Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Duilleabhar
/d′iʟ′ūr/
ainm-fhocal; fireann
1.
na billeoga (duilleoga) a theagas ar chrainnte agus ar thorthaí agus ar fháis eile. (Is iondamhail go gcialluigheann sé na billeoga fré chéile).
+
Níor tháinic an duilleabhar ar na crainnte fós
Seas isteach faoi dhuilleabhar na gcrann
TUILLEADH (5) ▼
Duilleabhar an chrainn a bháith uilig mé
Dhá bhfanadh sé sin go dtagadh an duilleabhar ar an gcrann, diabhal mé go bhféadfadh sé a dhul i bhfolach thuas igcrann agus nach bhfeicfí choidhchin é
Is gearr anois go mbeidh an duilleabhar glas ag fás
Chítear dhom go bhfuil duilleabhar glas amach annseo agaibhse. Is túisce a bhíos sé an taobh seo ná againne. Caitheann sé siocanna cruadha againne amach go lá Bealtaine
Níl duilleabhar ar bith ar na turnapaí sin imbliana = bláth nó bláthannaí a thugtar orra go h-iondamhail
2.
·
Bainne duilleabhair (fc. bainne)

Duilleabhar in iontrálacha eile (1)

 
díol 1
"An uair a labhras an chuach ar sceich gan duilleabhar, díol do bhó, agus ceannuigh arbhar" (sean-chomhairle) = má ghoireann an chuach roimh theacht do'n duilleabhar ar an gcrann, beidh gorta ann an bhliain sin, agus má's le duine a chríonnacht a dhéanamh, cuireadh sé beatha i leathtaobh le h-aghaidh na coise tinne ar uain nó ar éigin