's feiceann tú fhéin nach bhfuil dhá bhlogam ann. Ní fiú í 'bhleághan chor a' bith níos mó.
Fuair muid bloigimín de 'bhainne na h-easóige' a's chuir sé cuímne an tsaoghail as a' (ar) gceann = fuair muid riar de bhainne dhubh na féile' (poitín), a's ní raibh cúrsaí an tsaoghail a' déanamh aon-imnidhe dhuinn, uaidh sin amach.
Ar eirigh aon-bhlogam de 'bhainne dubh na féile' leat indiu.
 
bruach
Ná líon a' cupán go bruach, mar is maith liom braon maith bainne a chuir ar a' tae.
 
Bhí sí ag ól an leanna go ndearna sí béiceadán di fhéin. Annsin shín sí siar ó chluais go rioball a's cailleadh í. Badh é an feall é, arae ba bhreagh, feiceálach a' bhó í, a's an-bhó bhainne.
+
Ní dhéanann siad a' rath cuir chor a' bith 'sna bólaí sin síos faoi Ghaillimh. A' díol bhainne bhío(nn)s siad igcomhnuidhe.
TUILLEADH (1) ▼
Bíonn an-bheithidhigh bhainne 'sna bólaí sin síos, faoi bharr na Gaillimhe.
 
aer
An t-aer dearg thiar, gealach a's grian; An t-aer dearg ó thuaidh, bainne ag na bua(ibh); An t-aer dearg ó dheas, mil ag gach meach (beach); An t-aer dearg thoir, sneachta go frogh (Ceathramha faidhligheachta ar an aimsir).
 
Ba bhreagh an rud bruithneog, a's muigín bainne géar.
 
buail
Bhuail slaghdán é, a's as a' slaghdán, tholg sé eitinn. Níor ól sé aon-deoir bhainne slainte ó'n lá sin amach.
 
buille
Dheamhan deoir bhainne slainte a d'ól sé, ó fuair sé an buille sin.
+
buinne 1
Nuair a d'imthigh an bainne dhi, thuit cannda as. Dheasóchadh fear stuamdha fós é.
TUILLEADH (1) ▼
Líon suas go buinne bruach dhom é. Sé'n biadh nuadh dhomsa bainne buidhe 'fhaghail.
+
Má tá tusa ag iarraidh buinneán breagh mná, bó bhainne a's scór punt, tá sí annsin thiar ag —.
TUILLEADH (1) ▼
Bhí buinneán mór de bhó bhreac agam annseo uair — dhíol mé le Máirtín Ó h. í — a's badh í an bhó bhainne a b'fhearr í 'bhí agam ariamh. Shílfeá gur bainne dhá cheann a bheadh aice, 'chuile uair a dtiocfá dhá bleághan.
 
ailleog 1
Níor ól sé aon-deoir bhainne slainte ó caitheadh an ailleog sin leis.
 
Bí ar t'áirdeall féin anocht, mar tá sé bruithte ar bhainne ag a' dream seo thiar dhuit = fainic thú féin.
 
Ní mór dhuit a bheith ar t'aireachas féin feasta, faitchíos Thaidhg. Tá sé bruithte ar bhainne aige dhuit.
 
D'ól sé a raibh de bhainne in íochtar a drisiúir, gan aireachtáil
 
airigh
M'anamsa fhéin, go n-aireocha siad a' bhó sin, má bhíonn aon-cheo uirre; gur h-iomdha bainne a bhíodh aice.
 
anáil
An uair deire a raibh Ned Phatch in' éadan, caithfe sé gur chuir sé anáil ghabhair faoi, arae níor ól sé aon-deoir bhainne slainte ó shoin = tá sé ag imtheacht as, agus mío-shlainte a' teacht air ó bhí Ned Patch in' éadan.
 
faon-
D'fhága diabhal eicínt agaibh — croisim aríst sib! — an drisiúr fíonn-oscluithe agus chuaigh na cuit isteach ann gur dhóirt siad an bainne. Slán a mháithreach! Is mór an scrios é, bainne a chur amú mar sin
+
feoil
Mil mheach (nó smior mairt), feóil chearc agus bainne bó gamhnach: sin í beatha an bhulaí
TUILLEADH (1) ▼
Smior mairt, feóil chearc agus bainne bó gamhnach a d'fhaghadh Leadaí na Luaithe fadó, agus ní raibh cinneadh ar bith leis. Tá an fheóil chearc thar cíonn, ach a fáil go deas bog
 
M'anam má leag Fionnbheara láimh ar aonduine ariamh gur leag sé air sin é. Tá faitíos orm nach n-ólfaidh sé aon-deóir bhainne sláinte len a mharthainn aríst
 
fiuch
D'fhiuch sé an bainne
 
fogha
An fogha (an foghairt) is fuide ón mbró agus bainne na bó a rug anuiridh. Sin í an bheatha a d'fhaghadh na fathachaí; "an gráinne is fuide ón mbró agus bainne ná bó a rug anuiridh" = deirtear go bhfuil plúr sean-mheilte agus bainne bó sean-bheirhe go maith, agus tá sé tugha síos i sean-scéalta gurb shin é a d'fhaghadh na gaiscigh agus na fathachaí le spreacadh a chur ionta. Ach chuala mé údar eile leis bíodh sé fíor nó ná bíodh: tá lása adhmaid taobh amuigh ar an mbró mhuilinn, agus má airíonn tú an grán ag pléascadh in a haghaidh, tá an grán sin go maith. Pléascann an grán maith amach ón mbró. Sin é an fáth gurb é "an fogha is fuide ón mbró" is fearr