Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dallcairt
ainm briathartha
ag séideadh nó ag síobadh báistí nó sneachta go tréan; ag rilleadh; ag cur go tréan.
·
Meas tú an ngabhfainn amach faoin dallcairt sin. Is beag an baol orm, dhá bpréachtaí ar an teallach sibh cheal tine. Ní theastódh uaim nach a dhul do mo chailleadh féin ar phortach a leithide de lá
Dhúisigh mé aréir tuairim is an trí a chlog, agus bhreathnaigh mé amach thríd an bhfuinneoig. Bhí sé ag dallcairt an uair sin, agus níl a fhios agam cáid ina dhiaidh. Dar leat féin, níl mórán dhá chosúlacht ar an talamh inniu