Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dúiseacht
/dūšəxd/
ainm-bhriathar, Ainm-fhocal; Briathar
1.
do mheabhair agus do chéadfaí a theacht duit aríst taréis a bheith in do chodladh.
a.
+
Dhúisigh tú mé as mo chodladh
Is beag is aite leis sin a dhúiseacht as a chodladh. Nachar fhuagair sé gan altóir fios a chur air ó ló: sin nó é a fhágáil go dtí lá'r na bháireach
TUILLEADH (4) ▼
Díol cam ort! Dhúisigh tú mé as mo chodladh le do chuid uallfairte
Ní dhúiseochadh an trompa mór é
Dhá mbeadh bunnán luinge faoi'n gceannadhairt aige ní dhúiseochadh sé é
Ná dúisighthear mé go dtí an deich a chlog ambáireach ar chontar ar bith, mara mbeadh indán agus go mbeadh an teach thrí lasadh!
·
Dúisigh suas adeirim! Tá sé thar am eirghe
Dúisigh suas feasta. Tá an lá ársuighthe go maith anois
+
Bhí mé in mo dhúiseacht le hóra lae indiu
Tá sé ina dhúiseacht ó'n ceathair a chlog ar maidin
TUILLEADH (10) ▼
Caithim an oíche i mo dhúiseacht. Tá neamh-chodladh ag dul dom
Choinnigh an ghlafarnach a bhí ar na mádraí in mo dhúiseacht i gcaitheamh na h-oíche mé
Tá sé gan dúiseacht ó bhí tú annseo cheana = níor dhúisigh sé
Dhá laghad dúiseacht dhá ndearna mé chuala mé an bháisteach
Ní dhéanaim mórán dúiseacht ó thuitim mo chodladh, ach is deacair liom tuitim mo chodladh
Rinne mé cuid mhaith dúiseacht aréir hébrí céard a bhí orm. Codladh gan sásamh é nuair a bhéas tú ag dúiseacht 'chuile mhionnóid
Bíonn sé i gcomhnaí ag dúiseacht thrín a chodladh. Ní thugann sé chúig noiméid leis scaithtí gan dúiseacht
Is cantalach an éadáil é le dúiseacht.
Tá sé ó dhúiseacht anois, má tá sé annsin (thar éis a chur sa roillig)
Tá sé in a chodladh adeir tú! Muise codladh gan dúiseacht aige!
+
Sé'n chaoi a raibh mé idir a bheith mo chodladh agus mo dhúiseacht = ní raibh mé in mo chodladh ceart, ná in mo dhúiseacht ach an oiread
Sin í mo cheird-sa i gcomhnaí: idir a bheith mo chodladh agus mo dhúiseacht
TUILLEADH (3) ▼
Mar sin a chaithimse an oíche: idir a bheith mo chodladh agus mo dhúiseacht. Teagann néalltrúchaí orm agus dúisighim aríst ar an toirt
Bhí suanaidheacht orm ar maidin: idir mo chodladh agus mo dhúiseacht, agus d'airigh mé ag caint ar an tsráid é
Sin é an codladh a ghnímse igcomhnaí: idir a bheith mo chodladh agus mo dhúiseacht mar sin. Ní fhágann sé éitir ar bith ionnam lá'r na bháireach
+
Codladh in a dhúiseacht atá air = codladh bréige; é a bheith in ainm agus a bheith in a chodladh, ach fios maith aige faoi 'chuile shórt dá mbeithí a rádh; nó dhá mbeadh ag tarlú faoi agus thairis
Sin é féin an codladh in a dhúiseacht a bhí air sin. Ní raibh sa gcodladh sin ach slosaidheacht fea'int a leagfadh sibse láimh ar aon-cheo. Chuirfinn geall go raibh leath-shúil leis oscluighthe
TUILLEADH (2) ▼
Bíonn sé ag bordáil chodlata mar sin 'chuile oíche beo, ach codladh in a dhúiseacht a bhíos air
Tá baoghal uirre a bheith ina codladh go deimhin. M'anam má tá gur codladh in a dúiseacht é. Sin é a ceird sin i gcomhnaí, go bhfeicfidh sí a n-abróchaidh an dream a bhéas istigh aon-cheo. Chuir mé féin agus T. Mh. Ch. splainc aníos in aice len a cois oíche, ag ceapadh go ndóghfadh sí í féin léithe, ach mo chreach mhaidne!
b.
+
Níl ann ach codladh in a dhúiseacht = duine nach mbeadh aon-ghus de rath ann, agus a bheadh an-támáilte, an-seachmallach ag imeacht. "Duine gan aon-mhothú le rath agus a dhóthain mothú ann in a dheidh sin" (m'athair). Bíonn sin ag imeacht leis an gcodladh ina dhúiseacht, nach mbíonn ann ach amadán iarainn. Brathann sé gach uile rud
Séard é féin codladh in a dhúiseacht. Shílfeá dhó nach bhfuil gus ar bith ann, ach is beag an néal atá air sin in a dheidh sin, té (cé) go gceapfadh an duine a d'fheicfeadh mar sin é go bhfuil
TUILLEADH (4) ▼
Ara ní bheadh sé déanta ag an gcodladh ina dhúiseacht siúd imbliana, marach go bhfuair sé congnamh faoi.
Céard a bhéarfadh domsa a dhul i gcleitheamhnas codladh ina dhúiseacht mar é sin. M'anam nach ngabhfad muis
Déarfá le breathnú air nach bhfuil ann ach codladh in a dhúiseacht, agus nach bhfuil meabhair ar bith ann. Ach deir siad, ina dheidh sin go bhfuil éirim mhór ann nuair a bhainfeadh sé amach 'un cainte. Ach is beag duine a ndéanann sé teanntás ar bith air
Dheamhan cuma máistir scoile chor ar bith air siúd. Níl ann ach codladh in a dhúiseacht ag imeacht. Deir siad go líonann na malraigh a chuid pócaí le miarógaí (méarogaí). Níl ceann-chruim ar bith orra ar aon-chor ó a tháinic sé ann
2.
beithidheach nó feithideach a chur in a shuidhe nó ag rith as an áit a mbeadh sé in a luighe nó ag lonnú.
+
Dhúisigh muid girrfhiadh 'san easca = bhí sé in a luighe nó in a chodladh, nó sínte ann, nó sa leabaidh dhearg, agus as go bráth leis nuair a d'airigh sé muid
Dhúisigh mé cho maith le h-ocht ngirrfhiadh indiu, agus níor mharbhuigh mé an ceann féin aca
TUILLEADH (8) ▼
Deir tú leis an gcú sin a dhúisigh girrfhiadh i mbarr na ngarrantaí indiu
Ar dhúisigh sib mórán cearca fraoigh? Bhí an áit sin suas beo anuiridh leo ar aon-nós
Dhúisigh siad naosc sa lag-chlaise siúd atá in íochtar an gharrdha, ach má dhúisigh fhéin sin é a raibh dhá bharr aca. Scaoil sé fúithe ach níor mharbhuigh sé í. Foghlaera maith atá indon ag naosc
Dúiseochaidh sibh é, siar annsin in áit eicínt 'sna breaclachaí sin, ach caithfidh sibh na brocachaí a dhúnadh i dtosach. Mara ndúinidh níl aon-mhaith dhaoib ann. Tá cuain aige (an sionnach) i scailp Dh.
Chaith mé an lá ag foghlaeracht ar bheagán samhaoine. Aon-phatar uisce amháin a dhúisigh mé
Ní raibh sé ach dúisighthe (girrfhiadh) nuair a bhain sí cor as, agus chaith sí dhá choráil annsin deich nóiméad annsiúd ar an gcruadhas, nó gur rug sé isteach ar an gcriathrach báithte. Bhí sí as annsin
Diabhal coinín ann le dúiseacht. Ní fhaca tú rud ar bith ariamh a chuaidh 'un gainne cho mór leo le cupla bliain
Bhí muid ag coinnleoireacht oíche anuiridh thíos 'sna crígheannaí sin thíos agus dhúisigh muid éan aisteach eicínt sa sceich chuilinn
3.
rud a raibh dearmad air, nó nach raibh i gceist a tharraint anuas nó a mheabhrú aríst do dhaoine eile.
+
Dhúisigh sé sean shíothmálachaí eicínt nachar thaithnigh le P. ar chuma ar bith, agus diabhal blas a dhéanas sé ach a shean-dorna a thabhairt dó isteach ar an smut = tharraing sé anuas sean-údair throda nó námhadais a bhí eatorra; mheabhruigh sé do Ph. go raibh siad in aghaidh a chéile roimhe seo faoi rudaí áiride
Ní raibh aon-mhaith aige ann nó go ndúisigheadh sé an scéal aríst; th'éis go raibh sé fuaraighthe roimhe sin.
TUILLEADH (3) ▼
Má's leat rud de'n tsórt sin a dhúiseacht, bí faoi réir l'aghaidh achrainn. Meastú an leigfidh sé siúd leat é. Is beag an baoghal air
Bhí muid ag siubhal anoir an bóthar de réir a (ar) gcoise i gciúin-chomhrádh agus muid cho mór le chéile agus a déarfá linn é, nuair a dhúisigh T. aríst an rud a thárla thuas tigh Mh. an lá fadó. Sin é a raibh ann. Spréach L. Rug sé ingreim píobáin air, agus shíl sé a chur thar claidhe, nó go ndeachaidh mé féin ag déanamh réidhtigh
Tá sé mór agad a dhul ag dúiseacht rudaí a bhí fadó an lá ann. Má's sin é an scéal é, tá rud le dúiseacht ag 'chaon duine againn!

Dúiseacht in iontrálacha eile (6)

 
daol
Bíonn sí maith go leór nó go dtangaíonn daol léithe. Choinnigh sí in mo dhúiseacht mé ar fea na h-oíche aréir. Tá sí in aon-bhró amháin anois (láimh)
 
dochar
Ba bheag an dochar di codladh féin a bheith uirre agus í seachtain as éadan a chéile ar neamh-chodladh, ar scáth néillín fhánach a d'fhaghadh sí indeireadh oíche. Is agamsa atá a fhios é. Chaith mé féin ráithe in mo dhúiseacht ó oíche go maidin an t-am a raibh an treoch ar an gcuid a bhí annseo agam féin
 
dóigh 3
Tá tú dóighte {{= a lán cleis agus cluichí, bíonn "dóghadh" ionnta: sé sin duine a ghabhail, nó a fhastú, nó lámh a leagan air, agus cuirtear pionús ar an té sin annsin, nó caithfidh sé a dhul in áit an duine eile a dhóghas é, nó comhairtear puintí ins an gcluiche in a aghaidh. Cuirim i gcás "'bhFalach Bhíodhg". Is cluiche simplí é. Teigheann duine A. ar chúla leachta nó cloiche nó a leithide agus cromann sé síos agus a shúile clúduighthe aige, agus imigheann an chuid eile amach ar fud an ghiodáin, go dteighidh siad i bhfalach. Cho luath agus a fhuagróchas duine aca ar A. go bhfuil siad i bhfalach, nó a dhéanfas siad comhartha dhó, eireochaidh sé agus fágfaidh sé an daoradh (an áit a raibh A. cromta nó cloch in aice leis) dhá dtóruigheacht. De réir mar a bhéas sé ag dúiseacht an dreama eile as a n-áit faluighthe, leanfaidh sé iad le breith orra, nó láimh a leagan ar dhuine aca. Féachfaidh siadsan leis an daoradh a shroicheamhaint gan a ngabhail nó a "ndóghadh". An té a n-eireochaidh le A. lámh a leagan air nó a ghabhail, beidh an té sin "dóighte", agus caithfidh sé a dhul isteach agus cromadh ag an daoradh, mar a rinne A. an geábh roimhe sin, agus beidh cead a choise ag A. féin a dhul i bhfalach anois. Déantar geábh eile de'n chluiche ar an gcóir chéadna. Tá dóghadh in a lán cluichí agus siamsaí eile freisin. Leis an liathróid a déantar "an dóghadh" ins an gcluiche corr. Buailtear an té a bhíos in a rithte-reathach, leis an liathróid, agus bíonn sé dóighte. Tá dóghadh i bpúicín, i gclocha péire agus i gcluichí eile freisin
 
domhain 2
Marach cho domhainn agus atá sé d'imreochadh muid cluiche eile, ach tá sé mór a dhul ag coinneál teach ar bith in a ndúiseacht níos fuide
+
dris
An dá rud nach gcodluigheann chor ar bith: dris-chosáin agus eascon. Is cuma cé'n t-am d'oíche ná de ló a ngabhfaidh tú thart, bíonn an dris-chasáin in a dúiseacht: truisleálfaidh sí thú.
TUILLEADH (1) ▼
Bíodh a fhios agad gurb shin fírinne muis. Ní rug aon-duine ariamh in a codladh ar eascon: i lár an mheán-oíche beidh sí in a dúiseacht. Agus 'ar ndú mo léan, leagfaidh an dris-chasáin thú uair ar bith d'oíche ná de ló a dtiocfaidh tú thairti. Tuige nach leagfadh, agus a dhá cheann ins an talamh